Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Scéilín Shéimín Dochtúra.
Title
Scéilín Shéimín Dochtúra.
Author(s)
Féach ainm cleite,
Composition Date
1905
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
SCÉILÍN SHÉIMÍN DOCHTÚRA. Tráthnóna stailiceach, stuacach, scéird- eamhail sa dubh-gheimhreadh do b'eadh é, timcheall dhá bhliadhain déag ó shoin. Bhí gasra aguinn bailighthe i dteannta a chéile timcheall teinteáin Sheagháinín Uí Fhaoláin, feirmeóir beag, lághach, macánta, bhí n-a chomhnuidhe i mBaile Dhughbhaill, tamall maith amach ó Chathair Ch -. Ag cuardaigheacht bhíomair dár ndóigh. Ba bheag oidhche ná rabhmair le fághail sa tigh chéadna, mar bhí sé de bhéas ag ógánaigh na háite cruinn- iughadh isteach le clap-sholus chum Sheagháinín chum cuid mhaith den oidhche a chaitheamh ag scoraidheacht is ag scéaluidheacht agus ag spailteóracht dóibh féin. Is maith is cuimhin liom an oidhche úd; bhí an tigh nach mór lán go béal, cuid aca ag rinnce agus cuid eile aca ag imirt cártaí, agus móir- sheisear seanóirí nó mar sin 'na suidhe cois na teine agus Seagháinín féin 'na measc agus iad ag cur tré chéile rudaí a thuit amach na bliadhanta fada roimhe sin. Grabaire beag de gharsún do b'eadh mé féin, agus siúd is go raibh dúil mhóir sa rinnce agam b'fhearr liom ná míle púnt bheith ag éisteacht le sean-scéaltaibh. Ní haon iongnadh mar sin, gur fhágas an suidheachán mar a rabhas im shuidhe i dtosach na hoidhche ag féachaint ar na rinnceóiríbh agus gur sháitheas mé féin isteach 'sa chúinne i ngaobhar na teineadh chum na scéalta d'aireachtain. I dtosach bárra, bhíodar ag cur síos ar Fhionn Mac Cumhaill agus ar ghaiscidhigh na Féinne agus ar na gníomharthaibh éachtacha dhein- eadar-san sa tsean-aimsir. Ba ghearr an mhoill, ámhthach, gur iompuigh an chainnt ar spioraidíbh agus rudaí dá shaghas-san, agus do chuirfeadh sé critheagla ort bheith ag éisteacht leis na scéaltaibh uathbásacha d'innis Máirtín an tSléibhe agus Peadar Ó Bhréandáin. Bhí seanduine beag, teóstalach, 'nár measc ag éisteacht leó-san agus gan gíog as ar feadh tamaill. Feirmeóir sa chomh- ursanacht do b'eadh é, agus cé gur bheag é a scar de shaidhbhreas an tsaoghail, fear mór tábhachtach, dar leis féin, do b'eadh é, agus fear léigheanta leis. Bhí mac leis n-a shagart, agus bhí méirnéis agus mórdháil agus mór- chúis dá réir air. Bhí sé amuigh air ná tiubhradh sé géilleadh d'aon scéal ar spior- aidíbh agus gur lugha air ná a bhás bheith ag éisteacht le n-a leithéid de "chainnt gan éifeacht," mar adeireadh sé féin. Taréis dhá scéal den tsaghas so a chlos do bhris ar an bhfoidhne aige agus ní bhfaghadh
sé cur suas le na thuilleadh aca. "Éist, arú," ar seisean le Peadar Ó Bréandáin bhí ag tosnughadh ar an dtarna scéal, "bíodh ciall agat, a dhuine, agus cuir uait an chainnt sin; an amhlaidh a mheasann tú gur amadáin chríochnuighthe nó sean-mhná díth- chéillídhe sinn agus go n-éistfimís le n-a leithéid sin de scaothaireacht agus de dhearg-éitheach; éist, a dhuine, nó cuirfidh tú fonn úir- leacain agus iompódh goile orainn." Níor thaithnigh an chainnt seo le fear an tighe. Is amhlaidh bhí sé ar na caorain mar gheall uirthi, mar fear mór spioraidí do b'eadh é, agus ba bheag rud ba bhreághtha leis ná bheith n-a shuidhe go compórdach ar aghaidh na teine amach, agus duine a d'iarraidh air a dh'innsint don chuileachtain (chuideachtain) cionnus a chonnaic sé an bhean mharbh an oidhche úd bhí sé ag dul go Caisleán an Chumair, agus cionnus a dhearg sí a phíopa dhó le fód móna agus é ar lasadh. Annsan, tar éis na teine a phriochadh le n-a bhata agus a phíopa a bhaint as a dhranndal, chromfadh sé ar an éitheach ba mhó dár airigheadh riamh a radadh uaidh. Acht bhí sórt scáth nó eagla air roimh Micil Ó Muirgheasa mar gheall ar a mhac bheith 'na shagart is dócha; agus ní raibh sé dána a dhaothaint chum cur n-a choinne nó dul a saoibhint leis nuair dubhairt Micil ná raibh aon spioraid i n-éan-chor ann. Níor mhar sin do Shéimín Dochtúra. Thugtaí Séimín Dochtúra air de bhrigh go raibh sé de cháil air gur bh'é an fear ba mhó eólas sa pharóisde ar gach aon sórt aicíd agus galair a bhíonn ag gabháilt d'eallach nó d'áirnéis. Dá mbeadh bó ar linn breithe, ghlaodhfaidhe ar Shéimín chum teacht ag féachaint n-a diaidh; dá mbeadh an múnadh dearg ar bhulán no ar sheafaid, d'iarrfaidhe ar Shéimín purgóid a thabhairt dóibh; dá mbeadh maodhann nó tart bruilleacháin ar chapall, Séimín a chaithfeadh é léigheas. Agus, dá mba rud é ná déanfadh purgóidí agus plástair an gnó dhó, bhí a chuid arthaí aige; acht, 'pé scéal é, nó scéal eile, níor theip riamh ar Shéimín, le cuimhne na ndaoine, beithidheach a thabhairt saor ón mbás. Dár ndóigh, má thuit amach babhtaí gur scuaib galar éighint beithidheach bocht chum siubhail agus Séimín ag tabhairt aire dhó, tá a fhios agaibh nach é an "Dochtúir" ba chiontach leis sin; duine éigint eile ba thrúig bháis dó, nó b'éidir na daoine maithe. Maith is cuimhin liom sean-rádh bhíodh i gcomhnuidhe n-a bhéal aige nuair adeireadh duine leis go raibh beithidheach aige agus rud éigint nár bh'fhiú trácht air ag goilleamhaint air. "A," ar seisean, "cuir ceiridhe den neamh-shuim leis agus rud beag den chuma liom." Acht, is ró-fhada dhom ag seanchus ar Shéimín féin, ba dhá chirte dom bheith ag druideamhaint leis an scéal. Mar a bhíos á rádh, dheamhan scáth ná sceón bhí ar Shéimín roimh Mhicil Ó Muirigheasa agus bhí sé ceapaithe aige gan a leigint leis chomh bog sain. "Adhe mhaise, a Mhicil," ar seisean "ní ghéilleann tusa go bhfuil spioraidí ann, beag atá 's agat ciaca 'bhfuil nó ná fuil; acht "ar seisean" mise annso agus fios agam air." "Tar slán a Shéimín a mhic ó!" arsa fear an tighe agus áthas air a rádh is go raibh Séimín chomh dána soin ar Mhicil. "Cuir n-a luidhe anois air go bhfuil a leithéid ann, mar tá sé ráidhte age sna comhursanaibh go bhfeacaís féin spioraid fad ó." "Fíor dhuit an focal céadna go bhfeacas- sa spioraid uair," arsa Séimín, agus taidhbhse agus bóiceáil air agus é ag féachaint n-a thimcheall orainn go léir. Níor iarr sé aon tathant
eile chum an scéil a dh'innsint; acht do shuidh sé siar go compórdamhail dó féin; bhain sé a dhiuidín as a bhéal agus do dhírigh sé ar an scéilín seo leanas a chaitheamh uaidh. "Tá a fhios agaibh, a dhaoine mhuinteardha, go raibh carn mór airgid ag m'athair bocht — céad slán leis! — agus mé féin im ghrabaire beag; agus bhí a rian soin orm, bhínn-se ag imtheacht ar fuaid na dúithche ag baint aoibhnis agus pléisiúir dom féin as gach aon rud, agus méirnéis agus mórchúis orm. Is annamh a bhínn-se ag gabháilt aon phíosa bhóthar gan an láirín dubh fúm. Lá éigint i dtosach an fhoghmhair thuit sé amach gur ghlaoidh m'athair bocht orm — go ndeinidh Dia an trócaire air - tar éis ár ndinnéir a chaitheamh dúinn, agus arsa sé: 'A Shéimín, a mhaoineach, téirigh isteach go dtí an baile mór indiu agus faigh meitheal chum spealadóireacht; chím go bhfuil féara na dúithche bainte cheana féin acht ár gcuid-na féin, agus dár ndóigh tá sé i n-am aguinn bheith ag tosnughadh air mar obair.' Ní gábhadh dhom a rádh gur thaithnigh an t-aistear go han-mhaith liom, agus gur bheag an mhoill orm mé féin a ghléasadh go deas, canta im chulaidh éadaigh a b'fhearr agus go rabhas im shuidhe ar mhuin mo láirín. Ní dheigheamair ar árd-réim ná ar cos-in- áirde i n-aon-chor, acht ar sodar go righin deas ar ár mbog-shocaracht, agus bhí sé abhfad sa tráthnóna nuair a shroicheamair an baile mór. Dheineas mo ghnó chomh luath agus d'fhéadas, agus ba ghearr go raibh socruighthe agam le móir-sheisear nó mar sin, agus dubhraigheadar go mbeidís amuigh san áit aguinne go doth ar maidin an lae dár gcionn chum luighe isteach san obair. Tar éis an méid sin a chur díom, thugas cuairt ar bheirt nó triúrar dem ghaoltaibh, agus tar éis scaithimín annso dhom thugas fogha ar dhuine mhór mhuinteardha dhom bhí n-a chomhnuidhe sa choláiste. Fé'n am so bhí sé ag teacht déidheanach agus bhí sé, mar adéarfá, timcheall chomh-sholus agus fear le tor. Acht ba ró-luath liom fós dul a-bhaile, agus thugas tamall maith eile ag siubhalóid agus ag máirseáil dom féin mór-thimcheall an bhaile. Fé dheire thiar dubhraigheas liom féin go raibh sé chomh maith agam bheith ag priocadh liom fé dhéin mó bhaile fhéin mar bhí an oidhche ag tuitim. Síos liom go dtí stábla Thomáis Mhág Craith mar a raibh mo láirín agus ghléasas í go luath. Bhí Tomás féin i láthair agus é a d'iarraidh bheith ag baint mhoille asam le seanchus gan éifeacht — ba dhiabhaltach an firín é chum cainnte — acht níor leigeas leis; d'fhágas slán agus ceil- eabhar aige agus beannacht Dé, agus siúd chum siubhail mé féin agus an láirín. Píosa maith bóthair bhí romhainn agus níor mhór tamall maith chum é chur dínn. Acht d'fhóbair dom dearmhad a dhéanamh ar an meid seo ná rabhas im phótaire, ar shon go n-ólainn braéinín beag ó am go ham. Ní raibh aon dúil agam i ndigh meisceamhail ná aon bhlas agam innte. Ní dhéanfaidh mé aon bhréag libh gur chaitheas siar cúpla fiteán rith an lae; acht mo lámh agus m'fhocal díbh, ná raibh aon ól mór déanta agam. Mar gheall air sin, ní rabhas ar meisce ná 'maith go leór' féin ar mo theacht a-bhaile. "Bhí 'dtiúnta cheithre mhíle curtha dhíom agam nuair bhraitheas go raibh sé ag dul i nglaise. Oidhche spéir-ghealaighe do b'eadh í agus bhí na réiltíní ag taithneamh go gléineach. Chuireas an láirín ar sodar go mear. Níor bh'fhada gur sroicheas Cnoc an Ráithín mar a bhfuil ceardcha Roibeárd Uí Chadhlaigh anois. Acht san am san ní raibh aon cheardcha ann ná aon tigh chomhnuidhthe i ngiorracht cheath- ramhadh mhíle ar gach taoibh dhi. Scaitheamh n-a dhiaidh soin tháinig mé suas le Bóithrín
an Mhadra. Ní rabhas ag cuimhneamh ar aon rud acht ag marcaigheacht ar mo shuaimhneas. Díreach le linn dúinn gabháilt thar an mbóithrín cuireadh sceón sa láirín. Do stad sí lom láithreach agus coiscéim eile ar aghaidh ní thiubhradh sí. "Níor chuireas aon tsuim innti i dtosach, acht chromas ar í mhealladh beagáinín. Beag an mhaith dhom soin. Tháinic mí-fhoighne dham léi agus thugas an bata go dlúth dá cliathán le faobhar-ghoin. Dheamhan a b'fhearr a dh'éirigh liom mar sin. 'Ní fheadar an ag cur suas scailc athá tú' arsa mise 'máiseadh, ní raghaidh sé leat chomh bog is a shíleann tú.' Bhí sé chomh maith agam bheith ag bualadh na cairrge. 'Seadh' arsa mise liom fhéin 'déanfad tamaillín cinnireacht léi.' Do tháinic mé anuas agus do thriallas é sin léi, acht, ní chuirfeadh sí cos léi thar an gcois eile. 'Go bhfóiridh Dia orm' arsa mise 'nach bocht an cás agam é, is baoghalach go gcaithfead fuireach annso go maidin.' Chuadhas i n-áirde arís agus dheineas mo dhicheall ar í chur thar béal an bhóithrín, acht b'fhánach an obair agam é. Theip orm glan. bCia'n d—l athá ag cur eagla uirthi,' arsa mé féin, agus d'fhéachas tharm ar gach taobh. Bhí an oidhche an-gheal agus i gceann nóimint thugas fé ndeara rud éigint dubh, dorcha, cruinn, ar nós liathróide agus é i mbéal an bhóithrín. Bhí sé mar adéarfá ar crochadh san aér agus é ar luascadh anonn is anall. Tháinic iongantas orm ar dtúis; acht ba chuimhin liom gan mhoill go raibh ainm an- aérach ar an áit seo. Mar athá 's agaibh, tá cabhail tighe tamaillín isteach sa bhóithrín. Droch-thigh ba eadh é sin fad ó, agus deirtí go mbíodh spioraidí agus samhailte ag éirghe i gcomhnuidhe sa bhóithrín. Ní fheaca mise aon spioraid riamh roimhe sin agus ní raibh mórán eagla orm rompa. D'fhanas tamall ag féach- aint ar an rud; dá fhaid bhíos ag féachaint air, seadh is mó an scáth bhí ag teacht orm. B'ait ar fad an radharc é; é ar crochadh san aér timcheall trí troighthe ón dtalamh agus gan aon bhaint aige le haon rud mar shlabhradh nó téadán agus é ar luascadh go mall ó thaobh go taobh. Bhí na criotháin ar an láir bhocht le scannradh agus bí an sceimhle ar fad orm féin. D'iompuigheas an láirín fé dhéin an bhaile mhóir, agus nuair ghabhas leath-mhíle dhen bhóthar, do chasas arís í agus ghabhas uirthi den bhata chomh maith is d'fhéadas gur shroicheamair i n-árd-réim arís an bóithrín. Nuair tháng- amair go dtí an bóithrín stad sí go hobann agus ba bheag nár chaitheadh thar a ceann mé. Bhí an spioraid ann i gcomhnuidhe. "Cabhair Dé chugham;" arsa mise "tá beortha orm anois nó riamh," agus chromas ar phaidireóireacht. Dheineas an cleas céadna arís agus thugas an fhuip chomh géar soin dí an uair seo gur tháinic sinn aníos an cnoc ar nós na gaoithe. Bhí buaidhte agam, acht d'óbair go ndíolfainn as. Bí an láirín ag imtheacht chomh mear soin, ná faghadh sí stad agus cad a dhein sí annsain ? Ar an taobh eile dhen bhóthar, tá falla beag, agus le linn dí gabháilt thar béal an bhóithrín, do chuaidh sí chomh gairid sain do thaobh an fhalla gur bheag nár bhain sé an chos díom ó'n nglúin anuas. Buidheachas mór le Dia! Thugas fé ndeara i n-am an bob bhí dá imirt aici agus d'árduigheas mo chos ar chuma gur thugas saor í. Chomh luath is bhíomair thar an bhóithrín chuir sí na cosa fúithi chomh tapaidh i nÉirinn is d'fhéad sí, agus geallaim-se dhíbh gur ghearr an mhoill orainn an chuid eile dhen tslighe a chur dínn. Tá dhá mhíle ó mhullach an chnuic go dtí mo thigh- se — an tigh céadna bhí ag m'athair, beannacht Dé len' anam! - agus tá roilig ar leath slighe. Ní bréag a rádh go raibh scannradh agus uathbhás
an domhain orm dá dheascaibh sin. Bhí mo chroidhe ag bíogarnaoil agus ag preabadh im chliabh, na srothanna fuar-allais anuas liom agus mé ag crith le hanaithe agus le sceimhleadh. Bhí eagla an domhain orm go bhfeiceoghainn samhailt eile le linn dom gabháilt thar an reilig, agus bhí anaithe an bháis orm agus mé ag tarraint uirthi, acht ba leónughadh ó Dhia, míle moladh is buidheachus len A mhór-ghlóire! ná feacas aon rud. Siúd ar aghaidh arís sinn ar nós an ghuairneáin, agus níor bh'fhada go rabhmair ag druideamhaint lem bhaile féin. Buidheachas mór le Dia uile-chumhachtach! Bhí an geata ar dian-leathadh agus isteach linn san otrann, agus gleó agus torann uathbhásach aguinn. Thuit an láirín bocht ar an dtalamh le neart uamhain agus tuirse, mar a bheadh sí 'na meaig agus chuaidh mé féin i luige. "D'airigh lucht an tighe an gleó agus an tuairt agus ritheadar amach féachaint cad a bhí ar siubhal. Fuarthas mé féin agus gan cor ionnam, gan gíog asam, díreach mar bheinn im' phleist. Do tógadh isteach mé agus cuireadh mé im' luidhe ar leabaidh. Cúrsaí an láirín, d'fhan m'athair bocht, solas na bhflaitheas dá anam, agus buachaill aimsire n-a feighil ag tabhairt aireachuis dí ar feadh cúpla uair a chluig go dtí gur tháinic feabhas uirthi. Acht, maidir liom fhéin, ba bheag nár cailleadh mé ar fad, bhí fiabhrus cinn ag gabháilt dom ar feadh seachtmhaine agus shíl gach éinne go rabhas réidh. Cuireadh fios ar an Athair Séamas Ua Murchadha, agus do léigh sé urnaighthe os mo chionn agus ón lá soin amach chuadhas i bhfeabhus, agus ba ghearr go rabhas chomh láidir lúbach bríoghmhar is bhíos riamh. Sin é mo scéal-sa anois, agus geallaim-se dhíbh ná fuil bréag ann, agus táim chomh deimhnitheach dhe go bhfaca mé spioraid an oidhche úd is atáim go bhfuilim m' shuidhe annso nbhur measc." D'fhan Séimín ina thost na dhiaidh-san agus gan gíog as. Ní dubhairt éinne nár bh'í an fhírinne bhí aige, mar bhí a fhios ag gach éinne go raibh droch-cháil ar an mbóithrín céadna le cuimhne na ndaoine do b'aosta sa pharóiste. Agus, cé gur chnáimhseáluidhe b'eadh Micil Ó Muirgheasa, gan toradh aige ar shamhailtaibh ná ar rudaí dá saghas, ghéill sé an babhta so go raibh rud éigint ann nár thuig sé i gceart ; acht, 'n-a choinnibh sin arís, dubhairt sé go bhfiafróghadh den tsagart, an chéad uair eile bheadh sé 'gá ghlúin, an raibh a leithéid i n-éan-chor ann. Bhí sé ag teacht an-dhéidheanach san oidhche anois; bhí sé ag tarraint amach ar an mheadhon-oidhche agus bhí na daoine ag sleamh- nughadh a-bhaile leó féin, na mbeirt agus na dtriúrar. Glaoidh m'úncail féin orm-sa ghá rádh gur mhithid dúinn bheith ag gluais- eacht. D'fhágamair slán agus beannacht ag Seagháinín agus ag lucht a thighe agus d'imthigheam- air linn. Bhí scannradh orm fhéin ar feadh an bhóthair, agus gach sceach gheal nó stampa crainn theangmhaidheadh linn, rith sé liom-sa gur spioraidí iad. Bhíos ag tabhairt cat- súil agus ag strac-fhéachaint ar gach taobh, acht ní fheacas aon teidheall spioraide ná samhailte i n-éan-chor. Ní gábhadh dhom a rádh nár chodlas gó sámh an oidhche sin. Mé ag taidhbhreamh ar shamhaltaibh agus ar dheamhnaibh agus ar mhadraíbh móra craosacha agus a léithidí sin, agus ba mhór an sólás dom múscailt go doth ar maidin agus solus an lae ghil d'fheicsint aríst. AN CRATHACH. Gluais. Stailiceach stuacach = scráibeach = fiadhain gaothmhar. Scéirdeamhail = chomh glas sain gur dhóigh leat go mbainfeadh sé an croiceann díot. Cuardaigheacht = cuairt ist oidhche = céilidh i Leath Chuinn. Spailteóireacht = ag caitheamh aimsire.
Teóstalach = tidy. Méirnéis = self-importance, sa Bhéarla. Iompódh goile = tinneas builg. Bhí sé ar na caorainn = (caortheine?) = ar dearg- bhuile. Cur 'na choinne = contradict. Ag saoibhint = ag diospóireacht nó ag argóint. Múnadh dearg = red murrain. Maodhann agus t. bruilleacháin = "haws". Arthaí = charms i.e. superstious prayers. Taidhbhse agus bóiceáil = mór-dháil = pride. Tá féara na dúithche bainte = tá an féar bainte ag gach éinne san nduthaigh. Canta = go deas; is treise d'fhocal é 'ná deas. I n-árd-réim = ar cos-in-áirde. Scaithimhín = tamall beag. Thugas fogha ar dhuine = thugas cuairt ghearr air. "Timcheall com-sholus agus fear le tor." = Bhí an clap- sholas ann nuair ná aithneochthá fear thar tor dá mbeadh sé tamaillín uait. Máirseáil - spaisdeóracht. Baint moille asam = moill a chur orm. Slán agus ceileabhar = slán agus beannacht. Aon bhlas agam innti = any taste for it. Fiteán fuiscí = "half one". Ní raibh aon ól mór déanta agam = I was not intoxicated. I dtiúnta cheithre mhíle = timcheall 4 míle. Táim réidh = tá mo ghnó déanta. Ag bíogarnaoil = palpitating. Ba leónughadh ó Dhia = bé toil Dé. Ag tabhairt aireachais (rach accented syllable) = ag tabhairt aire. Ag glúin an tsagairt = at confession. Ní fheacas aon teidheall s. = no sign of. Tá an Strachánach d'éis coigthigheas a chaitheamh ar Scoil na Sean-Ghaedhilge i mBaile Átha Cliath. Bhíodh sé ag múineadh ar feadh dhá uair gach tráthnóna i gcaitheamh an choigthighis. Tá a bhuidhean ag tarraint chun cinn go seóidh. D'aithneoghadh an duine is measa againn "infixed pronoun" i n-éan-bhall anois; seadh, agus i bpoll ná beadh sé leis. Thug an tAimhirgineach cuaird orainn. Tá sé ag dul i láidreacht is i nGear- máineachus go tiugh. Is saith linn a chlos go bhfuil a athair gan bheith ar fóghnamh, acht tá súil againn go dtiocfaidh feabhus air gan mhoill. Bolg an tSoláthair m'ainm gan gó, A chléirigh chóir, guidh go géar, An scríbhneóir a bheith gan brón. 'Sé dhul fá ród go Flaithis Dé.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services