Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Tar Leat
Title
Tar Leat
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1899
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Tar Lear Uisge-Ghlasda, Misigan, An naomhadh lá fichead de'n Bhealtaine, Ocht gcéad déag nócha 's a naoi. Chum F. E. "An Chlaidhimh Sholuis," Budh mhaith liom taisbeáint dom dhaoine duthchasach féin neithe beaga ná fuil tuigsint mhaith aca ortha. Tá mórán daoine insan sean-tír ag caitheamh tarcuisne agus aithise ar na hAmericánaibh. Is dóigh leó go bhfuil siad chum na daoine bochta a shaoradar ó-s na Spáin- neachaibh a chur faoi dhaor-smachd. Is dóigh leo gurab é mian na nAmericánach gach aon fhear dorcha atá fá n-a Riaghailt a chur faoi leathtrom. Ní hamhlaidh sin. Ní'l aon daoine san domhan níos daonna, níos cine- álta, ná níos féile ná na hAmericánaigh. Do ghuidhfinn chum Dia na ngrás gach lá dhem shaoghal chum riaghailt a bheith i nÉirinn chomh maith chomh saor leis an riaghailt a
thabharfadh na hAmericánaigh do-s na Filibínigh. Ní'l aon locht agam-sa le fagháil leis na daoine san Sean- thír mar gheall ar an mhí-mheas atá aca ar na hAmeri- cánaibh, mar is é sin an rud a chloiseann siad ó-s na fearaibh buidhe insan tír seo. Tá dream aca annso ná fuil aon tír-ghrádh ionnta, tá siad anuas ar gach aon rud a ghnídheann aon mhaitheas do'n domhan uile go léir. Sin iad na daoine a chuireann na sgéala salach bréagach tarsna na fairrge go dtí sibh-se. Tá 'fhios agaibh an cineál daoine iad súd. Tá an samhail céadna agaibh-se i bhFearaibh Óráisde na hÉireann. Adubhairt "Conán Maol" go mbainfear barr- tuisle as an Uachdarán MacFionnlaoigh insa togha atá le teacht. Inneósaidh mé dhíbh-se, a dhaoine maithe nach bainfear. Go mbeidh milliún guth aige níos mó ná mar a bhí aige san togha déidheanach, mar gach aon rud a rinne sé ó tháinic sé ós ar gcionn, taithnigheann sé le mór-chuid de-s na daoine. Do chaitheas cuid dem shaoghal i dtír na Tagalóga. Tá aithne mhaith agam ortha. Daoine bochta eigciallaidhe neimh-eólach is eadh iad. Tá siad chomh dúr neimh-eólach is tá na Cúbánaigh. Beidh sé caogad bliadhan go mbeidh siad oireamhnach - agus teagasgóirí maithe a bheith aca - chum riaghailt a bheith faoi n-a gcúram féin. Is dóigh libh-se nach ceart dúinn greim a chongbháil ar aon nídh a thógamar ó-s na Spáinnigh. Tá súil agam nach dóibh libh go raibh sé ceart do-s na Spáinnigh na míle agus na míle Cúbánach a chur chum bais le piléaraibh agus le hocras agus le gann agus i gcarcaraibh lobhtha, agus ár long cogaidh a shéideadh suas insan aor i gCuan Habhána, agus níos mó ná dhá chéad agus trí fichid dh' ár bhfearaibh óga a dhúnmharbhadh. Sin níos mó ná chailleamar insan troid a bhí eadrainn. Ní raibh Crommell níos measa i nÉirinn ná bhí na Spáinnigh i dtír Chúba. Agus nuair chuir Uachdarán MacFionnlaoigh teachtaireacht chuca sgeinneadh amach as an oileán créad a rinne siad? Ta fios ag an saoghal indiu a chríochnughadh. Do thugamar cheithre milliún punnt (airgead-ór) do-s na Spáinnigh ar an méid déisiughadh coithceann a bhí déanta aca insna Filibínigh. An dóigh libh a' bhfuil aon bhuaidhteóir eile san domhan a dhéanfadh é sin leis na daoine a bhí buailte aige? Tá fios agaibh nach bhfuil. Nuair a bheidh an ceannairc sin críochnuighthe beidh riaghailt aca sain budh mhaith liom a leithéid feicsint i nÉirinn. Mo dhaoine dúthchasach, ná bíodh deifir oraibh. Fan tamall beag agus beidh sé chómh soiléir leis an ngréin díbh, gurab é an rud is fearr san domhan do-s na daoine neimh-eólach úd, agus do'n domhan uile go léir, gur thóig na hÁmericánaigh na hoileán úd ó-s na Spáinnigh. Mar gheall ar na hoileánaibh Samoa, ní'l fhios againn fós - ná agaibh-se - créad é an riaghaltas atá ceart. Acht nuair a bheidh an sgéal go léir againn, feicfidh sibh go mbeidh na hAmericánaigh san cheart. Ní gá dhíbh gach aon droch- bheart a chluineann sibh ar na hAmericánaibh a chreidsint. Tá daoine bréagach san tír seo dá radh go bhfuil feisirí na hÉireann ag troid is ag caismeart le n-a chéile gach aon lá san mbliadhain agus ní chuirimid aon suim san bhaoth-chaint sin, mar tá fhios againn nach troidfeadh daoine uaisle na hÉireann le n-a chéile. Is maith liom feicsint go bhfuil sibh ag cur teangadh binne bríoghmhaire ár sinnsear ar bun. Go n-éirighe libh." Is mise cara na teanga Gaedhalaighe, Eóin Ua Cathail
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services