Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Mar do mhairbh Cúchulainn Nadcrantail.
Title
Mar do mhairbh Cúchulainn Nadcrantail.
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1904
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
MAR DO MHAIRBH CUCHULAINN NADCRANTAIL. -- "Cia atá agaibh chun dul i gcoinnibh Chúchulainn i mbáireach?" arsa Lughaidh. "Tabharfar (tabharfaid) duit-se‚ i mbáireach," arsa Maine Mac Ailealla. "Ní fhéadaimíd fear d'fhagháil dó," arsa Meadhbh. "Bíodh sos ann go dtí go loirgfar fear dó. Fuaradar soin. "Cad é an éird a raghfar uaibh," arsa Aileall, "ag iarraidh an fhir seo i gcóir Chúchulainn?" "Níl i nÉirinn," arsa Meadhbh, "fear do b'éidir a sholáthar dó mara dtugtar Cúroí Mac Dáire nó Nadcrantail féin." Bhí fear de muinntir Chúroí ar an bpobal. "Ní thiocfaidh Cúroí," ar seisean. "Is leór leis a ndeaghaidh dá mhuinntir ann. Cuirtar scéala chun Nadcrantail." Chuaidh (téidheann) Maine Andoí chuige. D'innsea- dar a scéala dhó. "Tair linn ar son oinigh Chonnacht." "Ní raghad," ar seisean, "muna dtugtar Finnabhair dham." Do chuaidh le n-a gcois annsoin. Tugaid a airm i gcárr a hoirtear Chonnacht go dtí an longphort. "Gheobhair Finnabhair," arsa Meadhbh, "de chionn dul i gcoinnibh an fhir úd." "Déanfad e," ar seisean. Chuaidh Lughaidh go dtí Cúchulainn an oidhche sin. "Tá (tagann) Nadcrantail ag teacht ar do chionn- sa i mbáireach. Is mairg duit. Ní sheasómhair é." "Is cuma soin," arsa Cúchulainn. D'fhág Nadcrantail an Longphort lar n-a bháireach agus thug leis naoi mbeara géara loiscithe cuilinn. Is amhlaidh a bhí Cúchulainn annsúd ag fiadhach éanlaith agus a charbad in' fharraidh. Do chaith (caitheann) Nadcrantail bior le Cúchulainn. Dhein Cúchulainn cleas ar rinn an bheara soin agus níor choisc é ó fhiadhach na n-éan. Mar an gceadna leis na hocht mbearaibh eile. Nuair a caith sé an naomhadh bior, do theich an ealta ó Chúchulainn. D'imthigh Cúchulainn i ndiaidh na healtan. Do théidheadh sé ar rinnibh na mbior mar raghadh éan ag léimridh ó'n mbior go céile i ndiaidh na n-éan ar chuma ná héaloghaidís. Shíl gach éinne gur ag teicheadh roimhe sean a bhí Cúchulainn. "Bhur gCúchulainn úd," ar seisean, "d'imthigh sé romham-sa ar teicheadh." "Sé sin," arsa Meadhbh, "dá dtagadh deagh-laochra n-a choinnibh - B'oith le Fearghus gon' Ultaibh soin. D'imthigh Fiacha Mac Fírfheibe uatha chun Cúchulainn a chosc. "Abair leis," arsa Fearghus, "gur bhreágh dhó bheith os comhair laoch an fhaid do-ghíodh éachta calma. "Badh breághtha dhó ámh," arsa Fearghus, "dul i bhfolach na teicheamh roimh fhear amháin mar ní mó an náire dhó féin ná don chuid eile d'Ultaibh." "Cia mhaoidhimh soin?" arsa Cúchulainn. "Nadcrantail," arsa Fiacha. "Dá mb'é an cleas a dheineas-sa os a chomhair a mhaoidhfadh sé as ní móide badh nár dham," arsa Cúchulainn. "Ní mhaoidhfadh sé as ámh, dá mbeadh arm n-a láimh. Ná feadraís-se ná goinim-se fear gan arm? Tagadh i mbáireach idir Ochinne agus muir, agus dá luaithe do thiocfaidh gheobaidh sé ann mé, agus ní theichfad roimhe." Tháinig Cúchulainn annsoin go dtí n-a ionad coinne agus do chaith uime fáithim (a bhruit) tar éis faire na hoidhche, agus ní thug fé ndeara an columhan mór a bhí in' fharraidh, is é chomh mór leis féin. D'fholuigh é idir é féin agus a bhrat agus do shuidhidh é in' fharraidh. Tháinig Nadcrantail annsoin. Tugadh a arm-san i dtrucail. "Cá bhfuil Cúchulainn?" ar seisean. "Sin é thall é," arsa Fearghus. "Ní mar seo do shamhluigh dham indé," arsa Nad- crantail. "An tusa an Cúchulainn?" "Agus ma's mé ariú?" arsa Cúchulainn. "Má's tú mhuise," arsa Nadcrantail, "ní thabhar- fad-sa ceann uain bhig liom go dtí an longphort. Ní thabharfad do cheann ghiolla amhulaigh." "Ní mise i n-éan-chor é," arsa Cúchulainn. "Eirigh chuige timcheall an chnocáin." Tháinig Cúchulainn ag triall ar loégh. "Cimil-se feasóg bréige orm," ar seisean; ní féidir leis an laoch úd comhrac liom gan féasóg." Do dhéanadh amhlaidh dho. Do chuaidh fé n-a dhéin ar an dtulaigh. "Córa liom soin," ar seisean. "Dein-sé cóir ghaiscidh liom-sa," arsa Nadcran- tail. "Bíodh agat, má's eól dúinn é," arsa Cúchulainn. "Caithfad-sa urchar leat agus ná coisc-se é." "Ní choiscfad acht i n-áirde," arsa Cúchulainn. Do chaith Nadcrantail urchar leis. Do léim Cúchalainn i n-áirde roimhe. "Is olc duit mo urchar-sa a chosc," arsa Nad- crantail. "Coisc-se i n-áirde mo urchar-sa anois," arsa Cúchulainn. Do scaoil Cúchulainn an ga leis, acht b' i n-áirde é, ar chuma go dtáinig anuas ar a mhullach agus go ndeaghaidh tríd go talamh. "Uch!" ar seisean, "Adhe! Is tú laoch is fearr atá i nÉirinn," arsa Nadcrantail. "Tá cheithre mac fichead liom-sa san longphort. Raghad agus inneosad dóibh a bhfuil de sheódaibh foluighthe agam. Agus fhillfead go ndéanfair-se mé dhicheannadh, mar geabhad-sa bás má thógtar an ga as mo cheann.
"Go maith," arsa Cúchulainn, "tiocfair arís." Chuaidh Nadcrantail annsoin go dtí an longphort. Tháinig gac éinne roimis. "Ca bhfuil ceann an riastarthi (duine buile) agat?" arsa cách. "Fanaidh a laocha go 'neosad mo scéala dom mhacaibh agus go raghad thar m'ais chun comhraic a dhéanamh le Cúchulainn." Annsoin d'imthigh ag triall ar Chúchulainn, agus do chaith sé a chlaidheamh le Cúchulainn. Do léim seisean i n-áirde ar chuma gur bhuaileadh (an claidheamh) i gcoinnibh an cholumhain, agus dheineadh dhá leath dhen chlaidheamh. Tháinig cochal ar Chúchulainn, féibh mar táinig air i measc na n-ogánach i nEamhain agus do léim Cúchulainn ar a scéith-san is do bhain an ceann de. Thug an tarna buille dho san muinéal anuas go himleacán. Thuit a cheithre cheathramhadh go talamh Is annsoin adubhairt Cúchulainn (an rann) so: Má's claoidhte do Nadcrantail Ní deireadh don iomarbháidh Ní fhéadaim féin comhrac uair Le Meidhbh is le trian an tsluaigh.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services