Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Seóirse na mBréag. (ar leanamhaint)

Title
Seóirse na mBréag. (ar leanamhaint)
Author(s)
Ua Liatháin, Seaghán,
Composition Date
1904
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

SEÓIRSE NA mBRÉAG.



[Ar Leanmhaint.]



Níor chnuasaidh sé aon chúnlach ar feadh
na maidne. Fé dheire thiar thall do
casadh i dtreó Sheagháin Shéamuis é, agus
fuair sé amach uaidh go raibh caoirigh
aige le díol, agus ná raibh braith aige
ar iad do dhíol i n-éan-chor an lá soin mar
go raibh na ceannuightheóirí go léir imthighthe.
Ba ghearr n-a dhiaidh sin go bfeacaidh Diar-
mán uaidh ar an dtaobh eile do pháirc an
aonaigh, agus é ag féachaint ar scata caorach.
Is dócha gurab amhlaidh nár thaithn siad leis,
mar i gcionn tamaillín d'iompuigh sé uatha.
Seo Cormac anonn chuige, agus b'é deire na
hoibre gur cheannuigh Diarmán caoirigh
Sheagháin Shéamais, agus go bhfuair Cormac a
chéad phiúnt an lá soin de dhruim an
mhargaidh.

Isteach go tigh Sheóirse na mBréag a
chuadar. Ní raibh éinne istigh rompa, agus
nuair a bhí a gcuid óil fachta aca, do
thosnuigh Seóirse ar bheith ag stealladh a
chod' bréag chúcha. Bhí an bheirt eile ag
éisteacht leis, agus gan aon iongnadh ortha,
mar bhí aithne mhaith aca ar Sheóirse, acht do
chuir a chuid éithigh scannra i gcroidhe
Sheagháin mar do shíl sé gurbh' í an fhírinne
bhí aige 'ghá innsint.



Nuair a bhí a gcuid óltha aca, d'iompuigh
Seaghán a aghaidh ó dheas, agus seo chum siubhail
é fé déin na barraice. Sean-chomhursa
leis do b'eadh bean an tighe a bhí aca thall
ag an mbarraic, agus badh mhaith leis í fheicsint
sul a raghadh sé abhaile. Seadh i gcaitheamh
na haimsire dhó san mbarraic d'fhiafraigheadh
dhe an mbainfeadh sé an ceann de choilichín
bheag a bhí aca; dubhairt Seaghán leó gurab
é féin a bhí deas ar obair de'n tsórd, agus seo
amach an doras é, agus tuagh i láimh leis agus


L. 636


an coilichín sa' láimh eile. Bhí an bharraic ar
thaobh an bhóthair, agus an bóthar an-leathan ar
aghaidh an dorais amach. Ar an dtaobh thall
den bhóthar bhí casán do bhí ar a laighead dhá 
shlait ar leithead. Bhí bloc mór giumhaise
le hais an tighe, agus do bhuail sé ceann an
choiligh ar an mbloc, agus le buille deas teann
do scuaib sé an ceann go haicillidhe dhe.
Acht i n-ionad fanamhaint san áit 'n-ar
thuit sé, cad a dhein an ceann, acht imtheacht
anonn ag poc-léimrigh do féin treasna an
bhóthair, agus an diabhal stad a dhein sé chum
gur buaileadh buille dhe i gcoinnibh an fhalla
ar an dtaobh thall de'n chasán. Bhí cnap-
shúile ar Shéaghán, agus ba bheag an iongnadh
dhó soin. Níor chuimhnigh sé riamh go raibh
greim aige ar chorpán an choiligh, agus
ar ball nuair fhéach sé air féin, is amhlaidh a
bhí a chuid éadaigh go léir smeartha le fuil
an choilichín.



Do chaith sé chúcha isteach a gcoileach agus seo
i leith é arís fé dhéin tighe Sheóirse. Isteach
leis agus d'iompuigh sé láithreach baill ar fhear
an tighe. "Dar so agus súd," arsa Seaghán
leis, "bhíos ag éisteacht ó chianaibh let
chuid scéaluigheachta, acht, go deimhin - chum
na fírinne innsint duit - níor chreideas iad
go léir, mar ní fhéadfainn a thuigsint
cionnus d'fhéadfadh a leithéidí do thuitim
amach. Acht creidim anois iad, ámhthach.
Ó fhágas an áit seo timcheall leath-uair
an chluig ó shoin do chonnac an rud do
b'iongantaighe dá bhfeacadh riamh fós im'
shúilibh chinn," agus do thosnuigh agus d'innis sé
a scéal tríd síos dó. "Agus anois," ar
seision, ag bualadh an chúntair le buille
dhorn, "ná buadhann soin amach 's amach ar
do scéalaibh-se." D'fhéach suas idir an
dá shúil air. "Fan socair go fóill, a mhic
ó," ar seision, "go bhfeiceam ar dtúis an
rud míorbhúiltheach a dhein ceann do choiligh-
se. Do ghearrais ón gcolainn é, agus annsan
do rith sé treasna an bhóthair uait chun gur
thuit sé lag marbh gan bhrígh ar an dtaobh
thall ag bun an fhalla. Ní fheicim-se aon
mhíorbhúil annsoin. Bhíos-sa amuigh annsoin
ar an gclós atá tamall maith ó shoin ann, agus
fé mar dheinis-se, do ghearras an ceann de
shicín. Do thuit an ceann chun tailimh, agus
má thuit, d'árduigh sé chun reatha fé mar a
dhein do cheann-sa. Do thánag-sa roimis,
ámhthach, do thógas suas im' láimh é, agus do
thugas isteach a-bhaile liom é, agus do choiméad-
as 'n-a bheathaidh é le neart mine coirce ar
feadh choigthighis; agus go deimhin féin do bheadh
sé 'n-a bheathaidh agam indiu muna mbeadh
bitheamhnach gadhair atá annsoin do sciob
leis é i gan-fhios dom, agus d'ith é."



Níor fhan Seaghán le n-a thuille, acht do
ghlan sé amach an doras go seana-bhréan
de féin.



SEAGHÁN UA LIATHÁIN.



--



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services