BINN-LISÍN AERACH AN BHROGHA
Gléas G.  Go bog binn.  BRIAN Ó FLAITHBHEARTAIGH, cct.
I. Lá meidhreach dhá ndeaghas-sa liom féin,
Ar Bhinn-Lisín aerach an Bhrogha, 
Ag éisteacht le binn-ghuth na n-éan 
Ag cantain ar ghéagaibh cois abhann 
An breac taidhbhseach san linn úd fé réim 
Ag rinnce san ngaorthadh le fonn; 
Má's
 
tinn libhse radharc súl nó béal, 
Tá leigheas luath ón éag díbh dul ann.
II.
Níor chian dúinn cois dian-tsrúill na séad
N-ar mhian le fir Éireann dul ann,
Trá thriall chughainn an ghrian-mhilis-bhé
Go dian is í i n-éag-cruth go lom;
A ciabhfholt breagh niamhrach go féar
Ag fás léi-se roimpi 's n-a deabhaidh 
"A Bhriain ghil, 'dé an dian-ghol ro 'néir
Do chiap me go haéibh os mo cheann?"
III.
"Ní scaoilfad-sa príomh-rún mo scéil
Go n-innsir cá taobh as ar ghabhais;
An tú Aoibhill bheag chaoin-chleasach chlaon
Mar líonais go léir me dhet ghreann? 
Nó an tsídh-bhean tug buidhean-truip na Trae
Gur líonadar Gréagaigh n-a deabhaidh? 
Nó an bhrighdeach gur claoidheadh léi gan réim
Clann Uisneach, na tréin-fhir gan chabhair?"
IV.
"Ní díobh mé, cé díth liom do scéal,
Acht sídh-bhean ón dtréan-lios úd thall,
Do shíor-ghoin do shíor-ghol i gcéin,
'S is tinn liom thú traochta ag neart Gall.
Glac intinn, faigh claidheamh n-a mbeidh faobhar,
Is rinnc ar do chaol-each breagh seang,
Gaibh timcheall na gcríoch n-a bhfuighir Gaedhil,
Go n-innsir do scéal dóibh gan cham."
NÓTA:- A Filidheacht na Mumhan seadh bhaineadh an t-amhrán so.  Is féidir an chuid eile dhe fhagháil ann ar
leathanach a 246.