Corpas Stairiúil na Gaeilge
1600 - 1926

Aisling tré Aisling.

Teideal
Aisling tré Aisling.
Údar
Féach ainm cleite,
Dáta cumtha
1905
Foilsitheoir
Connradh na Gaedhilge

Cuardaigh Téacsanna

Prós/Filíocht
1600 1926

AISLING TRÉ AISLING.



I.



Lá breagh Samhraidh a bhí ann. Bhí gach
aon nídh 'n-a luighe go sámh fé ghaéthibh na
gréine i bport na traénach i mBaile an
Tulaigh, agus bolath lae bhrothallaigh ná
haireoghthá i n-aon áit acht amháin i bport
traénach ag éirghe 'san aér. I seomra beag
bhí Micheál Ó Raithbheartaigh 'n-a shuidhe cois
fuinneóige bhí ar oscailt. Searbhfhóghantuidhe
an bhóthair iarainn do b'eadh Micheál, mar do
thaispeán an chuladh éadaigh úd uime. Bhí
leabhar ar oscailt ar a ghlúin aige, agus a
cheann cromtha chuige. Connarthóir ceart
do b'eadh Micheál agus sé "Ceachta an Athar
Eoghain Uí Charrghamhna" do bhí aige. Acht
má bhí, níor thoirmeasc soin ó bheith ag
sranntarnaigh go ceólmhar é, nídh nach
iongnadh agus an lá a bhí ann agus feabhas an
dinnéir do bhí ag mo Mhicheál bocht scaitheamh
ó shoin, agus ní raibh sé i bhfad déis a dó san
lá a bhualadh. Bhí gach aon nídh go ciúin
muna mbeadh sranntarnach Michíl; acht de
phreib bhuail isteach 'san bport fothrom ní
ba threise ná ceól sróine Mhichíl. Do rith
traén isteach agus stad go hobann; do
thosnuigh ar feadghail ar chuma gur dhóigh le
duine uirthi ná raibh puth anáile aici tar
éis an chúrsa a bhí curtha dhí aici. Do léim
scata daoine amach agus bhí fústar an domhain
ar gach éinne sa phort úd. Ní baoghal ná
gur mhúscladh Micheál. Phreab sé de ling n-a
sheasamh agus amach leis tré'n dorus chun na
bagáiste do thógbháil as an dtraén. I
gceann nóimit leig an t-inneal scread as,
do rith an traén amach agus fágadh an lucht
turuis n-a seasamh ar an stáitse.



Bhuail duine aca so anuas chun Mhichíl.



"Cathoin a bheidh an chéad traén eile ag
gabháil thar n-ais go Baile Átha Cliath?"
ar seisean. Fear ruadh cam-shrónach do
b'eadh é.



"Mhuise," arsa Micheál, "ní bheidh traén
eile ann go ceann trí uair anois, go dtí
an cúig. Ní stadann sí ó fhágann an áit
seo go sroicheann sí Baile Átha Cliath."



D'iompuigh an fear ruadh ar a chúl agus is
beag nár leag ógánach de dhuine uasal do
bhí chun na ceiste céadna dó chur ar an
searbhfhóghantuidhe, acht nuair a chualaidh
freagra Mhichíl, d'fhan sé mar a raibh aige,
gan pioc a rádh. Ba chosmhail go raibh
dearmad déanta ar rud éigin ag an
bhfear ruadh, mar ní túisce a leag sé súil
ar an óganách, 'ná d'iompuigh sé ar a chúl
arís, ag tabhairt gnáth-mhóid an tSasanaigh
fé n-a fhiaclaibh agus amach leis as an
bport. D'fhéach an t-ógánach air amhail is
go mbadh chóir aithne a bheith aige air, acht
níor éirigh leis cuimhneamh air.



Do réir dheallraimh bhí rud éigin ag imirt


L. 742


ar an ógánach. Bhí gnúis ghruamdha bhuadh-
artha air an fhaid d'fhan sé ag spaisteóir-
eacht suas is anuas an stáitse. Fá
dheireadh do stad sé agus do tharraing amach
a uaireadóir.



"Trí uaire!" ar seisean leis féin, "trí
uaire! Seadh, raghad ag triall ar an
gCanúnach, agus scaoilfead ar mo rún chuige-
sean."



Chonnaic Micheál é ag dul amach tré
gheata an phuirt go mall smaointeach. Do
b'é an duine deireannach de lucht na
traénach chun imtheacht é. Bhí gach uile rud
go sámh ciúin arís agus chuaidh Micheál ar ais
chun leabhair a trí agus chun a mhúisiúin.



Bhí fear eile 'na shámh-chodhladh i mBaile an
Tulaigh san am gcéadna, an lá brothallach
úd, acht níor ghádh dho Sheaghán an tSagairt
"Ceachta An Athar Eoghain" a tharrac chuige
chun e chur 'n-a chodladh, mar bhí Seaghán 'n-a
Ghaedhilgeóir chliste. Chuaidh an Ghaedhilg
san gcéad bhiadh ar spiúnóig dó, mar adeir-
eadh sé féin, agus tháinig an codladh fuiriste
go leór air, gan aon leabhar a bheith os a
chomhair. Buaileadh cluigín an doruis; do
mhúscladh Seaghán, agus do chuaidh go dtí an
doras go hana-neamh-shásta. D'oscail sé
an doras agus cé bhí ann acht an t-óganach
céadna do chonnacamair ó chianibh ar
stáitse phuirt na traénach. Fear caol árd
dorcha do b'eadh é, bhí sé gléasta
go huasal, acht níor thaithn a dheall-
ramh le Seaghán. Cheap seisean ar aoirde
agus ar ghile a bhóna, ar dath bhuidhe a bhróg, ar
an dá láimhinne agus an slaitín néata do bhí
ar iomchur aige 'na láimh chlé gur Sheóinín
críochnuighthe é.



"Is the Canon in?" ar san fear óg.



"He is" arsa Seaghán go canncarach. Is
cosmhail go raibh an t-óigfear ag brath air
go seólfaidhe chun an Chanúnaigh anois é acht
níor bhog Seaghán.

"Could I see him, then?" ar san
t-ógánach.



"You could, indeed," arsa Seaghán, agus
leig sé isteach annsoin é. "You could;
greadadh chughat, a Sheóinín." Cheap sé
ná tuigfeadh an t-ógánach an méid sin;
ar chuma go raibh iongnadh an tsaoghail air
nuair d fhreagair seisean é. "An mar sin,
a chuireann tú fáilte roimh cháirdibh do
mháighistir, a sheana-ghliogaire! Corp droch-
mhúineadh atá ionnat!" Leath an dá shúil
ar an seanfhear chomh mór soin, nár fhéad
sé gíog a labhairt acht amháin: --



"Gabhaim párdún agat, a dhuine uasail
… Shaoileas …" agus thug sé isteach san
bpárlús é. "Béidh an Chanúnach chughat
láithreach a dhuine uasail," ar seisean, agus
amach leis.



II.



D'éis roinnt nóimeat, d'oscladh doras
an phárlúis agus tháinig isteach 'sa seomra
seanfhear séimh liath. Bhí casóg dhubh air,
imeall corcur uirthi, agus crios de'n dath
chéadna timcheall air. Cé go raibh sé leath
chaithte, bhí a ghnúis geal agus a shúil glé fós.



"Mhaise, a dhuine chroidhe, fáilte agus fiche
romhat," adubhairt, ag síneadh a láimhe chuige.
"Agus cad a thug annso thú? An mbéidh
tú ag fanacht i bhfad? Téanam go dtí
mo sheómra féin, tá sé níos compórtaighe
'ná an párlús so," ar seisean, gan aon
uain a thabhairt do'n óigfhear ar fhreagra
do thabhairt ar a cheisteanna. Do lean sé
an Canúnach go dtí an seómra eile, agus
thaisbeán an sagart cathaoir shocair dó.
"Bí it shuidhe, a mhic ó, agus leig do scíth.
Anois, caidé an fáth go bhfuilir i mBaile
an Tulaigh an tráth so dhe'n bhliadhain?"



"Táim ag feitheamh le traén chun dul
thar n-ais go Baile Átha Cliath. Ó's rud é
nach mbeidh ceann eile ann go dtí a chúig,


L. 743


ceapas im' aighne féin nár bh'olc an uain í
chun cuaird do thabhairt ort."



"Mhaise, nach mé an amalóir agus tú
tar éis turais traénach a chur díot. Badh
chóir nó taoi millte ag an ocras um an
dtaca so lá. Gheobhad blúire le n-ithe
dhuit." Bhí lámh an tsagairt ar an gclog
chun é bhualadh, acht thóg an fear eile a lámh
agus do choisc é.



"Ná bac leis, a Mhonsignor, ní fhéadaim
blúire bídh do chaitheamh aon uair go mbím
ag déanamh aistir. B'fhearr liom go mór
fada déanamh in' éaghmuis."



"Acht féadfair deoch d'ól pé scéal é.
Ní ghlacfad a dhiúltadh uait," ar seisean
nuair do mhothuigh sé go raibh an fear
óg i dtreó an deoch d'eiteach." Níl aon
dath fóghanta ort."



Do bhuail sé an clog, agus tháinig Seaghán ag
friothálamh air agus níor bh'fhada go raibh an
fear óg 'ghá neartughadh féin le braon uisce-
bheatha d'éis a thuruis. Bhí corp na fírinne
n-a raibh ráidhte ag an gCanúnach. Níor
shamhluigh sé acht go cuibhsach, agus bhí rian an
bhuaidhrimh aigne air. Acht do shólásuigh an
deoch rud beag é.



Chromadar ar labhairt ar neithibh coit-
chianta ar feadh tamaill. Fá dheireadh
dubhairt an Canúnach:--



"Nach é adubhrais gur ag feitheamh le
traén go Baile Átha Cliath atáir? Cá
rabhais le déidheannaighe, máiseadh? B'é
mo thuairim gur i mBaile Átha Cliath
féin a bhís, acht bhí dearmhad orm do réir
dheallraimh. Ní'l aon teacht suas leis na
buachaillíbh óga lúthmhara anois. Bíd thall
's abhfus ar nós beach i ngarrdha," agus do
sceart ar an bhfear aosta go haoibhinn
aérach.

"Ní raibh aon dearmhad ort i n-éan-chor,
a Mhonsignor. Bhíos i mBaile Átha Cliath
go dtí maidin an laé indiu. Bhí mo thriall
ar an gCathair, agus anois táim annso, agus
gan mé acht timcheall leath-slighe ar mo
bhóthar, ag feitheamh le traén chun dul thar
n-ais go Baile Átha Cliath."



"Thuit rud éigin amach dhuit ar an
mbóthar, is dócha, a Éamuinn?" ars an
Canúnach ghá infhiúchadh go géar le n-a dhá
shúil ghlasa Ghaedhealacha.



D'fhéach Éamonn díreach idir an dá shúil
air. Níor labhair sé pioc ar feadh tamaill,
acht d'ól a raibh san ngloine aige, agus do
chuir uaidh ar an mbórd é.



III.



"Éist liom, a Mhonsignor: sin é díreach
an scéal go dtánag annso chun é leigean
leat. Och! nach mise an naoidhe bhrónach
bhuaidheartha indiu nó do bhéinn níos sia ar
mo bhóthar chun Cathrach Chorcaighe anois.
Tá mo cheann bocht dá mheilt le mearbhthall
agus le buaidhreamh aigne. Ní fheadar go
fí rinneach ciaca an ar mo chosa nó ar
mhullach mo chinn atáim. Tá scéal greann-
mhar agam le cur romhat, a Athair."



D'éirigh an Canúnach. Do chuaidh chun
cófhra agus tharraing amach bosga siogár.
Do shín sé chun Éamuinn iad. "Tóg ceann
aca, a mhic ó, agus innis do scéal dom ar do
shuaimhneas. Táir go cráidhte buaidheartha
agus trí chéile ar fad, agus socróghaidh gal tobac
thú. Is túisge deoch 'ná scéal."



"Tá an deoch agam cheana," arsa
Éamonn, "agus anois beidh gal agam;
acht let toil ní bhacfad leis an siogár —
tarraingeód cúpla seach as an 'bpíopa
goirid donn.'"



"Dein do rogha rud," ars an sagart, agus
do dhearg Éamonn a phíopa.



"Thuit rud greannmhar amach dham indiu.
Bhí sé ana-dhéidheannach aréir nuair a


L. 744


chuadhas a chodladh — nó go hana-mhoch ar
maidin ba chirte dham a rádh, mar bhí an dá
bhuille dhéag buailte tamall maith sula
rabhas ar mo leabaidh. Agus an uair sin
féin bhí oiread-san smaointe agus gnóthaí ag
rith trém aigne ná fuaras néal codlata
go ceann abhfad. Níor bh'iongnadh dá
bhárr-san nach rabhas abhfad sa dtraén ar
maidin indiu nó gur tháinig fonn codlata
orm, agus bhí an lá chomh brothallach soin gur
thuiteas i dtrom-suan i gan-fhios dam
féin. Is greannmhar an áit í carbad
traénach chun taidhbhrimh agus dá chomhartha-
san féin do b'ait an taidhbhreamh é. Shaoileas
go rabhas im' dhall. Im' shuidhe ar bhinnse i
ngarrdha seadh bhíos; do b'fheasach dom é sin
mar thárlaidh go raibh cumhracht rós agus boladh
crann ubhall go láidir im shróin. Bhí rud
éigin 'na luighe trasna ar mo dhá ghlúin.
Níor fhéadas aithint ar dtúis cad do bhí
ann, acht do chuarduigheas lem lámhaibh —
bhíos im dhall fé mar shíleas agus fé dheireadh
d'aithnigheas gur cláirseach a bhí ann. Fé
scáth crainn ubhall 's eadh do bhíosh, is dócha,
mar cé go raibh an lá ana-bhrothallach ar
fad níor mhothuigheas teas na gréine agom
bhreacadh. Acht mar sin féin bhíos ana-the agus
ana-thuirseach, díreach mar a bhíos tamall
roimis soin, agus mé im dhúiseacht 'sa
charbad. Tháinig fonn codlata orm arís, agus
cé greannmhar le rádh é, tháinig taidhbhreamh
eile chugham — aisling tré aisling, mar
adéarfá.



Níor cheapas riamh go dtí soin go
mb'éidir le dall a radharc a bheith aige i
dtaidhbhreamh: acht ar iongantaidhe an
domhain cad do-chifinn acht an áit úd go
rabhas im' shuidhe innti — crann ubhall,
binnse, garrdha, rósanna — an gleann agus
a raibh ann. Ar an noimeat díreach gur
leagas amharc mo shúl ar an áit d'aithnigheas
láithreach í. Bhí gach éin-nídh fé mar a bhí
ceapaithe agam im inntinn roimh ré;
crainn, craobhcha, casáin néata, faithche
réidh, fhéarmhar, blátha agus brosna, agus ar
an dtaobh thiar díobh-san uile thugas fé
ndeara túr sean-chaisleáin ag tógbháil a
chinn léith go buadhach borb. Suidheadh an
binnse seo fúm cois fáil aoird iubhrach,
acht má bhí an fál árd níor fhás sé go ró-
thiugh agus do b'fhéidir liom amharc d'fhagháil
tríd ar faithche cúirte glaise go raibh an
fál mór so 'na fháinne mór-thimcheall uirthi
ar gac taobh dhi. Thuigeas annsoin gurab é
rud a bhí san gcúirt seo ná faithche réidh
chun cluithche bodhla d'imirt agus i gcúinne
amháin di bhí bothán beag mar a gcoingíbhtí
na bodhla. Acht ní ag imirt bodhla a bhítheas
anois. Bhí beirt fhear ag comhrádh agus iad ag
labhairt go hárd agus go bagarthach. Ní
brístí agus cótaí an laé indiu do bhí ghá
gcaitheamh aca i n-éan-chor. Bhí sean-chulaidh
Gaedheal na hAlbain ar dhuine aca, agus
maidir leis an bhfear eile, an bhfeacaís
riamh pictiúir Dhomhnaill Uí Shúilleabháin
Bhéarra, fear an Teichimh Mhóir, atá san
Íomháighlainn Náisiúnta i mBaile Átha Cliath?
Chonnaicís. Seadh, is ar an gcuma soin a
bhí an fear eile gléasta. Do b'fhuirist
aithint nach rabhadar go hana-cheanamhail ar
a chéile. Fear canncarach droch-labhartha
dob' eadh an dara fear go rabhas ag
tagairt dó. Bhí sé n-a sheasamh i ngar don
bhothán bheag agus a dhrom chuige. Sé rud
do bhí á labhairt aca ná an Ghaedhilg, acht
níor thuigeas brígh a gcainnte ar fad toisc
greannmhaire a gcanamhna agus gan me
bheith chomhgarach dhóibh; acht thuigeas go maith
pé rud a bhí ag fear an bhreacain á rádh nár
bh'é a chuid úrnaighthe é. Sé a fhaid ar a
leithead é go ndubhairt an darna fear
roinnt focal do chuir fear an bhreacain ar


L. 745


dearg-bhuile agus ar teann-fheirg. Níor
fhéad sé focal a rádh ar dtúis le fiuchadh
chroidhe. Rug sé greim ar chois a chlaidhimh,
agus cé nár tharraing sé amach as a
thruaill é, bhí an ghéag soin ag crith fé mar
a bheadh bogha cruaidhe. Fé dheireadh sé
adubhairt sé: —



"Thugas mo gheallamhaint agus ní bhrisfad í;
acht dar Rígh na bhFeart ní rabhais riamh ní
ba ghoire dhon bhás ná mar ataoi anois.
Fágfad an áit seo láithreach agus ní baoghal
go gcuir fead cos taobh istigh de choidhche
arís."



Leis sin, d'imthigh sé agus amach leis tré
gheata na faithche. Níor bhog an fear eile
agus níor labhair focal, acht do sheas sé mar a
raibh aige ag féachaint i ndiaidh an té bhí
imthighthe, a lámh féin casta ar a chlaidheamh
mar a bhí nuair a bhagar a namhaid air.
Dubhart cheana nach raibh sé abhfad ó bhotán
na mbodhla. Láithreach bonn d'oscladh go
hana-chiúin dorus an bhotháin seo, tháinig
fear amach de chéim amháin, agus le linn dó
teacht amach do sháith sé claidheamh go dorn
i ndrom an duine eile sular éirigh leis-
sean cos a chorruighe. Chonnac an gnó go
léir chomh soiléir agus a chím tusa it shuidhe
annsoin anois, a Athair — fear aca ag
tuitim n-a phleist mhairbh, agus an fear eile
ag tarraingt amach an chlaidheamh a corp
an mhairbh, agus gá ghlanadh ar chlóca an duine
go raibh sé tar éis an t-anam a ruagadh as.
Annsoin do shiubhail sé go ciúin amach as an
bhfaithche.

"Do dhúisigheas-sa agus d'aithnigheas gur i
gcarbad traénach a bhíos agus allus fuar ar
m'éadan, Dia eadrainn féin agus an
t-olc. Nár bh'ait an aisling í, agus nach bhfuil
cúis bhuaidheartha orm agus a leithéid d'fheic-
sint? Acht ní hé sin deireadh an sgéil."



Do stad Éamonn annso ar feadh nóimit.



"Im briathair nuair a dhúisigheas bhíos go
mór trí chéile, nídh nár bh'iongnadh agus rud
den tsórt d'fheicsint chomh fíor-bheó díreach
agus dá mbadh i lár an laé os comhair mo
shúl a thuit amach. Acht ní hamháin an
aisling úd, dá aistighe í, a bhí dom chur tré
chéile. Bhíos cinnte dearbhtha go raibh rud
éigin amudha orm seachas é sin, agus go
deimhin do bhí."



IV.



Do stad sé arís. Bhí a phíopa caithte
anois; do dhearg sé arís é agus do shiubhail go
dtí an bhfuinneóg do bhí ar lán-oscailt agus
d'fhéach amach go cúramach 'n-a thimcheall.
Bhí sé chun leanmhaint ar a scéal, acht thug
sé fé ndeara ná raibh an Canúnach ag
éisteacht leis, a thuilleadh. Bhí a dhá láimh
fillte ar a chéile agus é sínte siar n-a
chathaoir ag féachaint roimis amach; acht
níor dheacair a thuiscint ná feaca sé éin-
nídh dá raibh os a chomhair. Má bhí an
t-ógánach ag machtnamh nóimeat ó shoin do
b'é an dáltha céadna ag an gCanúnach
anois é.



D'éirigh sé agus do shiubhail anonn chun cófra
leabhar do bhí 'n-a sheasamh le h-ais an
bhalla. Do chuarduigh sé 'na measg agus do
tharraing amach ceann aca, leabhar tiugh
faoi sheana-chumhdach leathair.



"Tá fhios agat, a Éamuinn, go bhfuil
dúil mhór i sean-scríbhinnibh Gaedhilge agam
agus is minic do thaisbeánas duit an méid
atá cnuasuighthe agam féin. Acht seo
leabhar ná feacaís go dtí so de bhrigh nach
bhfuil sé im' sheilbh acht le déidheannaighe."



D'fhan Éamonn ag cur na súl tríd le
neart ionganta mar gheall ar an mbeagán
suime do bhí ag an gCanúnach á chur 'n-a
chainnt, agus níor cailleadh soin aran gCanúnach.



"Tá fhios agam go maith go bhfuilir á rádh
leat fhéin: 'Caidé mar a bhaineann an


L. 746


chúis le sean-scríbhinnibh?' Acht fan go fóill,
agus ní baoghal ná go dtuigfir. Chonnacís an
chuid is mó dá bhfuil agam díobh so, agus tá
aithne mhaith agat ar a ngnáith-dhealbh acht ní
mar an chuid eile aca an leabhar so.
Leabhar i nGaedhilg na hAlbann is eadh é, agus
tá sé scríobhtha i litreachaibh Rómhánacha.
Tá cnuasach maith dánta agus amhrán ann le
filíbh Éireann agus Albann ón am n-a raibh
Eilís 'n-a bainríoghain ar Shasana go dtí am
díbeartha na Stiubhartach. Fear léigheanta
dob' eadh an scríbhneóir, mar tugann sé
cunntas éigin ar an bhfile, nó ar éin-nídh
eile a bhaineann le hamhrán, os a chionn.



Tá cuid aca annso nach bhfuil le fagháil
go hana-choitcheann anois agus ortha so tá ceann
le Ruaidhrí Dall Ó Catháin, na feaca riamh
go dtí so. Cruitire clumhail do b'eadh
Ruaidhrí Dall. As Cúige Uladh dhó ar dtúis,
acht chaith sé cuid mhaith dhá shaoghal ag siubhal
suas is anuas ar fuaid ríoghachta na hAlbann.
I n-aimsir an Aontuighthe nuair a cheangladh
Sasana agus Albann le chéile seadh do mhair sé;
agus sular fhág Rí Séamus ríoghacht Albann
chun ghabháil ó dheas chum Cathrach Lunndain
bhíodh fáilte roimh Ruaidhrí i ngach aon bhall
idir phálás an Ríogh agus chaisleáin na n-uasal.
Acht ar shon gur leath a cháil agus a chlú mar i
chláirseóir ar fuaid críocha na Roinne Eórpa
ní chualadh trácht riamh ar a chuid filidh-
eachta. Is é seo an t-aon dán a chum
sé do réir dheallraimh. Sin a bhfuil le fagháil
anois pé scéal é. 'Aisling Ruaidhrí Dhaill',
is ainm dó agus is ait an scéal a bhaineann
leis — chomh hait let scéal féin, geall leis.



"Chaith Ruaidhrí 'seal tamall ar cuaird'
i gcaisleán Aindréis, duine uasal de
mhuinntir Bheatúin do bhí in' fhear chumasach
an uair úd. Bhí a lán eile d'uaislibh na
tire ar cuaird san gcaisleán n-a theannta.
Bhí beirt ann go háirithe, colceathair don
Bheatúnach, Alasdar Donn do tugtaoi air,
agus ceann feadhna on nGaedhealtacht,
Mac Aitric do b'ainm dó. Bhí an bheirt
seo n-a naimhdibh nimhe tamall roimhe sin,
acht thug an Rí fé chríoch a chur leis an eas-
cáirdeas so eatortha. Thugadar geall
síothchána agus comh-cháirdis os a chomhair agus
do chroitheadar lámha a chéile; níor mhaith
leis an Rígh an t-easaontas so d'fheicsint
i measc uaisle na tíre. Bhí sluagh tréan
tubaisteach ar chúl Mhic Aitric ins na
hoileánaibh thiar, agus cé ná raibh Alasdar
Donn 'na thaoiseach fós, bhí tiodal mór agus
dúithche fhairsing agus sluagh maith agá
dhearbhráthair; agus bhí an dearbhráthair
soin 'na fhear bhreóidhte aosta ná feidir
éinne ná go bhfuigheadh sé bhás éan-uair.
D'éis bháis do, raghadh a thiodal agus a raibh
aige i seilbh Alasdair i dtreó gur chosamhail
go mbeadh sé n-a fhear mór cumusach lá.
Muna mbeadh Alasdar raghadh soin go léir
chun Aindréis, agus ní raibh aon aithmhéala
ar an Rígh toisc Alasdair a bheith ann, mar
níor bh'fhonn leis go mbeadh an iomarca
cumhachta ag aon taoiseach amháin, agus bhí a
dhóthain, dar leis an Rígh, ag Aindrias
Beatúin cheana féin. Agus anois ó thár-
laidh go raibh dúithche Mhic Aitric comhgarach
do chaisleán an Bheatúnaigh, agus ó thárlaidh go
raibh Alasdar 'na cholceathair dó, bhíodar
araon fé iadh an tighe chéadna, nídh nár
ghnáthach leó.



Bhí go mhaith agus ní raibh go holc. I gcionn
roinnt laetheanta d'éirigh an t-imreasán agus
an ghráin eatortha arís. Do chualathas lá
gutha na beirte ag maslughadh a chéile agus
faobhar ortha, ar a sean-nós', i gcúinne
éigin de gharrdha Iodálach do bhí taobh thiar
den chaisleán. Níor chuireadh aon tsuim
ionnta an uair sin, acht nuair a bhuaileadh
thar an áit úd sealad n-a dhiaidh-san, cad


L. 747


do-chífidhe acht Alasdar Donn sínte ar a
aghaidh agus an fhuil ag stealladh amach as poll
mór n-a dhrom. Bhí sé chom marbh le cloich.
Ghlaodhadh ar fhear an chaisleáin agus bhítheas
ag cuardach Mhic Aitric go dtí go bhfuair-
eadar amach go raibh bailighthe leis as an
áit ar dhrunn chapaill tamall roimhe sin.
Ba ghearr go raibh an tóir n-a dhiaidh, acht
d éaluigh glan uatha chun na nÓileán.
Fuarthas Ruaidhrí Dall n-a chodladh ar
bhinnse i ngar do'n áit chéadna úd."



Bhí a phíopa caithte ag an óigfhear anois,
acht d'fhan sé idir a fhiaclaibh. Is é do bhí
ag éisteacht go géar gan aon tsuim do
chur i bpíopaíbh.



V.



Do lean an Canúnach ar a scéal.
"Nuair a chonnaic an Beatunach annsoin é
tháinig fearg mhór air. Dubhairt duine eile
dá raibh i láthair nár bh'fhuláir do Ruaidhrí
bheith rann-pháirteach ran gcoir: mar nár
bh'fhéidir ná gur airigh sé an gníomh éagcórach
dhá dheanamh agus é i ngiorracht beagán slat
d'ionad a dhéanta; ná raibh sé acht ag
leigint air bheith 'na chodladh. File a
cúirt an Ríogh do b'eadh an fear so agus bhí
sean-fhala air le Ruaidhrí.



D'fhreagair an cláirseóir dá mbadh rud
é go raibh sé ag leigint air bheith n-a chodladh
nuair a bhí an droich-bheart úd dá dhéanamh,
nach cosmhail go bhfanfadh sé mar a raibh sé go
dtí go mbéarfaidhe air. "Agus taisbeán-
fad go bhfuilim chomh mór d'fhear, 'seadh, agus
chomh mór d'fhile le bréaguidhe det shórt,"
arsa Ruaidhrí. "Cuirim mo dhúbhshlán fút
agus deirim leat gur thugais do dhearg-éitheach,
agus táim ollamh chun an cheist do socrughadh
leat i gcómhrac aonair. Agus chun mo
scéal do dearbhughadh dhíbh inneósad díbh
aisling mhiorbhúilteach do tháinig chughamh an
fhaid do bhíos im chodladh. I riocht dáin
seadh cheapfad é agus éinne agaibh a mhíneóghaidh
dham an aisling úd bhéarfad dá bhárr dó
eochair órdha mo chláirsighe, do bhronn Rí
Séamas orm."



Acht ní raibh fonn troda ar an bhfile
toisc nár bh'fhéidir go dtiocfadh aon cháil
acht amháin droch-mheas dó, as comhrac le
dall, pé 'ca marbhóghadh nó ná mharbhóghadh
sé é. D'eitigh sé an geall comhraic mar
sin; agus níor éirigh leis-sean ná le héinne
eile aisling Ruaidhrí do mhíniughadh.



Sé ba dhóigh le n-a lán daoine annsoin ná
gur bh'é Aindrias do dhein an beart feíll, agus
an milleán do iompáil ar an bhfear eile:
mar nuair a fuair sean-Mhaitiú Beatún bás
tamall d'éis bháis a dhearbhráthar, ní raibh
duine na daonduidhe i slighe Aindréis agus do
ghlac sé an tiodal agus an dúithche agus gach éin-
nidh a bhain leó. Dubhrathas gur ab' amhlaidh
a dhéin sé dún-mharbhadh ar Alasdar
Donn agus d'admhuigheadh fo-dhuine droch-
amhrasach go raibh Ruaidhrí Dall rann-
pháirteach san ngníomh; acht bíodh sin mar atá
ní ráinig le héinne brígh a aislinge do
thuigsint. B'fhéidir go n-éireóghadh níos
fearr leat-sa." Do shín an Canúnach an
leabhar anonn chun Éamuinn.



"Tá an scríbneóireacht ró-chrapaithe
dham ar fad" arsa Éamonn go mí-fhoidhneach.
"Tá eólas agat-sa air, a Athair: innis
féin dom fáth an scéil."



"Ní haon éacht mór é" ar san Canúnach.
"Deireann gur bh'amhlaidh a thuit sé 'n-a
chodladh agus go bhfeacaidh aisling, mar'dh eadh.
Cheap sé go rabhthas agá tharraingt 'i
gcarbad gcoimhthigheach gcúmtha gcórach,' agus é
ag gabháil an bóthar 'gan each ghá tharraingt
gan chapall go héascaidh,' acht é bheith ag
cur an bhóthair de ar nós ghirrfhiaidh agus é ag
stealladh caor-luisne agus néalta gaile as a
bhéal. Ar shon go raibh sé n-a dhall bhí


L. 748


radharc a shúil aige go maith tríd an aisling
seo. Bhí fear eile n-a theannta ins an
'gcóiste seo gan chapall.' Níor bh'fhada
gur dhruid an fear so suas leis; do shín sé
amach a lámh agus bhain rud éigin a póca
Ruaidhrí. Níor aithin Ruaidhrí ar dtúis cad
a bhí ann: acht do réir dheallraimh ba litir í."



Phreab Éamonn n-a sheasamh agus leig sé
liúgh as. "Cad é sin?" ar seisean i
n-árd a chinn 's a ghotha. "Bhain sé litir
de?"



"Seadh, 'sdó, sin é adubhart-sa," ars an
Canúnach agus iongnadh air. "Deireann
Ruadhrí go raibh saghas draoidheachta air
mar nár fhéad sé cos do chorruighe. Ann-
soin d'oscail an fear eile dorus an chóiste
ar shon go rabhadar ag cur an bhóthair díobh
go teann, agus d'éaluigh sé mar d'éalóghadh
puth ghaile, mar níor chuir sé cos chun
talaimh agus níor bh'eól do Ruaidhrí cad a
thárlaidh dhó."



"Cad é an sórt fir a bhí ann? An
n-inseann duit é sin?"



"Inseann gan amhrus. Caitheann Ruaidhrí
neart a intleachta ag cur síos air. Fear
ruadh, cam-luirgneach do b'eadh é. Níor
mhór le rádh é i dtaobh áilneacht a chrotha agus
mar bhárr ar gach diach bhí sé cam-shrónach.
Léighfead na línte dhuit," ars an Canúnach,
is é ghá gcuardach 'san leabhar.



"Ariú, ná bac leó anois, a Athair," arsa
Éamonn, agus é ag spaisdeóireacht suas is
anuas an seomra agus faobhar ar a ghuth.
"An é an diabhal féin atá ag imirt cleas
orm? Cóiste gan chapall; néalta gaile,
an eadh? Cad ba chiall leis sin acht amháin
carbad traénach? Fear ruadh, cam-
shrónach — sean-scríbhinne — litir! Och! Táim
cráidhte ciapaithe aca indiu." Chaith sé é
féin i gcathaoir, agus do leig a cheann
idir a dhá láimh. "Fear ruadh — fear cam-
shrónach — an fear úd ar an stáitse. Cá
bhfeacadh roimhe seo é?" Chrom sé ar
mhachtnamh. "Mhaise, go stiallaidh an
diabhal an croiceann de, an fealltóir
bréagach. Is cuimhin liom anois é. Tá
iongnadh an domhain ort gan amhras, a
Chanúnaigh, agus ní deirim ná go bhfuil cúis
ionganta agat. Gabhaim na mílte párdún
agat, acht tá mearathal éigin dom shuathadh
indiu. Níl iomlán mo scéil agat fós.
Táim chun é scaoileadh chughat anois, acht go
dtabharfair do gheallamhaint dom ná déar-
fair focal de i gcluais éinne beó. An
ngeallair?"



"Geallaim," ars an sagart, agus níor
fhéad sé focal eile a leigint as a bhéal le
teann ionganta.



VI.



"Is maith é sin. Chualaís trácht go minic
thar na Fíníníbh, acht táim deimhnitheach dhe
ná fuil a fhios agat a leithéidí a bheith ann
anois. Acht tá sliocht a sleachta ann fós,
ní baoghal dóibh. Ní'lid n-a gcumann mór
éifeachtach i n-éan-chor fós, acht déanfaidh
siad rud maith le congnamh Dé; nó bheadh
soin déanta indiu muna mbeadh me féin.
Tá árd-choiste os a gcionn; ochtar fear
atá air; táim-se ar an ochtar soin.
Táimíd ag gluaiseacht chun cinn go maith
fé'n gciúineas le déidheannaighe, acht tá
aon rud amháin i n-ár gcoinnibh. Ní'l dá
mhinicí a thugann an Rí cuaird ar thalaimh
na hÉireann ná gurab amhlaidh is lugha ár
gcion air. Ní dhéanann sé aon mhaitheas,
agus laigheaduigheann ar mhisneach na
ndaoine le neart plámáis agus bladair
gan éifeacht. Dá bhrígh sin cheapamair nár
bh'olc an obair í dá gcurfaidhe scannradh
ortha. I gceann cúpla lá béidh an Rí i
gCorcaigh, agus bhí curtha romhainn againne
go scaoilfeadh duine éigin againn piléar


L. 749


san aér, amhail is dá mbeifidhe ag
déanamh iarracht ar é lámhach. Ní dhéan-
faidhe díoghbháil ar éinne, agus b'fhéidir go
dtuigfadh lucht an Riaghaltais annsoin go
mb'fhearr linne uainn 'ná againn iad féin
agus ' a gcuid ríghthe. Do chaitheamair
crainn, máiseadh, agus is orm-sa a thuit an
scannradh agus an mearathall do chun ortha.
B'in é fáth mo thuruis suas go Corcaigh,
agus bhí litir agam ó cheann ár ndaoine
féin i mBaile Átha Cliath ghá rádh le ceann-
phort mhuinntir Chorcaighe gur mise an
duine do bhí chun an ghnó a dhéanamh.
Thuiteas im' throm-shuan mar adubhart
cheana; agus nuair a dhúisigheas thugas fé
ndeara go raibh an litir imthighthe glan
uaim.



"Sin é cúis ná deaghas ar aghaidh, acht go
bhfuilim ag feitheamh annso le traén eile.
Agus ar fhágaint na stáitse dham chonnac
fear ruadh cam-shrónach go raibh mór-chúthal
air romham, agus do sceinn sé an port
amach chomh luath agus leag sé súil orm.
Is cuimhin liom anois cá bhfeacadh an
bitheamhnach ar dtúis; bhíos-sa láithreach
nuair ghlacadh isteach é i mBéalfeirsde;
tá gnúis ar a bheadh n-a shás crochta d'aon
rógaire; spiadóir n-a bhallaibh is eadh é.
Sin é an fear do ghoid an litir uaim, táim
deimhnitheach dhe. Agus 'sé an chuid is
measa dhen scéal, ná fuil an rún do bhí
againn mínighthe i gceart san litir. Ní
aithneóghthá nach dá ríribh do bhíomair chun an
Ríogh bhocht do lámhach.



"Tá gach éin-nídh ag brath ar an rógaire
cam úd anois. Dar so súd! Chualadh é
ghá fhiafruighe cathain a bheadh traén eile ag
dul go Baile Átha Cliath. I n-ainm Dé,
cad a chlog é?" Do tharraing an fear óg
a chlog amach. "Seacht nóimit roimh a
chúig. Imthigheann an traén ar a cúig agus
gabhaim-se orm go mbeidh sé sa dtraén úd
ag gabháil ó thuaidh fé dhéin mhuinntire an
Chaisleáin. Fágaim slán agat, a Athair;
caithfad-sa rith."



Le linn na bhfocal soin do theacht as a
bhéal do phreab an dorus amach agus
d'imthigh.



Do stad an Canúnach gan oiread agus
cor as. Ní air-sean amháin a bhí an
iongnadh, mar ar fheicsint duine uasail óig
ag sceinneamhaint an dorus amach "gan
hata gan láimhinne dá dhíon" do Sheaghán
bhocht ní raibh a fhios aige cadé an mearathal
a bhí ag teacht ar dhaoinibh.



Bhí an traén ar tí imtheacht. Bhí gach
éinne sochruighthe i gcarbad éigin, agus bhí
mion-gháire ar ghnúis dhuine aca a bhí ag
féachaint a fuinneóig i gceann de na
cóistíbh amhail is dá mbeadh sé ag braith ar
dhuine éigin d'fheicsint, acht duine go
mb'fhearr leis abhfad Éireann ná beadh sé
ann. Do shéid an t-inneal go buacach. Do
bhog an traén go ciúin. Ar an nóimeat
gcéadna rith fear óg isteach san bport
gan aon hata air. Chonnaic an fear san
bhfuinneóig é agus do chaith sé é féin siar i
gcúinne den charbad. Acht chonnaic an
fear eile é. Phreab an t-óig-fhear isteach
san gcarbad gcéadna agus chonnaic sé
fear ruadh cam-shrónach ann roimhe agus a
ghnúis ar dhath an bhuidhe mhóir.



Ar maidin lá ar n-a bháireach fuarthas
beirt fhear n-a luighe ar chliathán an bhóthair
iarainn i n-acharann i n-a chéile agus iad
fuar marbh. Do réir dheallraimh spriúchadh
a carbad traénach iad agus iad ag im-
reascáil le chéile. Do stealladh an inchinn
ar linn tuitim amach dó as duine aca,
fear go raibh srón cham air; ropadh scian



[Tuilleadh ar leathanach 752.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Website developed by Niall O'Leary Services