MAR DO MHAIRBH CUCHULAINN NADCRANTAIL.
--
"Cia atá agaibh chun dul i gcoinnibh Chúchulainn i
mbáireach?" arsa Lughaidh.
"Tabharfar (tabharfaid) duit-se‚ i mbáireach,"
arsa Maine Mac Ailealla.
"Ní fhéadaimíd fear d'fhagháil dó," arsa Meadhbh.
"Bíodh sos ann go dtí go loirgfar fear dó.
Fuaradar soin.
"Cad é an éird a raghfar uaibh," arsa Aileall,
"ag iarraidh an fhir seo i gcóir Chúchulainn?"
"Níl i nÉirinn," arsa Meadhbh, "fear do b'éidir a
sholáthar dó mara dtugtar Cúroí Mac Dáire nó
Nadcrantail féin."
Bhí fear de muinntir Chúroí ar an bpobal.
"Ní thiocfaidh Cúroí," ar seisean. "Is leór leis a
ndeaghaidh dá mhuinntir ann. Cuirtar scéala chun
Nadcrantail."
Chuaidh (téidheann) Maine Andoí chuige. D'innsea-
dar a scéala dhó.
"Tair linn ar son oinigh Chonnacht."
"Ní raghad," ar seisean, "muna dtugtar
Finnabhair dham."
Do chuaidh le n-a gcois annsoin. Tugaid a airm i
gcárr a hoirtear Chonnacht go dtí an longphort.
"Gheobhair Finnabhair," arsa Meadhbh, "de chionn
dul i gcoinnibh an fhir úd."
"Déanfad e," ar seisean.
Chuaidh Lughaidh go dtí Cúchulainn an oidhche sin.
"Tá (tagann) Nadcrantail ag teacht ar do chionn-
sa i mbáireach. Is mairg duit. Ní sheasómhair é."
"Is cuma soin," arsa Cúchulainn.
D'fhág Nadcrantail an Longphort lar n-a bháireach
agus thug leis naoi mbeara géara loiscithe cuilinn.
Is amhlaidh a bhí Cúchulainn annsúd ag fiadhach éanlaith
agus a charbad in' fharraidh. Do chaith (caitheann)
Nadcrantail bior le Cúchulainn. Dhein Cúchulainn
cleas ar rinn an bheara soin agus níor choisc é ó fhiadhach
na n-éan. Mar an gceadna leis na hocht mbearaibh
eile. Nuair a caith sé an naomhadh bior, do theich an
ealta ó Chúchulainn. D'imthigh Cúchulainn i ndiaidh na
healtan. Do théidheadh sé ar rinnibh na mbior mar
raghadh éan ag léimridh ó'n mbior go céile i ndiaidh
na n-éan ar chuma ná héaloghaidís. Shíl gach éinne
gur ag teicheadh roimhe sean a bhí Cúchulainn.
"Bhur gCúchulainn úd," ar seisean, "d'imthigh sé
romham-sa ar teicheadh."
"Sé sin," arsa Meadhbh, "dá dtagadh deagh-laochra
n-a choinnibh -
B'oith le Fearghus gon' Ultaibh soin. D'imthigh
Fiacha Mac Fírfheibe uatha chun Cúchulainn a chosc.
"Abair leis," arsa Fearghus, "gur bhreágh dhó bheith
os comhair laoch an fhaid do-ghíodh éachta calma.
"Badh breághtha dhó ámh," arsa Fearghus, "dul i bhfolach
na teicheamh roimh fhear amháin mar ní mó an náire dhó
féin ná don chuid eile d'Ultaibh."
"Cia mhaoidhimh soin?" arsa Cúchulainn.
"Nadcrantail," arsa Fiacha.
"Dá mb'é an cleas a dheineas-sa os a chomhair a
mhaoidhfadh sé as ní móide badh nár dham," arsa
Cúchulainn. "Ní mhaoidhfadh sé as ámh, dá mbeadh arm
n-a láimh. Ná feadraís-se ná goinim-se fear gan
arm? Tagadh i mbáireach idir Ochinne agus muir, agus dá
luaithe do thiocfaidh gheobaidh sé ann mé, agus ní
theichfad roimhe."
Tháinig Cúchulainn annsoin go dtí n-a ionad
coinne agus do chaith uime fáithim (a bhruit) tar éis
faire na hoidhche, agus ní thug fé ndeara an columhan
mór a bhí in' fharraidh, is é chomh mór leis féin.
D'fholuigh é idir é féin agus a bhrat agus do shuidhidh é in'
fharraidh.
Tháinig Nadcrantail annsoin. Tugadh a arm-san i
dtrucail.
"Cá bhfuil Cúchulainn?" ar seisean.
"Sin é thall é," arsa Fearghus.
"Ní mar seo do shamhluigh dham indé," arsa Nad-
crantail. "An tusa an Cúchulainn?"
"Agus ma's mé ariú?" arsa Cúchulainn.
"Má's tú mhuise," arsa Nadcrantail, "ní thabhar-
fad-sa ceann uain bhig liom go dtí an longphort.
Ní thabharfad do cheann ghiolla amhulaigh."
"Ní mise i n-éan-chor é," arsa Cúchulainn. "Eirigh
chuige timcheall an chnocáin."
Tháinig Cúchulainn ag triall ar loégh.
"Cimil-se feasóg bréige orm," ar seisean; ní
féidir leis an laoch úd comhrac liom gan féasóg."
Do dhéanadh amhlaidh dho. Do chuaidh fé n-a dhéin ar
an dtulaigh.
"Córa liom soin," ar seisean.
"Dein-sé cóir ghaiscidh liom-sa," arsa Nadcran-
tail.
"Bíodh agat, má's eól dúinn é," arsa Cúchulainn.
"Caithfad-sa urchar leat agus ná coisc-se é."
"Ní choiscfad acht i n-áirde," arsa Cúchulainn.
Do chaith Nadcrantail urchar leis. Do léim
Cúchalainn i n-áirde roimhe.
"Is olc duit mo urchar-sa a chosc," arsa Nad-
crantail.
"Coisc-se i n-áirde mo urchar-sa anois," arsa
Cúchulainn.
Do scaoil Cúchulainn an ga leis, acht b' i n-áirde
é, ar chuma go dtáinig anuas ar a mhullach agus go
ndeaghaidh tríd go talamh.
"Uch!" ar seisean, "Adhe! Is tú laoch is fearr
atá i nÉirinn," arsa Nadcrantail. "Tá cheithre mac
fichead liom-sa san longphort. Raghad agus inneosad
dóibh a bhfuil de sheódaibh foluighthe agam. Agus
fhillfead go ndéanfair-se mé dhicheannadh, mar
geabhad-sa bás má thógtar an ga as mo cheann.