Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Láimhscríbhinne.

Title
Láimhscríbhinne.
Author(s)
Féach ainm cleite,
Composition Date
1904
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

LÁIMHSCRÍBHINNE.



Seo cunntas do fuairamair ón gCraoibhín Aoibhinn
ar láimhscríbhinn a bhí ar iasacht aige. Tá sé idir
lámhaibh againn le fada, agus gan an chaothamhlacht againn
ar é chur i gcló. Ní'l críochnuighthe ag an Athair
Pádraig de Poér fós, acht aireogthar uaid an mhí
seo chughainn. Tá aiste ar láimhscríbhinn i gCambridge
againn leis, ó Giolla Brighde Ó Catháin. Déanfam
freastal air chomh luath agus is féidir linn. Mara
ndéanfar trácht ar ár láimhscríbhinne is baoghalach
go raghaidh a thuilleadh aca amudha uainn. Go deimhin
badh chóir iarracht láidir a dhéanamh ar an bhfuigheallach
atá againn, a bhailiughadh agus a chur i dtaisce.



Leabhar an Domhnallaigh



Dearbhaighim dhuit a
charaid dá mbiadh inntleacht agus teangacha a ttáinic
agus a ttiocfaidh do shíol Ádhaimh agus Eubha agam
anios, ar an láthair-se, nach ttiocfadh liom an fithcheadh
míle cuid do chumaoine Chriosd ár Slánnightheóir ar
an té is úirísle ann so aniogh do chuir a ccéill. Agus
a chairad chroidhe, ó chuaidh so os ceann m'inntleachta,
atáim ag iarraidh aon athchuinge amháin ort, .i. do
shúile santach saoghalta colnuigh do dhrud agus a
sithcháin na fola fíor-uaisle léar fuaisgladh sibh,
mur [= bhur] súile creidimh agus cóinsiasa d'fhosgladh,
agus tugaidh an [= aon] fhéachain amháin leo fúghaibh,
ar phríosún dhubh dhorcha iffrinn. Féachaidh a lighacht
liómhan an, agus a lighacht dragún craos-fhosgailte
cíocracha do bhí réidh chum bhar sluigthe. Féachaidh a
liaghacht uird agus inneóin, a ligheacht teine dearg-
lasracha nach féidir a múchadh, agus sneachta nach
féidir do laegheadh a cceardcha tighi iffrinn. Féachaidh
na cceann so a liaghacht gabha diabhluighe dubh-loisghte
do bhí re h-aghaidh mar [= bhar] ndóghaidh agus mar
n-inghreamhna, féachaidh a liaghacht pian agus reannaid
eile nach féidir do chur a n-ordughadh no [a] n-aireamh
mar deir Iob; áit nach bhfuil acht uamhain agus
gráineamhlacht shíoruidhe nach féidir do chur a
n-ordughadh no d'airneis. Tógbhaigh mur súile da éis
sin d'iffrinn agus tugaidh aon amharc amháin ar
Chríosd mar Slanuightheóira ccrann na páise, féachaidh
a chorp créachtach craos-fhosgalta do mar saoradh
agus do mar sábháil ar chraosaibh leómhan agus dragun
diabhluige tigh iffrionn.



Fáilte dhuit ó'n tír anuas
le h-ais mo chuain a Shearluis Óig,
As fada ó fuair neach dar dhual
Silbh mo bhruaich' no ceart da chóir.



No go dtáinigh chugainn ó'n tír anuas
Plannda suairc a clannaibh Néill,
Do níodh dídin dhamh gach uair,
Ansacht bhuan Gall as Gaodhal.


L. 668


Thimchioll siad mé cois tuinn cúbhair-ghlé
Gur fionnbhadh (?) leó réim mo theórainn
Mar [budh] bhinn leófa géimneach trom-eallaigh a's
laoigh
Linn lachta a's méad mo fhóghmhair
Mil bheach a's céir is grinn crathuigh (?) an laé
Le lonnradh na gréine glóraigh,
M'fionn-locha 's m'aér gur mianuigheadh leó é
Gan sgarmhain ar aon ndóigh liom.



Thuit Eeochar agus Brian a's Iochorbha san ghliadh.



Roinneadar an chríoch, an clann-sa, fo thri
Idir fearanntaibh maoin a's seudaibh,
An Mhúmhan deas do b'í dúiche fairsing saor
Ag umhlúgh' faoi chíos do Éibhir.
Laighnibh 's go dti Gailbhe Magh Íth
Le Teamhraigh na ríogh ag Éireamhon
Ulladh budh h-í mír Eibhir Mhic Ír
O Bhorcaibh go dti [Loch Eirne!].



An triar úd a d'fhás ó Mhilidh Easpáin
Do líne as cheart-lár Gadéluis
Ge nach cí nois ar fághail aon díol, mo chrádh,
Nach bhfuil faon-lag faoi cháin daoirse.



A mhacaoimh a théid a' lasadh do léighionn
Go Baltaic no an taobh suas de
Agus ghlacas a ndeis (?) do teacsa (?) beit réidh
Faoi brataidh dheich ccéad buachaill.
Tá seacht mbliaghna déag, etc.



Fáilte a mháthair rómhad ar ttús
A Mhaighdean mhúinte dar ab oighre Dia
Failte na naoi n-ord fo seach
'S gur indiú ar neamh atá do thriall.



Táid tri laithe toirmeaisgthe do réir na ndoch-
tuireadh san mbliadhain .i an chéad Luan do mhi April
i. an lá do rugadh Cain agus do mharbh a dhearbháthair
Abel. An dara Luan do mhi agust .i. an lá do
sgriosadh Sodom is Gomorah, agus an treas Luan
.i. an Luan déighioneach do mhí December .i. an lá do
rugadh Judas an ti do bhraith ar ttigearna Criosd.



An taobh ó dheas
do'n eidirdealugh ud iomorra is amhluidh do bhí an
ghrian lán do ghlóir agus do soillse san árd soir, agus
an ghealach san ard siar lán de gheal sholus, agus na
réalta ag lanreadh lúthghaire fo ghnúis na firmamaint
agus an daingin áird agus budh coimhionann la agus aoidhche ann
san leith sin. Agus an magh uile lom lán do palasaib
aoibhne, il-dhealbacha agus do chrannaibh áille mbuadh-
toracha agus do shrothaibh sairghlain fionamhla uisge, agus
a lucht áitribh budh h-áluinn re na bhféachain iad, etc.



Glac mo comhairle-sa eire a deirbhsior
Eirigh o do trom shuan agus déanadeifir
Tabhair cúl le healtranus agus aghaigh ar fhlaitheamhnas.



Ag sin anois suim an leabhair-se mar fuair mise
romham é. October 1. mdcccc.



Mise,



AN CRAOIBHÍN AOIBHINN.




19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services