Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Láimhscríbhinne.
Title
Láimhscríbhinne.
Author(s)
Féach ainm cleite,
Composition Date
1904
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
LÁIMHSCRÍBHINNE. Seo cunntas do fuairamair ón gCraoibhín Aoibhinn ar láimhscríbhinn a bhí ar iasacht aige. Tá sé idir lámhaibh againn le fada, agus gan an chaothamhlacht againn ar é chur i gcló. Ní'l críochnuighthe ag an Athair Pádraig de Poér fós, acht aireogthar uaid an mhí seo chughainn. Tá aiste ar láimhscríbhinn i gCambridge againn leis, ó Giolla Brighde Ó Catháin. Déanfam freastal air chomh luath agus is féidir linn. Mara ndéanfar trácht ar ár láimhscríbhinne is baoghalach go raghaidh a thuilleadh aca amudha uainn. Go deimhin badh chóir iarracht láidir a dhéanamh ar an bhfuigheallach atá againn, a bhailiughadh agus a chur i dtaisce. Leabhar an Domhnallaigh Dearbhaighim dhuit a charaid dá mbiadh inntleacht agus teangacha a ttáinic agus a ttiocfaidh do shíol Ádhaimh agus Eubha agam anios, ar an láthair-se, nach ttiocfadh liom an fithcheadh míle cuid do chumaoine Chriosd ár Slánnightheóir ar an té is úirísle ann so aniogh do chuir a ccéill. Agus a chairad chroidhe, ó chuaidh so os ceann m'inntleachta, atáim ag iarraidh aon athchuinge amháin ort, .i. do shúile santach saoghalta colnuigh do dhrud agus a sithcháin na fola fíor-uaisle léar fuaisgladh sibh, mur [= bhur] súile creidimh agus cóinsiasa d'fhosgladh, agus tugaidh an [= aon] fhéachain amháin leo fúghaibh, ar phríosún dhubh dhorcha iffrinn. Féachaidh a lighacht liómhan an, agus a lighacht dragún craos-fhosgailte cíocracha do bhí réidh chum bhar sluigthe. Féachaidh a liaghacht uird agus inneóin, a ligheacht teine dearg- lasracha nach féidir a múchadh, agus sneachta nach féidir do laegheadh a cceardcha tighi iffrinn. Féachaidh na cceann so a liaghacht gabha diabhluighe dubh-loisghte do bhí re h-aghaidh mar [= bhar] ndóghaidh agus mar n-inghreamhna, féachaidh a liaghacht pian agus reannaid eile nach féidir do chur a n-ordughadh no [a] n-aireamh mar deir Iob; áit nach bhfuil acht uamhain agus gráineamhlacht shíoruidhe nach féidir do chur a n-ordughadh no d'airneis. Tógbhaigh mur súile da éis sin d'iffrinn agus tugaidh aon amharc amháin ar Chríosd mar Slanuightheóira ccrann na páise, féachaidh a chorp créachtach craos-fhosgalta do mar saoradh agus do mar sábháil ar chraosaibh leómhan agus dragun diabhluige tigh iffrionn. Fáilte dhuit ó'n tír anuas le h-ais mo chuain a Shearluis Óig, As fada ó fuair neach dar dhual Silbh mo bhruaich' no ceart da chóir. No go dtáinigh chugainn ó'n tír anuas Plannda suairc a clannaibh Néill, Do níodh dídin dhamh gach uair, Ansacht bhuan Gall as Gaodhal.
Thimchioll siad mé cois tuinn cúbhair-ghlé Gur fionnbhadh (?) leó réim mo theórainn Mar [budh] bhinn leófa géimneach trom-eallaigh a's laoigh Linn lachta a's méad mo fhóghmhair Mil bheach a's céir is grinn crathuigh (?) an laé Le lonnradh na gréine glóraigh, M'fionn-locha 's m'aér gur mianuigheadh leó é Gan sgarmhain ar aon ndóigh liom. Thuit Eeochar agus Brian a's Iochorbha san ghliadh. Roinneadar an chríoch, an clann-sa, fo thri Idir fearanntaibh maoin a's seudaibh, An Mhúmhan deas do b'í dúiche fairsing saor Ag umhlúgh' faoi chíos do Éibhir. Laighnibh 's go dti Gailbhe Magh Íth Le Teamhraigh na ríogh ag Éireamhon Ulladh budh h-í mír Eibhir Mhic Ír O Bhorcaibh go dti [Loch Eirne!]. An triar úd a d'fhás ó Mhilidh Easpáin Do líne as cheart-lár Gadéluis Ge nach cí nois ar fághail aon díol, mo chrádh, Nach bhfuil faon-lag faoi cháin daoirse. A mhacaoimh a théid a' lasadh do léighionn Go Baltaic no an taobh suas de Agus ghlacas a ndeis (?) do teacsa (?) beit réidh Faoi brataidh dheich ccéad buachaill. Tá seacht mbliaghna déag, etc. Fáilte a mháthair rómhad ar ttús A Mhaighdean mhúinte dar ab oighre Dia Failte na naoi n-ord fo seach 'S gur indiú ar neamh atá do thriall. Táid tri laithe toirmeaisgthe do réir na ndoch- tuireadh san mbliadhain .i an chéad Luan do mhi April i. an lá do rugadh Cain agus do mharbh a dhearbháthair Abel. An dara Luan do mhi agust .i. an lá do sgriosadh Sodom is Gomorah, agus an treas Luan .i. an Luan déighioneach do mhí December .i. an lá do rugadh Judas an ti do bhraith ar ttigearna Criosd. An taobh ó dheas do'n eidirdealugh ud iomorra is amhluidh do bhí an ghrian lán do ghlóir agus do soillse san árd soir, agus an ghealach san ard siar lán de gheal sholus, agus na réalta ag lanreadh lúthghaire fo ghnúis na firmamaint agus an daingin áird agus budh coimhionann la agus aoidhche ann san leith sin. Agus an magh uile lom lán do palasaib aoibhne, il-dhealbacha agus do chrannaibh áille mbuadh- toracha agus do shrothaibh sairghlain fionamhla uisge, agus a lucht áitribh budh h-áluinn re na bhféachain iad, etc. Glac mo comhairle-sa eire a deirbhsior Eirigh o do trom shuan agus déanadeifir Tabhair cúl le healtranus agus aghaigh ar fhlaitheamhnas. Ag sin anois suim an leabhair-se mar fuair mise romham é. October 1. mdcccc. Mise, AN CRAOIBHÍN AOIBHINN.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services