Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Briseadh Achruime.
Title
Briseadh Achruime.
Author(s)
Féach bailitheoir,
Collector
Ó Luingsigh, Seaghán
Composition Date
1904
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
BRISEADH ACHRUIME -- Fuaireas an cúnntas so thíos ar Bhriseadh Achruime i measc na láimhscríbhinn ins an leabharlainn i gcoláiste Mhuighe Nuadhat. Seaghán Ó Luingsigh -- Briseadh Achruime .i. cath tugadh idir Rígh Uilliam agus Rígh Séamus. Is i n-Íbh Máine atá Achruim, Dia Domhnaigh tugadh é, 1691. -- Ar mbuaint Áith Luain d'arm Rígh Shéamuis do theicheadar siar go hAchruim, agus thógbhadar foslongphort ann. Do lean an t-arm Gallda iad, agus chuir cóiriughadh catha ortha féin. Ba líonmhaire an t-arm Gaedhealach 'ná an t-arm Gallda an t-am
sin, go sunruightheach a marcshluagh acht ná raibh, an oiread órdanuis aca. Bhí tuairim cúig mhíle fhichead fear d'arm Gaedhealach ar an dtulaigh an lá sin. Do thionsgain an cath ar an dó do chlog ar neóin. Do thug na Gaill iarracht an t-arm Gaedhaelach d'ionntódh ar deiseal i ngar do thigh, agus d'árd-thalamh Urrachroidhe, acht srianuigheadh iad leis an arm Gaedhealach, agus do marbhadh an oiread sin díobh go mb'éigion dóibh ag an ceathair a chlog ar neóin dul i gcaoineas cómhairle le chéile dá fhios cia b'fheárr dóibh an cath do thréigint go maidin nó dul ar aghaidh. Acht tré chómhairle Coirnéal Mackey an taoiseach ba chródha i n-arm Ríogh Uilliam, a dubhairt an cath do chothughadh i n-aghaidh Gaedhil, agus adubhairt leó meadhán an tsluaigh Ghallda a thabhairt tarsna na moinge ísle bhí idir an dá shluagh, áit ba dheacair a shiúbhal dá mhéad eólus neach ann, ar a bhuigeacht gan dul go crios i láib agus i n-uisce. Do thriall na Gaill an bealach soin ar n-a gcosaint le dian-lámhach a ngunnaidhe móra féin ós a gceann ar an armáil Gaedhealach do bhí ar chúl na gclaidhtheach i mbun an chruatain, agus ar bhruach na muinge roimhráidhte ar scáith na mór-mhútuidhe sceach mar ar chongbhuigh siad teine dhian leis an námhaid. Ar ngabháil don tsluagh Ghallda tharsna an bhogaigh d'aimhdheóin teineadh na nGaedheal, iar dteacht don arm Ghallda thar an mbogach, do bhíodar an dá shluagh agus ngoireacht beagán dá chéile i ndian-troid ar aghaidh a chéile, i mbruach an chruatain mar a raibh na Gaedhil ar scáith na mútuidhe sceach uile, agus iad dá dtrom- ghuin re teine órdanais a námhad ós ceann a sluaigh féin. Bhí ionaid do ghunnaidhe móra na nGaedheal agus dá marcshluagh geárrtha is na mútuidhe sin. Ar mbeith don dá shluagh i ngar agus i n-aghaidh a céile, do throid an t-arm Gaedhealach go cródha calma croidheamhail, nó gur chuireadar a námhaid i ndiaidh a gcúil ar an muing bháidhte thar n-ais. Do labhair taoisigh an airm Ghallda leó, agus is é adubhairt siad go gcaithfidís an t-arm Gaedhealach a chur le fóirneart agus misneach ó scáith na mútuidhe, agus na dtor, nó dul tar n-ais san muing agus a mbádhadh agus a marbhadh ann. Iar sin do throid na Gaill mar leóghnaibh cuthaigh, acht d'aimdheóin a gcalmacht do cuireadh i ndiaidh a gcúil iad. An feadh bhíodar dá mbascadh mar sin san muing bháithte do marbhadh iliomad díobh agus do gabhadh 'na bpríosúnaibh iad buailte mar seo ar an láimh chlí agus i meadhon a líne catha bhí an neóin ag teacht agus an chuid do b'fhearr den chath ag na Gaedhil, dubhairt St. Ruth .i. Árd-thaoiseach airm Ríogh Shéamuis: "seólfad iad tar n-ais go balluidhe cathrach Áith Cliath." Ní raibh éin-nídh do bhéarfadh buadh an chatha do Ghaill acht ruaig ón marcsluagh Gallda ón láimh chlí agus féachaint an bhféadfaidhe teacht ar imeall an tsluaigh Ghaedhealaigh. Ní raibh éin-tslighe chum an ruaig so thabhairt, acht ar fhaid tóchair chumhaing, currach cloch, agus sin faoi throm- theinidh gunnuidhe móra Chaisleáin Achruime. Thugadar Gaill an iarracht sin faoi thaois- each dár bha chomhainm Talmash, fear ró- chalma acht mar an gcuid is mó de na gníomhartha contabhartacha so, d'éirigh leó a chur i ngníomh. Ar dtriall dóibh le mór- dhocamhuileacht thar an tóchar briste seo, d'fhiafraigh St. Ruth:- "créad is mian leis na fir seo." D'fhreagair duine dá mhaithibh féin é, agus a dubhairt ris, "is mian leó taobh clí do líne catha do réabadh." "Is fíor
gur fir chródha iad," ar sé "acht marbhthar gach n-aon díobh gan chontabhairt." Ní hamhlaidh a bhí. Do chuadar ar aghaidh amhuil gaoth ruaga na Márta, no gaoth ghuairdil an Fhoghmhair gan toirmeasc gur thionsgain siad ag feóil-ghearradh taobh líne catha na nGaedheal mar a rabhadar ag déanamh léirscrios uathbhásach. Nuair chonnairc St. Ruth gur ghabhadar an bealach do-ghabhtha soin thar tuigsint gach n-aon agus go rabhadar ag déanamh éacht ann, do rinne féin dian-mharcaigheacht re fánaidh an chnuic, chum órdughadh thabhairt d'órdanus bhí ar thaobh an chnuic a n-aghaidh a thabhairt ar an marcshluagh Gallda, agus do buaileadh é le piléar gunna móir agus marbhadh é ar an láthair sin. Teasbántar sceach indiu ag fás ar an ionad i n-ar marbhadh é. Do chaith duine dá oifighígh a chlóca cogaidh thairis, acht níor déanadh soin go raibh fhios ag an marcshluagh Gaedhealach gur thuit a dtaoiseach. Do rith tásc a bháis ar fuaid an tsluaigh Gaedhealaigh uile, is do ghabh eagla gan adhbhar agus droch-mhisneach gan fáth iad uile, óir bhí gan amhras an lámh i n-uachtar aca roimhe sin. Acht ba ró-mhinic eagla gan fát amhlaidh sin ag teacht ar shluagh Gaedheal i n-a dtír féin. Do bhí gan amrus an chuid do bhfearr de'n chath ag Gaedhil an lá uile gonuige sin. Is fíor gur throid siad re tuigsin agus calmacht amhail nár rinneadar riamh roimhe i n-a dtír féin. Do bhí mór- shluagh aca nach raibh fós 'san gcath, ag feithiomh ar ghlaodhach ortha, dá mba riachtanach iad do ghairm isteach. Acht do ghabh uamhan agus imeagla sluaigh Gaedheal uile, óir stad a ngunnaidhe móra de lamhach agus do sheasaimh a marcshluagh gan buille do bhualadh. An tan chonnairc Talmash an nídh sin, thuig sé go raibh nídh éigin contrártha ar an arm Gaedhealach. Do ghlaoidh sé go ró- ghrod ar shluagh na nGall idir mharcshluagh agus coisidhthe druidim leis. Do tháinig an chuid dá shluagh bhí i mbruach an phortaigh 'na ndronguibh doscaoilte agus do seasamh siad i n-a n-ionad troda féin re n-a thaobh. Iar sin do sheóil siad an t-arm Gaedhealach i n-aghaidh an chnuic. Iar dtuitim do St. Ruth níor ghaibh aon duine do láimh an t-arm Gaedhealach do stiúrughadh, agus ní raibh éin- neach ann chum comhairle do thabhairt dóibh. An mhuintir do bhí n-a n-Árd-taoisigh ar mharcshluagh na nGaedheal, do thréigeadar an mágh agus d'fhágbhadar an cath tré éadóthchas agus mór-fhearg. Nuair chonnairc na coisidhthe gur thréig an marcshluagh iad, do scaoilea- dar ar gach leith tar an móin, mar do leanadh iad le sluagh na nGall dá ngearradh anuas gan truagh gan trócaire nó gur choisc dorchadas na hoidhche an ruaig. Do bhí cáil ar an Sáirséalach a bheith in' oifigeach eagnuidhe eólach i gceapaibh cogaidh, agus do chrúthuigh sé é féin amhail go minic roimhe sin. Badh cheart dó riaghlughadh an chatha do ghabháil do láimh iar marbhadh St. Ruth, acht ní soiléir go ndearnaidh sé sin. Dá bhrígh sin tá amhras mór ná raibh sé ar ean-chor san gcath an lá sin, acht do réir gach nídh is léir dúinn ar an gcúis, bhí easbha muinighin agus caoineas comhairle idir an t-Árd-thaoiseach Franncach, agus na hoifigigh Gaedhealacha ann. Is ró-mhor an díoghbháil do rinne an tar- cuisne uaibhreach neamhuramamhail do sheal- bhuigh brollach an Fhranncaigh bhladhmanaigh mhí shéanmhair seo i n-aghaidh uaisle Gaedheal. Dá bhíthin sin is ró-dheallrach nár thug sé eólas do neach cionnus do leag sé amach an cath. Dá bhrigh sin b'í a iar-eagar mar do chonnarcamar, do chuir árd-réimeacht de uathbhás iongantach, agus suathadh ar an arm Gaodhalach agus iad nach mór i meadhón buadha
cinnte an chatha; óir is aca bhí uachtaránacht an chatha ó thúis gur léirscriosadh agus gur cuireadh séala cinneamhnach ar Stíobhardaigh tré mharbhadh St. Ruth go críoch na cruinne. D'fhágbhadar Gaedhil trian dá dtromshluagh marbh ar láthair an chatha. D'fhan na mairbh gan adhlacadh ó lá go lá ar láthair an chatha, óir ní raibh daoine chum a n-adhlacadh ann, de bhrígh gur theicheadar fóirne na tíre uile; acht na marbh caithte n-a srathaibh ar an máigh, is iad dá gcreimeadh ag éanlaith an aéir, agus ag beithidhigh ceann sa agus allta na tíre. Do thigheadh gadhair 'na scuainí gach lá ar an máigh dá n-ithe, nó go ndeachadar i bfiadhantas ó ithe feóla daoine, ionnus nár fhéad éin-neach gabháil tarsna na máighe le n-a líonmhuireacht agus a n-olcas. I meadhon an urchóid phlághamhuil uathbhásach so do bhí aon ghadhar amháin le coirnéal den arm Ghaedhealach do thuit 'san gcath. Ba ghadhar fiadhaig ar fhaolchoin é. D'fhan an t-ainmhidhe bocht ar an macha ag forchoimeád colna a thighearna maraon le hainmhithe cíocracha an mhachaire .i. gadhair, sionnaigh, agus faolchoin. D'ithidís a sáith de na cuirp marbha bhí n-a srathaibh ar an máigh taobh leó. Acht ní leigfeadh seisean d'aon ainmhidhe baint le n-a thighearna féin, nó fós d'éanlaith an aéir a nguib do leagadh air. Nuair bhí an fheóil leighte de na cnámha do b'éigin dó dul ag soláthar nídh le n-ithe dho féin fá'n dtír amach 'san oidhche iar sin do chasadh thar n-ais ag forchoimeád cnámha a thighear- na. Sé mhí tar éis an chatha do chuaidh saighdiúir do bhí ar lóistín i nAchruim, lá ag féachaint na háite mar ar tugadh an cath. Do chonnairc sé an gadhar 'n-a shuidhe ar chnámha a mháighistir. Do dhruid go feargach leis an bhfear óir gabh eagla an gadhar gur chum a thighearna do thabhairt uaidh bhí sé ag teacht, agus do rinne n-a choinnibh go fíochmhar feargach. Tháinic uathbhás agus imeagla ar an bhfear. Do thóg gunna agus do mhairbh an gadhar ar an láthair. Sin ar thárlaidh dhom de chath Achruim. [A chríoch-san]. -- Tabhair fet aire n-ar mealladh thú a ógáin fhinn, Den ghlór bhinn bhlasta do chanaid na hóg-mhná linn Is fós go bhfeacadh-sa ar mheamram nódh fá scrípt Gurab as a gcaidreamh is measa ar bith mórán díobh. *** 'S ó mealladh le mnaoi Dáth Rí agus Salmon glic, Samson 's na mílte saoi ba calma guil 'S ár n-athair do suidheadh go haoibhinn i bParrathas toir, Is Peadar, a Chríost cár dhíon dár bhfearaibh-na dul! *** Annsacht mná go bráth ná claoidheadh do chiall Is fann a ngrádh 's is fánach síleach iad Mo cheann do phrás, dá ndáileadh míle bliadhain Ar cham na mná ní thráchtfaimís a thrian. Freagradh air sin:-- Ann-scrios námhad ort a fháidhe bhuidhe gan chiall Do labhair ar mhnaibh i gcás nár thuill a dtrian Is ceannsa páirteach grádhmhar muinnteardha iad 'S gur le greann ar Mháire thárlaidh Críost n-a cliabh. *** Ins na mnáibh cé mór bhur ndóith, Is fada dhóibh ag dul le gaoith; Tearc neach ná meallaid siúd, 'S is mairg leigeas a rún le mnaoi. *** LIAM Ó DÁLAIGH, DOCHTÚIR DIADHACHTA, cct. Mo scíos mo lagar mo scartacha im chlí breóidhte, An tíoradh trasna so ar eaglais Chrích Fódla Gan díon dá maithibh, is gach tallaire mí-sheóltha Á scríobh gur d'Anna is ceart sealbh na dtrí gcoróineach. *** AODH BUIDHE MAC CRUITÍN, cct. Dá fhreagradh-san: A shaoi, a shagairt seo ag seasamh go síor-chródha. Mar Mhaois ag tabhairt gach teagaisc badh hín-tógtha, Is fíon fó thalamh do labhairt i gCrích Fódla Ar dhaoithibh dalla ná leanann na ríogh-róda.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services