Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Mar do mhairbh Cúchulainn Nadcrantail.

Title
Mar do mhairbh Cúchulainn Nadcrantail.
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1904
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

MAR DO MHAIRBH CUCHULAINN NADCRANTAIL.



--



"Cia atá agaibh chun dul i gcoinnibh Chúchulainn i
mbáireach?" arsa Lughaidh.



"Tabharfar (tabharfaid) duit-se‚ i mbáireach,"
arsa Maine Mac Ailealla.

"Ní fhéadaimíd fear d'fhagháil dó," arsa Meadhbh.
"Bíodh sos ann go dtí go loirgfar fear dó.
Fuaradar soin.



"Cad é an éird a raghfar uaibh," arsa Aileall,
"ag iarraidh an fhir seo i gcóir Chúchulainn?"



"Níl i nÉirinn," arsa Meadhbh, "fear do b'éidir a
sholáthar dó mara dtugtar Cúroí Mac Dáire nó
Nadcrantail féin."



Bhí fear de muinntir Chúroí ar an bpobal.



"Ní thiocfaidh Cúroí," ar seisean. "Is leór leis a
ndeaghaidh dá mhuinntir ann. Cuirtar scéala chun
Nadcrantail."



Chuaidh (téidheann) Maine Andoí chuige. D'innsea-
dar a scéala dhó.



"Tair linn ar son oinigh Chonnacht."



"Ní raghad," ar seisean, "muna dtugtar
Finnabhair dham."



Do chuaidh le n-a gcois annsoin. Tugaid a airm i
gcárr a hoirtear Chonnacht go dtí an longphort.



"Gheobhair Finnabhair," arsa Meadhbh, "de chionn
dul i gcoinnibh an fhir úd."



"Déanfad e," ar seisean.



Chuaidh Lughaidh go dtí Cúchulainn an oidhche sin.



"Tá (tagann) Nadcrantail ag teacht ar do chionn-
sa i mbáireach. Is mairg duit. Ní sheasómhair é."



"Is cuma soin," arsa Cúchulainn.



D'fhág Nadcrantail an Longphort lar n-a bháireach
agus thug leis naoi mbeara géara loiscithe cuilinn.
Is amhlaidh a bhí Cúchulainn annsúd ag fiadhach éanlaith
agus a charbad in' fharraidh. Do chaith (caitheann)
Nadcrantail bior le Cúchulainn. Dhein Cúchulainn
cleas ar rinn an bheara soin agus níor choisc é ó fhiadhach
na n-éan. Mar an gceadna leis na hocht mbearaibh
eile. Nuair a caith sé an naomhadh bior, do theich an
ealta ó Chúchulainn. D'imthigh Cúchulainn i ndiaidh na
healtan. Do théidheadh sé ar rinnibh na mbior mar
raghadh éan ag léimridh ó'n mbior go céile i ndiaidh
na n-éan ar chuma ná héaloghaidís. Shíl gach éinne
gur ag teicheadh roimhe sean a bhí Cúchulainn.



"Bhur gCúchulainn úd," ar seisean, "d'imthigh sé
romham-sa ar teicheadh."



"Sé sin," arsa Meadhbh, "dá dtagadh deagh-laochra
n-a choinnibh -



B'oith le Fearghus gon' Ultaibh soin. D'imthigh
Fiacha Mac Fírfheibe uatha chun Cúchulainn a chosc.



"Abair leis," arsa Fearghus, "gur bhreágh dhó bheith
os comhair laoch an fhaid do-ghíodh éachta calma.
"Badh breághtha dhó ámh," arsa Fearghus, "dul i bhfolach
na teicheamh roimh fhear amháin mar ní mó an náire dhó
féin ná don chuid eile d'Ultaibh."



"Cia mhaoidhimh soin?" arsa Cúchulainn.



"Nadcrantail," arsa Fiacha.



"Dá mb'é an cleas a dheineas-sa os a chomhair a
mhaoidhfadh sé as ní móide badh nár dham," arsa
Cúchulainn. "Ní mhaoidhfadh sé as ámh, dá mbeadh arm
n-a láimh. Ná feadraís-se ná goinim-se fear gan
arm? Tagadh i mbáireach idir Ochinne agus muir, agus dá
luaithe do thiocfaidh gheobaidh sé ann mé, agus ní
theichfad roimhe."



Tháinig Cúchulainn annsoin go dtí n-a ionad
coinne agus do chaith uime fáithim (a bhruit) tar éis
faire na hoidhche, agus ní thug fé ndeara an columhan
mór a bhí in' fharraidh, is é chomh mór leis féin.
D'fholuigh é idir é féin agus a bhrat agus do shuidhidh é in'
fharraidh.



Tháinig Nadcrantail annsoin. Tugadh a arm-san i
dtrucail.



"Cá bhfuil Cúchulainn?" ar seisean.



"Sin é thall é," arsa Fearghus.



"Ní mar seo do shamhluigh dham indé," arsa Nad-
crantail. "An tusa an Cúchulainn?"



"Agus ma's mé ariú?" arsa Cúchulainn.



"Má's tú mhuise," arsa Nadcrantail, "ní thabhar-
fad-sa ceann uain bhig liom go dtí an longphort.
Ní thabharfad do cheann ghiolla amhulaigh."



"Ní mise i n-éan-chor é," arsa Cúchulainn. "Eirigh
chuige timcheall an chnocáin."



Tháinig Cúchulainn ag triall ar loégh.



"Cimil-se feasóg bréige orm," ar seisean; ní
féidir leis an laoch úd comhrac liom gan féasóg."



Do dhéanadh amhlaidh dho. Do chuaidh fé n-a dhéin ar
an dtulaigh.



"Córa liom soin," ar seisean.



"Dein-sé cóir ghaiscidh liom-sa," arsa Nadcran-
tail.



"Bíodh agat, má's eól dúinn é," arsa Cúchulainn.



"Caithfad-sa urchar leat agus ná coisc-se é."



"Ní choiscfad acht i n-áirde," arsa Cúchulainn.



Do chaith Nadcrantail urchar leis. Do léim
Cúchalainn i n-áirde roimhe.



"Is olc duit mo urchar-sa a chosc," arsa Nad-
crantail.



"Coisc-se i n-áirde mo urchar-sa anois," arsa
Cúchulainn.



Do scaoil Cúchulainn an ga leis, acht b' i n-áirde
é, ar chuma go dtáinig anuas ar a mhullach agus go
ndeaghaidh tríd go talamh.



"Uch!" ar seisean, "Adhe! Is tú laoch is fearr
atá i nÉirinn," arsa Nadcrantail. "Tá cheithre mac
fichead liom-sa san longphort. Raghad agus inneosad
dóibh a bhfuil de sheódaibh foluighthe agam. Agus
fhillfead go ndéanfair-se mé dhicheannadh, mar
geabhad-sa bás má thógtar an ga as mo cheann.


L. 653


"Go maith," arsa Cúchulainn, "tiocfair arís."



Chuaidh Nadcrantail annsoin go dtí an longphort.
Tháinig gac éinne roimis.



"Ca bhfuil ceann an riastarthi (duine buile)
agat?" arsa cách.



"Fanaidh a laocha go 'neosad mo scéala dom
mhacaibh agus go raghad thar m'ais chun comhraic a
dhéanamh le Cúchulainn."



Annsoin d'imthigh ag triall ar Chúchulainn, agus do
chaith sé a chlaidheamh le Cúchulainn. Do léim seisean
i n-áirde ar chuma gur bhuaileadh (an claidheamh) i
gcoinnibh an cholumhain, agus dheineadh dhá leath dhen
chlaidheamh. Tháinig cochal ar Chúchulainn, féibh mar
táinig air i measc na n-ogánach i nEamhain agus do léim
Cúchulainn ar a scéith-san is do bhain an ceann de.
Thug an tarna buille dho san muinéal anuas go
himleacán. Thuit a cheithre cheathramhadh go talamh
Is annsoin adubhairt Cúchulainn (an rann) so:



Má's claoidhte do Nadcrantail
Ní deireadh don iomarbháidh
Ní fhéadaim féin comhrac uair
Le Meidhbh is le trian an tsluaigh.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services