Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Clodhanna Nua.
Title
Clodhanna Nua.
Author(s)
Údair éagsúla,
Composition Date
1904
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Clodhanna Nua. AOIBHNEAS CHILLÁIRNE: Cuid a haon. Oisín do scríobh. Sold by Miss E. O'Connor, Lower New Street, Killarney. Price One Penny. Sid é an tríomhadh ceann de "Leabhráin Locha Léin," leabhair atá dá dtabhairt amach ag Oisín is a Chuid- eachta, ó Bhruach Locha Léin. Téidheann Oisín agus "cuideachta bhreagh ghaodhlach" n-a theannta chun turus a dhéanamh ar cheanntar áluinn Loch Léin. Fuair sé lóchrann ó dhraoitheadóir éigin agus go deimhin do chuirfadh na hiongantaisí a thaispeanann an lóch- rann céadna draoidheacht ar éinne. Go mairir do lóchrann a Oisín is go mairidh an Léin-Loch thú. Fuaramair roinnt chártaí puist agus pictiuirí ortha ó Irial Mac Sheagháin Uí Fhearghail. Tá na pictiúirí go hana-dheas ar fad; chomh gleoidhte agus d'fhéadfaidhe, iad d'fhagháil i n-éan-bhall. Táthar á ndíol n-a mbear, taibh, dosaon ar réal. Tá beart ag cur síos ar Bhaile Átha Cliath, ceann eile ar Árainn is ar Ghaillimh — ceann eile ar Chill Áirne, agusrl. Níl de chainnt ionnta ar fad acht Gaedhilg. Tá soin i litreachaibh Romhánacha ámh. NA TRÍ PRÉAChÁIN: Ath cló ar an gcéad roinn de Scéaluidheacht Chúige Mumhan ag Pádraig a Laoghaire. Ar n-a chur amach do Chonnradh na Gaedhilge. Pinginn. Is maith linn go bhfuiltar ag tosnughadh ar Scéal- uidheacht Chuige Mumhan a thabhairt amach arís. Tá an leabhar féin a cló le fada. Ba mhaith an cuimhneamh é an leabhar a thabhairt amach n-a leabhairíní pingne. Beidh ceannach air. Tá súil againn amh, go mbeidh breis scéaluidheacht san dtarna roinn. MION-CHAINNT SCOILE: Éamonn Ó Donnchadha do scríobh. Ar n-a chur amach do Chraobh na Paróiste Thuaidh, i gCorcaigh. Ar fagháil ó lucht leabhair a dhíol. Dhá phinginn a fhiacha. Ní fhaca fós curtha le chéile ar son na teangan luach dhá phinginn níos fearr ná níos úsáidighe ná an leabhar so do scríobh Éamonn Ua Donnchadha dhúinn. Támaoid uile fé chomaoine mhór aige. Tá ós cionn trí fichid leathannach sa leabhar, agus níl ceann ar bith de sna trí fichid leathannach so curtha isteach i n-aistear ann. Níl pioc de ghnó na scoile ó mhaidin go hoidhche ná fuil trácht air. Níor dearmhaideadh an Roll-call, Reading, Writing Letter-writing, Arithmetic, Gram- mar, Geography, Drawing, Needle-Work, Drill, Object Lessons, Singing, agus níl ceárd-fhocal a theasdó'idh ó'n máighistir faid bheidh sé ag múineadh éin cheann aca so ná faighidh sé curtha síos go soiléir simplidhe roimis sa leabhar so. Is minic máighistridhe ag casamh easpadh na gceárd fhocal, agus is minic ag mionnabar iad i n-aghaidh lucht stiúrtha an Chonnartha mar gheall ar a moille ag soláthar agus ag foillsiughadh na bhfocal so dhóibh Ní bheidh éan chúis ghearáin feasta aca: caithidís uathá an mionnabar, agus ceannuighdís an leabhar láithreach Níl n-a dhiaidh acht dhá phinginn siúd is gur fiú a sheacht n-oirid é. Tá a fhios agam gur thug daoine nách é Éamonn fé 'sna foclaibh seo do chraobh-scaoileadh cheana — go háirithe Tomás Bán — agus is é badh mhaith liom a fheicsint sul a fada: cómhaltas beag 'na shuidhe le hughdarás an Chonnartha ag déanamh cómh-bhreath- nughadh ar na leabhraibh seo le haghaidh éin leabhair amháin dho dhéanamh asta, i gcás go mbeidhmís uile, theas agus thuaidh, de réir a chéile i n-úsáid na gceárd- fhocal. Tá foclóir agus aguisín n-a teannta, a' gabháil leis an leabhar, agus ní gádh a rádh go bhfuil sé clódh-bhuailte go slachtmhar agus go gléineach. GRUAGACH AN TOBAIR. LECTURES ON THE IRISH LANGUAGE MOVEMENT. By the Rev. P. Dineen. Published under the auspices of the Keating Branch of the Gaelic League. M. H. Gill and Son. 6d. nett. Seo leabhar eile againn ó láimh an Athar Pádraig. Ba mhaith an cuimhneamh é na léigheachta a thug sé uaidh os comhair craobhacha de Chonnradh na Gaedhilge do chur le chéile is do thabhairt amach i n-éin-leabhar amháin. Sin mar do fuarthas adhbhar an leabhair bhigh thaithneamhaigh seo. Níl éan-amhrus orainn ná go ndéanfaidh an leabhar so maitheas mhór don Ghaedhilg. Tá muinntir na Gaedhilge fé chomaoine mhóir ag Craoibh an Céitinnigh is agá nUachtarán, an tAthair Pádraig, de chionn an leabhair seo. Ní hé n-dhíoghbháil préamhacha na hoibre a choimeád os comhair ár n-aigne coitcheanta. Cártaí Posta Gaedhealacha! ASK FOR THE GAELIC POST CARDS. The Gaelic Post Card Co., Dublin and London. Seoltar litreacha i dtaobh Eagarthóireachta go dtí an Fear Eagair; agus litreacha i dtaoibh Banistighe go dtí Stiúrthóir, Oifig an Chonnartha, 24 Sráid Uachtarach Uí Conaill, Áth Cliath.
ADVERTISEMENTS NOW ON SALE. Sliocht as "Irisleabhar na Gaedhilge." Uimhir I. AN ÁIT D'ÁR GHABHAS, (trí fuinn). An tAthair Cathaoir Ó Bréandáin ("Oisín") agus "Fear Fuartha na dTráithre." Do Sholáthruigh. NOW ON SALE. Uimhir II. Turas go Tír na n-Óg (trí fuinn). An tAthair Tomás Mac 'Liam. Do Sholáthruigh. Ar n-a chur amach do Chonnradh na Gaedhilge, Baile Átha Cliath, 1903. Pighin an Ceann. Seachadadh áluinn le h-aghaidh na bPáisdí. A BEAUTIFUL PRESENT FOR THE CHILDREN. Sidheóga ag Obair: Fairies at Work. Sgéalta Sidhe: Faires' Stories. 'Liam Ó Riain do sgríobh. By William P. O'Ryan. Raol an Chóibh. Seacht bPighne Saor Thríd an bPost. Sixpence per copy. Post Free: Sevenpence. Seachadadh áluinn le h-aghaidh na bpáisdí. A Beautiful Gift for the Children. "An Táilleán," A Children's Coloured Picture Book. Written by Tadhg O'Donoghue, illustrated by George Fagan. 32 pages, 1s. net. Post Paid, 1s. 3d. Address: Manager, Gaelic League Book Stores, 24 Upper O'Connell St. DUBLIN.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services