Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Scoil na Suadh - Binn-Lisín Aerach an Bhrogha.

Title
Scoil na Suadh - Binn-Lisín Aerach an Bhrogha.
Author(s)
Ó Flaithbheartaigh, Brian cct,
Composition Date
1904
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926




L. 650


BINN-LISÍN AERACH AN BHROGHA



Gléas G. Go bog binn. BRIAN Ó FLAITHBHEARTAIGH, cct.



I. Lá meidhreach dhá ndeaghas-sa liom féin,
Ar Bhinn-Lisín aerach an Bhrogha,
Ag éisteacht le binn-ghuth na n-éan
Ag cantain ar ghéagaibh cois abhann
An breac taidhbhseach san linn úd fé réim
Ag rinnce san ngaorthadh le fonn;
Má's


L. 651


tinn libhse radharc súl nó béal,
Tá leigheas luath ón éag díbh dul ann.



II.



Níor chian dúinn cois dian-tsrúill na séad
N-ar mhian le fir Éireann dul ann,
Trá thriall chughainn an ghrian-mhilis-bhé
Go dian is í i n-éag-cruth go lom;
A ciabhfholt breagh niamhrach go féar
Ag fás léi-se roimpi 's n-a deabhaidh
"A Bhriain ghil, 'dé an dian-ghol ro 'néir
Do chiap me go haéibh os mo cheann?"



III.



"Ní scaoilfad-sa príomh-rún mo scéil
Go n-innsir cá taobh as ar ghabhais;
An tú Aoibhill bheag chaoin-chleasach chlaon
Mar líonais go léir me dhet ghreann?
Nó an tsídh-bhean tug buidhean-truip na Trae
Gur líonadar Gréagaigh n-a deabhaidh?
Nó an bhrighdeach gur claoidheadh léi gan réim
Clann Uisneach, na tréin-fhir gan chabhair?"



IV.



"Ní díobh mé, cé díth liom do scéal,
Acht sídh-bhean ón dtréan-lios úd thall,
Do shíor-ghoin do shíor-ghol i gcéin,
'S is tinn liom thú traochta ag neart Gall.
Glac intinn, faigh claidheamh n-a mbeidh faobhar,
Is rinnc ar do chaol-each breagh seang,
Gaibh timcheall na gcríoch n-a bhfuighir Gaedhil,
Go n-innsir do scéal dóibh gan cham."



NÓTA:- A Filidheacht na Mumhan seadh bhaineadh an t-amhrán so. Is féidir an chuid eile dhe fhagháil ann ar
leathanach a 246.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services