Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Clodhanna Nua.
Title
Clodhanna Nua.
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1904
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Clodhanna Nua. Aistidhe Gaedhilge, le haghaidh an Aosa Óig. Irish Lessons for the Young, with Short Vocabularies and Copious Explanations. Le An Athair Pádraig Ua Duinnín. M. H. Gill agus a Mhach (Teor.). Réal glan. Seo leabhar eile againn ó láimh an Athar Pádraig. Go deimhin ní mór ar thug de suaimhneas dó féin tar éis dó an saothar mór, an Foclóir, a chríochnughadh. Ba dhóigh le duine gur cheart dó fanamhaint gan corruidhe ar feadh ráithe, an chuid is lugha de, d'éis an fhoclóra a thabhairt amach. Seo ar a shálaibh-sin agann leabhar beag taithneamhach i gcóir aosa óig na tíre ó n-a láimh. Tá sé chun sraith leabhar den tsaghas chéadna a thabhairt amach fén ainm "Sraith Leabhar Scoile Sheathrúin Chéitinn." Ba dheacair ainm ní b'oireamh- naighe d'fhagháil dóibh. Ceachta beaga is eadh iad. Tráchtann sé ar a lán rudaí, ar dhaoinibh, ar ainmhidhthibh, ar thréithibh maithe, ar ráithíbh na bliadhna is go fiú an mhótuir fhéin. Tá Gaedhilg dheas shimplidhe ionnta d'oirfidh do leanbhaí scoile. Tá foclóir beag ag gabháil le gach ceacht aca, agus i ndeireadh an leabhair tá thíos aige nótaí ag tagairt do choraibh cainnte, agusrl. Beidh gábhadh le leabhair den tsórd so feasta i scoileanna n-a mbeidh oideachas dá theangan ar siubhal ionnta. Is maith an luach réalaighe an leabhar so, agus beidh glaodhach air gan amhrus. Solus na nGaedheal déanta i mBaile Áta Cliath. Cártaí Posta Gaedhelaacha! Seoltar litreacha i dtaobh Eagarthóireacht go dtí an Fear Eagair; agus litreacha i dtaoibh Bainistighe go dtí Stiúrthóir, Oifig an Chonnartha, 24 Sráid Uachtarach Uí Chonaill, Áth Cliath.
Sliocht as "Irisleabhar na Gaedhilge." Uimhir I. An áit d'ár gabhas, (trí fuinn). An tAthair Cathaoir Ó Bréandáin ("Oisín") agus "Fear Fuartha na dTréithre." Do Sholáthruigh. Uimhir II. Turas go Tír na n-Óg (trí fuinn). An tAthair Tomás Mac 'Liam. Do Sholáthruigh. Ar n-a chur amach do Chonnradh na Gaedhilge, Baile Átha Cliath, 1903. Pighin an ceann. Seachadadh áluinn le h-aghaidh na bPáistí Sideóga ag obair: Sgéalta Sidhe: 'Liam Ó Riain do sgríobh. Raol an Chóib. Seacht bPighne Saor Thríd an bPost. Seachadadh áluinn le h-aghaidh na bpáisdí. "An Táilleán,"
Smuainte ar Árainn, I n-a dtugtar cúnntas i nGaedhilge shnasta shimplidhe ar Árainn na Naomh agus ar mhuinntir Ghaedhealaigh na háite sin, agus ar Phátrún, Feis, Aeridheacht, Banais, agusc., do bhí 'san Inis, maille le fiche íomháigh ag taisbeáint slighe bheatha agus caitheamh-aimsire na ndaoine. Fa pháipéar láidir, 6d.; tríd an bpost, 7d. Fá Éadach, 1/-; tríd an bpost 1/2 Fá Leathar, 1/6; tríd an bpost, 1/8. Aodh Ó néill. Dráma Úr-Nua. Do sgríobh "Conán Maol." An chéad Leabhrán do shraith-leabhair "An Claidheamh Soluis." Ar Fagháil Ó Rúnaire Connartha na Gaedhilge, Agus ó gach éan reiceadóir leabhar eile, AR THRÍ PIGINNE. AGUS TRÍD AN bPOSTA, AR THRÍ PIGHINNE IS LEITH-PHIGHINN.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services