Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Clodhanna Nua.
Title
Clodhanna Nua.
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1905
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
CLODHANNA NUA. THE RESURRECTION OF HUNGARY. A PARALLEL FOR IRELAND. Dublin: James Duffy agus Co., M. H. Gill agus Son, Sealy, Bryers agus Walker, Price one penny. Is fada ná feacamair is nár léigheamair leabhair i mBéarla a thaithin linn chomh maith leis an leabhar so. Is é rud a chuir an t-ughdar roimhe a dhéanamh ná cunntas a thabhairt ar an gcuma n-ar throid muinntir na hUngáire ar son a dteangan, a nós is a náisiún- tacht féin. Tá soin déanta go maith is go cruinn. Acht tá níos mó ná soin ann. Tá tagairt ann i gcomhnuidhe do dhálaibh na tíre seo. Cheithre fichid bliadhain ó shoin bhí Éire agus an Ungáir araon go hanbhfhainneach. Do chrom na hUngáirigh ar obair ar son a dtíre ar chuma áirithe. D'oibrigh muinntir na hÉireann ar chuma eile. Tá éirighthe go hana-mhaith leis an Ungháir. An bhfuil éirighthe linne? Sin í an fhadhb. Innstar dúinn san leabhar so cadé an tslighe n-ar oibrigh muinntir na hUngáire. Beidh fonn ar gach Éireannach an cunntas soin a léigheamh agus níl dá mhéid stuidéar a dhéanfar air ná gurab amhlaidh is fearr é. Níl Éire ag teacht chun cinn fé mar bhadh cheart di. Tá sí ag imteact chun an donais. Tá a muinntir féin á tréigint agus ag imtheacht leo i n-ainm an donais. Do b'fhiú dhúinn slighe oibre na nUngáireach a léigheamh is a thuiscint. B'éidir go mb'fhiú dhúinn triail a bhaint aisti. Táimíd fada ar dóthain ag obair i n-aistear. -- THE CHANCES OF WAR. AN IRISH TALE. By T. A. Finlay. A New Edition. Fallon & Co., Ltd., School Publishers, Dublin and Belfast. 1904. Price 3/6 nett. Má tá tráth i saoghal na hÉireann go bfuil gábhadh le fuascailt air ó thaobh na nGaedheal is é tráth Chonnradh Chill Choinne agus as soin anuas go dtí go raibh Éire n-a corpán truagh fé shálaibh Chromaill é. Ní'l againn ná ní raibh riamh ar fagháil ag an gcoit- chiantacht acht éan-taobh amháin den cheist, taobh na nGall. Thugadar-san togha na haire dhó go mbheidís ar tosach. Tháinig gasra scríbhneóirí chucha, is do socruigheadh an cheist ar an gcuma n-a dtaithnfad sé leis an bhfhear go raibh rud aige. Do deineadh trom- aidheacht ar Ghaedhealaibh. Do cuireadh n-a leith gach éan-tsaghas eas-onóra. Do caitheadh leo, masla agus tarcuisne gan chrích. Fiadhlaigh fiadhaine gan mhodha gan bhéasa b'eadh iad. Dá bhríg sin is maith linn a fheicsint go bhfuil ughdar an scéil ag cur síos ar chúrsaibh na haimsire úd ar chuma ná fuil deamhain a hifreann dá dhéanamh de sheana-stoc na tíre seo is aingle os na flaithis de lucht leanamhna Chút is Chromaill. Tá seana-mhíádh na nGaedheal, sé sin easaontach, go soiléir ann ó thúis deireadh. Dá mb'áil leo claoidhe le chéile éan-uair, do beadh buaidhte aca. Oireann an ceacht sin dóibh indiu chomh mhaith agus d'oir éan-lá riam le seacht gcéad bliadhain. Oirfidh an leabhar so go maith mar bhronn- tannas agus ba dheacair é shárughadh mar áise léightheóir- eacht i scoileanna ná tuigtar an Ghaedhilg ionnta. -- FÉILIRE NA GAEDHILGE, 1905. (An dara bliadhain.) An Buachaillín Buide do scríobh. Ar n-a chur amach dho Chonnradh na Gaedhilge, Baile Átha Cliath, 1904. Tá Féilire an Chuachaillín Bhuidhe i gcóir 1905 tagaithe amach, agus ní ghabhadh uainne acht a rádh go bhfuil agus beifar á lorg. Do chuir feabhas an chéad Fhéilire orainn go léir, acht ní fearr é 'ná ceann na bliadhna so. Tá a liacht daoine i nÉirinn anois, agus ag dul i líonmhaireacht is eadh táid, go dteas- tuigheann uatha eólus d'fagháil n-a dteangain duth- chais. Is é an t-eólus atá ar fagháil san bhFéilire an earradh is mó go ndeintar usáid de ó ló go ló. Tá soin ar a gcumas ag muinntir na Gaedhilge go háirithe, agus tiocfaid isteach ar a thaithighe i gan fhios dóibh féin. Tá a lán rudaí nua i bhFéilire na bliadhna seo. Ba mhaith Linn féin breis de na seana-cheathramhna i dtaobh na haimsire, agusrl., d'fheicsint ann. Tá a lán aca scaipithe ar fuid na tíre i mbéalaibh na ndaoine, agus tá súil againn go gcuirfar síos iad. Ní baoghal ná go mbeidh áthas ar an mBuachaillín Buidhe acht go gcuirfidhe ag triall air iad. Bíodh tosach ag ár sean-eólus féin is annsoin féadfain bheith ag claoidhe le healadhnta na haimsire seo. Is mór an truagh nach féidir an Féilire a thabhairt amach ar phinginn. B'éidir go mbeadh sé ar ár gcumus soin a dhéanamh i gcionn cupla baiadhan eile. Cuirimíd fáilte roimh shaothar an Bhuachaillín Bhuidhe. Beidh ceann ag gach léightheóir den IRISLEABHAR. -- SAOTHAR ÁR SEAN I gCÉIN. Gearr-thuairisc ar obair na Sean-Ghaedheal ar fuid na hEórpa, le Seán Ó Ceallaigh. Ar n-a chur amach do Chumann Bhuan-choimeádtha na Gaedhilge. I mBaile Átha Cliath, le M. H. Gill agus a Mhac, teóranta, i Sráid Uachtaraigh Uí Chonaill, 1904. Scilling glan, a fhiacha. "Daoine go bhfuil an 'saoghal i nÉirinn' ag cur cúraim ortha fé láthair ní féidir dóibh gan a thabhairt
fé ndeara go bhfuil athrughadh mór ag teacht ar thréithibh agus ar imtheachtaibh na nGaedheal le tamall. Bhí dúil san léigheann ag cloinn na Fódla ó thúis gan amhrus, agus b'éidir nach ró-iongnadh an dúil chéadna a bheith aca ann indiu. Mar a chéile bhí dúil mhór i ngníomharthaibh gaisce agus i gcleasaibh grinn aca ó thúis, agus tá fós." Sin é tosach an Réamh-fhocail atá le leabhar Sheáin Uí Cheallaigh. Gan amhrus tá "Sceilg na Sceól" ar an mbeag-bhuidhin go bhfuil an saoghal i nÉirinn ag cur cúraim ortha. Tá sé ar an mbuidhin a ghnáth-mhachtnaimheann ar chúrsaíbh na hÉireann, ar a bhfuil curtha dhi aici ó chéad-áithigeadh í, agus ar a bhfuil i ndán di san ré atá ag teacht. Sin é an chéad smaoineamh a thiocfaidh chun aigne dhuine d'éis an leabhair seo "Saothar ár Sean i gCéin" a léigheamh. Ní'l ann ó thúis deireadh, agus is tuigthe soin as, acht obair duine go raibh aigne tréan agus intleacht foirbhthe ag stiúrughadh an pinn ler scríobhadh é. Is mór an truagh gan céad éigin dá shaghas againn. Ní bheimís i dtúrtaobh le breillicidh- eacht is le tormán gan bhrígh gan éifeacht. Bhí cion age Gaedhlaibh ar an léigheann riamh. Do thaispeánadar soin go soiléir, nuair d'imthigheadar trí neart ghrádh léighinn agus creidimh, ag síol-chur críostamhlacht i dtíorthaibh págánta na hEórpa. Tá an cion céadna aca ar an léigheann indiu. Cad eile cad tá i gConnradh na Gaedhilge acht cumann mór léighinn agus foghluma. Is é dóthchus ughdair an leabhair seo, go dtiocfaidh as an dúil seo san léigheann, go bhfillfidh a misneach ar Ghaedhlaibh is go gclaoidhfid le chéile chun a dtír dhuthchuis d'árdach is do chur fé cháil i measc tíortha an domhain mhóir. Sin é ár ndóthchus-na leis, is do réir gach deallraimh ní chaillfar orainn. Tá soluíd fhóghanta ar chomhachta an léigheann ag tagairt dár sean féin ins an leabhar so. Tuigimíd as go raibh Éire fé mheas an fhaid a bhí cáil an léighinn uirthi. Beidh sí fé mheas arís acht claoidhe leis an léigheann. Ní héan-chúram beag é seo age daoine á ghlacadh ortha féin, agus an t-atharrugadh atá tagaithe ar an saoghal indiu, acht dálta Sceilg tá ár ndóthchus as an ndúil atá age Gaedhlaibh san léigheann. Bá mhór é saothar ár sean san Éoraip, agus is mór an truagh ná raibh breis slighe age Sceilg chun cur síos ar an gceist fé mar do thuill. Acht fé mar atá an leabhar cuirfidh iongnadh agus áthas ar Ghaedhlaibh, agus cuirfidh misneach ionnta ar chuma go mbeidh fonn ortha aithris a dhéanamh ar ghníomharthaibh a sean féin. Ní iarrfadh Sceilg duais ná moladh ní b'fhearr. -- STAIR-CHEACHTA, Leabhar a hAon; .i. Sgéalta Gearra ar neithibh agus ar dhaoinibh i Seanchus na hÉireann, do scríobh Eoghan Ó Neachtain. Ar na chur amach do Chonnradh na Gaedhilge, i mBaile Átha Cliath, 1905. Scilling a fhiacha, nó tríd an bpost ar scilling is trí leath-phingne. Sid é an chéad leabhar léightheóireachta ar Sheanchus na hÉireann ar láimh againn, agus cuirimíd fáilte is fiche roimhe. Tá gábhadh le leabhraibh den tsórd so ní hamháin i scoileannaibh na tíre acht i gcóir daoine fásta leis. Is iongantach é an ain-eólus an ghnáth-Éir- eannaigh ar stair is ar dhálaibh a thíre duthchuis. An fhaid a bhí ár dteanga féin fé réim san dtír, d'fhan againn startha agus scéalta dánta agus dréachta ag tagairt do dhálaibh na hÉireann ó aimsir Chúchulainn go dtí abair aimsir Dhomhnaill Uí Chonaill. Tháinig na startha agus na dánta so anuas chughainn i mbéalaibh na ndaoine ó aois go haois. Tá roinnt díobh ar fagháil leis i n-ár láimh-scríbhinne. Acht nuair a chuaidh taithighe na Gaedhilge i luige ar fuaid urmhór den tír d'imthigheadar na startha is na dánta agus chailleamair d'éin-iarracht amháin an seód-chuimhne is uaisle agus an oighreacht is treise dar fhág ar sinsir againn. Is cruaidh an dáil é. Is tubaisteach an scéal é. Acht cad é an mhaitheas dúinn bheith á cheilt. Má tá d'fhonn orainn ár gcás a leigheas tá sé ceangailte orainn méid na díoghbhála a dhéineadh a scrúdughadh go géar agus go haireach. Buidheachus le Dia, ní'limíd imthighthe thar fóir. Is feidir ár "mbeatha cruadha do réidhteach." Ní éin- phioc dá mhearathal orainn ná gur tríd an nGaedhilg a thiocfaidh an leigheas agus an réidhteach son. Do mheas cuid dá dtáinig romhainn, is ní ag tromaidheacht ortha é, tuile na habhainn a chur i gcoinnibh an chnuic. Do thógadar claidhe corann den Bhéarla roimh an dtuile. Badh bheag an mhaith dhóibh soin. Tá an tuile éirghthe go barra an chlaidhe anois. Is gearr go mbeidh sí ag brúchtadh tháirsti, agus ag scéidhe as na mílte poll san gclaidhe. I gcionn tamaill eile beidh bearna leathan déanta aici, agus annsoin slán beo leis an gclaidhe Béarla. Poll an-fhairsing san gclaidhe úd is eadh Stair- cheachta Eoghain Uí Neachtain. Tá tréithe fóghanta ann. Gaedhilg shimplidhe a thaithnfidh le leanbhaíbh scoile; scéalta deasa, agus innsint ortha ná fuil thar tuiscint leanbhaí. Tá a leithéidí riachtanach i ngach leabhar a scríobhfar i gcóir leanbhaí. Mar sin féin, mar adubhramair thuas, do b'éidir le daoinibh fásta a lán eoluis i dtaoibh na hÉireann a bhaint as an leabhar. Dá mbéadh beagáinín beag eile fuinnim san gcainnt annso agus annsúd do b'fhearrde é é; acht nuair a chuimhnighmíd ar gurab í seo an chéad iarracht ag éinne ar a leithéid seo leabhar a scríobhadh, is móide is iongnadh linn a fheabhas agus a oireamhnaighe. Molaimíd do léightheóiríbh an IRISLEABHAIR é, agus níor bh'iongnadh linn dá mbeadh sé coitcheannta mar leabhar léightheóireachta is mar leabhar seanchuis i gcraobhchaibh de Chonnradh na Gaedhilge.
Caithré M Conghail Cláiringhnigh. Martial Career of Conghal Cláiringneach, Edited for the fist time, with Translation, Introduction, Notes and Glossary, by Patrick Mac Sweeney, M.A., Chan- cellor's Gold Medallist for English Prose, R.U.I. and Professor of Modern Literature in Holy Cross College, Clonliffe, Dublin. Published for the Irish Texts Society, by David Nutt, 57-59 Long Acre, London, 1904. Sid é leabhar na bliadhna 1902 de leabhraibh Chumainn na Scríbheann Gaedhilge. Tá sé dá bhliadhain chun deiridh, acht is fiú leabhar den tsórd so feitheamh tamall air. Fear gnothach is eadh Pádraig Mac Suibhne, agus nuair a chuimhnighmíd ar a liacht saothair a bhain le socrughadh an téacs so agus a laighead aimsire do b'éidir leis spáráil chuige is eadh is mó is iongnadh linn feabhas a dhéanta agus méid an eóluis atá curtha le chéile fé chúram is fé shlacht ann. Deir an sean-fhocal gur treise duthchus 'ná oileamhaint. Soluíd áluinn ar fhírinne an tsean- fhocail seo is eadh Pádraig Mac Suibhne féin, mar do shíolruigh ar thaobh a mháthar ar ean-chuma ó thréibh go raibh cáil an léighinn is na scoláireachta ortha le sna ciantaibh. Do b'é a shean-athair Ióseph Ó Longáin do shocruigh agus d'ath-scríbh focal ar focal na fac-similes úd an Leabhair Bhric, Leabhair na hUidhre, an Leabhair Laighean, agusrl., a chuir muinntir an Agadaimh i gcló, agus a bhrostuigh scolairí na Gearmáine is tíortha nach í chun breis stuidéir a dhéanamh ar an tSean-Ghaedhilg. File agus scoláire maith Gaedhilge do b'eadh athair Ióseph, .i. Micheál Óg Ó Longáin. Tá na céadtha leabhar a scríobh sé féin is a chlann san Agadáimh, i Muigh Nuadhat is i Sasanna. File agus scoláire Gaedhilge b'eadh a athair siúd Micheál Ó Longáin, leis. Bhí sé féin agus ar tháinig roimhe n-a nOllaimh age Ridire an Ghleanna i gCo. Luimnigh go dtí gur iompuigh duine aca chun an nua-chreidimh. Fuair seisean seilbh na hoighreachta do réir na ndlighthe bhí ar bun an uair úd. B'éigin don Ridire teicheadh agus an Longánach in' fhochair. Ní hiongnadh linn dá réir sin go mbeadh duthchas an léighinn i bPádraig Mac Suibhne. Taispeáneann an chuma n-ar chuir an leabhar so fé eagar go bhfuil. Tá saothar maith macánta ann gan pioc den bhuaileam-sciath. Is minic a thugaimíd fé ndeara i leabhraibh den tsórd ag cur síos ar sean-litridheacht na nGaedheal, óradh agus líonmhaireacht focal ag tagairt do rudaíbh leathsmuigh den scéal ar fad. Ní bhacann Pádraig le rudaíbh iasachta, agus dá dheascaibh sin tá comhacht agus fuinneamh fé leith san gcuma n-a ndéineann freastal ar lucht léighte an leabhair. Tuigimíd as a ghrádh do Bhanbhain agus an fonn a bhí air cion fir a dhéanamh ar a son. Sin í an sprid a dhéanfaidh "ball bog den bhall chruaidh" agus a fhóghnfaidh dhúinn san ré chontabharthaigh chatha agus comhlainne atá romhainn. I dtaobh an leabhair féin, ní gábhadh puinn a rádh annso, acht amháin áireamh a dhéanamh ar chuid den na treithibh do-chítar dúinn ann. Tá os cionn trí fichid leathanach i dtosach an leabhair fé dhíon-bhrollach ag cur síos ar an gCaithréim ar a fheabhas mar litridh- eacht is cunntus ar an gcuma n-a raibh "an Briathar" an tráth scríobhadh an láimh-scríbhinn timcheall na bliadhna 1650. N-a dhiaidh soin tagann an Caithréim agus aistriugh- adh díleas air san mBéarla. Tá ana-chuid nótaí tríd síos, agus i ndeireadh an leabhair tá Foclóir curtha le chéile ag an eagartóir n-a bhfuil na focail is cruaidhe dá bhfuil i dtéacs an scéil agus mín- iughadh ortha. Go deimhin, táimíd fé chomhaoin ag Cumann na Scríbheann Gaedhilge i dtaoibh an leabhair oireamh- naigh seo a thabhairt dúinn, agus go háirithe é theacht chom luath so i ndiaidh an Fhoclora. Leabhair den tsórd so theastuigheann uainn, leabhair ná fuil ró-sheannda, leabhair a thuigfidh gnáth léightheóir na Gaedhilge. Trí leath-choróineach fiacha an leabhair do dháltaí an Chumann, agus leath-giní do daoinibh ná fuil.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services