Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Tomás Ó Flannghaile.
Title
Tomás Ó Flannghaile.
Author(s)
Féach ainm cleite,
Composition Date
1904
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
TOMÁS Ó FLANNGHAILE. Is oth linn an scéal brónach so a chlos i dtaobh Thomáis Uí Fhlannghaile. Tá an fíor-Gaedheal so go tréith. Do bhuail taom breóidhteachta tamall ó shoin é, agus ó's duine é ná raibh an iomad de ghustal an tsaoghail aige riamh, tá sé i gcruadh-chás fé láthair. Tá cuid dá cháirdibh i measc muinntir na Gaedhilge i Lunndain, mar a bhfuil sé n-a chomhnuidhe, ag bailiughadh i n-a chóir, ar chuma go mbeid ábalta ar shíntús oireamh- nach a thabhairt do. Is cuimhin le léigh- theóiríbh an pháipéir seo ó thosach cad é mar do chabhruigheadh Tomás Ó Flannghaile leis an nGaedhilg nuair a bhí sí go fann lag traochta. Do dheineadh sé cion fir i gcomhnuidhe agus uaireanta cion dáréag, ag scríobhadh is ag múineadh is ag cur na Gaedhilge chun cinn ar gach cuma do b'eól do. Is é Tomás Ó Flannghaile do scríobh "For the Tongue of the Gael," is do chuir i n-eagar "Laoidh Oisín ar Thír na nÓg" agus "Amhráin Dhonnchadh Ruadh MacConmara." Agus ní'l annsoin acht áireamh ar chuid dar scríobh is dá ndearnaidh sé. Tá an Ghaedhilg ag éirighe tréan anois buidheachas le Dia, agus muinntir na Gaedhilge ag dul i dtreise is i líonmhaireacht, agus níor chóir an laoch calma do chabhruigh léi i n-uair a gábhaidh a dhearmhad. A léightheóirí an IRISLEABAIR, tugaidh uaibh do réir bhur ngustail; tá ár mbráthair go mór n-a ghábhadh. Ní eiteóghaidh fíor-Ghaedhil sinn. Cuirfam gach síntús, pé beag mór é, dá sroichfidh sinn ag triall ar Thadhg Mac Suibhne an sparánuidhe aca thall. TÓRNA
ADVERTISEMENTS Sliocht as "Irisleabhar na Gaedhilge." Uimhir I. An Áit D'ár Ghabhas, (Trí Fuinn) An tAthair Cathaoir Ó Bréandáin ("Oisín"), agus "Fear Fuartha na dTráithre." Do Sholáthruigh. NOW ON SALE. Uimhir II. Turas go Tír na n-Óg (trí fuinn). An tAthair Tomás Mac 'Liam. Do Sholáthruigh. Ar n-a chur amach do Chonnradh na Gaedhilge, Baile Átha Cliath. 1903. Pighin an Ceann. Seachadadh Áluinn le h-Aghaidh na bPáisdí. A BEAUTIFUL PRESENT FOR THE CHILDREN. Sidheóga ag Obair: Fairies at Work. Sgéalta Sidhe: Fairies' Stories. Liam Ó Riain do sgríobh. By William P. O'Ryan. Raol an Chóib. Seacht bPighne Saor Thríd an bPost. Sixpence per copy. Post Free: Sevenpence. Seachadadh Áluinn le h-aghaidh na bPáisdí. A Beautiful Gift for the Children. "An Táilleán,"
Smuainte Ar Árainn, I n-a dtugtar cúnntas i nGaedhilg shnasta shimplidhe ar Árainn na Naomh agus ar mhuinntir Ghaedhealaigh na háite sin, agus ar Phátrún, Feis, Aeridheacht, Banais, agus c., Do bhí 'san Inis, maille le fiche íomháigh ag taisbeáint slighe bheatha agus caitheamh-aimsire na ndaoine. Fá pháipéar láidir, 6d.; tríd an bpost, 7d. Fá Éadach, I/-; tríd an bpost, I/2. Fá leathar, I/6; tríd an bpost, I/8. Aodh Ó Néill. Dráma Úr-nua. Do sgríobh "Conán Maol". An chéad leabhrán do shraith-leabhair "An Chlaidhimh Soluis." Ar Fagháil Ó Rúnaire Connartha na Gaedhilge, agus ó gach éan reiceadóir leabhar eile, ar thrí pighinne. agus tríd an bposta, ar thrí pighinne is leith-phighinn.
AN TAE IS FEARR Uisge beathadh, togha sean-uisge beathadh Éireannaigh. 16/- 18/- agus 20/- an galún. 32/- 36/- agus 40/- an dúiséin.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services