Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Dinnseanchus. III.

Title
Dinnseanchus. III.
Author(s)
Féach ainm cleite,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1905
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

DINNSEANCHUS. — III.



Inchinahoury, Inse na hOdharaighe, the inse of the
devil's bit.
Inchinlinane, Inse an Líonáin, the inse of the water
yarrow.
Kilgobinet, Cill Ghobnatan.
Kilpatrick, Cill Phádraig.
Knocknagapull, Cnoa na gCapall.
Knockraheen, Cnoc Ráithín.
Labbadermody, Leabaidh Dhiarmuda.
Lackaduc, Leaca Dubh.
Lackaneen, Leacáinín.


L. 31


Maulnagrough, Meall na gCruach.
Maulnahorna, Meall na hEórnan.
Maonflugh, Muine(? Móin) Fliuch.
Mullenroe, Muileann-ruadh. the red mill.
Prohus, Pruthas.
Schrahanard, Screathan Árd.
Scronagare, Srón (?) na gCaor.
Teerbeg, Tír Bheag.



Locha, Lakes.



Gougane Lake, Loch an Ghuagáin.
Loch Allue, Loch Dhalua, St. Dalua's Lake.
Glasloch, Na Glaslocha.
Lockivugig, Loch Uí Bhogaigh.
Seha Lake, Loch na Seithe.
Lochveg, Loch Bheag.
Lochcarrigarire, Loch Charaig Dhairbhre.
Derrynabourky Lake, Loch Dhoire na Buairce.
Cleanrath Lake, Loch Claon-ráth.



Aibhne,Rivers.



Lee, Lao.
Douglas, An Dubhghlaise.
Glasheen, An Glaisín.
Behill, Abha na Beithe Coille(?).
Toon, An Túinn.
Sullane, An Solán.
Glashgarriff, An Ghlaise Gharbh.
Bunsheelan, Bun Sidhe-Linne.



Carraigeacha, Rocks.



Carrigada, Carraig Fhada.
Carrigahat, Carraig an Chait.
Carrigareirk, Carraig an Radhairc.
Carrigafreehane, Carraig an Phréacháin.
Carrignanower, Carraig na nGabhar.
Garrigagool, Carraig an Ghuail.
Carrigskolihe, Carraig Scoilithe.
Carrigavadroge, Carraig an Mhadadh-ruaidh.
Beelecknamnaree, Béilic na Mná Mairbhe.
Whiteboys Rock, Béilic na mBuachaillí mBán.
Carrigofortig, Carraig an Phortaigh.
Carrigbane, Carraig Bhán.
Carrigstookeen, Carraig an Stuaicín.
Carriganine, Carraig an Oighin.
Carrigaphooca, Carraig an Phúca.
Carrickthomas, Carraig Thomáis.
Carrigduff, Carraig Dhubh.
Carrigeninane, Carraig an Eidhneáin.
Carrigenimmy, Carraig an Ime.
Carrigvore, Carraig Mhór.
Failnanumrah, Faill na nIomaireach.
Cloheena, Cloch Eidhneach.
Carrignamaddry, Carraig na Madraidhe.



Mainistir an Sgreathain,
Ceapach Cuinn,
28/9/'05.



A Cara,



Is breágh, néata, comhgarach an leabhar é an Post-
sheanchus. Is breágh, go deimhin, agus badh cheart go
mbeidhmis go léir an-bhuidheach dhíot 'n-a thaobh.



Tá mé ag cur clár beag ceartuighthe ar roinnt
ainmneacha chughat. Baineann siad uile le Co.
Phortláirge agus tá mé dhá gcur síos díreach mar
d'airigheas riamh iad.



Ní deir aoinne Port Lágha. “Lághach” atá ann, nó
b'fhéidir Port “Chládhach”, acht ní airighthear fuaim an
chéad “ch” acht mar seo Port 'ládhach. D'airigheas
sean-daoine dhá rádh mar seo: Port “a” Ládhach. Ní
déarfainn nach gur fuigheallach an “ch” é an t-“a” so.
Acht pé scéal é tá an fhuaim “ach” i ndeireadh
an fhocail ag gach aoinne. “An” Chill iseadh Kill,
acht níl aon chill i gCoill Mhic Thomáisín. “Coill”
atá ann.



Is deallrach gur ó Naomh Ída nó Íta atá Cill
mh'Iadáin againn .i. “mo” Iadán, agus annsoin Cill mh'Iad-
áin díreach mar atá Cill mh' Fhingín (mo Fhingín). Is
cuimhin liom ainm eile atá bun os cionn san alt úd
do chuiris san IRISLEABHAR tamall ó shoin ag trácht
ar shráid-bhailtibh Cho. Phortláirge. “Muna na Lobhar”
an t-ainm: Is dóigh liom gur “Móin” na Lobhar do
thugais air. I mBéarla chidhtear sgríobhtha mar seo
é: Munalour acht Muna na Lobhar atá ag na Gaedhil-
geoiríbh air. Tá dhá ainm eile i gCo. Phortláirge a
bhfuil “Muna” ionnta .i. Muna na Daibhche agus Muna
an tSeabhaic. Seadh, & ceann eile: Muna'r Láirge.



Slán agat, a chara,



R. M. Ó FAOLÁIN.



Baile an “Táilliúra” seadh chualas riamh. Níor
airigheas Baile an “Táilliúir” riamh.



Post-Sheanchus — Corrigenda.



[Táim an-bhuidheach de'n Athair Muiris i dtaobh na
rudaí seo do cheartughadh dhúinn. Tá súil agam, gach
aon duine thug fá ndeara éagcóir déanta ar a
dhúthaigh féin, go ndéanfaidh sé an cleas céadna.
“Oibrigheadh gach éinne a pháirc féin,” a n-abair an
sean-fhocal, mar is treiside cruinneas sinn soin.
Maidir liom féin, siúd agus go gcuala ní budh mhó
d'áit-ainmneachaibh na hÉireann ar fad ó shean-
Ghaedhilgeoiríbh 'ná mar a chuala éinne eile — ní
mhaoidheamh é sin acht lom na fírinne, mar, cibé áit
go mbínn ann, do chuirinn tuairisg na n-áit-ainm-
neacha i gcomhnaidhe — ní raibh aon taithighe riamh agam
ar Urmhumhain, ar Osruidhibh ná ar Thír Néill. S.L.]




19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services