Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Clodhanna Nua.

Title
Clodhanna Nua.
Author(s)
Údair éagsúla,
Composition Date
1904
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926




L. 620


Clodhanna
Nua.



AOIBHNEAS CHILLÁIRNE: Cuid a haon. Oisín do
scríobh. Sold by Miss E. O'Connor, Lower New
Street, Killarney. Price One Penny.



Sid é an tríomhadh ceann de "Leabhráin Locha Léin,"
leabhair atá dá dtabhairt amach ag Oisín is a Chuid-
eachta, ó Bhruach Locha Léin. Téidheann Oisín agus
"cuideachta bhreagh ghaodhlach" n-a theannta chun
turus a dhéanamh ar cheanntar áluinn Loch Léin.
Fuair sé lóchrann ó dhraoitheadóir éigin agus go deimhin
do chuirfadh na hiongantaisí a thaispeanann an lóch-
rann céadna draoidheacht ar éinne. Go mairir do
lóchrann a Oisín is go mairidh an Léin-Loch thú.



Fuaramair roinnt chártaí puist agus pictiuirí ortha
ó Irial Mac Sheagháin Uí Fhearghail. Tá na pictiúirí
go hana-dheas ar fad; chomh gleoidhte agus d'fhéadfaidhe,
iad d'fhagháil i n-éan-bhall. Táthar á ndíol n-a mbear,
taibh, dosaon ar réal. Tá beart ag cur síos ar
Bhaile Átha Cliath, ceann eile ar Árainn is ar Ghaillimh —
ceann eile ar Chill Áirne, agusrl. Níl de chainnt ionnta
ar fad acht Gaedhilg. Tá soin i litreachaibh Romhánacha
ámh.



NA TRÍ PRÉAChÁIN: Ath cló ar an gcéad roinn de
Scéaluidheacht Chúige Mumhan ag Pádraig a
Laoghaire. Ar n-a chur amach do Chonnradh na
Gaedhilge. Pinginn.



Is maith linn go bhfuiltar ag tosnughadh ar Scéal-
uidheacht Chuige Mumhan a thabhairt amach arís. Tá an
leabhar féin a cló le fada. Ba mhaith an cuimhneamh
é an leabhar a thabhairt amach n-a leabhairíní pingne.
Beidh ceannach air. Tá súil againn amh, go mbeidh
breis scéaluidheacht san dtarna roinn.



MION-CHAINNT SCOILE: Éamonn Ó Donnchadha do
scríobh. Ar n-a chur amach do Chraobh na Paróiste
Thuaidh, i gCorcaigh. Ar fagháil ó lucht leabhair
a dhíol. Dhá phinginn a fhiacha.



Ní fhaca fós curtha le chéile ar son na teangan luach
dhá phinginn níos fearr ná níos úsáidighe ná an leabhar
so do scríobh Éamonn Ua Donnchadha dhúinn. Támaoid
uile fé chomaoine mhór aige. Tá ós cionn trí fichid
leathannach sa leabhar, agus níl ceann ar bith de sna trí
fichid leathannach so curtha isteach i n-aistear ann.



Níl pioc de ghnó na scoile ó mhaidin go hoidhche ná
fuil trácht air. Níor dearmhaideadh an Roll-call,
Reading, Writing Letter-writing, Arithmetic, Gram-
mar, Geography, Drawing, Needle-Work, Drill, Object
Lessons, Singing, agus níl ceárd-fhocal a theasdó'idh
ó'n máighistir faid bheidh sé ag múineadh éin cheann
aca so ná faighidh sé curtha síos go soiléir simplidhe
roimis sa leabhar so.



Is minic máighistridhe ag casamh easpadh na gceárd
fhocal, agus is minic ag mionnabar iad i n-aghaidh
lucht stiúrtha an Chonnartha mar gheall ar a moille
ag soláthar agus ag foillsiughadh na bhfocal so dhóibh
Ní bheidh éan chúis ghearáin feasta aca: caithidís uathá
an mionnabar, agus ceannuighdís an leabhar láithreach
Níl n-a dhiaidh acht dhá phinginn siúd is gur fiú a sheacht
n-oirid é.



Tá a fhios agam gur thug daoine nách é Éamonn fé
'sna foclaibh seo do chraobh-scaoileadh cheana — go
háirithe Tomás Bán — agus is é badh mhaith liom a
fheicsint sul a fada: cómhaltas beag 'na shuidhe le
hughdarás an Chonnartha ag déanamh cómh-bhreath-
nughadh ar na leabhraibh seo le haghaidh éin leabhair
amháin dho dhéanamh asta, i gcás go mbeidhmís uile,
theas agus thuaidh, de réir a chéile i n-úsáid na gceárd-
fhocal.



Tá foclóir agus aguisín n-a teannta, a' gabháil
leis an leabhar, agus ní gádh a rádh go bhfuil sé
clódh-bhuailte go slachtmhar agus go gléineach.



GRUAGACH AN TOBAIR.



LECTURES ON THE IRISH LANGUAGE
MOVEMENT. By the Rev. P. Dineen. Published
under the auspices of the Keating Branch of the
Gaelic League. M. H. Gill and Son. 6d. nett.



Seo leabhar eile againn ó láimh an Athar Pádraig.
Ba mhaith an cuimhneamh é na léigheachta a thug sé uaidh
os comhair craobhacha de Chonnradh na Gaedhilge do
chur le chéile is do thabhairt amach i n-éin-leabhar
amháin. Sin mar do fuarthas adhbhar an leabhair bhigh
thaithneamhaigh seo. Níl éan-amhrus orainn ná go
ndéanfaidh an leabhar so maitheas mhór don Ghaedhilg.
Tá muinntir na Gaedhilge fé chomaoine mhóir ag
Craoibh an Céitinnigh is agá nUachtarán, an tAthair
Pádraig, de chionn an leabhair seo. Ní hé n-dhíoghbháil
préamhacha na hoibre a choimeád os comhair ár
n-aigne coitcheanta.



Cártaí Posta Gaedhealacha!
ASK FOR
THE GAELIC POST CARDS.
The Gaelic Post Card Co.,
Dublin and London.



Seoltar litreacha i dtaobh Eagarthóireachta go dtí
an Fear Eagair; agus litreacha i dtaoibh Banistighe go
dtí Stiúrthóir, Oifig an Chonnartha, 24 Sráid Uachtarach
Uí Conaill, Áth Cliath.


L. 621b


ADVERTISEMENTS



NOW ON SALE.



Sliocht as "Irisleabhar na Gaedhilge."



Uimhir I.



AN ÁIT D'ÁR GHABHAS,
(trí fuinn).



An tAthair Cathaoir Ó Bréandáin ("Oisín") agus "Fear Fuartha na dTráithre."
Do Sholáthruigh.



NOW ON SALE.



Uimhir II.



Turas go Tír na n-Óg
(trí fuinn).



An tAthair Tomás Mac 'Liam.
Do Sholáthruigh.



Ar n-a chur amach do
Chonnradh na Gaedhilge, Baile Átha Cliath,
1903.



Pighin an Ceann.



Seachadadh áluinn le h-aghaidh na bPáisdí.
A BEAUTIFUL PRESENT FOR THE CHILDREN.



Sidheóga ag Obair: Fairies at Work.
Sgéalta Sidhe: Faires' Stories.



'Liam Ó Riain do sgríobh. By William P. O'Ryan.



Raol an Chóibh. Seacht bPighne Saor Thríd an bPost.
Sixpence per copy. Post Free: Sevenpence.



Seachadadh áluinn le h-aghaidh na bpáisdí.
A Beautiful Gift for the Children.



"An Táilleán,"
A Children's Coloured Picture Book. Written by Tadhg O'Donoghue, illustrated
by George Fagan.



32 pages, 1s. net. Post Paid, 1s. 3d.



Address: Manager, Gaelic League Book Stores, 24 Upper O'Connell St.
DUBLIN.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services