Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Clodhanna Nua.

Title
Clodhanna Nua.
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1904
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

Clodhanna
Nua.



Aistidhe Gaedhilge, le haghaidh an Aosa Óig. Irish
Lessons for the Young, with Short Vocabularies
and Copious Explanations. Le An Athair Pádraig
Ua Duinnín. M. H. Gill agus a Mhach (Teor.). Réal
glan.



Seo leabhar eile againn ó láimh an Athar Pádraig.
Go deimhin ní mór ar thug de suaimhneas dó féin tar
éis dó an saothar mór, an Foclóir, a chríochnughadh.
Ba dhóigh le duine gur cheart dó fanamhaint gan
corruidhe ar feadh ráithe, an chuid is lugha de, d'éis
an fhoclóra a thabhairt amach. Seo ar a shálaibh-sin
agann leabhar beag taithneamhach i gcóir aosa óig
na tíre ó n-a láimh.



Tá sé chun sraith leabhar den tsaghas chéadna a
thabhairt amach fén ainm "Sraith Leabhar Scoile
Sheathrúin Chéitinn." Ba dheacair ainm ní b'oireamh-
naighe d'fhagháil dóibh.



Ceachta beaga is eadh iad. Tráchtann sé ar a lán
rudaí, ar dhaoinibh, ar ainmhidhthibh, ar thréithibh maithe,
ar ráithíbh na bliadhna is go fiú an mhótuir fhéin. Tá
Gaedhilg dheas shimplidhe ionnta d'oirfidh do leanbhaí
scoile. Tá foclóir beag ag gabháil le gach ceacht
aca, agus i ndeireadh an leabhair tá thíos aige nótaí
ag tagairt do choraibh cainnte, agusrl. Beidh gábhadh le
leabhair den tsórd so feasta i scoileanna n-a mbeidh
oideachas dá theangan ar siubhal ionnta. Is maith an
luach réalaighe an leabhar so, agus beidh glaodhach air gan
amhrus.



Solus
na nGaedheal
déanta
i mBaile Áta Cliath.



Cártaí Posta Gaedhelaacha!



Seoltar litreacha i dtaobh Eagarthóireacht go dtí
an Fear Eagair; agus litreacha i dtaoibh Bainistighe go
dtí Stiúrthóir, Oifig an Chonnartha, 24 Sráid Uachtarach
Uí Chonaill, Áth Cliath.


L. 700a


Sliocht as "Irisleabhar na Gaedhilge."



Uimhir I.



An áit d'ár gabhas,
(trí fuinn).



An tAthair Cathaoir Ó Bréandáin ("Oisín") agus "Fear Fuartha na dTréithre."
Do Sholáthruigh.



Uimhir II.



Turas go Tír na n-Óg
(trí fuinn).



An tAthair Tomás Mac 'Liam.
Do Sholáthruigh.



Ar n-a chur amach do
Chonnradh na Gaedhilge, Baile Átha Cliath,
1903.



Pighin an ceann.



Seachadadh áluinn le h-aghaidh na bPáistí



Sideóga ag obair:
Sgéalta Sidhe:



'Liam Ó Riain do sgríobh.



Raol an Chóib. Seacht bPighne Saor Thríd an bPost.



Seachadadh áluinn le h-aghaidh na bpáisdí.



"An Táilleán,"


L. 700b


Smuainte ar Árainn,
I n-a dtugtar cúnntas i nGaedhilge shnasta shimplidhe
ar Árainn na Naomh agus ar mhuinntir Ghaedhealaigh na
háite sin, agus ar Phátrún, Feis, Aeridheacht, Banais, agusc.,
do bhí 'san Inis, maille le fiche íomháigh ag taisbeáint slighe
bheatha agus caitheamh-aimsire na ndaoine.



Fa pháipéar láidir, 6d.; tríd an bpost, 7d.
Fá Éadach, 1/-; tríd an bpost 1/2
Fá Leathar, 1/6; tríd an bpost, 1/8.



Aodh Ó néill. Dráma Úr-Nua.
Do sgríobh "Conán Maol."



An chéad Leabhrán do shraith-leabhair "An Claidheamh Soluis."
Ar Fagháil Ó Rúnaire Connartha na Gaedhilge,
Agus ó gach éan reiceadóir leabhar eile, AR THRÍ PIGINNE.
AGUS TRÍD AN bPOSTA, AR THRÍ PIGHINNE IS LEITH-PHIGHINN.





19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services