Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Aisling tré Aisling.
Title
Aisling tré Aisling.
Author(s)
Féach ainm cleite,
Composition Date
1905
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
AISLING TRÉ AISLING. I. Lá breagh Samhraidh a bhí ann. Bhí gach aon nídh 'n-a luighe go sámh fé ghaéthibh na gréine i bport na traénach i mBaile an Tulaigh, agus bolath lae bhrothallaigh ná haireoghthá i n-aon áit acht amháin i bport traénach ag éirghe 'san aér. I seomra beag bhí Micheál Ó Raithbheartaigh 'n-a shuidhe cois fuinneóige bhí ar oscailt. Searbhfhóghantuidhe an bhóthair iarainn do b'eadh Micheál, mar do thaispeán an chuladh éadaigh úd uime. Bhí leabhar ar oscailt ar a ghlúin aige, agus a cheann cromtha chuige. Connarthóir ceart do b'eadh Micheál agus sé "Ceachta an Athar Eoghain Uí Charrghamhna" do bhí aige. Acht má bhí, níor thoirmeasc soin ó bheith ag sranntarnaigh go ceólmhar é, nídh nach iongnadh agus an lá a bhí ann agus feabhas an dinnéir do bhí ag mo Mhicheál bocht scaitheamh ó shoin, agus ní raibh sé i bhfad déis a dó san lá a bhualadh. Bhí gach aon nídh go ciúin muna mbeadh sranntarnach Michíl; acht de phreib bhuail isteach 'san bport fothrom ní ba threise ná ceól sróine Mhichíl. Do rith traén isteach agus stad go hobann; do thosnuigh ar feadghail ar chuma gur dhóigh le duine uirthi ná raibh puth anáile aici tar éis an chúrsa a bhí curtha dhí aici. Do léim scata daoine amach agus bhí fústar an domhain ar gach éinne sa phort úd. Ní baoghal ná gur mhúscladh Micheál. Phreab sé de ling n-a sheasamh agus amach leis tré'n dorus chun na bagáiste do thógbháil as an dtraén. I gceann nóimit leig an t-inneal scread as, do rith an traén amach agus fágadh an lucht turuis n-a seasamh ar an stáitse. Bhuail duine aca so anuas chun Mhichíl. "Cathoin a bheidh an chéad traén eile ag gabháil thar n-ais go Baile Átha Cliath?" ar seisean. Fear ruadh cam-shrónach do b'eadh é. "Mhuise," arsa Micheál, "ní bheidh traén eile ann go ceann trí uair anois, go dtí an cúig. Ní stadann sí ó fhágann an áit seo go sroicheann sí Baile Átha Cliath." D'iompuigh an fear ruadh ar a chúl agus is beag nár leag ógánach de dhuine uasal do bhí chun na ceiste céadna dó chur ar an searbhfhóghantuidhe, acht nuair a chualaidh freagra Mhichíl, d'fhan sé mar a raibh aige, gan pioc a rádh. Ba chosmhail go raibh dearmad déanta ar rud éigin ag an bhfear ruadh, mar ní túisce a leag sé súil ar an óganách, 'ná d'iompuigh sé ar a chúl arís, ag tabhairt gnáth-mhóid an tSasanaigh fé n-a fhiaclaibh agus amach leis as an bport. D'fhéach an t-ógánach air amhail is go mbadh chóir aithne a bheith aige air, acht níor éirigh leis cuimhneamh air. Do réir dheallraimh bhí rud éigin ag imirt
ar an ógánach. Bhí gnúis ghruamdha bhuadh- artha air an fhaid d'fhan sé ag spaisteóir- eacht suas is anuas an stáitse. Fá dheireadh do stad sé agus do tharraing amach a uaireadóir. "Trí uaire!" ar seisean leis féin, "trí uaire! Seadh, raghad ag triall ar an gCanúnach, agus scaoilfead ar mo rún chuige- sean." Chonnaic Micheál é ag dul amach tré gheata an phuirt go mall smaointeach. Do b'é an duine deireannach de lucht na traénach chun imtheacht é. Bhí gach uile rud go sámh ciúin arís agus chuaidh Micheál ar ais chun leabhair a trí agus chun a mhúisiúin. Bhí fear eile 'na shámh-chodhladh i mBaile an Tulaigh san am gcéadna, an lá brothallach úd, acht níor ghádh dho Sheaghán an tSagairt "Ceachta An Athar Eoghain" a tharrac chuige chun e chur 'n-a chodladh, mar bhí Seaghán 'n-a Ghaedhilgeóir chliste. Chuaidh an Ghaedhilg san gcéad bhiadh ar spiúnóig dó, mar adeir- eadh sé féin, agus tháinig an codladh fuiriste go leór air, gan aon leabhar a bheith os a chomhair. Buaileadh cluigín an doruis; do mhúscladh Seaghán, agus do chuaidh go dtí an doras go hana-neamh-shásta. D'oscail sé an doras agus cé bhí ann acht an t-óganach céadna do chonnacamair ó chianibh ar stáitse phuirt na traénach. Fear caol árd dorcha do b'eadh é, bhí sé gléasta go huasal, acht níor thaithn a dheall- ramh le Seaghán. Cheap seisean ar aoirde agus ar ghile a bhóna, ar dath bhuidhe a bhróg, ar an dá láimhinne agus an slaitín néata do bhí ar iomchur aige 'na láimh chlé gur Sheóinín críochnuighthe é. "Is the Canon in?" ar san fear óg. "He is" arsa Seaghán go canncarach. Is cosmhail go raibh an t-óigfear ag brath air go seólfaidhe chun an Chanúnaigh anois é acht níor bhog Seaghán. "Could I see him, then?" ar san t-ógánach. "You could, indeed," arsa Seaghán, agus leig sé isteach annsoin é. "You could; greadadh chughat, a Sheóinín." Cheap sé ná tuigfeadh an t-ógánach an méid sin; ar chuma go raibh iongnadh an tsaoghail air nuair d fhreagair seisean é. "An mar sin, a chuireann tú fáilte roimh cháirdibh do mháighistir, a sheana-ghliogaire! Corp droch- mhúineadh atá ionnat!" Leath an dá shúil ar an seanfhear chomh mór soin, nár fhéad sé gíog a labhairt acht amháin: -- "Gabhaim párdún agat, a dhuine uasail … Shaoileas …" agus thug sé isteach san bpárlús é. "Béidh an Chanúnach chughat láithreach a dhuine uasail," ar seisean, agus amach leis. II. D'éis roinnt nóimeat, d'oscladh doras an phárlúis agus tháinig isteach 'sa seomra seanfhear séimh liath. Bhí casóg dhubh air, imeall corcur uirthi, agus crios de'n dath chéadna timcheall air. Cé go raibh sé leath chaithte, bhí a ghnúis geal agus a shúil glé fós. "Mhaise, a dhuine chroidhe, fáilte agus fiche romhat," adubhairt, ag síneadh a láimhe chuige. "Agus cad a thug annso thú? An mbéidh tú ag fanacht i bhfad? Téanam go dtí mo sheómra féin, tá sé níos compórtaighe 'ná an párlús so," ar seisean, gan aon uain a thabhairt do'n óigfhear ar fhreagra do thabhairt ar a cheisteanna. Do lean sé an Canúnach go dtí an seómra eile, agus thaisbeán an sagart cathaoir shocair dó. "Bí it shuidhe, a mhic ó, agus leig do scíth. Anois, caidé an fáth go bhfuilir i mBaile an Tulaigh an tráth so dhe'n bhliadhain?" "Táim ag feitheamh le traén chun dul thar n-ais go Baile Átha Cliath. Ó's rud é nach mbeidh ceann eile ann go dtí a chúig,
ceapas im' aighne féin nár bh'olc an uain í chun cuaird do thabhairt ort." "Mhaise, nach mé an amalóir agus tú tar éis turais traénach a chur díot. Badh chóir nó taoi millte ag an ocras um an dtaca so lá. Gheobhad blúire le n-ithe dhuit." Bhí lámh an tsagairt ar an gclog chun é bhualadh, acht thóg an fear eile a lámh agus do choisc é. "Ná bac leis, a Mhonsignor, ní fhéadaim blúire bídh do chaitheamh aon uair go mbím ag déanamh aistir. B'fhearr liom go mór fada déanamh in' éaghmuis." "Acht féadfair deoch d'ól pé scéal é. Ní ghlacfad a dhiúltadh uait," ar seisean nuair do mhothuigh sé go raibh an fear óg i dtreó an deoch d'eiteach." Níl aon dath fóghanta ort." Do bhuail sé an clog, agus tháinig Seaghán ag friothálamh air agus níor bh'fhada go raibh an fear óg 'ghá neartughadh féin le braon uisce- bheatha d'éis a thuruis. Bhí corp na fírinne n-a raibh ráidhte ag an gCanúnach. Níor shamhluigh sé acht go cuibhsach, agus bhí rian an bhuaidhrimh aigne air. Acht do shólásuigh an deoch rud beag é. Chromadar ar labhairt ar neithibh coit- chianta ar feadh tamaill. Fá dheireadh dubhairt an Canúnach:-- "Nach é adubhrais gur ag feitheamh le traén go Baile Átha Cliath atáir? Cá rabhais le déidheannaighe, máiseadh? B'é mo thuairim gur i mBaile Átha Cliath féin a bhís, acht bhí dearmhad orm do réir dheallraimh. Ní'l aon teacht suas leis na buachaillíbh óga lúthmhara anois. Bíd thall 's abhfus ar nós beach i ngarrdha," agus do sceart ar an bhfear aosta go haoibhinn aérach. "Ní raibh aon dearmhad ort i n-éan-chor, a Mhonsignor. Bhíos i mBaile Átha Cliath go dtí maidin an laé indiu. Bhí mo thriall ar an gCathair, agus anois táim annso, agus gan mé acht timcheall leath-slighe ar mo bhóthar, ag feitheamh le traén chun dul thar n-ais go Baile Átha Cliath." "Thuit rud éigin amach dhuit ar an mbóthar, is dócha, a Éamuinn?" ars an Canúnach ghá infhiúchadh go géar le n-a dhá shúil ghlasa Ghaedhealacha. D'fhéach Éamonn díreach idir an dá shúil air. Níor labhair sé pioc ar feadh tamaill, acht d'ól a raibh san ngloine aige, agus do chuir uaidh ar an mbórd é. III. "Éist liom, a Mhonsignor: sin é díreach an scéal go dtánag annso chun é leigean leat. Och! nach mise an naoidhe bhrónach bhuaidheartha indiu nó do bhéinn níos sia ar mo bhóthar chun Cathrach Chorcaighe anois. Tá mo cheann bocht dá mheilt le mearbhthall agus le buaidhreamh aigne. Ní fheadar go fí rinneach ciaca an ar mo chosa nó ar mhullach mo chinn atáim. Tá scéal greann- mhar agam le cur romhat, a Athair." D'éirigh an Canúnach. Do chuaidh chun cófhra agus tharraing amach bosga siogár. Do shín sé chun Éamuinn iad. "Tóg ceann aca, a mhic ó, agus innis do scéal dom ar do shuaimhneas. Táir go cráidhte buaidheartha agus trí chéile ar fad, agus socróghaidh gal tobac thú. Is túisge deoch 'ná scéal." "Tá an deoch agam cheana," arsa Éamonn, "agus anois beidh gal agam; acht let toil ní bhacfad leis an siogár — tarraingeód cúpla seach as an 'bpíopa goirid donn.'" "Dein do rogha rud," ars an sagart, agus do dhearg Éamonn a phíopa. "Thuit rud greannmhar amach dham indiu. Bhí sé ana-dhéidheannach aréir nuair a
chuadhas a chodladh — nó go hana-mhoch ar maidin ba chirte dham a rádh, mar bhí an dá bhuille dhéag buailte tamall maith sula rabhas ar mo leabaidh. Agus an uair sin féin bhí oiread-san smaointe agus gnóthaí ag rith trém aigne ná fuaras néal codlata go ceann abhfad. Níor bh'iongnadh dá bhárr-san nach rabhas abhfad sa dtraén ar maidin indiu nó gur tháinig fonn codlata orm, agus bhí an lá chomh brothallach soin gur thuiteas i dtrom-suan i gan-fhios dam féin. Is greannmhar an áit í carbad traénach chun taidhbhrimh agus dá chomhartha- san féin do b'ait an taidhbhreamh é. Shaoileas go rabhas im' dhall. Im' shuidhe ar bhinnse i ngarrdha seadh bhíos; do b'fheasach dom é sin mar thárlaidh go raibh cumhracht rós agus boladh crann ubhall go láidir im shróin. Bhí rud éigin 'na luighe trasna ar mo dhá ghlúin. Níor fhéadas aithint ar dtúis cad do bhí ann, acht do chuarduigheas lem lámhaibh — bhíos im dhall fé mar shíleas agus fé dheireadh d'aithnigheas gur cláirseach a bhí ann. Fé scáth crainn ubhall 's eadh do bhíosh, is dócha, mar cé go raibh an lá ana-bhrothallach ar fad níor mhothuigheas teas na gréine agom bhreacadh. Acht mar sin féin bhíos ana-the agus ana-thuirseach, díreach mar a bhíos tamall roimis soin, agus mé im dhúiseacht 'sa charbad. Tháinig fonn codlata orm arís, agus cé greannmhar le rádh é, tháinig taidhbhreamh eile chugham — aisling tré aisling, mar adéarfá. Níor cheapas riamh go dtí soin go mb'éidir le dall a radharc a bheith aige i dtaidhbhreamh: acht ar iongantaidhe an domhain cad do-chifinn acht an áit úd go rabhas im' shuidhe innti — crann ubhall, binnse, garrdha, rósanna — an gleann agus a raibh ann. Ar an noimeat díreach gur leagas amharc mo shúl ar an áit d'aithnigheas láithreach í. Bhí gach éin-nídh fé mar a bhí ceapaithe agam im inntinn roimh ré; crainn, craobhcha, casáin néata, faithche réidh, fhéarmhar, blátha agus brosna, agus ar an dtaobh thiar díobh-san uile thugas fé ndeara túr sean-chaisleáin ag tógbháil a chinn léith go buadhach borb. Suidheadh an binnse seo fúm cois fáil aoird iubhrach, acht má bhí an fál árd níor fhás sé go ró- thiugh agus do b'fhéidir liom amharc d'fhagháil tríd ar faithche cúirte glaise go raibh an fál mór so 'na fháinne mór-thimcheall uirthi ar gac taobh dhi. Thuigeas annsoin gurab é rud a bhí san gcúirt seo ná faithche réidh chun cluithche bodhla d'imirt agus i gcúinne amháin di bhí bothán beag mar a gcoingíbhtí na bodhla. Acht ní ag imirt bodhla a bhítheas anois. Bhí beirt fhear ag comhrádh agus iad ag labhairt go hárd agus go bagarthach. Ní brístí agus cótaí an laé indiu do bhí ghá gcaitheamh aca i n-éan-chor. Bhí sean-chulaidh Gaedheal na hAlbain ar dhuine aca, agus maidir leis an bhfear eile, an bhfeacaís riamh pictiúir Dhomhnaill Uí Shúilleabháin Bhéarra, fear an Teichimh Mhóir, atá san Íomháighlainn Náisiúnta i mBaile Átha Cliath? Chonnaicís. Seadh, is ar an gcuma soin a bhí an fear eile gléasta. Do b'fhuirist aithint nach rabhadar go hana-cheanamhail ar a chéile. Fear canncarach droch-labhartha dob' eadh an dara fear go rabhas ag tagairt dó. Bhí sé n-a sheasamh i ngar don bhothán bheag agus a dhrom chuige. Sé rud do bhí á labhairt aca ná an Ghaedhilg, acht níor thuigeas brígh a gcainnte ar fad toisc greannmhaire a gcanamhna agus gan me bheith chomhgarach dhóibh; acht thuigeas go maith pé rud a bhí ag fear an bhreacain á rádh nár bh'é a chuid úrnaighthe é. Sé a fhaid ar a leithead é go ndubhairt an darna fear roinnt focal do chuir fear an bhreacain ar
dearg-bhuile agus ar teann-fheirg. Níor fhéad sé focal a rádh ar dtúis le fiuchadh chroidhe. Rug sé greim ar chois a chlaidhimh, agus cé nár tharraing sé amach as a thruaill é, bhí an ghéag soin ag crith fé mar a bheadh bogha cruaidhe. Fé dheireadh sé adubhairt sé: — "Thugas mo gheallamhaint agus ní bhrisfad í; acht dar Rígh na bhFeart ní rabhais riamh ní ba ghoire dhon bhás ná mar ataoi anois. Fágfad an áit seo láithreach agus ní baoghal go gcuir fead cos taobh istigh de choidhche arís." Leis sin, d'imthigh sé agus amach leis tré gheata na faithche. Níor bhog an fear eile agus níor labhair focal, acht do sheas sé mar a raibh aige ag féachaint i ndiaidh an té bhí imthighthe, a lámh féin casta ar a chlaidheamh mar a bhí nuair a bhagar a namhaid air. Dubhart cheana nach raibh sé abhfad ó bhotán na mbodhla. Láithreach bonn d'oscladh go hana-chiúin dorus an bhotháin seo, tháinig fear amach de chéim amháin, agus le linn dó teacht amach do sháith sé claidheamh go dorn i ndrom an duine eile sular éirigh leis- sean cos a chorruighe. Chonnac an gnó go léir chomh soiléir agus a chím tusa it shuidhe annsoin anois, a Athair — fear aca ag tuitim n-a phleist mhairbh, agus an fear eile ag tarraingt amach an chlaidheamh a corp an mhairbh, agus gá ghlanadh ar chlóca an duine go raibh sé tar éis an t-anam a ruagadh as. Annsoin do shiubhail sé go ciúin amach as an bhfaithche. "Do dhúisigheas-sa agus d'aithnigheas gur i gcarbad traénach a bhíos agus allus fuar ar m'éadan, Dia eadrainn féin agus an t-olc. Nár bh'ait an aisling í, agus nach bhfuil cúis bhuaidheartha orm agus a leithéid d'fheic- sint? Acht ní hé sin deireadh an sgéil." Do stad Éamonn annso ar feadh nóimit. "Im briathair nuair a dhúisigheas bhíos go mór trí chéile, nídh nár bh'iongnadh agus rud den tsórt d'fheicsint chomh fíor-bheó díreach agus dá mbadh i lár an laé os comhair mo shúl a thuit amach. Acht ní hamháin an aisling úd, dá aistighe í, a bhí dom chur tré chéile. Bhíos cinnte dearbhtha go raibh rud éigin amudha orm seachas é sin, agus go deimhin do bhí." IV. Do stad sé arís. Bhí a phíopa caithte anois; do dhearg sé arís é agus do shiubhail go dtí an bhfuinneóg do bhí ar lán-oscailt agus d'fhéach amach go cúramach 'n-a thimcheall. Bhí sé chun leanmhaint ar a scéal, acht thug sé fé ndeara ná raibh an Canúnach ag éisteacht leis, a thuilleadh. Bhí a dhá láimh fillte ar a chéile agus é sínte siar n-a chathaoir ag féachaint roimis amach; acht níor dheacair a thuiscint ná feaca sé éin- nídh dá raibh os a chomhair. Má bhí an t-ógánach ag machtnamh nóimeat ó shoin do b'é an dáltha céadna ag an gCanúnach anois é. D'éirigh sé agus do shiubhail anonn chun cófra leabhar do bhí 'n-a sheasamh le h-ais an bhalla. Do chuarduigh sé 'na measg agus do tharraing amach ceann aca, leabhar tiugh faoi sheana-chumhdach leathair. "Tá fhios agat, a Éamuinn, go bhfuil dúil mhór i sean-scríbhinnibh Gaedhilge agam agus is minic do thaisbeánas duit an méid atá cnuasuighthe agam féin. Acht seo leabhar ná feacaís go dtí so de bhrigh nach bhfuil sé im' sheilbh acht le déidheannaighe." D'fhan Éamonn ag cur na súl tríd le neart ionganta mar gheall ar an mbeagán suime do bhí ag an gCanúnach á chur 'n-a chainnt, agus níor cailleadh soin aran gCanúnach. "Tá fhios agam go maith go bhfuilir á rádh leat fhéin: 'Caidé mar a bhaineann an
chúis le sean-scríbhinnibh?' Acht fan go fóill, agus ní baoghal ná go dtuigfir. Chonnacís an chuid is mó dá bhfuil agam díobh so, agus tá aithne mhaith agat ar a ngnáith-dhealbh acht ní mar an chuid eile aca an leabhar so. Leabhar i nGaedhilg na hAlbann is eadh é, agus tá sé scríobhtha i litreachaibh Rómhánacha. Tá cnuasach maith dánta agus amhrán ann le filíbh Éireann agus Albann ón am n-a raibh Eilís 'n-a bainríoghain ar Shasana go dtí am díbeartha na Stiubhartach. Fear léigheanta dob' eadh an scríbhneóir, mar tugann sé cunntas éigin ar an bhfile, nó ar éin-nídh eile a bhaineann le hamhrán, os a chionn. Tá cuid aca annso nach bhfuil le fagháil go hana-choitcheann anois agus ortha so tá ceann le Ruaidhrí Dall Ó Catháin, na feaca riamh go dtí so. Cruitire clumhail do b'eadh Ruaidhrí Dall. As Cúige Uladh dhó ar dtúis, acht chaith sé cuid mhaith dhá shaoghal ag siubhal suas is anuas ar fuaid ríoghachta na hAlbann. I n-aimsir an Aontuighthe nuair a cheangladh Sasana agus Albann le chéile seadh do mhair sé; agus sular fhág Rí Séamus ríoghacht Albann chun ghabháil ó dheas chum Cathrach Lunndain bhíodh fáilte roimh Ruaidhrí i ngach aon bhall idir phálás an Ríogh agus chaisleáin na n-uasal. Acht ar shon gur leath a cháil agus a chlú mar i chláirseóir ar fuaid críocha na Roinne Eórpa ní chualadh trácht riamh ar a chuid filidh- eachta. Is é seo an t-aon dán a chum sé do réir dheallraimh. Sin a bhfuil le fagháil anois pé scéal é. 'Aisling Ruaidhrí Dhaill', is ainm dó agus is ait an scéal a bhaineann leis — chomh hait let scéal féin, geall leis. "Chaith Ruaidhrí 'seal tamall ar cuaird' i gcaisleán Aindréis, duine uasal de mhuinntir Bheatúin do bhí in' fhear chumasach an uair úd. Bhí a lán eile d'uaislibh na tire ar cuaird san gcaisleán n-a theannta. Bhí beirt ann go háirithe, colceathair don Bheatúnach, Alasdar Donn do tugtaoi air, agus ceann feadhna on nGaedhealtacht, Mac Aitric do b'ainm dó. Bhí an bheirt seo n-a naimhdibh nimhe tamall roimhe sin, acht thug an Rí fé chríoch a chur leis an eas- cáirdeas so eatortha. Thugadar geall síothchána agus comh-cháirdis os a chomhair agus do chroitheadar lámha a chéile; níor mhaith leis an Rígh an t-easaontas so d'fheicsint i measc uaisle na tíre. Bhí sluagh tréan tubaisteach ar chúl Mhic Aitric ins na hoileánaibh thiar, agus cé ná raibh Alasdar Donn 'na thaoiseach fós, bhí tiodal mór agus dúithche fhairsing agus sluagh maith agá dhearbhráthair; agus bhí an dearbhráthair soin 'na fhear bhreóidhte aosta ná feidir éinne ná go bhfuigheadh sé bhás éan-uair. D'éis bháis do, raghadh a thiodal agus a raibh aige i seilbh Alasdair i dtreó gur chosamhail go mbeadh sé n-a fhear mór cumusach lá. Muna mbeadh Alasdar raghadh soin go léir chun Aindréis, agus ní raibh aon aithmhéala ar an Rígh toisc Alasdair a bheith ann, mar níor bh'fhonn leis go mbeadh an iomarca cumhachta ag aon taoiseach amháin, agus bhí a dhóthain, dar leis an Rígh, ag Aindrias Beatúin cheana féin. Agus anois ó thár- laidh go raibh dúithche Mhic Aitric comhgarach do chaisleán an Bheatúnaigh, agus ó thárlaidh go raibh Alasdar 'na cholceathair dó, bhíodar araon fé iadh an tighe chéadna, nídh nár ghnáthach leó. Bhí go mhaith agus ní raibh go holc. I gcionn roinnt laetheanta d'éirigh an t-imreasán agus an ghráin eatortha arís. Do chualathas lá gutha na beirte ag maslughadh a chéile agus faobhar ortha, ar a sean-nós', i gcúinne éigin de gharrdha Iodálach do bhí taobh thiar den chaisleán. Níor chuireadh aon tsuim ionnta an uair sin, acht nuair a bhuaileadh thar an áit úd sealad n-a dhiaidh-san, cad
do-chífidhe acht Alasdar Donn sínte ar a aghaidh agus an fhuil ag stealladh amach as poll mór n-a dhrom. Bhí sé chom marbh le cloich. Ghlaodhadh ar fhear an chaisleáin agus bhítheas ag cuardach Mhic Aitric go dtí go bhfuair- eadar amach go raibh bailighthe leis as an áit ar dhrunn chapaill tamall roimhe sin. Ba ghearr go raibh an tóir n-a dhiaidh, acht d éaluigh glan uatha chun na nÓileán. Fuarthas Ruaidhrí Dall n-a chodladh ar bhinnse i ngar do'n áit chéadna úd." Bhí a phíopa caithte ag an óigfhear anois, acht d'fhan sé idir a fhiaclaibh. Is é do bhí ag éisteacht go géar gan aon tsuim do chur i bpíopaíbh. V. Do lean an Canúnach ar a scéal. "Nuair a chonnaic an Beatunach annsoin é tháinig fearg mhór air. Dubhairt duine eile dá raibh i láthair nár bh'fhuláir do Ruaidhrí bheith rann-pháirteach ran gcoir: mar nár bh'fhéidir ná gur airigh sé an gníomh éagcórach dhá dheanamh agus é i ngiorracht beagán slat d'ionad a dhéanta; ná raibh sé acht ag leigint air bheith 'na chodladh. File a cúirt an Ríogh do b'eadh an fear so agus bhí sean-fhala air le Ruaidhrí. D'fhreagair an cláirseóir dá mbadh rud é go raibh sé ag leigint air bheith n-a chodladh nuair a bhí an droich-bheart úd dá dhéanamh, nach cosmhail go bhfanfadh sé mar a raibh sé go dtí go mbéarfaidhe air. "Agus taisbeán- fad go bhfuilim chomh mór d'fhear, 'seadh, agus chomh mór d'fhile le bréaguidhe det shórt," arsa Ruaidhrí. "Cuirim mo dhúbhshlán fút agus deirim leat gur thugais do dhearg-éitheach, agus táim ollamh chun an cheist do socrughadh leat i gcómhrac aonair. Agus chun mo scéal do dearbhughadh dhíbh inneósad díbh aisling mhiorbhúilteach do tháinig chughamh an fhaid do bhíos im chodladh. I riocht dáin seadh cheapfad é agus éinne agaibh a mhíneóghaidh dham an aisling úd bhéarfad dá bhárr dó eochair órdha mo chláirsighe, do bhronn Rí Séamas orm." Acht ní raibh fonn troda ar an bhfile toisc nár bh'fhéidir go dtiocfadh aon cháil acht amháin droch-mheas dó, as comhrac le dall, pé 'ca marbhóghadh nó ná mharbhóghadh sé é. D'eitigh sé an geall comhraic mar sin; agus níor éirigh leis-sean ná le héinne eile aisling Ruaidhrí do mhíniughadh. Sé ba dhóigh le n-a lán daoine annsoin ná gur bh'é Aindrias do dhein an beart feíll, agus an milleán do iompáil ar an bhfear eile: mar nuair a fuair sean-Mhaitiú Beatún bás tamall d'éis bháis a dhearbhráthar, ní raibh duine na daonduidhe i slighe Aindréis agus do ghlac sé an tiodal agus an dúithche agus gach éin- nidh a bhain leó. Dubhrathas gur ab' amhlaidh a dhéin sé dún-mharbhadh ar Alasdar Donn agus d'admhuigheadh fo-dhuine droch- amhrasach go raibh Ruaidhrí Dall rann- pháirteach san ngníomh; acht bíodh sin mar atá ní ráinig le héinne brígh a aislinge do thuigsint. B'fhéidir go n-éireóghadh níos fearr leat-sa." Do shín an Canúnach an leabhar anonn chun Éamuinn. "Tá an scríbneóireacht ró-chrapaithe dham ar fad" arsa Éamonn go mí-fhoidhneach. "Tá eólas agat-sa air, a Athair: innis féin dom fáth an scéil." "Ní haon éacht mór é" ar san Canúnach. "Deireann gur bh'amhlaidh a thuit sé 'n-a chodladh agus go bhfeacaidh aisling, mar'dh eadh. Cheap sé go rabhthas agá tharraingt 'i gcarbad gcoimhthigheach gcúmtha gcórach,' agus é ag gabháil an bóthar 'gan each ghá tharraingt gan chapall go héascaidh,' acht é bheith ag cur an bhóthair de ar nós ghirrfhiaidh agus é ag stealladh caor-luisne agus néalta gaile as a bhéal. Ar shon go raibh sé n-a dhall bhí
radharc a shúil aige go maith tríd an aisling seo. Bhí fear eile n-a theannta ins an 'gcóiste seo gan chapall.' Níor bh'fhada gur dhruid an fear so suas leis; do shín sé amach a lámh agus bhain rud éigin a póca Ruaidhrí. Níor aithin Ruaidhrí ar dtúis cad a bhí ann: acht do réir dheallraimh ba litir í." Phreab Éamonn n-a sheasamh agus leig sé liúgh as. "Cad é sin?" ar seisean i n-árd a chinn 's a ghotha. "Bhain sé litir de?" "Seadh, 'sdó, sin é adubhart-sa," ars an Canúnach agus iongnadh air. "Deireann Ruadhrí go raibh saghas draoidheachta air mar nár fhéad sé cos do chorruighe. Ann- soin d'oscail an fear eile dorus an chóiste ar shon go rabhadar ag cur an bhóthair díobh go teann, agus d'éaluigh sé mar d'éalóghadh puth ghaile, mar níor chuir sé cos chun talaimh agus níor bh'eól do Ruaidhrí cad a thárlaidh dhó." "Cad é an sórt fir a bhí ann? An n-inseann duit é sin?" "Inseann gan amhrus. Caitheann Ruaidhrí neart a intleachta ag cur síos air. Fear ruadh, cam-luirgneach do b'eadh é. Níor mhór le rádh é i dtaobh áilneacht a chrotha agus mar bhárr ar gach diach bhí sé cam-shrónach. Léighfead na línte dhuit," ars an Canúnach, is é ghá gcuardach 'san leabhar. "Ariú, ná bac leó anois, a Athair," arsa Éamonn, agus é ag spaisdeóireacht suas is anuas an seomra agus faobhar ar a ghuth. "An é an diabhal féin atá ag imirt cleas orm? Cóiste gan chapall; néalta gaile, an eadh? Cad ba chiall leis sin acht amháin carbad traénach? Fear ruadh, cam- shrónach — sean-scríbhinne — litir! Och! Táim cráidhte ciapaithe aca indiu." Chaith sé é féin i gcathaoir, agus do leig a cheann idir a dhá láimh. "Fear ruadh — fear cam- shrónach — an fear úd ar an stáitse. Cá bhfeacadh roimhe seo é?" Chrom sé ar mhachtnamh. "Mhaise, go stiallaidh an diabhal an croiceann de, an fealltóir bréagach. Is cuimhin liom anois é. Tá iongnadh an domhain ort gan amhras, a Chanúnaigh, agus ní deirim ná go bhfuil cúis ionganta agat. Gabhaim na mílte párdún agat, acht tá mearathal éigin dom shuathadh indiu. Níl iomlán mo scéil agat fós. Táim chun é scaoileadh chughat anois, acht go dtabharfair do gheallamhaint dom ná déar- fair focal de i gcluais éinne beó. An ngeallair?" "Geallaim," ars an sagart, agus níor fhéad sé focal eile a leigint as a bhéal le teann ionganta. VI. "Is maith é sin. Chualaís trácht go minic thar na Fíníníbh, acht táim deimhnitheach dhe ná fuil a fhios agat a leithéidí a bheith ann anois. Acht tá sliocht a sleachta ann fós, ní baoghal dóibh. Ní'lid n-a gcumann mór éifeachtach i n-éan-chor fós, acht déanfaidh siad rud maith le congnamh Dé; nó bheadh soin déanta indiu muna mbeadh me féin. Tá árd-choiste os a gcionn; ochtar fear atá air; táim-se ar an ochtar soin. Táimíd ag gluaiseacht chun cinn go maith fé'n gciúineas le déidheannaighe, acht tá aon rud amháin i n-ár gcoinnibh. Ní'l dá mhinicí a thugann an Rí cuaird ar thalaimh na hÉireann ná gurab amhlaidh is lugha ár gcion air. Ní dhéanann sé aon mhaitheas, agus laigheaduigheann ar mhisneach na ndaoine le neart plámáis agus bladair gan éifeacht. Dá bhrígh sin cheapamair nár bh'olc an obair í dá gcurfaidhe scannradh ortha. I gceann cúpla lá béidh an Rí i gCorcaigh, agus bhí curtha romhainn againne go scaoilfeadh duine éigin againn piléar
san aér, amhail is dá mbeifidhe ag déanamh iarracht ar é lámhach. Ní dhéan- faidhe díoghbháil ar éinne, agus b'fhéidir go dtuigfadh lucht an Riaghaltais annsoin go mb'fhearr linne uainn 'ná againn iad féin agus ' a gcuid ríghthe. Do chaitheamair crainn, máiseadh, agus is orm-sa a thuit an scannradh agus an mearathall do chun ortha. B'in é fáth mo thuruis suas go Corcaigh, agus bhí litir agam ó cheann ár ndaoine féin i mBaile Átha Cliath ghá rádh le ceann- phort mhuinntir Chorcaighe gur mise an duine do bhí chun an ghnó a dhéanamh. Thuiteas im' throm-shuan mar adubhart cheana; agus nuair a dhúisigheas thugas fé ndeara go raibh an litir imthighthe glan uaim. "Sin é cúis ná deaghas ar aghaidh, acht go bhfuilim ag feitheamh annso le traén eile. Agus ar fhágaint na stáitse dham chonnac fear ruadh cam-shrónach go raibh mór-chúthal air romham, agus do sceinn sé an port amach chomh luath agus leag sé súil orm. Is cuimhin liom anois cá bhfeacadh an bitheamhnach ar dtúis; bhíos-sa láithreach nuair ghlacadh isteach é i mBéalfeirsde; tá gnúis ar a bheadh n-a shás crochta d'aon rógaire; spiadóir n-a bhallaibh is eadh é. Sin é an fear do ghoid an litir uaim, táim deimhnitheach dhe. Agus 'sé an chuid is measa dhen scéal, ná fuil an rún do bhí againn mínighthe i gceart san litir. Ní aithneóghthá nach dá ríribh do bhíomair chun an Ríogh bhocht do lámhach. "Tá gach éin-nídh ag brath ar an rógaire cam úd anois. Dar so súd! Chualadh é ghá fhiafruighe cathain a bheadh traén eile ag dul go Baile Átha Cliath. I n-ainm Dé, cad a chlog é?" Do tharraing an fear óg a chlog amach. "Seacht nóimit roimh a chúig. Imthigheann an traén ar a cúig agus gabhaim-se orm go mbeidh sé sa dtraén úd ag gabháil ó thuaidh fé dhéin mhuinntire an Chaisleáin. Fágaim slán agat, a Athair; caithfad-sa rith." Le linn na bhfocal soin do theacht as a bhéal do phreab an dorus amach agus d'imthigh. Do stad an Canúnach gan oiread agus cor as. Ní air-sean amháin a bhí an iongnadh, mar ar fheicsint duine uasail óig ag sceinneamhaint an dorus amach "gan hata gan láimhinne dá dhíon" do Sheaghán bhocht ní raibh a fhios aige cadé an mearathal a bhí ag teacht ar dhaoinibh. Bhí an traén ar tí imtheacht. Bhí gach éinne sochruighthe i gcarbad éigin, agus bhí mion-gháire ar ghnúis dhuine aca a bhí ag féachaint a fuinneóig i gceann de na cóistíbh amhail is dá mbeadh sé ag braith ar dhuine éigin d'fheicsint, acht duine go mb'fhearr leis abhfad Éireann ná beadh sé ann. Do shéid an t-inneal go buacach. Do bhog an traén go ciúin. Ar an nóimeat gcéadna rith fear óg isteach san bport gan aon hata air. Chonnaic an fear san bhfuinneóig é agus do chaith sé é féin siar i gcúinne den charbad. Acht chonnaic an fear eile é. Phreab an t-óig-fhear isteach san gcarbad gcéadna agus chonnaic sé fear ruadh cam-shrónach ann roimhe agus a ghnúis ar dhath an bhuidhe mhóir. Ar maidin lá ar n-a bháireach fuarthas beirt fhear n-a luighe ar chliathán an bhóthair iarainn i n-acharann i n-a chéile agus iad fuar marbh. Do réir dheallraimh spriúchadh a carbad traénach iad agus iad ag im- reascáil le chéile. Do stealladh an inchinn ar linn tuitim amach dó as duine aca, fear go raibh srón cham air; ropadh scian [Tuilleadh ar leathanach 752.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services