Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Scéilín Shéimín Dochtúra.

Title
Scéilín Shéimín Dochtúra.
Author(s)
Féach ainm cleite,
Composition Date
1905
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

SCÉILÍN SHÉIMÍN DOCHTÚRA.



Tráthnóna stailiceach, stuacach, scéird-
eamhail sa dubh-gheimhreadh do b'eadh é,
timcheall dhá bhliadhain déag ó shoin. Bhí
gasra aguinn bailighthe i dteannta a chéile
timcheall teinteáin Sheagháinín Uí Fhaoláin,
feirmeóir beag, lághach, macánta, bhí n-a
chomhnuidhe i mBaile Dhughbhaill, tamall maith
amach ó Chathair Ch -. Ag cuardaigheacht
bhíomair dár ndóigh. Ba bheag oidhche ná
rabhmair le fághail sa tigh chéadna, mar bhí
sé de bhéas ag ógánaigh na háite cruinn-
iughadh isteach le clap-sholus chum Sheagháinín
chum cuid mhaith den oidhche a chaitheamh ag
scoraidheacht is ag scéaluidheacht agus ag
spailteóracht dóibh féin. Is maith is
cuimhin liom an oidhche úd; bhí an tigh nach
mór lán go béal, cuid aca ag rinnce agus
cuid eile aca ag imirt cártaí, agus móir-
sheisear seanóirí nó mar sin 'na suidhe cois
na teine agus Seagháinín féin 'na measc agus iad
ag cur tré chéile rudaí a thuit amach na
bliadhanta fada roimhe sin. Grabaire beag
de gharsún do b'eadh mé féin, agus siúd is go
raibh dúil mhóir sa rinnce agam b'fhearr
liom ná míle púnt bheith ag éisteacht le
sean-scéaltaibh. Ní haon iongnadh mar
sin, gur fhágas an suidheachán mar a rabhas
im shuidhe i dtosach na hoidhche ag féachaint
ar na rinnceóiríbh agus gur sháitheas mé féin
isteach 'sa chúinne i ngaobhar na teineadh
chum na scéalta d'aireachtain.



I dtosach bárra, bhíodar ag cur síos ar
Fhionn Mac Cumhaill agus ar ghaiscidhigh na
Féinne agus ar na gníomharthaibh éachtacha dhein-
eadar-san sa tsean-aimsir. Ba ghearr an
mhoill, ámhthach, gur iompuigh an chainnt ar
spioraidíbh agus rudaí dá shaghas-san, agus do
chuirfeadh sé critheagla ort bheith ag
éisteacht leis na scéaltaibh uathbásacha
d'innis Máirtín an tSléibhe agus Peadar Ó
Bhréandáin.



Bhí seanduine beag, teóstalach, 'nár
measc ag éisteacht leó-san agus gan gíog
as ar feadh tamaill. Feirmeóir sa chomh-
ursanacht do b'eadh é, agus cé gur bheag é a
scar de shaidhbhreas an tsaoghail, fear mór
tábhachtach, dar leis féin, do b'eadh é, agus
fear léigheanta leis. Bhí mac leis n-a
shagart, agus bhí méirnéis agus mórdháil agus mór-
chúis dá réir air. Bhí sé amuigh air ná
tiubhradh sé géilleadh d'aon scéal ar spior-
aidíbh agus gur lugha air ná a bhás bheith ag
éisteacht le n-a leithéid de "chainnt gan
éifeacht," mar adeireadh sé féin.



Taréis dhá scéal den tsaghas so a chlos
do bhris ar an bhfoidhne aige agus ní bhfaghadh


L. 802


sé cur suas le na thuilleadh aca. "Éist,
arú," ar seisean le Peadar Ó Bréandáin
bhí ag tosnughadh ar an dtarna scéal,
"bíodh ciall agat, a dhuine, agus cuir uait an
chainnt sin; an amhlaidh a mheasann tú gur
amadáin chríochnuighthe nó sean-mhná díth-
chéillídhe sinn agus go n-éistfimís le n-a leithéid
sin de scaothaireacht agus de dhearg-éitheach;
éist, a dhuine, nó cuirfidh tú fonn úir-
leacain agus iompódh goile orainn."



Níor thaithnigh an chainnt seo le fear an
tighe. Is amhlaidh bhí sé ar na caorain mar
gheall uirthi, mar fear mór spioraidí do
b'eadh é, agus ba bheag rud ba bhreághtha leis ná
bheith n-a shuidhe go compórdach ar aghaidh na
teine amach, agus duine a d'iarraidh air a
dh'innsint don chuileachtain (chuideachtain)
cionnus a chonnaic sé an bhean mharbh an
oidhche úd bhí sé ag dul go Caisleán an
Chumair, agus cionnus a dhearg sí a phíopa dhó
le fód móna agus é ar lasadh. Annsan, tar
éis na teine a phriochadh le n-a bhata agus a
phíopa a bhaint as a dhranndal, chromfadh sé
ar an éitheach ba mhó dár airigheadh riamh a
radadh uaidh. Acht bhí sórt scáth nó eagla
air roimh Micil Ó Muirgheasa mar gheall
ar a mhac bheith 'na shagart is dócha; agus ní
raibh sé dána a dhaothaint chum cur n-a
choinne nó dul a saoibhint leis nuair
dubhairt Micil ná raibh aon spioraid i
n-éan-chor ann.



Níor mhar sin do Shéimín Dochtúra.
Thugtaí Séimín Dochtúra air de bhrigh go
raibh sé de cháil air gur bh'é an fear ba mhó
eólas sa pharóisde ar gach aon sórt aicíd agus
galair a bhíonn ag gabháilt d'eallach nó
d'áirnéis. Dá mbeadh bó ar linn breithe,
ghlaodhfaidhe ar Shéimín chum teacht ag
féachaint n-a diaidh; dá mbeadh an múnadh
dearg ar bhulán no ar sheafaid, d'iarrfaidhe
ar Shéimín purgóid a thabhairt dóibh; dá
mbeadh maodhann nó tart bruilleacháin ar
chapall, Séimín a chaithfeadh é léigheas. Agus,
dá mba rud é ná déanfadh purgóidí agus
plástair an gnó dhó, bhí a chuid arthaí aige;
acht, 'pé scéal é, nó scéal eile, níor theip
riamh ar Shéimín, le cuimhne na ndaoine,
beithidheach a thabhairt saor ón mbás. Dár
ndóigh, má thuit amach babhtaí gur scuaib
galar éighint beithidheach bocht chum siubhail
agus Séimín ag tabhairt aire dhó, tá a fhios
agaibh nach é an "Dochtúir" ba chiontach leis
sin; duine éigint eile ba thrúig bháis dó,
nó b'éidir na daoine maithe. Maith is
cuimhin liom sean-rádh bhíodh i gcomhnuidhe
n-a bhéal aige nuair adeireadh duine leis
go raibh beithidheach aige agus rud éigint nár
bh'fhiú trácht air ag goilleamhaint air. "A,"
ar seisean, "cuir ceiridhe den neamh-shuim
leis agus rud beag den chuma liom." Acht, is
ró-fhada dhom ag seanchus ar Shéimín féin,
ba dhá chirte dom bheith ag druideamhaint
leis an scéal.



Mar a bhíos á rádh, dheamhan scáth ná
sceón bhí ar Shéimín roimh Mhicil Ó Muirigheasa
agus bhí sé ceapaithe aige gan a leigint leis
chomh bog sain.



"Adhe mhaise, a Mhicil," ar seisean "ní
ghéilleann tusa go bhfuil spioraidí ann,
beag atá 's agat ciaca 'bhfuil nó ná fuil;
acht "ar seisean" mise annso agus fios agam
air."



"Tar slán a Shéimín a mhic ó!" arsa fear
an tighe agus áthas air a rádh is go raibh Séimín
chomh dána soin ar Mhicil. "Cuir n-a luidhe
anois air go bhfuil a leithéid ann, mar tá
sé ráidhte age sna comhursanaibh go
bhfeacaís féin spioraid fad ó."



"Fíor dhuit an focal céadna go bhfeacas-
sa spioraid uair," arsa Séimín, agus taidhbhse
agus bóiceáil air agus é ag féachaint n-a thimcheall
orainn go léir. Níor iarr sé aon tathant


L. 803


eile chum an scéil a dh'innsint; acht do
shuidh sé siar go compórdamhail dó féin;
bhain sé a dhiuidín as a bhéal agus do dhírigh
sé ar an scéilín seo leanas a chaitheamh uaidh.



"Tá a fhios agaibh, a dhaoine mhuinteardha,
go raibh carn mór airgid ag m'athair bocht
— céad slán leis! — agus mé féin im ghrabaire
beag; agus bhí a rian soin orm, bhínn-se ag
imtheacht ar fuaid na dúithche ag baint
aoibhnis agus pléisiúir dom féin as gach aon
rud, agus méirnéis agus mórchúis orm. Is annamh
a bhínn-se ag gabháilt aon phíosa bhóthar gan
an láirín dubh fúm. Lá éigint i dtosach an
fhoghmhair thuit sé amach gur ghlaoidh m'athair
bocht orm — go ndeinidh Dia an trócaire
air - tar éis ár ndinnéir a chaitheamh dúinn,
agus arsa sé: 'A Shéimín, a mhaoineach, téirigh
isteach go dtí an baile mór indiu agus faigh
meitheal chum spealadóireacht; chím go
bhfuil féara na dúithche bainte cheana féin
acht ár gcuid-na féin, agus dár ndóigh tá sé i
n-am aguinn bheith ag tosnughadh air mar
obair.' Ní gábhadh dhom a rádh gur thaithnigh
an t-aistear go han-mhaith liom, agus gur bheag
an mhoill orm mé féin a ghléasadh go deas,
canta im chulaidh éadaigh a b'fhearr agus go
rabhas im shuidhe ar mhuin mo láirín. Ní
dheigheamair ar árd-réim ná ar cos-in-
áirde i n-aon-chor, acht ar sodar go righin
deas ar ár mbog-shocaracht, agus bhí sé abhfad
sa tráthnóna nuair a shroicheamair an
baile mór. Dheineas mo ghnó chomh luath agus
d'fhéadas, agus ba ghearr go raibh socruighthe
agam le móir-sheisear nó mar sin, agus
dubhraigheadar go mbeidís amuigh san áit
aguinne go doth ar maidin an lae dár
gcionn chum luighe isteach san obair. Tar
éis an méid sin a chur díom, thugas cuairt
ar bheirt nó triúrar dem ghaoltaibh, agus
tar éis scaithimín annso dhom thugas fogha
ar dhuine mhór mhuinteardha dhom bhí n-a
chomhnuidhe sa choláiste. Fé'n am so bhí sé
ag teacht déidheanach agus bhí sé, mar adéarfá,
timcheall chomh-sholus agus fear le tor. Acht
ba ró-luath liom fós dul a-bhaile, agus thugas
tamall maith eile ag siubhalóid agus ag
máirseáil dom féin mór-thimcheall an
bhaile. Fé dheire thiar dubhraigheas liom
féin go raibh sé chomh maith agam bheith ag
priocadh liom fé dhéin mó bhaile fhéin mar
bhí an oidhche ag tuitim. Síos liom go dtí
stábla Thomáis Mhág Craith mar a raibh mo
láirín agus ghléasas í go luath. Bhí Tomás féin
i láthair agus é a d'iarraidh bheith ag baint
mhoille asam le seanchus gan éifeacht — ba
dhiabhaltach an firín é chum cainnte — acht
níor leigeas leis; d'fhágas slán agus ceil-
eabhar aige agus beannacht Dé, agus siúd chum
siubhail mé féin agus an láirín. Píosa maith
bóthair bhí romhainn agus níor mhór tamall maith
chum é chur dínn. Acht d'fhóbair dom
dearmhad a dhéanamh ar an meid seo ná
rabhas im phótaire, ar shon go n-ólainn
braéinín beag ó am go ham. Ní raibh aon
dúil agam i ndigh meisceamhail ná aon bhlas
agam innte. Ní dhéanfaidh mé aon bhréag
libh gur chaitheas siar cúpla fiteán rith an
lae; acht mo lámh agus m'fhocal díbh, ná raibh
aon ól mór déanta agam. Mar gheall
air sin, ní rabhas ar meisce ná 'maith go
leór' féin ar mo theacht a-bhaile.



"Bhí 'dtiúnta cheithre mhíle curtha dhíom
agam nuair bhraitheas go raibh sé ag dul i
nglaise. Oidhche spéir-ghealaighe do b'eadh
í agus bhí na réiltíní ag taithneamh go gléineach.
Chuireas an láirín ar sodar go mear. Níor
bh'fhada gur sroicheas Cnoc an Ráithín mar a
bhfuil ceardcha Roibeárd Uí Chadhlaigh anois.
Acht san am san ní raibh aon cheardcha ann
ná aon tigh chomhnuidhthe i ngiorracht cheath-
ramhadh mhíle ar gach taoibh dhi. Scaitheamh
n-a dhiaidh soin tháinig mé suas le Bóithrín


L. 804


an Mhadra. Ní rabhas ag cuimhneamh ar
aon rud acht ag marcaigheacht ar mo
shuaimhneas. Díreach le linn dúinn gabháilt
thar an mbóithrín cuireadh sceón sa láirín.
Do stad sí lom láithreach agus coiscéim eile
ar aghaidh ní thiubhradh sí.



"Níor chuireas aon tsuim innti i dtosach,
acht chromas ar í mhealladh beagáinín.
Beag an mhaith dhom soin. Tháinic mí-fhoighne
dham léi agus thugas an bata go dlúth dá
cliathán le faobhar-ghoin. Dheamhan a
b'fhearr a dh'éirigh liom mar sin. 'Ní fheadar
an ag cur suas scailc athá tú' arsa mise
'máiseadh, ní raghaidh sé leat chomh bog is a
shíleann tú.' Bhí sé chomh maith agam bheith ag
bualadh na cairrge. 'Seadh' arsa mise
liom fhéin 'déanfad tamaillín cinnireacht
léi.' Do tháinic mé anuas agus do thriallas é
sin léi, acht, ní chuirfeadh sí cos léi thar an
gcois eile. 'Go bhfóiridh Dia orm' arsa
mise 'nach bocht an cás agam é, is baoghalach
go gcaithfead fuireach annso go maidin.'
Chuadhas i n-áirde arís agus dheineas mo
dhicheall ar í chur thar béal an bhóithrín, acht
b'fhánach an obair agam é. Theip orm glan.
bCia'n d—l athá ag cur eagla uirthi,' arsa
mé féin, agus d'fhéachas tharm ar gach taobh.
Bhí an oidhche an-gheal agus i gceann nóimint
thugas fé ndeara rud éigint dubh, dorcha,
cruinn, ar nós liathróide agus é i mbéal an
bhóithrín. Bhí sé mar adéarfá ar crochadh
san aér agus é ar luascadh anonn is anall.
Tháinic iongantas orm ar dtúis; acht ba
chuimhin liom gan mhoill go raibh ainm an-
aérach ar an áit seo. Mar athá 's agaibh,
tá cabhail tighe tamaillín isteach sa bhóithrín.
Droch-thigh ba eadh é sin fad ó, agus deirtí go
mbíodh spioraidí agus samhailte ag éirghe i
gcomhnuidhe sa bhóithrín. Ní fheaca mise aon
spioraid riamh roimhe sin agus ní raibh mórán
eagla orm rompa. D'fhanas tamall ag féach-
aint ar an rud; dá fhaid bhíos ag féachaint air,
seadh is mó an scáth bhí ag teacht orm. B'ait
ar fad an radharc é; é ar crochadh san aér
timcheall trí troighthe ón dtalamh agus gan aon
bhaint aige le haon rud mar shlabhradh nó
téadán agus é ar luascadh go mall ó thaobh go
taobh. Bhí na criotháin ar an láir bhocht le
scannradh agus bí an sceimhle ar fad orm féin.
D'iompuigheas an láirín fé dhéin an bhaile
mhóir, agus nuair ghabhas leath-mhíle dhen bhóthar,
do chasas arís í agus ghabhas uirthi den bhata chomh
maith is d'fhéadas gur shroicheamair i
n-árd-réim arís an bóithrín. Nuair tháng-
amair go dtí an bóithrín stad sí go
hobann agus ba bheag nár chaitheadh thar a ceann
mé. Bhí an spioraid ann i gcomhnuidhe.
"Cabhair Dé chugham;" arsa mise "tá
beortha orm anois nó riamh," agus chromas ar
phaidireóireacht. Dheineas an cleas céadna
arís agus thugas an fhuip chomh géar soin dí
an uair seo gur tháinic sinn aníos an
cnoc ar nós na gaoithe. Bhí buaidhte
agam, acht d'óbair go ndíolfainn as.
Bí an láirín ag imtheacht chomh mear soin, ná
faghadh sí stad agus cad a dhein sí annsain ?
Ar an taobh eile dhen bhóthar, tá falla
beag, agus le linn dí gabháilt thar béal an
bhóithrín, do chuaidh sí chomh gairid sain do
thaobh an fhalla gur bheag nár bhain sé an
chos díom ó'n nglúin anuas. Buidheachas
mór le Dia! Thugas fé ndeara i n-am an
bob bhí dá imirt aici agus d'árduigheas mo chos
ar chuma gur thugas saor í. Chomh luath is
bhíomair thar an bhóithrín chuir sí na cosa
fúithi chomh tapaidh i nÉirinn is d'fhéad sí, agus
geallaim-se dhíbh gur ghearr an mhoill orainn
an chuid eile dhen tslighe a chur dínn. Tá
dhá mhíle ó mhullach an chnuic go dtí mo thigh-
se — an tigh céadna bhí ag m'athair, beannacht
Dé len' anam! - agus tá roilig ar leath slighe.
Ní bréag a rádh go raibh scannradh agus uathbhás


L. 805


an domhain orm dá dheascaibh sin. Bhí mo
chroidhe ag bíogarnaoil agus ag preabadh im
chliabh, na srothanna fuar-allais anuas
liom agus mé ag crith le hanaithe agus le
sceimhleadh. Bhí eagla an domhain orm go
bhfeiceoghainn samhailt eile le linn dom
gabháilt thar an reilig, agus bhí anaithe an bháis
orm agus mé ag tarraint uirthi, acht ba
leónughadh ó Dhia, míle moladh is buidheachus
len A mhór-ghlóire! ná feacas aon rud.
Siúd ar aghaidh arís sinn ar nós an
ghuairneáin, agus níor bh'fhada go rabhmair ag
druideamhaint lem bhaile féin. Buidheachas
mór le Dia uile-chumhachtach! Bhí an geata
ar dian-leathadh agus isteach linn san otrann,
agus gleó agus torann uathbhásach aguinn. Thuit
an láirín bocht ar an dtalamh le neart
uamhain agus tuirse, mar a bheadh sí 'na meaig
agus chuaidh mé féin i luige.



"D'airigh lucht an tighe an gleó agus an
tuairt agus ritheadar amach féachaint cad a bhí
ar siubhal. Fuarthas mé féin agus gan cor
ionnam, gan gíog asam, díreach mar bheinn
im' phleist. Do tógadh isteach mé agus cuireadh
mé im' luidhe ar leabaidh. Cúrsaí an láirín,
d'fhan m'athair bocht, solas na bhflaitheas dá
anam, agus buachaill aimsire n-a feighil ag
tabhairt aireachuis dí ar feadh cúpla uair a
chluig go dtí gur tháinic feabhas uirthi.
Acht, maidir liom fhéin, ba bheag nár cailleadh
mé ar fad, bhí fiabhrus cinn ag gabháilt dom
ar feadh seachtmhaine agus shíl gach éinne go
rabhas réidh. Cuireadh fios ar an Athair
Séamas Ua Murchadha, agus do léigh sé urnaighthe
os mo chionn agus ón lá soin amach chuadhas
i bhfeabhus, agus ba ghearr go rabhas chomh láidir
lúbach bríoghmhar is bhíos riamh. Sin é mo
scéal-sa anois, agus geallaim-se dhíbh ná fuil
bréag ann, agus táim chomh deimhnitheach dhe go
bhfaca mé spioraid an oidhche úd is atáim go
bhfuilim m' shuidhe annso nbhur measc."



D'fhan Séimín ina thost na dhiaidh-san agus
gan gíog as. Ní dubhairt éinne nár bh'í an
fhírinne bhí aige, mar bhí a fhios ag gach
éinne go raibh droch-cháil ar an mbóithrín
céadna le cuimhne na ndaoine do b'aosta
sa pharóiste. Agus, cé gur chnáimhseáluidhe
b'eadh Micil Ó Muirgheasa, gan toradh aige
ar shamhailtaibh ná ar rudaí dá saghas, ghéill
sé an babhta so go raibh rud éigint ann
nár thuig sé i gceart ; acht, 'n-a choinnibh
sin arís, dubhairt sé go bhfiafróghadh den
tsagart, an chéad uair eile bheadh sé 'gá
ghlúin, an raibh a leithéid i n-éan-chor ann.



Bhí sé ag teacht an-dhéidheanach san oidhche
anois; bhí sé ag tarraint amach ar an
mheadhon-oidhche agus bhí na daoine ag sleamh-
nughadh a-bhaile leó féin, na mbeirt agus na
dtriúrar. Glaoidh m'úncail féin orm-sa
ghá rádh gur mhithid dúinn bheith ag gluais-
eacht. D'fhágamair slán agus beannacht ag
Seagháinín agus ag lucht a thighe agus d'imthigheam-
air linn. Bhí scannradh orm fhéin ar feadh
an bhóthair, agus gach sceach gheal nó stampa
crainn theangmhaidheadh linn, rith sé liom-sa
gur spioraidí iad. Bhíos ag tabhairt cat-
súil agus ag strac-fhéachaint ar gach taobh, acht
ní fheacas aon teidheall spioraide ná
samhailte i n-éan-chor. Ní gábhadh dhom a
rádh nár chodlas gó sámh an oidhche sin. Mé
ag taidhbhreamh ar shamhaltaibh agus ar dheamhnaibh
agus ar mhadraíbh móra craosacha agus a léithidí
sin, agus ba mhór an sólás dom múscailt go
doth ar maidin agus solus an lae ghil d'fheicsint
aríst.



AN CRATHACH.



Gluais.



Stailiceach stuacach = scráibeach = fiadhain gaothmhar.
Scéirdeamhail = chomh glas sain gur dhóigh leat go
mbainfeadh sé an croiceann díot.
Cuardaigheacht = cuairt ist oidhche = céilidh i Leath
Chuinn.
Spailteóireacht = ag caitheamh aimsire.


L. 806


Teóstalach = tidy.
Méirnéis = self-importance, sa Bhéarla.
Iompódh goile = tinneas builg.
Bhí sé ar na caorainn = (caortheine?) = ar dearg-
bhuile.
Cur 'na choinne = contradict.
Ag saoibhint = ag diospóireacht nó ag argóint.
Múnadh dearg = red murrain.
Maodhann agus t. bruilleacháin = "haws".
Arthaí = charms i.e. superstious prayers.
Taidhbhse agus bóiceáil = mór-dháil = pride.
Tá féara na dúithche bainte = tá an féar bainte ag
gach éinne san nduthaigh.
Canta = go deas; is treise d'fhocal é 'ná deas.
I n-árd-réim = ar cos-in-áirde.
Scaithimhín = tamall beag.
Thugas fogha ar dhuine = thugas cuairt ghearr air.
"Timcheall com-sholus agus fear le tor." = Bhí an clap-
sholas ann nuair ná aithneochthá fear thar tor dá
mbeadh sé tamaillín uait.
Máirseáil - spaisdeóracht.
Baint moille asam = moill a chur orm.
Slán agus ceileabhar = slán agus beannacht.
Aon bhlas agam innti = any taste for it.
Fiteán fuiscí = "half one".
Ní raibh aon ól mór déanta agam = I was not
intoxicated.
I dtiúnta cheithre mhíle = timcheall 4 míle.
Táim réidh = tá mo ghnó déanta.
Ag bíogarnaoil = palpitating.
Ba leónughadh ó Dhia = bé toil Dé.
Ag tabhairt aireachais (rach accented syllable) = ag
tabhairt aire.
Ag glúin an tsagairt = at confession.
Ní fheacas aon teidheall s. = no sign of.



Tá an Strachánach d'éis coigthigheas a chaitheamh ar
Scoil na Sean-Ghaedhilge i mBaile Átha Cliath. Bhíodh
sé ag múineadh ar feadh dhá uair gach tráthnóna i
gcaitheamh an choigthighis. Tá a bhuidhean ag tarraint
chun cinn go seóidh. D'aithneoghadh an duine is measa
againn "infixed pronoun" i n-éan-bhall anois; seadh,
agus i bpoll ná beadh sé leis. Thug an tAimhirgineach
cuaird orainn. Tá sé ag dul i láidreacht is i nGear-
máineachus go tiugh. Is saith linn a chlos go bhfuil a
athair gan bheith ar fóghnamh, acht tá súil againn go
dtiocfaidh feabhus air gan mhoill.



Bolg an tSoláthair m'ainm gan gó,
A chléirigh chóir, guidh go géar,
An scríbhneóir a bheith gan brón.
'Sé dhul fá ród go Flaithis Dé.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services