Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Clodhanna Nua.

Title
Clodhanna Nua.
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1905
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926




L. 738


CLODHANNA NUA.



THE RESURRECTION OF HUNGARY. A
PARALLEL FOR IRELAND. Dublin: James Duffy agus
Co., M. H. Gill agus Son, Sealy, Bryers agus Walker,
Price one penny.

Is fada ná feacamair is nár léigheamair leabhair i
mBéarla a thaithin linn chomh maith leis an leabhar so.
Is é rud a chuir an t-ughdar roimhe a dhéanamh ná
cunntas a thabhairt ar an gcuma n-ar throid muinntir
na hUngáire ar son a dteangan, a nós is a náisiún-
tacht féin. Tá soin déanta go maith is go cruinn.
Acht tá níos mó ná soin ann. Tá tagairt ann i
gcomhnuidhe do dhálaibh na tíre seo. Cheithre fichid
bliadhain ó shoin bhí Éire agus an Ungáir araon go
hanbhfhainneach. Do chrom na hUngáirigh ar obair ar
son a dtíre ar chuma áirithe. D'oibrigh muinntir na
hÉireann ar chuma eile. Tá éirighthe go hana-mhaith
leis an Ungháir. An bhfuil éirighthe linne? Sin í an
fhadhb.



Innstar dúinn san leabhar so cadé an tslighe n-ar
oibrigh muinntir na hUngáire. Beidh fonn ar gach
Éireannach an cunntas soin a léigheamh agus níl dá
mhéid stuidéar a dhéanfar air ná gurab amhlaidh is
fearr é. Níl Éire ag teacht chun cinn fé mar bhadh
cheart di. Tá sí ag imteact chun an donais. Tá a
muinntir féin á tréigint agus ag imtheacht leo i
n-ainm an donais. Do b'fhiú dhúinn slighe oibre na
nUngáireach a léigheamh is a thuiscint. B'éidir go
mb'fhiú dhúinn triail a bhaint aisti. Táimíd fada ar
dóthain ag obair i n-aistear.



--



THE CHANCES OF WAR. AN IRISH TALE. By
T. A. Finlay. A New Edition. Fallon & Co., Ltd.,
School Publishers, Dublin and Belfast. 1904.
Price 3/6 nett.



Má tá tráth i saoghal na hÉireann go bfuil gábhadh
le fuascailt air ó thaobh na nGaedheal is é tráth
Chonnradh Chill Choinne agus as soin anuas go dtí go
raibh Éire n-a corpán truagh fé shálaibh Chromaill é.
Ní'l againn ná ní raibh riamh ar fagháil ag an gcoit-
chiantacht acht éan-taobh amháin den cheist, taobh na
nGall. Thugadar-san togha na haire dhó go mbheidís
ar tosach. Tháinig gasra scríbhneóirí chucha, is do
socruigheadh an cheist ar an gcuma n-a dtaithnfad sé
leis an bhfhear go raibh rud aige. Do deineadh trom-
aidheacht ar Ghaedhealaibh. Do cuireadh n-a leith gach
éan-tsaghas eas-onóra. Do caitheadh leo, masla
agus tarcuisne gan chrích. Fiadhlaigh fiadhaine gan
mhodha gan bhéasa b'eadh iad. Dá bhríg sin is maith
linn a fheicsint go bhfuil ughdar an scéil ag cur
síos ar chúrsaibh na haimsire úd ar chuma ná fuil
deamhain a hifreann dá dhéanamh de sheana-stoc na
tíre seo is aingle os na flaithis de lucht leanamhna
Chút is Chromaill. Tá seana-mhíádh na nGaedheal, sé
sin easaontach, go soiléir ann ó thúis deireadh. Dá
mb'áil leo claoidhe le chéile éan-uair, do beadh
buaidhte aca. Oireann an ceacht sin dóibh indiu chomh
mhaith agus d'oir éan-lá riam le seacht gcéad
bliadhain. Oirfidh an leabhar so go maith mar bhronn-
tannas agus ba dheacair é shárughadh mar áise léightheóir-
eacht i scoileanna ná tuigtar an Ghaedhilg ionnta.



--



FÉILIRE NA GAEDHILGE, 1905. (An dara bliadhain.)
An Buachaillín Buide do scríobh. Ar n-a chur
amach dho Chonnradh na Gaedhilge, Baile Átha Cliath,
1904.



Tá Féilire an Chuachaillín Bhuidhe i gcóir 1905 tagaithe
amach, agus ní ghabhadh uainne acht a rádh go bhfuil
agus beifar á lorg. Do chuir feabhas an chéad
Fhéilire orainn go léir, acht ní fearr é 'ná ceann na
bliadhna so. Tá a liacht daoine i nÉirinn anois,
agus ag dul i líonmhaireacht is eadh táid, go dteas-
tuigheann uatha eólus d'fagháil n-a dteangain duth-
chais. Is é an t-eólus atá ar fagháil san bhFéilire
an earradh is mó go ndeintar usáid de ó ló go ló.
Tá soin ar a gcumas ag muinntir na Gaedhilge go
háirithe, agus tiocfaid isteach ar a thaithighe i gan
fhios dóibh féin.



Tá a lán rudaí nua i bhFéilire na bliadhna seo.
Ba mhaith Linn féin breis de na seana-cheathramhna i
dtaobh na haimsire, agusrl., d'fheicsint ann. Tá a lán
aca scaipithe ar fuid na tíre i mbéalaibh na ndaoine,
agus tá súil againn go gcuirfar síos iad. Ní baoghal
ná go mbeidh áthas ar an mBuachaillín Buidhe acht go
gcuirfidhe ag triall air iad. Bíodh tosach ag ár
sean-eólus féin is annsoin féadfain bheith ag claoidhe
le healadhnta na haimsire seo.

Is mór an truagh nach féidir an Féilire a thabhairt
amach ar phinginn. B'éidir go mbeadh sé ar ár
gcumus soin a dhéanamh i gcionn cupla baiadhan eile.
Cuirimíd fáilte roimh shaothar an Bhuachaillín Bhuidhe.
Beidh ceann ag gach léightheóir den IRISLEABHAR.



--



SAOTHAR ÁR SEAN I gCÉIN. Gearr-thuairisc ar
obair na Sean-Ghaedheal ar fuid na hEórpa, le
Seán Ó Ceallaigh. Ar n-a chur amach do Chumann
Bhuan-choimeádtha na Gaedhilge. I mBaile Átha
Cliath, le M. H. Gill agus a Mhac, teóranta, i
Sráid Uachtaraigh Uí Chonaill, 1904. Scilling
glan, a fhiacha.



"Daoine go bhfuil an 'saoghal i nÉirinn' ag cur
cúraim ortha fé láthair ní féidir dóibh gan a thabhairt


L. 739


fé ndeara go bhfuil athrughadh mór ag teacht ar
thréithibh agus ar imtheachtaibh na nGaedheal le tamall.
Bhí dúil san léigheann ag cloinn na Fódla ó thúis gan
amhrus, agus b'éidir nach ró-iongnadh an dúil chéadna
a bheith aca ann indiu. Mar a chéile bhí dúil mhór i
ngníomharthaibh gaisce agus i gcleasaibh grinn aca ó
thúis, agus tá fós." Sin é tosach an Réamh-fhocail
atá le leabhar Sheáin Uí Cheallaigh. Gan amhrus tá
"Sceilg na Sceól" ar an mbeag-bhuidhin go bhfuil an
saoghal i nÉirinn ag cur cúraim ortha. Tá sé ar an
mbuidhin a ghnáth-mhachtnaimheann ar chúrsaíbh na
hÉireann, ar a bhfuil curtha dhi aici ó chéad-áithigeadh í,
agus ar a bhfuil i ndán di san ré atá ag teacht. Sin
é an chéad smaoineamh a thiocfaidh chun aigne dhuine
d'éis an leabhair seo "Saothar ár Sean i gCéin" a
léigheamh. Ní'l ann ó thúis deireadh, agus is tuigthe
soin as, acht obair duine go raibh aigne tréan agus
intleacht foirbhthe ag stiúrughadh an pinn ler
scríobhadh é. Is mór an truagh gan céad éigin dá
shaghas againn. Ní bheimís i dtúrtaobh le breillicidh-
eacht is le tormán gan bhrígh gan éifeacht.



Bhí cion age Gaedhlaibh ar an léigheann riamh. Do
thaispeánadar soin go soiléir, nuair d'imthigheadar
trí neart ghrádh léighinn agus creidimh, ag síol-chur
críostamhlacht i dtíorthaibh págánta na hEórpa. Tá
an cion céadna aca ar an léigheann indiu. Cad eile
cad tá i gConnradh na Gaedhilge acht cumann mór
léighinn agus foghluma. Is é dóthchus ughdair an
leabhair seo, go dtiocfaidh as an dúil seo san
léigheann, go bhfillfidh a misneach ar Ghaedhlaibh is go
gclaoidhfid le chéile chun a dtír dhuthchuis d'árdach is
do chur fé cháil i measc tíortha an domhain mhóir. Sin
é ár ndóthchus-na leis, is do réir gach deallraimh ní
chaillfar orainn.



Tá soluíd fhóghanta ar chomhachta an léigheann ag
tagairt dár sean féin ins an leabhar so. Tuigimíd
as go raibh Éire fé mheas an fhaid a bhí cáil an
léighinn uirthi. Beidh sí fé mheas arís acht claoidhe
leis an léigheann. Ní héan-chúram beag é seo age
daoine á ghlacadh ortha féin, agus an t-atharrugadh atá
tagaithe ar an saoghal indiu, acht dálta Sceilg tá
ár ndóthchus as an ndúil atá age Gaedhlaibh san
léigheann.



Bá mhór é saothar ár sean san Éoraip, agus is
mór an truagh ná raibh breis slighe age Sceilg chun
cur síos ar an gceist fé mar do thuill. Acht fé mar
atá an leabhar cuirfidh iongnadh agus áthas ar
Ghaedhlaibh, agus cuirfidh misneach ionnta ar chuma go
mbeidh fonn ortha aithris a dhéanamh ar ghníomharthaibh
a sean féin. Ní iarrfadh Sceilg duais ná moladh ní
b'fhearr.



--



STAIR-CHEACHTA, Leabhar a hAon; .i. Sgéalta Gearra
ar neithibh agus ar dhaoinibh i Seanchus na hÉireann,
do scríobh Eoghan Ó Neachtain. Ar na chur amach
do Chonnradh na Gaedhilge, i mBaile Átha Cliath,
1905. Scilling a fhiacha, nó tríd an bpost ar
scilling is trí leath-phingne.



Sid é an chéad leabhar léightheóireachta ar Sheanchus na
hÉireann ar láimh againn, agus cuirimíd fáilte is
fiche roimhe. Tá gábhadh le leabhraibh den tsórd so ní
hamháin i scoileannaibh na tíre acht i gcóir daoine
fásta leis. Is iongantach é an ain-eólus an ghnáth-Éir-
eannaigh ar stair is ar dhálaibh a thíre duthchuis. An
fhaid a bhí ár dteanga féin fé réim san dtír, d'fhan
againn startha agus scéalta dánta agus dréachta
ag tagairt do dhálaibh na hÉireann ó aimsir
Chúchulainn go dtí abair aimsir Dhomhnaill Uí
Chonaill. Tháinig na startha agus na dánta so anuas
chughainn i mbéalaibh na ndaoine ó aois go haois. Tá
roinnt díobh ar fagháil leis i n-ár láimh-scríbhinne.
Acht nuair a chuaidh taithighe na Gaedhilge i luige ar
fuaid urmhór den tír d'imthigheadar na startha is na
dánta agus chailleamair d'éin-iarracht amháin an
seód-chuimhne is uaisle agus an oighreacht is treise
dar fhág ar sinsir againn. Is cruaidh an dáil é. Is
tubaisteach an scéal é. Acht cad é an mhaitheas
dúinn bheith á cheilt. Má tá d'fhonn orainn ár gcás a
leigheas tá sé ceangailte orainn méid na díoghbhála a
dhéineadh a scrúdughadh go géar agus go haireach.



Buidheachus le Dia, ní'limíd imthighthe thar fóir. Is
feidir ár "mbeatha cruadha do réidhteach." Ní éin-
phioc dá mhearathal orainn ná gur tríd an nGaedhilg
a thiocfaidh an leigheas agus an réidhteach son. Do
mheas cuid dá dtáinig romhainn, is ní ag tromaidheacht
ortha é, tuile na habhainn a chur i gcoinnibh an chnuic.
Do thógadar claidhe corann den Bhéarla roimh an
dtuile. Badh bheag an mhaith dhóibh soin. Tá an tuile
éirghthe go barra an chlaidhe anois. Is gearr go
mbeidh sí ag brúchtadh tháirsti, agus ag scéidhe as na
mílte poll san gclaidhe. I gcionn tamaill eile
beidh bearna leathan déanta aici, agus annsoin slán
beo leis an gclaidhe Béarla.



Poll an-fhairsing san gclaidhe úd is eadh Stair-
cheachta Eoghain Uí Neachtain. Tá tréithe fóghanta
ann. Gaedhilg shimplidhe a thaithnfidh le leanbhaíbh
scoile; scéalta deasa, agus innsint ortha ná fuil
thar tuiscint leanbhaí. Tá a leithéidí riachtanach i
ngach leabhar a scríobhfar i gcóir leanbhaí. Mar sin
féin, mar adubhramair thuas, do b'éidir le daoinibh
fásta a lán eoluis i dtaoibh na hÉireann a bhaint as
an leabhar. Dá mbéadh beagáinín beag eile fuinnim
san gcainnt annso agus annsúd do b'fhearrde é é; acht
nuair a chuimhnighmíd ar gurab í seo an chéad iarracht
ag éinne ar a leithéid seo leabhar a scríobhadh, is
móide is iongnadh linn a fheabhas agus a oireamhnaighe.
Molaimíd do léightheóiríbh an IRISLEABHAIR é, agus níor
bh'iongnadh linn dá mbeadh sé coitcheannta mar
leabhar léightheóireachta is mar leabhar seanchuis i
gcraobhchaibh de Chonnradh na Gaedhilge.


L. 740


Caithré M Conghail Cláiringhnigh. Martial Career
of Conghal Cláiringneach, Edited for the fist
time, with Translation, Introduction, Notes and
Glossary, by Patrick Mac Sweeney, M.A., Chan-
cellor's Gold Medallist for English Prose, R.U.I.
and Professor of Modern Literature in Holy Cross
College, Clonliffe, Dublin. Published for the Irish
Texts Society, by David Nutt, 57-59 Long Acre,
London, 1904.



Sid é leabhar na bliadhna 1902 de leabhraibh Chumainn
na Scríbheann Gaedhilge. Tá sé dá bhliadhain chun
deiridh, acht is fiú leabhar den tsórd so feitheamh
tamall air. Fear gnothach is eadh Pádraig Mac
Suibhne, agus nuair a chuimhnighmíd ar a liacht saothair
a bhain le socrughadh an téacs so agus a laighead
aimsire do b'éidir leis spáráil chuige is eadh is mó
is iongnadh linn feabhas a dhéanta agus méid an
eóluis atá curtha le chéile fé chúram is fé shlacht
ann. Deir an sean-fhocal gur treise duthchus 'ná
oileamhaint. Soluíd áluinn ar fhírinne an tsean-
fhocail seo is eadh Pádraig Mac Suibhne féin, mar
do shíolruigh ar thaobh a mháthar ar ean-chuma ó thréibh
go raibh cáil an léighinn is na scoláireachta ortha le
sna ciantaibh. Do b'é a shean-athair Ióseph Ó
Longáin do shocruigh agus d'ath-scríbh focal ar focal
na fac-similes úd an Leabhair Bhric, Leabhair na
hUidhre, an Leabhair Laighean, agusrl., a chuir muinntir
an Agadaimh i gcló, agus a bhrostuigh scolairí na
Gearmáine is tíortha nach í chun breis stuidéir a
dhéanamh ar an tSean-Ghaedhilg.



File agus scoláire maith Gaedhilge do b'eadh athair
Ióseph, .i. Micheál Óg Ó Longáin. Tá na céadtha
leabhar a scríobh sé féin is a chlann san Agadáimh, i
Muigh Nuadhat is i Sasanna. File agus scoláire
Gaedhilge b'eadh a athair siúd Micheál Ó Longáin,
leis. Bhí sé féin agus ar tháinig roimhe n-a nOllaimh
age Ridire an Ghleanna i gCo. Luimnigh go dtí gur
iompuigh duine aca chun an nua-chreidimh. Fuair
seisean seilbh na hoighreachta do réir na ndlighthe bhí
ar bun an uair úd. B'éigin don Ridire teicheadh
agus an Longánach in' fhochair.



Ní hiongnadh linn dá réir sin go mbeadh duthchas
an léighinn i bPádraig Mac Suibhne. Taispeáneann
an chuma n-ar chuir an leabhar so fé eagar go bhfuil.
Tá saothar maith macánta ann gan pioc den
bhuaileam-sciath. Is minic a thugaimíd fé ndeara i
leabhraibh den tsórd ag cur síos ar sean-litridheacht
na nGaedheal, óradh agus líonmhaireacht focal ag
tagairt do rudaíbh leathsmuigh den scéal ar fad.
Ní bhacann Pádraig le rudaíbh iasachta, agus dá
dheascaibh sin tá comhacht agus fuinneamh fé leith san
gcuma n-a ndéineann freastal ar lucht léighte an
leabhair. Tuigimíd as a ghrádh do Bhanbhain agus an
fonn a bhí air cion fir a dhéanamh ar a son. Sin í an
sprid a dhéanfaidh "ball bog den bhall chruaidh" agus
a fhóghnfaidh dhúinn san ré chontabharthaigh chatha agus
comhlainne atá romhainn.



I dtaobh an leabhair féin, ní gábhadh puinn a rádh
annso, acht amháin áireamh a dhéanamh ar chuid den na
treithibh do-chítar dúinn ann. Tá os cionn trí fichid
leathanach i dtosach an leabhair fé dhíon-bhrollach ag
cur síos ar an gCaithréim ar a fheabhas mar litridh-
eacht is cunntus ar an gcuma n-a raibh "an Briathar"
an tráth scríobhadh an láimh-scríbhinn timcheall na
bliadhna 1650.



N-a dhiaidh soin tagann an Caithréim agus aistriugh-
adh díleas air san mBéarla. Tá ana-chuid nótaí
tríd síos, agus i ndeireadh an leabhair tá Foclóir
curtha le chéile ag an eagartóir n-a bhfuil na focail
is cruaidhe dá bhfuil i dtéacs an scéil agus mín-
iughadh ortha.



Go deimhin, táimíd fé chomhaoin ag Cumann
na Scríbheann Gaedhilge i dtaoibh an leabhair oireamh-
naigh seo a thabhairt dúinn, agus go háirithe é theacht chom
luath so i ndiaidh an Fhoclora. Leabhair den tsórd so
theastuigheann uainn, leabhair ná fuil ró-sheannda,
leabhair a thuigfidh gnáth léightheóir na Gaedhilge.
Trí leath-choróineach fiacha an leabhair do dháltaí an
Chumann, agus leath-giní do daoinibh ná fuil.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services