Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Nua-Litridheacht.
Title
Nua-Litridheacht.
Author(s)
Boswell, C. S.,
Composition Date
1905
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
NUA-LITRIDHEACHT. -- Seo dhá litir a tháinig ag triall orainn i dtaobh cheisnimh Sheáin Uí Riain. Badh bhreagh linn go léir nídh nach iongnadh, ná beadh éin-nídh dhá scríobhadh san nGaedhilg acht earradh go bhféadfaidhe litridheacht a thabhairt uirthi. Acht cíonn an saoghal ná fuil an scéal amhlaidh, agus go gcaithfar a bheith sásta go fóillín leis an earradh a gheibhtar. Níor tógadh an Róimh i n-éan-lá amháin ná i ndeich mbliadhna acht chomh beag. Oireann scríbhneóirí dhúinn gan amhrus, scríbh- neóirí go mbeidh blastacht n-a gcainnt agus taitheac n-a smaointibh; acht sara mbeidh éinne n-a scríbh- neóir fóghanta ní mór dó téarma a chaitheamh ag foghluim na céirde. Táthar ag foghluim na céirde fé láthair thiar thuaidh agus theas agus ná bíodh éin-mhearathal ar "Ghort an Phunainn" n-a thaobh mar chífidh sé féin cuid den tsoláthar, rud do chuirfidh áthas i n-ionad seirbhthín air agus rud ná bainfidh de shláinte a mhná. Ní féidir a bheith deimhnitheach fós pé aca an bhfuil uain na n-aistriugadh tagaithe nó ná fuil. Chun ais- triughadh a dhéanamh n-a cheart níor mhór do dhuine eolus maith a bheith aige ar an dá theangain, ar an nGaedhilg go sonnrádhach agus ar an dteangain eile chomh maith. Dá mbeadh roinnt leabhar aistrighthe go fóghanta againn, bheadh an bóthar réidh go leór; tá soin ar iarraidh fós amhtach. Badh maith linn tuairim léightheóirí eile d'fhagháil. -- A Fhir Eagair, 'Sé mo thuairim go raibh rud beag den fhírinne ag Seaghán Ua Riain nuair a fuair sé locht ar mhór-chuid de na haistíbh Gaedhealacha atá 'gá gcur i gcló an t-am atá i láthair ann. Is fear pósta mise, agus sé an mí-ádh é nach bhfuil sláinte mhaith ag mo mhnaoi. Im shuidhe cois na teine sa tráthnóna dhom tar éis obair an lae do bheith críochnuighthe agam 's minic a thógaim im lámh leabhar Gaedhealach nó páipéar Gaedhealach. "Céard é sin atá 'ghá léigheadh agat anois?" a déarfaidh sí liom. "Sgéal Gaedhealach." "An sgéal é a thráchtann ar phúca nó ar lios nó ar shidheóig nó ar rud éigin den tsórt sin a chuireann mór-sgannradh orm agus a bhaineann codladh na hoidhche dhíom go minic! Má's eadh, leog díot é agus bailigh chugat rud éicint eile?" Tar éis clamhsán den tsórt sin ní bhíonn sé de rogha agam acht an leabhar do chaitheamh uaim nó rud níos measa ná sin b'fhéidir a léigheadh ós ísiol dom féin. An aon iongnadh é go nglacann mo bhean seirbhthean do na leabhraibh Gaedhealacha agus do gach uile rud a bhaineas leó? Acht tá sgéalta eile ann agus badh dhóigh le duine ortha nach mbíonn ó lucht a sgriobhtha acht a theasbáint don domhan mhór cad é an greim atá ag an dubháilce agus ag gach uile chineál droch-chleasuidheachta ar Ghaedhealaibh. Inniseann a leitheid sin de sgéal dúinn gur ghoid Micheál Domhnall mála prátaí ó n-a athair le linn dó bheith ar an aonach gur chuir sé clocha móra i n-íochtair an mhála agus gur dhíol sé le fear an tábhairne iad idir chlocha agus prátaí mar íocuidheacht ar an méid leanna d'ól sé roimh ré. Nach deas an pictiúir é sin anois! Agus nach mór an fonn a bheadh ar dhuine go bhfuil meas aige ar a thír dhuthchais, a thabhairt amach os comhair an tsaoghail! Is feasach dhom go mbíonn togha na cainte le fagháil ins na sgéaltaibh so go minic acht chan nach bhféadfaidhe adhbhar sgéalta eile a cheapadh go mbeadh fearamhlacht agus árd-aigeantacht ionnta agus go mbeadh sé de thoradh ortha a mhalairt de cháil do thabhairt ar Ghaedhealaibh na hÉireann seachas cáil na gcleasuidhthe gcríoch- nuighthe. Tá súil agam go gcuirfear chuige seo i n-am, mar dar liom, níl dá luaithe a deintear é ná gurab amhlaidh is fearr é. Mise, do chara, GORT AN PHUNNAINN. Sheffield.
Nach ádhbhal-mhóir, neamh-thrócaireach atuirseach í an chuid gobaireachta atáim a chur ort! Mar sin féin tá súil agam go maithfidh tú dhom é, ar son tábhachta an ceiste. Mise, do bhuan-chara, C. S. BOSWELL. Bronsgrove. Tá Cumann na bPiobairí i mBaile Átha Cliath ag obair go fóghanta chun ár gceóil duthchais a choimeád fé réim. Do thugamair soin fé ndeara ar an gcuirm cheóil a bhí fé n-a gcúram san Rothunda an 17 lá den mhí seo ghaibh thorainn. Bhi an sean-nós go flúirseach ann, agus sin rud ná fachtar go ró-mhinic le n-ar linn-na. Do thaithin linn go maith an triúr píobairí ag comh-sheinnim. Do bh'fhearr linn ar Scoruidheacht nó ar Chéilidhe iad 'ná "Band" dá fheabhas, agus táimíd deimhnitheach do go mbeidh glaodhach ortha leis, dá mhéid respectability iasachta a ghabhann le "Band."
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services