Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Clodhanna Nua.

Title
Clodhanna Nua.
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1905
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

CLODHANNA NUA.



THE COLLOQUY OF THE TWO SAGES (ima-
callam in dá thuarad), by Whitley
Stokes. D.C.L. París: Librarie Emilie
Bouillon. Editeur; 67. Rue Richeliu, au Premier
1905. Prix, 3frs.



Sidé an giota is déidheannaighe ó láimh
an scoláire léigheanta an Steócsach. Do
shocruigh sé an leagan so as na trí leabhraibh
is seannda i n-a bhfuil sé ar faghail, .i., An
Leabhar Laighean, Rawl. B. 502, agus
Leabhar Buidhe Leacan. Tá cainnt an
Im agallmha so an-sheannda, mar nuair a
bhíthas ag scríobhadh na leabhar so thuas do
b'éigean gluais a chur le gach líne geall
leis.



"Tugaid" an Imagallmha so mar adeir
na sean-leabhair, .i. nuair fuair Adhna, Árd-
Ollamh Uladh bás i n-aimsir Chonchubhair mic
Neasa, do ordnadh Fercheirtne file mar
ollamh in' ionad. Do bhí Néidhe, mac Adhna,
um an dtaca so i nAlbain ag foghluim
léighinn ó Eochaidh Eachbhéil. Deirtar gur
innis tonn mara scéala i dtaobh bháis a
athar is mar do fuair Fercheirtne an
Ollamhntacht. Tháinig sé go hÉirinn is do
chuaidh láithreach buill go dtí Eamhain Macha
mar a raib ríogh-bhrugh Chonchubhair. Ar
dteacht dó ann do bhí Fercheirtne amuigh.
Do mheall Bricrin Neimhtheanga an
t-ógánach chun féasóg den bhféar a cheangal
dá aghaidh agus an bhrat ollamhantachta a
chur uime is suidhe i gcathaoir an ollaimh.
Ar bheith dhon ógánach ar an gcuma so tháinig
Fercheirtne isteach. Tháinig fearg air
nuair chonnaic sé cad do bhí déanta, agus
chrom sé ar an ógánach a cheistiughadh. Do
fhreagair Néidhe é, agus chuir ceist thar n-ais
air. Bhíodar ag ceistiughchán a chéile ar
feadh abhfad, agus i ndeireadh na treidhse, do
chuir Néidhe an Brat ollamhntachta dhe;
d'éirigh den gcathaoir agus bhí chun é féin a
chaitheamh ar a ghlúinibh i bhfiadhnaise Fer-
cheirtne acht ní leigfadh seisean dó é


L. 818


dhéanamh. Ar an gcuma so do deineadh
siothcháin eatortha is d'fhan Fescheirtne i
seilbh na hollamhntachta.

Tá brollach in-léighte i dtúis an leabhair
seo; brollach a thugann eólus dúinn ar an
Imagallamh, is a chuireann i n-umhail dúinn
fáth a scríobhtha, an t-am n-a ndearnadh é,
is a lán eile mar gheall air. N-a dhiaidh-
san tagann an tImagallamh féin, aistriu-
ghadh i mBéarla os a chomhair anonn, a lán
notaí as na sean-leabhair agusrl. Tá foclóir
adhsáideach i ndeireadh an leabhair. Tá
súil againn go mbeidh an leabhar so ag gach
éinne a chuireann suim san tSean-Ghaedhilg.
--
Toradh Na Gaedhilge ar Aitheasc agus ar
Ghréithribh na nGaedheal. Aiste do léigh Liam
Ó Briain, Feisire, i gCorcaigh; curtha
nGaedhilg ag Tadhg Ó Murchadha ("Seandún").
Ar n-a chur amach do Chonnradh na Gaedhilge i
mBaile Átha Cliath 1905. Raol glan.



Cuireann sé áthais croidhe orainn, leabhair
den tsaghas so d'fheicsint ag teacht fé chló
Gaedhilge. Seo coiscéim eile chun tosaigh
tabhartha againn i gcóir ár Nua-Litridheacht
ins a nGaedhilg agus ní coiscéim táir í
acht comh beag. Deir daoine áirithe linn
nach féidir smaointe árd-aigiontacha a chur
ná a cheapadh san nGaedhilg. Badh dhóigh le
duine ar a lán dá scríbhtar innti nach féidir,
acht léigheadh éinne an leabhair so agus
raghaimíd-na i n-urradhus air dó go mbeidh
a mhalairt de thuairim aige ar chómhacht is
ar leabhaireacht teangan ár sean d'éis dó
scrúdughadh a dhéanamh ar na sóghmhlaistí a
gheobhaidh san leabhar mbeag so.



Aistriughadh is eadh é seo, agus aistriugh-
adh do dheineadh ar an nós gceart. Dálta
na "scoláireachta" tá aistriughadh agus
aistriughadh ann. Is beag orainn ais-
triughadh a bhíonn a dtús-taobh le Gaedhilg
a chur focal ar fhocal ar theangain eile.
Ní tagann as acht fiaradh agus crapadh na
Gaedhilge. Acht ar an taobh eile má
dheintar ciall an Bhéarla do chur síos i
nGaedhilg ghluin nádúrtha, tiocfaidh as go
bhfuigheann rud a bheidh in-léighte agus rud
a raghaidh i dtairbhthe don Ghaedhilg. Aist-
riughadh dhen tsórd so a gheobhtar i leabhar
"Sheandúin."



Tá gnás uasal agus árd-aigeantacht i
mBéarla Liam Uí Bhriain, acht is iad
uaisleacht is árd-aigeantacht an Bhéarla
iad. Tá uaisleacht is árd-aigeantacht i
nGaedhilg Sheandúin leis, acht earraidhe
Gaedhlacha is eadh iad. D'fhág Seandúin
fo-rud ar lár, ar mhaitheas do ghluaiseacht
is do mhaise a shaothar féin, acht má dhein
do chuir sé isteach fiche rud san mbreis do
thug líomhthacht is géireacht is deagh-scóp
dá chainnt. Sin mar ba chóir é dhéanamh.
Ní mar a chéile a ghabhaidh an Ghaedhilg agus
an Béarla, agus an té bhíonn ag aistriughadh
ní mór do chur le rud annso is rud a
leigean ar lár annsud do réir mar is
fearr a thaithneann leis.



Leabhar glan-Gaedhilge is téacs beag
oireamhnach is eadh é seo. Tá roinnt nótaí
i ndeireadh an leabhair, agus beid i n-a n-áis
ag mhacaibh léighin. Ní'l éin-mhearathall
orainn ná go mbeidh ceannach maith air,
agus tuilleann sé é.
--



Litreacha Gaedhilge Le Haghaidh an Aosa Óig.
[Irish Letters for the Young, with copious Notes,
Surnames. Place Names, agusc] Leis an Athair
Pádraig Ua Duinnín. Baile Átha Cliath: M. H.
Gill agus a Mhac. Teor., 1 Sráid Uí Chonaill.
Uachtaraigh, 50. 1905. Réal Glan.



Seo leabhar beag a líonfaidh beárna
dhúinn, agus a líonfaidh go maith í leis. Is
baoghlach linn ná fuil an oiread dá dhéan-
amh ar son an Aosa Óig is badh chóir. Ní
mór dúinn leabhair bheaga áirithe de gach
saghas a cheapadh is a scríobhadh i n-a gcomh-
air. Bhí dian-ghábhadh i scoileannaibh na
dúithche le leabhar beag a chuirfadh i n-umhail
do chách cionnus litir a scríobhadh, cionnus í
thosnughadh, cionnus í chríochnughadh, agus
cionnus an clúdach a sheóladh. Gan amhrus
do bhí beárna ann. Do thug an tAthair
Pádraig fé ndeara é, agus bhronn sé
dhúinn sás a líonta. Tá súil againn go
mbeidh an leabhar so dá usáid i ngac scoil
san dtír.



Sid é an tarna leabhairín de Shraith
Leabhar Scoile Sheathrúin Céitinn. Tá
soluídí maithe ann de gach saghas litreach is
gnáthaighe a scríbhtar. Tá gluais i ndeir-
eadh an leabhair, agus n-a theannta-san
aguisín i n-a bhfuil Conntaethe na hÉireann
agus a mbailte móra is mó tábhacht, ainm-
neacha fear is ban agus timcheall trí céad


L. 819


de na gnáth-shloinntibh Gaedhlacha. Ba maith
an rud é dá gcuirtí isteach san ath-chló
roinnt d'adhbharaibh tráchta i gcóir litreach
eile, agus cunntus ar cionnus do thabhar-
faidhe fé litir a scríobhadh ar cuid aca.
--
AN CRAOS-DEAMHAN. An tAthair Peadar Ua
Laoghaire do scríobh. Ó'n seana-scéal "Aislinge
Meic Conglinne." Baile Átha Cliath: Muintir
na leabhar Gaedhilge, The Irish Book Co., 6
Sráid d'Olier, 1905.



Seo aith-innsint i nGaedhilg an lae ndiu ar shean-
Aisling a bhí againn san Ghaedhilg mheádhonaigh. Ní
ró-mhaith d'fhéadfadh an mac léighinn teacht ar an
scéal go dtí so, acht anois tá sé ar a chumus ag gach
éinne an scéal grinn d'fhagháil, do léigheamh, agus
pléisiúr d'fhagháil ann. Ní'l an chaoi againn annso
chun puinn a rádh ar chúrsaibh an eachtra féin acht go
n-innstar dúinn cionnus mar fuair an deamhan
craois seilbh i gcorp Chathail Mhic Fionghuine, rí
Chaisil Mhumhan, mar bhí sé ag gabháil dó ar feadh
abhfad go dtí go raibh an chúige nach mór creacta
aige, mar go n-itheadh is go n-óladh gach a dtagadh i
n-a shlighe i n-a rígh-thig féin agus i dtigthibh flatha na
Mumhan; cionnus mar do bhí teipthe ar léagaibh is ar
lucht eóluis na Mumhan é leigheas; cionnus mar do
tháinig Anier Mac Conglinne ó Chonnachtaibh go
Corcaigh; mar d'éirigh bruighean idir é féin is
Mainichín, abb mainistreach na cathrach san, ionnus
gur daoradh Anier chun a chrochta i dtaobh muinntir
na mainistreach d'aoradh; mar do chuaidh le n-a
athchuinge os comhair Chathail chun é shaoradh ar dhaor-
bhreith Mhainichín, agus le n-a bhladar is le n-a fheabhus
chun scéil d'innsint gur leighis sé an rí.



Cé go leanann an tAthair Peadar go dlúith do
ghluiseacht an tseana-scéil, ar a shon san tá a chrut
féin aige air annso. Éinne go bhfuil Séadna ón
ughdar chéadna léighte aige, gheobhaidh sé blas ins an
iarracht so, an blas céadna atá i Seadna. N
géire an cur síos a dheineadh ar rás lae an aonaigh,
ar fhear na mearacán, ar an bhFear nDubh nó ar an
gCeol Sidhe ná atá annso ar chúrsaíbh Mheic
Conglinne ins an tig Aoidheachta i Mainistir Chorc-
aighe, ar mhéad ghoile Chathail, ar an aisling d'innis
Aniar do'n righ, ar throscadh an ríogh agus ar an
gcomhrádh a bhí idir Anier is an deamhan craois
féin.



Tá caint ag gluaiseacht le tamall i dtaobh nua-
litridheachta na Gaedhilge. Tá giota breagh bríogh-
mhar gonta reidhseimheal de'n nua-litridheacht so
againn san mbeart so. Dá ndeineadh gach éinne
iarrachtaí féibh mar a dheineann an tAthair Peadar
ba ghearr go mbeadh litridheacht go leór againn
agus gan gábha le caint a dhéanamh 'n-a taobh.



Tá os cionn céad is fiche leathanach de chaint ins
an leabhar so agus i n-a fochair sin dhá leathanach
deag d'fhoclóir is de nótái tairbheacha, cludach maith
air is cuma shlachtmhar. Trí réalacha a fhiacha, agus
da scilling fé chlúdach éadaigh. Guidhmíd go raibh
ceannach árd air, agus i n-a theannta san guidhmíd
faid saoghail don ughdar.



E.M.
--
GREANN NA GAEDHILGE. An Ceathramhadh Cuid
Énrí Ua Muirgheasa do sgríobh. Ar n-a chur
amach do Chonnradh na Gaedhilge, i mBaile Átha
Cliath. 1905. Pinginn.



Ceann de "Leabhraibh Pingne" Chonnradh na Gaed-
ilge é seo. Éinne atá d'éis na leabhair bheaga eile
den tSraith ghrinn seo na Gaedhilge ní gabhadh an
"librín" seo, mar a-deir Seán Ó Gadhra, a mholadh
dho; acht, n-a dhiaidh-san is uile, táimíd dá innsint
do chách a leithéid de leabhairín a bheith ann agus go
mb'fhiu dhóibh é fhagháil is é léigheamh. Tá roinnt de
drachtíníbh deasa greannamhra ann a bhainfidh gáire
as duine.



Sinne mar fhinné air gur thuit scéal Pheadair Uí
Dhálaigh amach, nó marar thuit ba chóir dó soin. B'é
an Peadar Ó Dálaigh seo gan amhrus a scríbh an
leabhar "Reeves 862" san Agadaimh; agus ar leath,
anach 390 gheibhmíd an nóta so leanas i scríbhinn
Pheadair féin: "Ghonadh í sin Toruigheacht Dhiarmada
agus Ghráinne conuige sin; agus éirigh suas, a
Mhuiread, agus tabhair an buidéal leat anuas anso
ag (chuig) Peadar Ua Dálaigh, mur tá sé cortha
tinn." Ní beag soin mar dheimhniughadh ar scéal Énr-
Uí Mhuirgheasa.
--
AN TARBH BREAC. With Notes and Complete Voc-
abulary. Dublin : M. H. Gill and Son, Ltd.
1905. Price 2d.



Tá sean-eolus againn ar an scéilín seo in na
Cheithre Scéalta agus ins an Scéaluidhe Gaodhlach
acht is maith linn é fheicsint fé chulaidh nua. Agus
go deimhin is deas an chuma i n-ar ghléas an tAthair
Tomás é. Bíd mic léighinn i gcruadh-chás go minic
dh'uireasbhaidh téacs simplidhe go mbeadh foclóir
maith is nótaí len ais. Tá súil againn ná stadfaidh
an tAthair Tomás annso. Acht tugadh sé fé rud
éigin eile seochus na scéalta beaga so. Táid san
maith go leor n-a n-áit féin, acht do b'fhearr earradh
éigin eile a sholáthar i gcóir leanbhaí ar scoil - i
gcóir girrseach go háirithe.


L. 820


An Chéad Leabhar. An Chéad Chuid agus an Dara
Cuid. Ar n-a chur amach do Chonnradh na Gaedh-
ilge i mBaile Átha Cliath. Leathphinginn, an
cheann.



Sid é an Prímhleabhar a bhíodh ann. Do deineadh
dhá chuid de, agus tá gach cuid díobh ar díol anois is
leathphinginn ortha araon. Tá pictiúirí nua ionnta
a tharraing an Fágánach, agus féachaid go deas agus
go slachtmhar. Ní'l éin-Bhéarla ionnta acht amháin
míniughadh na bhfocal is cruaidhe i dtosach gach
ceachta. Ní dóigh linn féin go raibh gábhadh leis sin,
mar is baoghalach linn gurab amhlaidh a chuirfidh an
Béarla so leanbhaí amudha. Dá mbeadh gábhadh le
Béarla do b'fhéidir é chur i ndeireadh gach leabhair.
.
OUTLINES OF IRISH GRAMMAR, for the use
of Schools and Gaelic League Classes. Part I. -
Accidence. Compiled for the Limerick Branch
of the Gaelic League. Dublin : M. H. Gill and
Son, 50 Upper O'Connell St. 1905. Price 2d.
.
Tá a lán daoine ann agus níor mhaith leo breis
airgid a chaitheamh ar leabhraibh, agus go háirithe ar
gráiméar. Acht mar sin féin is tairbhtheach an rud
do dhuine beagán eóluis a bheith aige ar ghráiméar a
theangan duthchuis. Maran an féidir leis nó maran
maith leis an gráiméir mór a cheannach, sidé an earr-
adh a dhéanfaidh a ghnó go breagh. Leabhar beag is eadh
é, acht tá cunntas soiléir ann ar gach a bhfuil riach-
tanach do dhuine eolus a bheith aige air. Beidh sé n-a
áis ag lucht foghlumtha na Gaedhilge i gcraobhchaibh
Chonnradh na Gaedhilge agus i scoileannaibh ar fuid
na tíre. Beidh árd-cheannach air gan amhrus. An
Cló-chumann do chló-bhuail.

BALLADS OF A COUNTRY-BOY. Seumas Mac-
Manus. Gill and Son, Ltd., Dublin. 1905.



Sid é an leabhar is déidheannaighe a chuir Séamus
Mac Mághnusa i gcló. Leabhar amhrán i mBéarla is
eadh é; amhráin a cheap sé féin. Tá a lán de rudaibh
beaga deasa ann. Is iad "The Coming of Owen
Roe" agus "The Hedge Schoolmasters" is mó a
chuirimíd suim ionnta nó a thaithneann linn. Amh-
ráinín deas is eadh " A Health to the Birds " leis.
Ní féidir locht d'fhaghail ar an gcuma n-ar cuireadh
an leabhar i gcló. Faid saoghail chughat, a Shéamuis,

A Mhaighdean Mhuire do rugadh don Ríoghacht ghlórmhair
Fuair áit chun suidhte i gCathair na Tríonóide,
Tré páis do leinbh a d'fhuiling go héagcórach,
Sírim do choimirc d'anam an scríbhneóra.



Badh mhaith linn a iarraidh ar léightheóiríbh
an IRISLEABHAIR cuidiughadh linn chun
rudaí a thaitneann leó a sholáthar. Tá a
lán staraidheachta is seanchus ar eolus ag
na daoinibh, ins na ceanntrachaibh Gaedhlacha
go háirithe, agus is mór an truagh gan é bhail-
iughadh is é chur i gcló.



Tá a lán rudaí i dtaobh graiméir, litri-
ughadh, agusrl., is b'éidir nár mhiste trácht a
dhéanamh ortha. Táimíd-ne ullamh i gcomh-
nuidhe ar ar gcion féin a dhéanamh ar a
son, agus éinne go bhfuil rud le rádh aige
geobham slighe dhó ins an IRISLEABHAR, pé
aca i nGaedhilg nó i mBéarla is mian leis
scríobhadh.



Solus
na nGaedheal
déanta
i mBaile Áta Cliath.



Cártaí Posta Gaedhealacha!



Seoltar Litreacha i dtaobh Eagarthóireachta go dtí
an Fear Eagair; agus litreacha i dtaoibh Bainistighe go
dtí Stiúrthóir, Oifig an Chonnartha, 24 Sráid Uachtarach
Uí Chonaill, Áth Cliath.


L. 821a


Sliocht as "Irisleabhar na Gaedhilge."



Uimhir I.



An áit d'ár gabhas,
(trí fuinn).



An tAthair Cathaoir Ó Bréandáin ("Oisín") agus "Fear Fuartha na dTráithre."
Do Sholáthruigh.



Uimhir II.



Turas go Tír na n-Óg
(trí fuinn).



An tAthair Tomás Mac 'Liam.
Do Sholáthruigh.



Ar n-a chur amach do
Chonnradh na Gaedhilge, Baile Átha Cliath,
1903.



Pighin an ceann.



Seachadadh áluinn le h-aghaidh na bPáistí



Sideóga ag obair:
Sgéalta Sidhe:



'Liam Ó Riain do sgríobh.



Raol an Chóib. Seacht bPighne Saor Thríd an bPost.



Seachadadh áluinn le h-aghaidh na bpáisdí.



"An Táilleán,"


L. 821b


Smuainte ar Árainn,
I n-a dtugtar cúnntas i nGaedhilge shnasta shimplidhe
ar Árainn na Naomh agus ar mhuinntir Ghaedhealaigh na
háite sin, agus ar Phátrún, Feis, Aeridheacht, Banais, agusc.,
do bhí 'san Inis, maille le fiche íomháigh ag taisbeáint slighe
bheatha agus caitheamh-aimsire na ndaoine.



Fa pháipéar láidir, 6d.; tríd an bpost, 7d.
Fá Éadach, 1/-; tríd an bpost 1/2
Fá Leathar, 1/6; tríd an bpost, 1/8.



Aodh Ó néill. Dráma Úr-Nua.
Do sgríobh "Conán Maol."



An chéad Leabhrán do shraith-leabhair "An Claidheamh Soluis."
Ar Fagháil Ó Rúnaire Connartha na Gaedhilge,
Agus ó gach éan reiceadóir leabhar eile, AR THRÍ PIGINNE.
AGUS TRÍD AN bPOSTA, AR THRÍ PIGHINNE IS LEITH-PHIGHINN.




19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services