Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Seóirse na mBréag. (ar leanamhaint)
Title
Seóirse na mBréag. (ar leanamhaint)
Author(s)
Ua Liatháin, Seaghán,
Composition Date
1904
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
SEÓIRSE NA mBRÉAG. [Ar Leanmhaint.] Níor chnuasaidh sé aon chúnlach ar feadh na maidne. Fé dheire thiar thall do casadh i dtreó Sheagháin Shéamuis é, agus fuair sé amach uaidh go raibh caoirigh aige le díol, agus ná raibh braith aige ar iad do dhíol i n-éan-chor an lá soin mar go raibh na ceannuightheóirí go léir imthighthe. Ba ghearr n-a dhiaidh sin go bfeacaidh Diar- mán uaidh ar an dtaobh eile do pháirc an aonaigh, agus é ag féachaint ar scata caorach. Is dócha gurab amhlaidh nár thaithn siad leis, mar i gcionn tamaillín d'iompuigh sé uatha. Seo Cormac anonn chuige, agus b'é deire na hoibre gur cheannuigh Diarmán caoirigh Sheagháin Shéamais, agus go bhfuair Cormac a chéad phiúnt an lá soin de dhruim an mhargaidh. Isteach go tigh Sheóirse na mBréag a chuadar. Ní raibh éinne istigh rompa, agus nuair a bhí a gcuid óil fachta aca, do thosnuigh Seóirse ar bheith ag stealladh a chod' bréag chúcha. Bhí an bheirt eile ag éisteacht leis, agus gan aon iongnadh ortha, mar bhí aithne mhaith aca ar Sheóirse, acht do chuir a chuid éithigh scannra i gcroidhe Sheagháin mar do shíl sé gurbh' í an fhírinne bhí aige 'ghá innsint. Nuair a bhí a gcuid óltha aca, d'iompuigh Seaghán a aghaidh ó dheas, agus seo chum siubhail é fé déin na barraice. Sean-chomhursa leis do b'eadh bean an tighe a bhí aca thall ag an mbarraic, agus badh mhaith leis í fheicsint sul a raghadh sé abhaile. Seadh i gcaitheamh na haimsire dhó san mbarraic d'fhiafraigheadh dhe an mbainfeadh sé an ceann de choilichín bheag a bhí aca; dubhairt Seaghán leó gurab é féin a bhí deas ar obair de'n tsórd, agus seo amach an doras é, agus tuagh i láimh leis agus
an coilichín sa' láimh eile. Bhí an bharraic ar thaobh an bhóthair, agus an bóthar an-leathan ar aghaidh an dorais amach. Ar an dtaobh thall den bhóthar bhí casán do bhí ar a laighead dhá shlait ar leithead. Bhí bloc mór giumhaise le hais an tighe, agus do bhuail sé ceann an choiligh ar an mbloc, agus le buille deas teann do scuaib sé an ceann go haicillidhe dhe. Acht i n-ionad fanamhaint san áit 'n-ar thuit sé, cad a dhein an ceann, acht imtheacht anonn ag poc-léimrigh do féin treasna an bhóthair, agus an diabhal stad a dhein sé chum gur buaileadh buille dhe i gcoinnibh an fhalla ar an dtaobh thall de'n chasán. Bhí cnap- shúile ar Shéaghán, agus ba bheag an iongnadh dhó soin. Níor chuimhnigh sé riamh go raibh greim aige ar chorpán an choiligh, agus ar ball nuair fhéach sé air féin, is amhlaidh a bhí a chuid éadaigh go léir smeartha le fuil an choilichín. Do chaith sé chúcha isteach a gcoileach agus seo i leith é arís fé dhéin tighe Sheóirse. Isteach leis agus d'iompuigh sé láithreach baill ar fhear an tighe. "Dar so agus súd," arsa Seaghán leis, "bhíos ag éisteacht ó chianaibh let chuid scéaluigheachta, acht, go deimhin - chum na fírinne innsint duit - níor chreideas iad go léir, mar ní fhéadfainn a thuigsint cionnus d'fhéadfadh a leithéidí do thuitim amach. Acht creidim anois iad, ámhthach. Ó fhágas an áit seo timcheall leath-uair an chluig ó shoin do chonnac an rud do b'iongantaighe dá bhfeacadh riamh fós im' shúilibh chinn," agus do thosnuigh agus d'innis sé a scéal tríd síos dó. "Agus anois," ar seision, ag bualadh an chúntair le buille dhorn, "ná buadhann soin amach 's amach ar do scéalaibh-se." D'fhéach suas idir an dá shúil air. "Fan socair go fóill, a mhic ó," ar seision, "go bhfeiceam ar dtúis an rud míorbhúiltheach a dhein ceann do choiligh- se. Do ghearrais ón gcolainn é, agus annsan do rith sé treasna an bhóthair uait chun gur thuit sé lag marbh gan bhrígh ar an dtaobh thall ag bun an fhalla. Ní fheicim-se aon mhíorbhúil annsoin. Bhíos-sa amuigh annsoin ar an gclós atá tamall maith ó shoin ann, agus fé mar dheinis-se, do ghearras an ceann de shicín. Do thuit an ceann chun tailimh, agus má thuit, d'árduigh sé chun reatha fé mar a dhein do cheann-sa. Do thánag-sa roimis, ámhthach, do thógas suas im' láimh é, agus do thugas isteach a-bhaile liom é, agus do choiméad- as 'n-a bheathaidh é le neart mine coirce ar feadh choigthighis; agus go deimhin féin do bheadh sé 'n-a bheathaidh agam indiu muna mbeadh bitheamhnach gadhair atá annsoin do sciob leis é i gan-fhios dom, agus d'ith é." Níor fhan Seaghán le n-a thuille, acht do ghlan sé amach an doras go seana-bhréan de féin. SEAGHÁN UA LIATHÁIN. --
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services