Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Tar Leat

Title
Tar Leat
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1899
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Tar Lear



Uisge-Ghlasda, Misigan,
An naomhadh lá fichead de'n Bhealtaine,
Ocht gcéad déag nócha 's a naoi.



Chum F. E. "An Chlaidhimh Sholuis,"
Budh mhaith liom taisbeáint dom dhaoine duthchasach
féin neithe beaga ná fuil tuigsint mhaith aca ortha. Tá
mórán daoine insan sean-tír ag caitheamh tarcuisne agus
aithise ar na hAmericánaibh. Is dóigh leó go bhfuil
siad chum na daoine bochta a shaoradar ó-s na Spáin-
neachaibh a chur faoi dhaor-smachd. Is dóigh leo gurab
é mian na nAmericánach gach aon fhear dorcha atá fá
n-a Riaghailt a chur faoi leathtrom. Ní hamhlaidh sin.
Ní'l aon daoine san domhan níos daonna, níos cine-
álta, ná níos féile ná na hAmericánaigh. Do ghuidhfinn
chum Dia na ngrás gach lá dhem shaoghal chum riaghailt a
bheith i nÉirinn chomh maith chomh saor leis an riaghailt a


L. 242


thabharfadh na hAmericánaigh do-s na Filibínigh. Ní'l
aon locht agam-sa le fagháil leis na daoine san Sean-
thír mar gheall ar an mhí-mheas atá aca ar na hAmeri-
cánaibh, mar is é sin an rud a chloiseann siad ó-s na
fearaibh buidhe insan tír seo. Tá dream aca annso
ná fuil aon tír-ghrádh ionnta, tá siad anuas ar gach
aon rud a ghnídheann aon mhaitheas do'n domhan uile go
léir. Sin iad na daoine a chuireann na sgéala salach
bréagach tarsna na fairrge go dtí sibh-se. Tá 'fhios
agaibh an cineál daoine iad súd. Tá an samhail
céadna agaibh-se i bhFearaibh Óráisde na hÉireann.



Adubhairt "Conán Maol" go mbainfear barr-
tuisle as an Uachdarán MacFionnlaoigh insa togha
atá le teacht. Inneósaidh mé dhíbh-se, a dhaoine maithe
nach bainfear. Go mbeidh milliún guth aige níos mó
ná mar a bhí aige san togha déidheanach, mar gach aon
rud a rinne sé ó tháinic sé ós ar gcionn, taithnigheann
sé le mór-chuid de-s na daoine.



Do chaitheas cuid dem shaoghal i dtír na Tagalóga.
Tá aithne mhaith agam ortha. Daoine bochta eigciallaidhe
neimh-eólach is eadh iad. Tá siad chomh dúr neimh-eólach
is tá na Cúbánaigh. Beidh sé caogad bliadhan go
mbeidh siad oireamhnach - agus teagasgóirí maithe a bheith
aca - chum riaghailt a bheith faoi n-a gcúram féin. Is
dóigh libh-se nach ceart dúinn greim a chongbháil ar aon
nídh a thógamar ó-s na Spáinnigh.



Tá súil agam nach dóibh libh go raibh sé ceart do-s
na Spáinnigh na míle agus na míle Cúbánach a chur chum
bais le piléaraibh agus le hocras agus le gann agus i gcarcaraibh
lobhtha, agus ár long cogaidh a shéideadh suas insan aor
i gCuan Habhána, agus níos mó ná dhá chéad agus trí fichid dh'
ár bhfearaibh óga a dhúnmharbhadh. Sin níos mó ná
chailleamar insan troid a bhí eadrainn. Ní raibh
Crommell níos measa i nÉirinn ná bhí na Spáinnigh i
dtír Chúba. Agus nuair chuir Uachdarán MacFionnlaoigh
teachtaireacht chuca sgeinneadh amach as an oileán
créad a rinne siad? Ta fios ag an saoghal indiu a
chríochnughadh. Do thugamar cheithre milliún punnt
(airgead-ór) do-s na Spáinnigh ar an méid déisiughadh
coithceann a bhí déanta aca insna Filibínigh. An dóigh
libh a' bhfuil aon bhuaidhteóir eile san domhan a dhéanfadh
é sin leis na daoine a bhí buailte aige? Tá fios
agaibh nach bhfuil. Nuair a bheidh an ceannairc sin
críochnuighthe beidh riaghailt aca sain budh mhaith liom a
leithéid feicsint i nÉirinn. Mo dhaoine dúthchasach, ná
bíodh deifir oraibh. Fan tamall beag agus beidh sé chómh
soiléir leis an ngréin díbh, gurab é an rud is fearr
san domhan do-s na daoine neimh-eólach úd, agus do'n
domhan uile go léir, gur thóig na hÁmericánaigh na
hoileán úd ó-s na Spáinnigh. Mar gheall ar na
hoileánaibh Samoa, ní'l fhios againn fós - ná agaibh-se -
créad é an riaghaltas atá ceart. Acht nuair a bheidh
an sgéal go léir againn, feicfidh sibh go mbeidh na
hAmericánaigh san cheart. Ní gá dhíbh gach aon droch-
bheart a chluineann sibh ar na hAmericánaibh a chreidsint.



Tá daoine bréagach san tír seo dá radh go bhfuil
feisirí na hÉireann ag troid is ag caismeart le n-a
chéile gach aon lá san mbliadhain agus ní chuirimid aon
suim san bhaoth-chaint sin, mar tá fhios againn nach
troidfeadh daoine uaisle na hÉireann le n-a chéile.



Is maith liom feicsint go bhfuil sibh ag cur teangadh
binne bríoghmhaire ár sinnsear ar bun. Go n-éirighe
libh."



Is mise cara na teanga Gaedhalaighe,



Eóin Ua Cathail

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services