Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Feis na Mumhan, 1903. De Dheascaibh an Óil.
Title
Feis na Mumhan, 1903. De Dheascaibh an Óil.
Author(s)
Féach ainm cleite,
Composition Date
1904
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
FEIS NA MUMHAN, 1903. De Dheascaibh an Óil. Timcheall dafhichid bliadhain ó shoin sular thosnuigh margaidheacht ins na sráid-bhailthibh do bhí sé riachtanach ar gach feirmeóir tuathach dul go Corcaigh le n-a chuid ime, nó le earradh ar bith eile a bheadh le cur ar an margadh aca, agus níl amhras ná gur mór de luach an earradh a bhíodh caithte leó féin ar an mbóthar aca ar uairibh go tairbh- each, agus ar uairibh eile gan gábhadh gan riachtanas le hól agus le cuideachtanas. I measc na druinge ba ghnáthach ar an mbóthar, do bhí ceathrar feirmeóirí ó iarthar Bhaile Mhúirne agus sidé mar a chuireadar síos ar thurus a thugadar go Corcaigh: Maidean bhreágh bhrothallach timcheall tosach
an Fhoghmhair do bhuail an ceathrar so uim a chéile ar Chros an Áth-Leacaigh nó mar a ghlaodhtar go minic air Cros Chúil Aodha. Do ghluaiseadar ortha gur shroiseadar Carraig an Adhmuid, agus dar leó bhí gábhadh le deoch aca agus do ghlaodar ar fhear an tábhairne, agus d'ól gach fear aca cnagaire fuisgí i gcóir an bhóthair. Chun siubhail leó arís agus ní misde a rádh go raibh gleó aca le chéile agus caradas agus ba ghairid gur thosnuigh duine aca ar amhrán, agus ba mhar sin dóibh gur shroiseadar tigh tábhairne "Sheachain a Cúinne." Isteach leó agus d'ól gach fear aca deoch timcheall, agus chun bheith súgach neamhthartmhar do rugadar leó buidéal fuisgí i gcóir an bhóthair. Nuair shroiseadar coill Charraig an Phúca do tarraingeadar chúcha an buidéal agus do bhain gach duine aca sloigeóg as, agus do thiomáineadar leo chun gur chuadar go bun Bhóthar na Sop i Maghchromdha. Do bhí sé sa nam so tuairim a naoi a chlog ar maidin. Isteach leó go tigh Dhómhnaill an tábhairne agus d'fhanadar ann go dtí a dó a chlog, ag amhrán, ag ól, agus ag racair- eacht agus na capaill bhochta ag seasamh faoi na n-ualach amuigh ar chliathán na sráide; scata garsún agus cailíní beaga mórthim- cheall gach turcail díobh ag tógaint amach cantíní ime, agus ag gábháil smeara ar a chéile ag iarraidh an ime fhagháil mar san am úd ní bhíodh éin-cheann adhmuid dá chur ins na feircíní acht duilleóga leathana cabáiste ag clúdach an ime. Ag déanamh amach ar a sé a chlog um thráthnóna, d'fá- gadar tigh an tábhairne ar dearg-mheisce, agus anonn leó Droichead Maghchromdha, agus sul ar sroicheadar leath na sráide do tháinig na maoir ortha agus do gabhadh an ceathrar. Do tógadh suas na capaill agus na hualaighe agus do cuireadh ar stábla iad, agus do coimeádadh i seómra dubh na barraice go daingean an ceathrar. Nuair tháinig aon iarracht dá meabhair dóibh, do liúghadar iad do scaoileadh amach go raibh deithneas go Margadh Chorcaighe ortha, "Ní leigfar neach agaibh amach," ars an t-oifi- geach, "gan bannaí daingeana." Fé dheireadh do sholáthruigheadh bannaí agus do scaoileadh amach iad timcheall a haon déag a chlog ist oidhche. Do b'fhann lag a bhí a gcroidhthe nuair fuaradar iad féin saor ó ghéibhinn an tseómra dhorcha mar bhí mórán den im goidithe uatha agus a misneach imthighthe de dheascaibh craos-ólacháin, agus gan áireamh ar a raibh dá gcuid airgid caillte aca leis. Níor bh'iongna dá gcuirfidís druim le hólachán anois taréis a raibh de thubaist gabhtha tríd aca i gcaitheamh an laé agus an tráthnóna. Acht ní mar sin dóibh seo; níor bh'fhuláir leó go mbeadh deoch an dorais aca ag fágáil na sráide agus ní deoch amháin acht dhá dheoch, trí dheocha. Pé n-Éirínn é do bhogadar leó ón sráid agus is dearbh ná raibh tart ortha; agus ag déanamh ar Charraig an Droichid d'árduigheadar amhrán go fada bog bínn d'éan-ghuth amháin. Níor chian dóibh mar sin gur tháinig turcail trom-ualaigh eile suas leó agus nuair airigh an cáréiridhe an t-amhrán breágh ag an gceathrar do mhol sé go hárd iad agus dubhairt gur bhreágh sonasach neamh-bhuadh- artha bhí an scéal aca seachas ag an gceath- rar d'fhearaibh bochta ó Bhaile Mhúirne bhí ar meisce feadh an lae i Maghchromdha, agus bhí gabhtha anois age na píléirí agus furmhór a gcuid ime goidithe ag garsúin na sráide. "'S dó a dhuine chóir b'fhéidir gur sinne an ceathrar céadna soin." "Maise má's sibh," ars an fear eile, "nár chruaidh Dia an saoghal oraibh. Acht a dhaoine ghalánta tá breis ólacháin dá dhéanamh sa tír seo agus
táibhle throm dá cur i gciste an tSasanaigh gach bliadhain gan gábhadh ná riachtanas, acht de dheascaibh craos-ólacháin. Is iomdha tubaist agus bárthan a thuiteann amach ó cheann ceann na bliadhna de bhárr óil. Féachaidh anois ar bhur gcúrsa féin. Beidh an ráfla romhaibh sa bhaile gur thuiteabhair ar meisce agus gur goideadh bhur gcuid ime. Nach tuigithe dhíbh a dhaoine gur buadhartha an aigne a bheidh ag bhur mnáibh tighe agus ag bhúr gcloinn sa bhaile nbhur ndiaidh. Sibh-se do scaoileadar uatha go buidheach beannachtach le saothar na feirmeach le mí b'fhéidir; agus sin é anois le feicsint agaibh féin gur mór den tsaothar soin a raghaidh chum fíonála agus costais an lae indiu a dhíol díbh. Iarraim oraibh gan blaise óil a ghlacadh acht an méid is dóigh libh a raghaidh chum maitheasa dhíbh. Machtnuighidh nbhur n-aigne go mb'fhéidir go mbeadh airgead ar iomchur ag gach duine agaibh ag teacht a-bhaile ó Chorcaig chun cíosa no fóirithint éigin eile a dhéanamh oraibh féin, agus má bhíonn ól agaibh cionnus is dóigh libh is féidir libh an t-airgead a thaisciughadh go cúramach. Ní féidir é a dhaoine agus go críoch an tsaoghail beidh breall ar fhear an óil." Do chuaidh cómhrádh an cháréiridhe cómh daingean n-a gcroidhthibh agus do bhuail fírinne na cainte dubhradh leó chomh hiomlán iad gur ghealladar ná beadh ól ná carbhas ar siubhal aca go filleadh a-bhaile dhóibh ná go deó arís. Do ghaibh an stranséir buidheachas mór leó, agus thug a bheannacht dóibh. Fé cheann tamaill d'fhan capall an cháreiridhe siar agus do imthigh na capaill eile ar aghaidh agus níor casadh arís ortha an fear iasachta; acht do leanadar dá chómhairle agus ón lá soin ó shoin ní facathas rian óil ar éinne den cheathrar. Do chuadar ar aghaidh sa tsaoghal agus tá a sliocht go lán láidir fós i n-iarthar Bhaile Mhúirne. DONNCHADH FLIUCH. --
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services