Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Nua-Litridheacht.

Title
Nua-Litridheacht.
Author(s)
Boswell, C. S.,
Composition Date
1905
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

NUA-LITRIDHEACHT.



--



Seo dhá litir a tháinig ag triall orainn i dtaobh
cheisnimh Sheáin Uí Riain. Badh bhreagh linn go léir
nídh nach iongnadh, ná beadh éin-nídh dhá scríobhadh san
nGaedhilg acht earradh go bhféadfaidhe litridheacht a
thabhairt uirthi. Acht cíonn an saoghal ná fuil an
scéal amhlaidh, agus go gcaithfar a bheith sásta go
fóillín leis an earradh a gheibhtar. Níor tógadh
an Róimh i n-éan-lá amháin ná i ndeich mbliadhna acht
chomh beag.



Oireann scríbhneóirí dhúinn gan amhrus, scríbh-
neóirí go mbeidh blastacht n-a gcainnt agus taitheac
n-a smaointibh; acht sara mbeidh éinne n-a scríbh-
neóir fóghanta ní mór dó téarma a chaitheamh ag
foghluim na céirde. Táthar ag foghluim na
céirde fé láthair thiar thuaidh agus theas
agus ná bíodh éin-mhearathal ar "Ghort an Phunainn"
n-a thaobh mar chífidh sé féin cuid den tsoláthar, rud
do chuirfidh áthas i n-ionad seirbhthín air agus rud ná
bainfidh de shláinte a mhná.



Ní féidir a bheith deimhnitheach fós pé aca an bhfuil
uain na n-aistriugadh tagaithe nó ná fuil. Chun ais-
triughadh a dhéanamh n-a cheart níor mhór do dhuine
eolus maith a bheith aige ar an dá theangain, ar an
nGaedhilg go sonnrádhach agus ar an dteangain eile
chomh maith. Dá mbeadh roinnt leabhar aistrighthe go
fóghanta againn, bheadh an bóthar réidh go leór; tá
soin ar iarraidh fós amhtach. Badh maith linn tuairim
léightheóirí eile d'fhagháil.



--



A Fhir Eagair,



'Sé mo thuairim go raibh rud beag den fhírinne ag
Seaghán Ua Riain nuair a fuair sé locht ar mhór-chuid
de na haistíbh Gaedhealacha atá 'gá gcur i gcló an
t-am atá i láthair ann.



Is fear pósta mise, agus sé an mí-ádh é nach bhfuil
sláinte mhaith ag mo mhnaoi. Im shuidhe cois na teine
sa tráthnóna dhom tar éis obair an lae do bheith
críochnuighthe agam 's minic a thógaim im lámh leabhar
Gaedhealach nó páipéar Gaedhealach. "Céard é sin
atá 'ghá léigheadh agat anois?" a déarfaidh sí liom.
"Sgéal Gaedhealach." "An sgéal é a thráchtann ar
phúca nó ar lios nó ar shidheóig nó ar rud éigin den
tsórt sin a chuireann mór-sgannradh orm agus a
bhaineann codladh na hoidhche dhíom go minic! Má's
eadh, leog díot é agus bailigh chugat rud éicint
eile?" Tar éis clamhsán den tsórt sin ní bhíonn sé
de rogha agam acht an leabhar do chaitheamh uaim nó
rud níos measa ná sin b'fhéidir a léigheadh ós ísiol
dom féin. An aon iongnadh é go nglacann mo bhean
seirbhthean do na leabhraibh Gaedhealacha agus do gach
uile rud a bhaineas leó?



Acht tá sgéalta eile ann agus badh dhóigh le duine
ortha nach mbíonn ó lucht a sgriobhtha acht a theasbáint
don domhan mhór cad é an greim atá ag an dubháilce
agus ag gach uile chineál droch-chleasuidheachta ar
Ghaedhealaibh. Inniseann a leitheid sin de sgéal
dúinn gur ghoid Micheál Domhnall mála prátaí ó n-a
athair le linn dó bheith ar an aonach gur chuir sé
clocha móra i n-íochtair an mhála agus gur dhíol sé le
fear an tábhairne iad idir chlocha agus prátaí mar
íocuidheacht ar an méid leanna d'ól sé roimh ré.
Nach deas an pictiúir é sin anois! Agus nach mór an
fonn a bheadh ar dhuine go bhfuil meas aige ar a thír
dhuthchais, a thabhairt amach os comhair an tsaoghail! Is
feasach dhom go mbíonn togha na cainte le fagháil ins na
sgéaltaibh so go minic acht chan nach bhféadfaidhe adhbhar
sgéalta eile a cheapadh go mbeadh fearamhlacht agus
árd-aigeantacht ionnta agus go mbeadh sé de thoradh
ortha a mhalairt de cháil do thabhairt ar Ghaedhealaibh
na hÉireann seachas cáil na gcleasuidhthe gcríoch-
nuighthe.



Tá súil agam go gcuirfear chuige seo i n-am, mar
dar liom, níl dá luaithe a deintear é ná gurab
amhlaidh is fearr é.



Mise, do chara,



GORT AN PHUNNAINN.
Sheffield.


L. 736


Nach ádhbhal-mhóir, neamh-thrócaireach atuirseach í an
chuid gobaireachta atáim a chur ort! Mar sin féin
tá súil agam go maithfidh tú dhom é, ar son tábhachta
an ceiste.



Mise, do bhuan-chara,
C. S. BOSWELL.



Bronsgrove.



Tá Cumann na bPiobairí i mBaile Átha Cliath ag
obair go fóghanta chun ár gceóil duthchais a choimeád
fé réim. Do thugamair soin fé ndeara ar an gcuirm
cheóil a bhí fé n-a gcúram san Rothunda an 17 lá den
mhí seo ghaibh thorainn. Bhi an sean-nós go flúirseach
ann, agus sin rud ná fachtar go ró-mhinic le n-ar
linn-na. Do thaithin linn go maith an triúr píobairí
ag comh-sheinnim. Do bh'fhearr linn ar Scoruidheacht
nó ar Chéilidhe iad 'ná "Band" dá fheabhas, agus
táimíd deimhnitheach do go mbeidh glaodhach ortha leis,
dá mhéid respectability iasachta a ghabhann le "Band."



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services