Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Nuid na Gaedhilge VI.
Title
Nuid na Gaedhilge VI.
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1904
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
NUID NA GAEDHILGE. - VI. Sé rud atá againn i gcóir "Nuid na Gaedhilge" an mhí seo ná dhá leathanach as láimhscríbhinn atá ar iasacht againn ó "Sceilg na Sceól." Fear dar bh'ainm Donnchadh Ó Scannaill a scríbh é san mbliadhain 1825. Tá "Iomunn Phádraig," "Ceisneamh Inghine Ghuill," agus "Cath Fionntrágha" ann. A "Cath Fionntrágha" seadh bainead an dá leathanach so thall." Sid iad iad: - " … stadadar don réim sin gur shoc- rui(ghea)dar in sa ráth os úir an chuain se ráidhtear Ráth na bhFiann indiu. Is annsoin adubhairt Oisín mac Fhinn: "(a) athair," ar sé, "an d'aon taoibh do chuirfeam cath le hallmhurachaibh don chor so?" "Ní headh, a mhic," ar Fionn, "óir do mhuirfidís ar sluaighte agus ní bheadh fios uasal seoch íosal againn; acht racha(idh) mac ríogh nó taoisigh éigin againn gach lá do chomhrac re mac ríogh nó taoisigh de righthibh an domhain go n-a sluagh; agur cóireochad-sa rinn chaol agus deireadh leathan ar mo chath féin; agus ná deargadh neach agaibh acht ar thriath nó ar thighearna i dtúis oir an tan thuiteas an tighearna is madhm dá mhuinntir. Is annsoin adubhairt Fionn; "Cia agaibh fhreag- óras indiu uaim?" "Mise sin," arse Fionn mac Dubháin mac Murchadha .i. rí Féinne Fian Mumhan, "agus an Fhiann Mhuimhneach liom." "Ní rachair a mhic," arse Fionn, "oir ní foillsighthear damh-sa go bhfuil feidhm catha ort indiu; agus ní dheachaidh aon duine uaim-se i gcath ná i gcomhrac riamh ná tiubhrainn aithne ar a theacht slán arís." "Ná habair-se soin, a Rígh Fhéinne," ar mac Dubháin, "oir ní locfainn an nídh do ghabhas do láimh tré dhroch-fháistine do dhéanamh dam." "Is truagh liom-sa soin," ar Fionn, "oir badh chomh-thuitim duit féin is dod chuid uile comhrac cibé de righthibh an domhain bhíos id dháil indiu. Ar sin téid Glas mac Dubh in d'fhogra catha ó …" THE LAND CONFERENCE AND ITS CRITICS. By William O'Brien, M.P. Price, Twopence. Dublin; M.H. Gill agus Son, Publishers. Do cuireadh an leabhrán so ag triall orainn, chun ár dtuairim d'fhagháil air. Is deallrathach le caitheamh péarlaí chun na muc é. Ní thuigimíd scéal an Bhille seo na Talmhan ná ní thuigimíd éan-taobh den díospóireacht atá ar bun mar gheall air. Is fearra dhúinn ár suaimhneas a cheapadh dá bhrigh sin. Badh mhaith linn a radh ámh go bhfuil a leithéid de leabhar ann.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services