BRISEADH ACHRUIME
--
Fuaireas an cúnntas so thíos ar Bhriseadh Achruime
i measc na láimhscríbhinn ins an leabharlainn i
gcoláiste Mhuighe Nuadhat.
Seaghán Ó Luingsigh
--
Briseadh Achruime .i. cath tugadh idir Rígh
Uilliam agus Rígh Séamus. Is i n-Íbh
Máine atá Achruim, Dia Domhnaigh
tugadh é, 1691.
--
Ar mbuaint Áith Luain d'arm Rígh Shéamuis
do theicheadar siar go hAchruim, agus
thógbhadar foslongphort ann. Do lean an
t-arm Gallda iad, agus chuir cóiriughadh
catha ortha féin. Ba líonmhaire an t-arm
Gaedhealach 'ná an t-arm Gallda an t-am
sin, go sunruightheach a marcshluagh acht ná
raibh, an oiread órdanuis aca. Bhí tuairim
cúig mhíle fhichead fear d'arm Gaedhealach
ar an dtulaigh an lá sin.
Do thionsgain an cath ar an dó do chlog
ar neóin. Do thug na Gaill iarracht an
t-arm Gaedhaelach d'ionntódh ar deiseal i
ngar do thigh, agus d'árd-thalamh Urrachroidhe,
acht srianuigheadh iad leis an arm Gaedhealach,
agus do marbhadh an oiread sin díobh go
mb'éigion dóibh ag an ceathair a chlog ar
neóin dul i gcaoineas cómhairle le chéile
dá fhios cia b'fheárr dóibh an cath do
thréigint go maidin nó dul ar aghaidh.
Acht tré chómhairle Coirnéal Mackey an
taoiseach ba chródha i n-arm Ríogh Uilliam,
a dubhairt an cath do chothughadh i n-aghaidh
Gaedhil, agus adubhairt leó meadhán an
tsluaigh Ghallda a thabhairt tarsna na
moinge ísle bhí idir an dá shluagh, áit ba
dheacair a shiúbhal dá mhéad eólus neach ann,
ar a bhuigeacht gan dul go crios i láib agus i
n-uisce. Do thriall na Gaill an bealach soin
ar n-a gcosaint le dian-lámhach a ngunnaidhe
móra féin ós a gceann ar an armáil
Gaedhealach do bhí ar chúl na gclaidhtheach i
mbun an chruatain, agus ar bhruach na muinge
roimhráidhte ar scáith na mór-mhútuidhe
sceach mar ar chongbhuigh siad teine dhian
leis an námhaid. Ar ngabháil don tsluagh
Ghallda tharsna an bhogaigh d'aimhdheóin
teineadh na nGaedheal, iar dteacht don
arm Ghallda thar an mbogach, do bhíodar an
dá shluagh agus ngoireacht beagán dá chéile
i ndian-troid ar aghaidh a chéile, i mbruach
an chruatain mar a raibh na Gaedhil ar scáith
na mútuidhe sceach uile, agus iad dá dtrom-
ghuin re teine órdanais a námhad ós ceann
a sluaigh féin. Bhí ionaid do ghunnaidhe
móra na nGaedheal agus dá marcshluagh
geárrtha is na mútuidhe sin. Ar mbeith don
dá shluagh i ngar agus i n-aghaidh a céile,
do throid an t-arm Gaedhealach go cródha
calma croidheamhail, nó gur chuireadar a
námhaid i ndiaidh a gcúil ar an muing
bháidhte thar n-ais. Do labhair taoisigh an
airm Ghallda leó, agus is é adubhairt siad
go gcaithfidís an t-arm Gaedhealach a chur
le fóirneart agus misneach ó scáith na
mútuidhe, agus na dtor, nó dul tar n-ais
san muing agus a mbádhadh agus a marbhadh
ann.
Iar sin do throid na Gaill mar leóghnaibh
cuthaigh, acht d'aimdheóin a gcalmacht do
cuireadh i ndiaidh a gcúil iad. An feadh
bhíodar dá mbascadh mar sin san muing
bháithte do marbhadh iliomad díobh agus do gabhadh
'na bpríosúnaibh iad buailte mar seo ar an
láimh chlí agus i meadhon a líne catha bhí an
neóin ag teacht agus an chuid do b'fhearr
den chath ag na Gaedhil, dubhairt St. Ruth
.i. Árd-thaoiseach airm Ríogh Shéamuis:
"seólfad iad tar n-ais go balluidhe
cathrach Áith Cliath."
Ní raibh éin-nídh do bhéarfadh buadh an
chatha do Ghaill acht ruaig ón marcsluagh
Gallda ón láimh chlí agus féachaint an
bhféadfaidhe teacht ar imeall an tsluaigh
Ghaedhealaigh. Ní raibh éin-tslighe chum an
ruaig so thabhairt, acht ar fhaid tóchair
chumhaing, currach cloch, agus sin faoi throm-
theinidh gunnuidhe móra Chaisleáin Achruime.
Thugadar Gaill an iarracht sin faoi thaois-
each dár bha chomhainm Talmash, fear ró-
chalma acht mar an gcuid is mó de na
gníomhartha contabhartacha so, d'éirigh leó a
chur i ngníomh. Ar dtriall dóibh le mór-
dhocamhuileacht thar an tóchar briste seo,
d'fhiafraigh St. Ruth:- "créad is mian leis
na fir seo." D'fhreagair duine dá mhaithibh
féin é, agus a dubhairt ris, "is mian leó
taobh clí do líne catha do réabadh." "Is fíor
gur fir chródha iad," ar sé "acht marbhthar
gach n-aon díobh gan chontabhairt." Ní
hamhlaidh a bhí. Do chuadar ar aghaidh amhuil
gaoth ruaga na Márta, no gaoth ghuairdil an
Fhoghmhair gan toirmeasc gur thionsgain siad
ag feóil-ghearradh taobh líne catha na
nGaedheal mar a rabhadar ag déanamh
léirscrios uathbhásach. Nuair chonnairc St.
Ruth gur ghabhadar an bealach do-ghabhtha
soin thar tuigsint gach n-aon agus go
rabhadar ag déanamh éacht ann, do rinne
féin dian-mharcaigheacht re fánaidh an
chnuic, chum órdughadh thabhairt d'órdanus bhí
ar thaobh an chnuic a n-aghaidh a thabhairt ar
an marcshluagh Gallda, agus do buaileadh é le
piléar gunna móir agus marbhadh é ar an
láthair sin. Teasbántar sceach indiu ag
fás ar an ionad i n-ar marbhadh é.
Do chaith duine dá oifighígh a chlóca cogaidh
thairis, acht níor déanadh soin go raibh fhios
ag an marcshluagh Gaedhealach gur thuit a
dtaoiseach. Do rith tásc a bháis ar fuaid
an tsluaigh Gaedhealaigh uile, is do ghabh
eagla gan adhbhar agus droch-mhisneach gan
fáth iad uile, óir bhí gan amhras an lámh i
n-uachtar aca roimhe sin. Acht ba
ró-mhinic eagla gan fát amhlaidh sin
ag teacht ar shluagh Gaedheal i n-a
dtír féin. Do bhí gan amrus an chuid
do bhfearr de'n chath ag Gaedhil an lá uile
gonuige sin. Is fíor gur throid siad re
tuigsin agus calmacht amhail nár rinneadar
riamh roimhe i n-a dtír féin. Do bhí mór-
shluagh aca nach raibh fós 'san gcath, ag
feithiomh ar ghlaodhach ortha, dá mba riachtanach
iad do ghairm isteach. Acht do ghabh uamhan
agus imeagla sluaigh Gaedheal uile, óir stad
a ngunnaidhe móra de lamhach agus do sheasaimh
a marcshluagh gan buille do bhualadh.
An tan chonnairc Talmash an nídh sin,
thuig sé go raibh nídh éigin contrártha ar an
arm Gaedhealach. Do ghlaoidh sé go ró-
ghrod ar shluagh na nGall idir mharcshluagh agus
coisidhthe druidim leis. Do tháinig an chuid
dá shluagh bhí i mbruach an phortaigh 'na
ndronguibh doscaoilte agus do seasamh siad i
n-a n-ionad troda féin re n-a thaobh. Iar
sin do sheóil siad an t-arm Gaedhealach i
n-aghaidh an chnuic. Iar dtuitim do St. Ruth
níor ghaibh aon duine do láimh an t-arm
Gaedhealach do stiúrughadh, agus ní raibh éin-
neach ann chum comhairle do thabhairt dóibh.
An mhuintir do bhí n-a n-Árd-taoisigh ar
mharcshluagh na nGaedheal, do thréigeadar
an mágh agus d'fhágbhadar an cath tré éadóthchas
agus mór-fhearg. Nuair chonnairc na coisidhthe
gur thréig an marcshluagh iad, do scaoilea-
dar ar gach leith tar an móin, mar do
leanadh iad le sluagh na nGall dá ngearradh
anuas gan truagh gan trócaire nó gur
choisc dorchadas na hoidhche an ruaig. Do
bhí cáil ar an Sáirséalach a bheith in' oifigeach
eagnuidhe eólach i gceapaibh cogaidh, agus do
chrúthuigh sé é féin amhail go minic roimhe sin.
Badh cheart dó riaghlughadh an chatha do
ghabháil do láimh iar marbhadh St. Ruth, acht
ní soiléir go ndearnaidh sé sin. Dá bhrígh
sin tá amhras mór ná raibh sé ar ean-chor san
gcath an lá sin, acht do réir gach nídh is léir
dúinn ar an gcúis, bhí easbha muinighin agus
caoineas comhairle idir an t-Árd-thaoiseach
Franncach, agus na hoifigigh Gaedhealacha ann.
Is ró-mhor an díoghbháil do rinne an tar-
cuisne uaibhreach neamhuramamhail do sheal-
bhuigh brollach an Fhranncaigh bhladhmanaigh mhí
shéanmhair seo i n-aghaidh uaisle Gaedheal.
Dá bhíthin sin is ró-dheallrach nár thug sé
eólas do neach cionnus do leag sé amach an
cath. Dá bhrigh sin b'í a iar-eagar mar do
chonnarcamar, do chuir árd-réimeacht de
uathbhás iongantach, agus suathadh ar an arm
Gaodhalach agus iad nach mór i meadhón buadha
cinnte an chatha; óir is aca bhí uachtaránacht
an chatha ó thúis gur léirscriosadh agus gur
cuireadh séala cinneamhnach ar Stíobhardaigh
tré mharbhadh St. Ruth go críoch na cruinne.
D'fhágbhadar Gaedhil trian dá dtromshluagh
marbh ar láthair an chatha. D'fhan na mairbh
gan adhlacadh ó lá go lá ar láthair an chatha,
óir ní raibh daoine chum a n-adhlacadh ann,
de bhrígh gur theicheadar fóirne na tíre
uile; acht na marbh caithte n-a srathaibh ar
an máigh, is iad dá gcreimeadh ag éanlaith
an aéir, agus ag beithidhigh ceann sa agus allta na
tíre. Do thigheadh gadhair 'na scuainí gach
lá ar an máigh dá n-ithe, nó go ndeachadar
i bfiadhantas ó ithe feóla daoine, ionnus
nár fhéad éin-neach gabháil tarsna na máighe
le n-a líonmhuireacht agus a n-olcas. I meadhon
an urchóid phlághamhuil uathbhásach so do bhí
aon ghadhar amháin le coirnéal den arm
Ghaedhealach do thuit 'san gcath. Ba ghadhar
fiadhaig ar fhaolchoin é. D'fhan an t-ainmhidhe
bocht ar an macha ag forchoimeád colna a
thighearna maraon le hainmhithe cíocracha
an mhachaire .i. gadhair, sionnaigh, agus faolchoin.
D'ithidís a sáith de na cuirp marbha bhí n-a
srathaibh ar an máigh taobh leó. Acht ní
leigfeadh seisean d'aon ainmhidhe baint le
n-a thighearna féin, nó fós d'éanlaith an
aéir a nguib do leagadh air. Nuair bhí an
fheóil leighte de na cnámha do b'éigin dó
dul ag soláthar nídh le n-ithe dho féin fá'n
dtír amach 'san oidhche iar sin do chasadh
thar n-ais ag forchoimeád cnámha a thighear-
na. Sé mhí tar éis an chatha do chuaidh
saighdiúir do bhí ar lóistín i nAchruim, lá ag
féachaint na háite mar ar tugadh an cath.
Do chonnairc sé an gadhar 'n-a shuidhe ar
chnámha a mháighistir. Do dhruid go feargach
leis an bhfear óir gabh eagla an gadhar gur
chum a thighearna do thabhairt uaidh bhí sé ag
teacht, agus do rinne n-a choinnibh go fíochmhar
feargach. Tháinic uathbhás agus imeagla ar an
bhfear. Do thóg gunna agus do mhairbh an gadhar
ar an láthair. Sin ar thárlaidh dhom de chath
Achruim.
[A chríoch-san].
--
Tabhair fet aire n-ar mealladh thú a ógáin fhinn,
Den ghlór bhinn bhlasta do chanaid na hóg-mhná linn
Is fós go bhfeacadh-sa ar mheamram nódh fá scrípt
Gurab as a gcaidreamh is measa ar bith mórán díobh.
***
'S ó mealladh le mnaoi Dáth Rí agus Salmon glic,
Samson 's na mílte saoi ba calma guil
'S ár n-athair do suidheadh go haoibhinn i bParrathas
toir,
Is Peadar, a Chríost cár dhíon dár bhfearaibh-na dul!
***
Annsacht mná go bráth ná claoidheadh do chiall
Is fann a ngrádh 's is fánach síleach iad
Mo cheann do phrás, dá ndáileadh míle bliadhain
Ar cham na mná ní thráchtfaimís a thrian.
Freagradh air sin:--
Ann-scrios námhad ort a fháidhe bhuidhe gan chiall
Do labhair ar mhnaibh i gcás nár thuill a dtrian
Is ceannsa páirteach grádhmhar muinnteardha iad
'S gur le greann ar Mháire thárlaidh Críost n-a
cliabh.
***
Ins na mnáibh cé mór bhur ndóith,
Is fada dhóibh ag dul le gaoith;
Tearc neach ná meallaid siúd,
'S is mairg leigeas a rún le mnaoi.
***
LIAM Ó DÁLAIGH, DOCHTÚIR DIADHACHTA, cct.
Mo scíos mo lagar mo scartacha im chlí breóidhte,
An tíoradh trasna so ar eaglais Chrích Fódla
Gan díon dá maithibh, is gach tallaire mí-sheóltha
Á scríobh gur d'Anna is ceart sealbh na dtrí
gcoróineach.
***
AODH BUIDHE MAC CRUITÍN, cct.
Dá fhreagradh-san:
A shaoi, a shagairt seo ag seasamh go síor-chródha.
Mar Mhaois ag tabhairt gach teagaisc badh hín-tógtha,
Is fíon fó thalamh do labhairt i gCrích Fódla
Ar dhaoithibh dalla ná leanann na ríogh-róda.
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11