Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Feis na Mumhan, 1903. De Dheascaibh an Óil.

Title
Feis na Mumhan, 1903. De Dheascaibh an Óil.
Author(s)
Féach ainm cleite,
Composition Date
1904
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

FEIS NA MUMHAN, 1903.
De Dheascaibh an Óil.



Timcheall dafhichid bliadhain ó shoin sular
thosnuigh margaidheacht ins na sráid-bhailthibh
do bhí sé riachtanach ar gach feirmeóir
tuathach dul go Corcaigh le n-a chuid ime,
nó le earradh ar bith eile a bheadh le cur ar
an margadh aca, agus níl amhras ná gur
mór de luach an earradh a bhíodh caithte leó
féin ar an mbóthar aca ar uairibh go tairbh-
each, agus ar uairibh eile gan gábhadh gan
riachtanas le hól agus le cuideachtanas.
I measc na druinge ba ghnáthach ar an
mbóthar, do bhí ceathrar feirmeóirí ó iarthar
Bhaile Mhúirne agus sidé mar a chuireadar
síos ar thurus a thugadar go Corcaigh:
Maidean bhreágh bhrothallach timcheall tosach


L. 637


an Fhoghmhair do bhuail an ceathrar so uim a
chéile ar Chros an Áth-Leacaigh nó mar a
ghlaodhtar go minic air Cros Chúil Aodha. Do
ghluaiseadar ortha gur shroiseadar Carraig
an Adhmuid, agus dar leó bhí gábhadh le
deoch aca agus do ghlaodar ar fhear an
tábhairne, agus d'ól gach fear aca cnagaire
fuisgí i gcóir an bhóthair.



Chun siubhail leó arís agus ní misde a rádh
go raibh gleó aca le chéile agus caradas agus
ba ghairid gur thosnuigh duine aca ar amhrán,
agus ba mhar sin dóibh gur shroiseadar tigh
tábhairne "Sheachain a Cúinne." Isteach leó
agus d'ól gach fear aca deoch timcheall,
agus chun bheith súgach neamhthartmhar do
rugadar leó buidéal fuisgí i gcóir an
bhóthair. Nuair shroiseadar coill Charraig
an Phúca do tarraingeadar chúcha an buidéal
agus do bhain gach duine aca sloigeóg as,
agus do thiomáineadar leo chun gur chuadar
go bun Bhóthar na Sop i Maghchromdha. Do
bhí sé sa nam so tuairim a naoi a chlog ar
maidin. Isteach leó go tigh Dhómhnaill an
tábhairne agus d'fhanadar ann go dtí a dó
a chlog, ag amhrán, ag ól, agus ag racair-
eacht agus na capaill bhochta ag seasamh
faoi na n-ualach amuigh ar chliathán na sráide;
scata garsún agus cailíní beaga mórthim-
cheall gach turcail díobh ag tógaint amach
cantíní ime, agus ag gábháil smeara ar a
chéile ag iarraidh an ime fhagháil mar san
am úd ní bhíodh éin-cheann adhmuid dá chur
ins na feircíní acht duilleóga leathana
cabáiste ag clúdach an ime. Ag déanamh
amach ar a sé a chlog um thráthnóna, d'fá-
gadar tigh an tábhairne ar dearg-mheisce,
agus anonn leó Droichead Maghchromdha,
agus sul ar sroicheadar leath na sráide do
tháinig na maoir ortha agus do gabhadh an
ceathrar. Do tógadh suas na capaill agus
na hualaighe agus do cuireadh ar stábla
iad, agus do coimeádadh i seómra dubh na
barraice go daingean an ceathrar. Nuair
tháinig aon iarracht dá meabhair dóibh, do
liúghadar iad do scaoileadh amach go raibh
deithneas go Margadh Chorcaighe ortha, "Ní
leigfar neach agaibh amach," ars an t-oifi-
geach, "gan bannaí daingeana." Fé dheireadh
do sholáthruigheadh bannaí agus do scaoileadh
amach iad timcheall a haon déag a chlog
ist oidhche. Do b'fhann lag a bhí a gcroidhthe
nuair fuaradar iad féin saor ó ghéibhinn an
tseómra dhorcha mar bhí mórán den im
goidithe uatha agus a misneach imthighthe de
dheascaibh craos-ólacháin, agus gan áireamh ar
a raibh dá gcuid airgid caillte aca leis.
Níor bh'iongna dá gcuirfidís druim le
hólachán anois taréis a raibh de thubaist
gabhtha tríd aca i gcaitheamh an laé agus an
tráthnóna. Acht ní mar sin dóibh seo; níor
bh'fhuláir leó go mbeadh deoch an dorais aca
ag fágáil na sráide agus ní deoch amháin
acht dhá dheoch, trí dheocha. Pé n-Éirínn é
do bhogadar leó ón sráid agus is dearbh
ná raibh tart ortha; agus ag déanamh ar
Charraig an Droichid d'árduigheadar amhrán
go fada bog bínn d'éan-ghuth amháin. Níor
chian dóibh mar sin gur tháinig turcail
trom-ualaigh eile suas leó agus nuair airigh
an cáréiridhe an t-amhrán breágh ag an
gceathrar do mhol sé go hárd iad agus
dubhairt gur bhreágh sonasach neamh-bhuadh-
artha bhí an scéal aca seachas ag an gceath-
rar d'fhearaibh bochta ó Bhaile Mhúirne bhí ar
meisce feadh an lae i Maghchromdha, agus bhí
gabhtha anois age na píléirí agus furmhór a
gcuid ime goidithe ag garsúin na sráide.
"'S dó a dhuine chóir b'fhéidir gur sinne an
ceathrar céadna soin." "Maise má's sibh,"
ars an fear eile, "nár chruaidh Dia an
saoghal oraibh. Acht a dhaoine ghalánta tá
breis ólacháin dá dhéanamh sa tír seo agus


L. 638


táibhle throm dá cur i gciste an tSasanaigh
gach bliadhain gan gábhadh ná riachtanas, acht
de dheascaibh craos-ólacháin. Is iomdha
tubaist agus bárthan a thuiteann amach ó
cheann ceann na bliadhna de bhárr óil.
Féachaidh anois ar bhur gcúrsa féin. Beidh
an ráfla romhaibh sa bhaile gur thuiteabhair
ar meisce agus gur goideadh bhur gcuid ime.
Nach tuigithe dhíbh a dhaoine gur buadhartha
an aigne a bheidh ag bhur mnáibh tighe agus
ag bhúr gcloinn sa bhaile nbhur ndiaidh.
Sibh-se do scaoileadar uatha go buidheach
beannachtach le saothar na feirmeach le mí
b'fhéidir; agus sin é anois le feicsint agaibh
féin gur mór den tsaothar soin a raghaidh
chum fíonála agus costais an lae indiu a
dhíol díbh. Iarraim oraibh gan blaise óil a
ghlacadh acht an méid is dóigh libh a raghaidh
chum maitheasa dhíbh. Machtnuighidh nbhur
n-aigne go mb'fhéidir go mbeadh airgead
ar iomchur ag gach duine agaibh ag teacht
a-bhaile ó Chorcaig chun cíosa no fóirithint
éigin eile a dhéanamh oraibh féin, agus má 
bhíonn ól agaibh cionnus is dóigh libh is féidir
libh an t-airgead a thaisciughadh go cúramach.
Ní féidir é a dhaoine agus go críoch an
tsaoghail beidh breall ar fhear an óil."



Do chuaidh cómhrádh an cháréiridhe cómh
daingean n-a gcroidhthibh agus do bhuail
fírinne na cainte dubhradh leó chomh hiomlán
iad gur ghealladar ná beadh ól ná carbhas
ar siubhal aca go filleadh a-bhaile dhóibh ná 
go deó arís. Do ghaibh an stranséir
buidheachas mór leó, agus thug a bheannacht
dóibh. Fé cheann tamaill d'fhan capall an
cháreiridhe siar agus do imthigh na capaill
eile ar aghaidh agus níor casadh arís ortha
an fear iasachta; acht do leanadar dá 
chómhairle agus ón lá soin ó shoin ní facathas
rian óil ar éinne den cheathrar. Do chuadar
ar aghaidh sa tsaoghal agus tá a sliocht go
lán láidir fós i n-iarthar Bhaile Mhúirne.



DONNCHADH FLIUCH.



--

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services