NUID NA GAEDHILGE. - VI.
Sé rud atá againn i gcóir "Nuid na
Gaedhilge" an mhí seo ná dhá leathanach as
láimhscríbhinn atá ar iasacht againn ó
"Sceilg na Sceól." Fear dar bh'ainm
Donnchadh Ó Scannaill a scríbh é san
mbliadhain 1825. Tá "Iomunn Phádraig,"
"Ceisneamh Inghine Ghuill," agus "Cath
Fionntrágha" ann. A "Cath Fionntrágha"
seadh bainead an dá leathanach so thall."
Sid iad iad: -
" … stadadar don réim sin gur shoc-
rui(ghea)dar in sa ráth os úir an chuain se ráidhtear
Ráth na bhFiann indiu. Is annsoin adubhairt Oisín
mac Fhinn: "(a) athair," ar sé, "an d'aon taoibh do
chuirfeam cath le hallmhurachaibh don chor so?" "Ní
headh, a mhic," ar Fionn, "óir do mhuirfidís ar
sluaighte agus ní bheadh fios uasal seoch íosal againn;
acht racha(idh) mac ríogh nó taoisigh éigin againn gach
lá do chomhrac re mac ríogh nó taoisigh de righthibh an
domhain go n-a sluagh; agur cóireochad-sa rinn chaol
agus deireadh leathan ar mo chath féin; agus ná
deargadh neach agaibh acht ar thriath nó ar thighearna i
dtúis oir an tan thuiteas an tighearna is madhm dá
mhuinntir.
Is annsoin adubhairt Fionn; "Cia agaibh fhreag-
óras indiu uaim?" "Mise sin," arse Fionn mac
Dubháin mac Murchadha .i. rí Féinne Fian Mumhan,
"agus an Fhiann Mhuimhneach liom." "Ní rachair a
mhic," arse Fionn, "oir ní foillsighthear damh-sa go
bhfuil feidhm catha ort indiu; agus ní dheachaidh aon
duine uaim-se i gcath ná i gcomhrac riamh ná tiubhrainn
aithne ar a theacht slán arís." "Ná habair-se soin, a
Rígh Fhéinne," ar mac Dubháin, "oir ní locfainn an
nídh do ghabhas do láimh tré dhroch-fháistine do dhéanamh
dam." "Is truagh liom-sa soin," ar Fionn, "oir badh
chomh-thuitim duit féin is dod chuid uile comhrac cibé
de righthibh an domhain bhíos id dháil indiu. Ar sin
téid Glas mac Dubh in d'fhogra catha ó …"
THE LAND CONFERENCE AND ITS CRITICS.
By William O'Brien, M.P. Price, Twopence.
Dublin; M.H. Gill agus Son, Publishers.
Do cuireadh an leabhrán so ag triall orainn, chun ár
dtuairim d'fhagháil air. Is deallrathach le caitheamh
péarlaí chun na muc é. Ní thuigimíd scéal an Bhille
seo na Talmhan ná ní thuigimíd éan-taobh den
díospóireacht atá ar bun mar gheall air. Is fearra
dhúinn ár suaimhneas a cheapadh dá bhrigh sin. Badh
mhaith linn a radh ámh go bhfuil a leithéid de leabhar
ann.
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11