Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Scoil na Suadh - Binn-Lisín Aerach an Bhrogha.
Title
Scoil na Suadh - Binn-Lisín Aerach an Bhrogha.
Author(s)
Ó Flaithbheartaigh, Brian cct,
Composition Date
1904
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
BINN-LISÍN AERACH AN BHROGHA Gléas G. Go bog binn. BRIAN Ó FLAITHBHEARTAIGH, cct. I. Lá meidhreach dhá ndeaghas-sa liom féin, Ar Bhinn-Lisín aerach an Bhrogha, Ag éisteacht le binn-ghuth na n-éan Ag cantain ar ghéagaibh cois abhann An breac taidhbhseach san linn úd fé réim Ag rinnce san ngaorthadh le fonn; Má's
tinn libhse radharc súl nó béal, Tá leigheas luath ón éag díbh dul ann. II. Níor chian dúinn cois dian-tsrúill na séad N-ar mhian le fir Éireann dul ann, Trá thriall chughainn an ghrian-mhilis-bhé Go dian is í i n-éag-cruth go lom; A ciabhfholt breagh niamhrach go féar Ag fás léi-se roimpi 's n-a deabhaidh "A Bhriain ghil, 'dé an dian-ghol ro 'néir Do chiap me go haéibh os mo cheann?" III. "Ní scaoilfad-sa príomh-rún mo scéil Go n-innsir cá taobh as ar ghabhais; An tú Aoibhill bheag chaoin-chleasach chlaon Mar líonais go léir me dhet ghreann? Nó an tsídh-bhean tug buidhean-truip na Trae Gur líonadar Gréagaigh n-a deabhaidh? Nó an bhrighdeach gur claoidheadh léi gan réim Clann Uisneach, na tréin-fhir gan chabhair?" IV. "Ní díobh mé, cé díth liom do scéal, Acht sídh-bhean ón dtréan-lios úd thall, Do shíor-ghoin do shíor-ghol i gcéin, 'S is tinn liom thú traochta ag neart Gall. Glac intinn, faigh claidheamh n-a mbeidh faobhar, Is rinnc ar do chaol-each breagh seang, Gaibh timcheall na gcríoch n-a bhfuighir Gaedhil, Go n-innsir do scéal dóibh gan cham." NÓTA:- A Filidheacht na Mumhan seadh bhaineadh an t-amhrán so. Is féidir an chuid eile dhe fhagháil ann ar leathanach a 246.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services