Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Clodhanna Nua.
Title
Clodhanna Nua.
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1905
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
CLODHANNA NUA. THE COLLOQUY OF THE TWO SAGES (ima- callam in dá thuarad), by Whitley Stokes. D.C.L. París: Librarie Emilie Bouillon. Editeur; 67. Rue Richeliu, au Premier 1905. Prix, 3frs. Sidé an giota is déidheannaighe ó láimh an scoláire léigheanta an Steócsach. Do shocruigh sé an leagan so as na trí leabhraibh is seannda i n-a bhfuil sé ar faghail, .i., An Leabhar Laighean, Rawl. B. 502, agus Leabhar Buidhe Leacan. Tá cainnt an Im agallmha so an-sheannda, mar nuair a bhíthas ag scríobhadh na leabhar so thuas do b'éigean gluais a chur le gach líne geall leis. "Tugaid" an Imagallmha so mar adeir na sean-leabhair, .i. nuair fuair Adhna, Árd- Ollamh Uladh bás i n-aimsir Chonchubhair mic Neasa, do ordnadh Fercheirtne file mar ollamh in' ionad. Do bhí Néidhe, mac Adhna, um an dtaca so i nAlbain ag foghluim léighinn ó Eochaidh Eachbhéil. Deirtar gur innis tonn mara scéala i dtaobh bháis a athar is mar do fuair Fercheirtne an Ollamhntacht. Tháinig sé go hÉirinn is do chuaidh láithreach buill go dtí Eamhain Macha mar a raib ríogh-bhrugh Chonchubhair. Ar dteacht dó ann do bhí Fercheirtne amuigh. Do mheall Bricrin Neimhtheanga an t-ógánach chun féasóg den bhféar a cheangal dá aghaidh agus an bhrat ollamhantachta a chur uime is suidhe i gcathaoir an ollaimh. Ar bheith dhon ógánach ar an gcuma so tháinig Fercheirtne isteach. Tháinig fearg air nuair chonnaic sé cad do bhí déanta, agus chrom sé ar an ógánach a cheistiughadh. Do fhreagair Néidhe é, agus chuir ceist thar n-ais air. Bhíodar ag ceistiughchán a chéile ar feadh abhfad, agus i ndeireadh na treidhse, do chuir Néidhe an Brat ollamhntachta dhe; d'éirigh den gcathaoir agus bhí chun é féin a chaitheamh ar a ghlúinibh i bhfiadhnaise Fer- cheirtne acht ní leigfadh seisean dó é
dhéanamh. Ar an gcuma so do deineadh siothcháin eatortha is d'fhan Fescheirtne i seilbh na hollamhntachta. Tá brollach in-léighte i dtúis an leabhair seo; brollach a thugann eólus dúinn ar an Imagallamh, is a chuireann i n-umhail dúinn fáth a scríobhtha, an t-am n-a ndearnadh é, is a lán eile mar gheall air. N-a dhiaidh- san tagann an tImagallamh féin, aistriu- ghadh i mBéarla os a chomhair anonn, a lán notaí as na sean-leabhair agusrl. Tá foclóir adhsáideach i ndeireadh an leabhair. Tá súil againn go mbeidh an leabhar so ag gach éinne a chuireann suim san tSean-Ghaedhilg. -- Toradh Na Gaedhilge ar Aitheasc agus ar Ghréithribh na nGaedheal. Aiste do léigh Liam Ó Briain, Feisire, i gCorcaigh; curtha nGaedhilg ag Tadhg Ó Murchadha ("Seandún"). Ar n-a chur amach do Chonnradh na Gaedhilge i mBaile Átha Cliath 1905. Raol glan. Cuireann sé áthais croidhe orainn, leabhair den tsaghas so d'fheicsint ag teacht fé chló Gaedhilge. Seo coiscéim eile chun tosaigh tabhartha againn i gcóir ár Nua-Litridheacht ins a nGaedhilg agus ní coiscéim táir í acht comh beag. Deir daoine áirithe linn nach féidir smaointe árd-aigiontacha a chur ná a cheapadh san nGaedhilg. Badh dhóigh le duine ar a lán dá scríbhtar innti nach féidir, acht léigheadh éinne an leabhair so agus raghaimíd-na i n-urradhus air dó go mbeidh a mhalairt de thuairim aige ar chómhacht is ar leabhaireacht teangan ár sean d'éis dó scrúdughadh a dhéanamh ar na sóghmhlaistí a gheobhaidh san leabhar mbeag so. Aistriughadh is eadh é seo, agus aistriugh- adh do dheineadh ar an nós gceart. Dálta na "scoláireachta" tá aistriughadh agus aistriughadh ann. Is beag orainn ais- triughadh a bhíonn a dtús-taobh le Gaedhilg a chur focal ar fhocal ar theangain eile. Ní tagann as acht fiaradh agus crapadh na Gaedhilge. Acht ar an taobh eile má dheintar ciall an Bhéarla do chur síos i nGaedhilg ghluin nádúrtha, tiocfaidh as go bhfuigheann rud a bheidh in-léighte agus rud a raghaidh i dtairbhthe don Ghaedhilg. Aist- riughadh dhen tsórd so a gheobhtar i leabhar "Sheandúin." Tá gnás uasal agus árd-aigeantacht i mBéarla Liam Uí Bhriain, acht is iad uaisleacht is árd-aigeantacht an Bhéarla iad. Tá uaisleacht is árd-aigeantacht i nGaedhilg Sheandúin leis, acht earraidhe Gaedhlacha is eadh iad. D'fhág Seandúin fo-rud ar lár, ar mhaitheas do ghluaiseacht is do mhaise a shaothar féin, acht má dhein do chuir sé isteach fiche rud san mbreis do thug líomhthacht is géireacht is deagh-scóp dá chainnt. Sin mar ba chóir é dhéanamh. Ní mar a chéile a ghabhaidh an Ghaedhilg agus an Béarla, agus an té bhíonn ag aistriughadh ní mór do chur le rud annso is rud a leigean ar lár annsud do réir mar is fearr a thaithneann leis. Leabhar glan-Gaedhilge is téacs beag oireamhnach is eadh é seo. Tá roinnt nótaí i ndeireadh an leabhair, agus beid i n-a n-áis ag mhacaibh léighin. Ní'l éin-mhearathall orainn ná go mbeidh ceannach maith air, agus tuilleann sé é. -- Litreacha Gaedhilge Le Haghaidh an Aosa Óig. [Irish Letters for the Young, with copious Notes, Surnames. Place Names, agusc] Leis an Athair Pádraig Ua Duinnín. Baile Átha Cliath: M. H. Gill agus a Mhac. Teor., 1 Sráid Uí Chonaill. Uachtaraigh, 50. 1905. Réal Glan. Seo leabhar beag a líonfaidh beárna dhúinn, agus a líonfaidh go maith í leis. Is baoghlach linn ná fuil an oiread dá dhéan- amh ar son an Aosa Óig is badh chóir. Ní mór dúinn leabhair bheaga áirithe de gach saghas a cheapadh is a scríobhadh i n-a gcomh- air. Bhí dian-ghábhadh i scoileannaibh na dúithche le leabhar beag a chuirfadh i n-umhail do chách cionnus litir a scríobhadh, cionnus í thosnughadh, cionnus í chríochnughadh, agus cionnus an clúdach a sheóladh. Gan amhrus do bhí beárna ann. Do thug an tAthair Pádraig fé ndeara é, agus bhronn sé dhúinn sás a líonta. Tá súil againn go mbeidh an leabhar so dá usáid i ngac scoil san dtír. Sid é an tarna leabhairín de Shraith Leabhar Scoile Sheathrúin Céitinn. Tá soluídí maithe ann de gach saghas litreach is gnáthaighe a scríbhtar. Tá gluais i ndeir- eadh an leabhair, agus n-a theannta-san aguisín i n-a bhfuil Conntaethe na hÉireann agus a mbailte móra is mó tábhacht, ainm- neacha fear is ban agus timcheall trí céad
de na gnáth-shloinntibh Gaedhlacha. Ba maith an rud é dá gcuirtí isteach san ath-chló roinnt d'adhbharaibh tráchta i gcóir litreach eile, agus cunntus ar cionnus do thabhar- faidhe fé litir a scríobhadh ar cuid aca. -- AN CRAOS-DEAMHAN. An tAthair Peadar Ua Laoghaire do scríobh. Ó'n seana-scéal "Aislinge Meic Conglinne." Baile Átha Cliath: Muintir na leabhar Gaedhilge, The Irish Book Co., 6 Sráid d'Olier, 1905. Seo aith-innsint i nGaedhilg an lae ndiu ar shean- Aisling a bhí againn san Ghaedhilg mheádhonaigh. Ní ró-mhaith d'fhéadfadh an mac léighinn teacht ar an scéal go dtí so, acht anois tá sé ar a chumus ag gach éinne an scéal grinn d'fhagháil, do léigheamh, agus pléisiúr d'fhagháil ann. Ní'l an chaoi againn annso chun puinn a rádh ar chúrsaibh an eachtra féin acht go n-innstar dúinn cionnus mar fuair an deamhan craois seilbh i gcorp Chathail Mhic Fionghuine, rí Chaisil Mhumhan, mar bhí sé ag gabháil dó ar feadh abhfad go dtí go raibh an chúige nach mór creacta aige, mar go n-itheadh is go n-óladh gach a dtagadh i n-a shlighe i n-a rígh-thig féin agus i dtigthibh flatha na Mumhan; cionnus mar do bhí teipthe ar léagaibh is ar lucht eóluis na Mumhan é leigheas; cionnus mar do tháinig Anier Mac Conglinne ó Chonnachtaibh go Corcaigh; mar d'éirigh bruighean idir é féin is Mainichín, abb mainistreach na cathrach san, ionnus gur daoradh Anier chun a chrochta i dtaobh muinntir na mainistreach d'aoradh; mar do chuaidh le n-a athchuinge os comhair Chathail chun é shaoradh ar dhaor- bhreith Mhainichín, agus le n-a bhladar is le n-a fheabhus chun scéil d'innsint gur leighis sé an rí. Cé go leanann an tAthair Peadar go dlúith do ghluiseacht an tseana-scéil, ar a shon san tá a chrut féin aige air annso. Éinne go bhfuil Séadna ón ughdar chéadna léighte aige, gheobhaidh sé blas ins an iarracht so, an blas céadna atá i Seadna. N géire an cur síos a dheineadh ar rás lae an aonaigh, ar fhear na mearacán, ar an bhFear nDubh nó ar an gCeol Sidhe ná atá annso ar chúrsaíbh Mheic Conglinne ins an tig Aoidheachta i Mainistir Chorc- aighe, ar mhéad ghoile Chathail, ar an aisling d'innis Aniar do'n righ, ar throscadh an ríogh agus ar an gcomhrádh a bhí idir Anier is an deamhan craois féin. Tá caint ag gluaiseacht le tamall i dtaobh nua- litridheachta na Gaedhilge. Tá giota breagh bríogh- mhar gonta reidhseimheal de'n nua-litridheacht so againn san mbeart so. Dá ndeineadh gach éinne iarrachtaí féibh mar a dheineann an tAthair Peadar ba ghearr go mbeadh litridheacht go leór againn agus gan gábha le caint a dhéanamh 'n-a taobh. Tá os cionn céad is fiche leathanach de chaint ins an leabhar so agus i n-a fochair sin dhá leathanach deag d'fhoclóir is de nótái tairbheacha, cludach maith air is cuma shlachtmhar. Trí réalacha a fhiacha, agus da scilling fé chlúdach éadaigh. Guidhmíd go raibh ceannach árd air, agus i n-a theannta san guidhmíd faid saoghail don ughdar. E.M. -- GREANN NA GAEDHILGE. An Ceathramhadh Cuid Énrí Ua Muirgheasa do sgríobh. Ar n-a chur amach do Chonnradh na Gaedhilge, i mBaile Átha Cliath. 1905. Pinginn. Ceann de "Leabhraibh Pingne" Chonnradh na Gaed- ilge é seo. Éinne atá d'éis na leabhair bheaga eile den tSraith ghrinn seo na Gaedhilge ní gabhadh an "librín" seo, mar a-deir Seán Ó Gadhra, a mholadh dho; acht, n-a dhiaidh-san is uile, táimíd dá innsint do chách a leithéid de leabhairín a bheith ann agus go mb'fhiu dhóibh é fhagháil is é léigheamh. Tá roinnt de drachtíníbh deasa greannamhra ann a bhainfidh gáire as duine. Sinne mar fhinné air gur thuit scéal Pheadair Uí Dhálaigh amach, nó marar thuit ba chóir dó soin. B'é an Peadar Ó Dálaigh seo gan amhrus a scríbh an leabhar "Reeves 862" san Agadaimh; agus ar leath, anach 390 gheibhmíd an nóta so leanas i scríbhinn Pheadair féin: "Ghonadh í sin Toruigheacht Dhiarmada agus Ghráinne conuige sin; agus éirigh suas, a Mhuiread, agus tabhair an buidéal leat anuas anso ag (chuig) Peadar Ua Dálaigh, mur tá sé cortha tinn." Ní beag soin mar dheimhniughadh ar scéal Énr- Uí Mhuirgheasa. -- AN TARBH BREAC. With Notes and Complete Voc- abulary. Dublin : M. H. Gill and Son, Ltd. 1905. Price 2d. Tá sean-eolus againn ar an scéilín seo in na Cheithre Scéalta agus ins an Scéaluidhe Gaodhlach acht is maith linn é fheicsint fé chulaidh nua. Agus go deimhin is deas an chuma i n-ar ghléas an tAthair Tomás é. Bíd mic léighinn i gcruadh-chás go minic dh'uireasbhaidh téacs simplidhe go mbeadh foclóir maith is nótaí len ais. Tá súil againn ná stadfaidh an tAthair Tomás annso. Acht tugadh sé fé rud éigin eile seochus na scéalta beaga so. Táid san maith go leor n-a n-áit féin, acht do b'fhearr earradh éigin eile a sholáthar i gcóir leanbhaí ar scoil - i gcóir girrseach go háirithe.
An Chéad Leabhar. An Chéad Chuid agus an Dara Cuid. Ar n-a chur amach do Chonnradh na Gaedh- ilge i mBaile Átha Cliath. Leathphinginn, an cheann. Sid é an Prímhleabhar a bhíodh ann. Do deineadh dhá chuid de, agus tá gach cuid díobh ar díol anois is leathphinginn ortha araon. Tá pictiúirí nua ionnta a tharraing an Fágánach, agus féachaid go deas agus go slachtmhar. Ní'l éin-Bhéarla ionnta acht amháin míniughadh na bhfocal is cruaidhe i dtosach gach ceachta. Ní dóigh linn féin go raibh gábhadh leis sin, mar is baoghalach linn gurab amhlaidh a chuirfidh an Béarla so leanbhaí amudha. Dá mbeadh gábhadh le Béarla do b'fhéidir é chur i ndeireadh gach leabhair. . OUTLINES OF IRISH GRAMMAR, for the use of Schools and Gaelic League Classes. Part I. - Accidence. Compiled for the Limerick Branch of the Gaelic League. Dublin : M. H. Gill and Son, 50 Upper O'Connell St. 1905. Price 2d. . Tá a lán daoine ann agus níor mhaith leo breis airgid a chaitheamh ar leabhraibh, agus go háirithe ar gráiméar. Acht mar sin féin is tairbhtheach an rud do dhuine beagán eóluis a bheith aige ar ghráiméar a theangan duthchuis. Maran an féidir leis nó maran maith leis an gráiméir mór a cheannach, sidé an earr- adh a dhéanfaidh a ghnó go breagh. Leabhar beag is eadh é, acht tá cunntas soiléir ann ar gach a bhfuil riach- tanach do dhuine eolus a bheith aige air. Beidh sé n-a áis ag lucht foghlumtha na Gaedhilge i gcraobhchaibh Chonnradh na Gaedhilge agus i scoileannaibh ar fuid na tíre. Beidh árd-cheannach air gan amhrus. An Cló-chumann do chló-bhuail. BALLADS OF A COUNTRY-BOY. Seumas Mac- Manus. Gill and Son, Ltd., Dublin. 1905. Sid é an leabhar is déidheannaighe a chuir Séamus Mac Mághnusa i gcló. Leabhar amhrán i mBéarla is eadh é; amhráin a cheap sé féin. Tá a lán de rudaibh beaga deasa ann. Is iad "The Coming of Owen Roe" agus "The Hedge Schoolmasters" is mó a chuirimíd suim ionnta nó a thaithneann linn. Amh- ráinín deas is eadh " A Health to the Birds " leis. Ní féidir locht d'fhaghail ar an gcuma n-ar cuireadh an leabhar i gcló. Faid saoghail chughat, a Shéamuis, A Mhaighdean Mhuire do rugadh don Ríoghacht ghlórmhair Fuair áit chun suidhte i gCathair na Tríonóide, Tré páis do leinbh a d'fhuiling go héagcórach, Sírim do choimirc d'anam an scríbhneóra. Badh mhaith linn a iarraidh ar léightheóiríbh an IRISLEABHAIR cuidiughadh linn chun rudaí a thaitneann leó a sholáthar. Tá a lán staraidheachta is seanchus ar eolus ag na daoinibh, ins na ceanntrachaibh Gaedhlacha go háirithe, agus is mór an truagh gan é bhail- iughadh is é chur i gcló. Tá a lán rudaí i dtaobh graiméir, litri- ughadh, agusrl., is b'éidir nár mhiste trácht a dhéanamh ortha. Táimíd-ne ullamh i gcomh- nuidhe ar ar gcion féin a dhéanamh ar a son, agus éinne go bhfuil rud le rádh aige geobham slighe dhó ins an IRISLEABHAR, pé aca i nGaedhilg nó i mBéarla is mian leis scríobhadh. Solus na nGaedheal déanta i mBaile Áta Cliath. Cártaí Posta Gaedhealacha! Seoltar Litreacha i dtaobh Eagarthóireachta go dtí an Fear Eagair; agus litreacha i dtaoibh Bainistighe go dtí Stiúrthóir, Oifig an Chonnartha, 24 Sráid Uachtarach Uí Chonaill, Áth Cliath.
Sliocht as "Irisleabhar na Gaedhilge." Uimhir I. An áit d'ár gabhas, (trí fuinn). An tAthair Cathaoir Ó Bréandáin ("Oisín") agus "Fear Fuartha na dTráithre." Do Sholáthruigh. Uimhir II. Turas go Tír na n-Óg (trí fuinn). An tAthair Tomás Mac 'Liam. Do Sholáthruigh. Ar n-a chur amach do Chonnradh na Gaedhilge, Baile Átha Cliath, 1903. Pighin an ceann. Seachadadh áluinn le h-aghaidh na bPáistí Sideóga ag obair: Sgéalta Sidhe: 'Liam Ó Riain do sgríobh. Raol an Chóib. Seacht bPighne Saor Thríd an bPost. Seachadadh áluinn le h-aghaidh na bpáisdí. "An Táilleán,"
Smuainte ar Árainn, I n-a dtugtar cúnntas i nGaedhilge shnasta shimplidhe ar Árainn na Naomh agus ar mhuinntir Ghaedhealaigh na háite sin, agus ar Phátrún, Feis, Aeridheacht, Banais, agusc., do bhí 'san Inis, maille le fiche íomháigh ag taisbeáint slighe bheatha agus caitheamh-aimsire na ndaoine. Fa pháipéar láidir, 6d.; tríd an bpost, 7d. Fá Éadach, 1/-; tríd an bpost 1/2 Fá Leathar, 1/6; tríd an bpost, 1/8. Aodh Ó néill. Dráma Úr-Nua. Do sgríobh "Conán Maol." An chéad Leabhrán do shraith-leabhair "An Claidheamh Soluis." Ar Fagháil Ó Rúnaire Connartha na Gaedhilge, Agus ó gach éan reiceadóir leabhar eile, AR THRÍ PIGINNE. AGUS TRÍD AN bPOSTA, AR THRÍ PIGHINNE IS LEITH-PHIGHINN.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services