Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Tomás Ó Flannghaile.

Title
Tomás Ó Flannghaile.
Author(s)
Féach ainm cleite,
Composition Date
1904
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

TOMÁS Ó FLANNGHAILE.



Is oth linn an scéal brónach so a chlos i
dtaobh Thomáis Uí Fhlannghaile. Tá an
fíor-Gaedheal so go tréith. Do bhuail taom
breóidhteachta tamall ó shoin é, agus ó's duine
é ná raibh an iomad de ghustal an tsaoghail
aige riamh, tá sé i gcruadh-chás fé láthair.



Tá cuid dá cháirdibh i measc muinntir na
Gaedhilge i Lunndain, mar a bhfuil sé n-a
chomhnuidhe, ag bailiughadh i n-a chóir, ar
chuma go mbeid ábalta ar shíntús oireamh-
nach a thabhairt do. Is cuimhin le léigh-
theóiríbh an pháipéir seo ó thosach cad é mar
do chabhruigheadh Tomás Ó Flannghaile leis
an nGaedhilg nuair a bhí sí go fann lag
traochta. Do dheineadh sé cion fir i
gcomhnuidhe agus uaireanta cion dáréag, ag
scríobhadh is ag múineadh is ag cur na
Gaedhilge chun cinn ar gach cuma do b'eól
do. Is é Tomás Ó Flannghaile do scríobh
"For the Tongue of the Gael," is do chuir
i n-eagar "Laoidh Oisín ar Thír na nÓg" agus
"Amhráin Dhonnchadh Ruadh MacConmara."
Agus ní'l annsoin acht áireamh ar chuid dar
scríobh is dá ndearnaidh sé. Tá an
Ghaedhilg ag éirighe tréan anois buidheachas
le Dia, agus muinntir na Gaedhilge ag dul
i dtreise is i líonmhaireacht, agus níor chóir an
laoch calma do chabhruigh léi i n-uair a
gábhaidh a dhearmhad. A léightheóirí an
IRISLEABAIR, tugaidh uaibh do réir bhur
ngustail; tá ár mbráthair go mór n-a
ghábhadh. Ní eiteóghaidh fíor-Ghaedhil sinn.
Cuirfam gach síntús, pé beag mór é, dá
sroichfidh sinn ag triall ar Thadhg Mac
Suibhne an sparánuidhe aca thall.



TÓRNA


L. 560a


ADVERTISEMENTS



Sliocht as "Irisleabhar na Gaedhilge."



Uimhir I.



An Áit D'ár Ghabhas,
(Trí Fuinn)



An tAthair Cathaoir Ó Bréandáin ("Oisín"), agus "Fear Fuartha na dTráithre."
Do Sholáthruigh.



NOW ON SALE.



Uimhir II.
Turas go Tír na n-Óg
(trí fuinn).
An tAthair Tomás Mac 'Liam.
Do Sholáthruigh.



Ar n-a chur amach do
Chonnradh na Gaedhilge, Baile Átha Cliath.
1903.



Pighin an Ceann.



Seachadadh Áluinn le h-Aghaidh na bPáisdí.



A BEAUTIFUL PRESENT FOR THE CHILDREN.



Sidheóga ag Obair: Fairies at Work.
Sgéalta Sidhe: Fairies' Stories.



Liam Ó Riain do sgríobh. By William P. O'Ryan.



Raol an Chóib. Seacht bPighne Saor Thríd an bPost.
Sixpence per copy. Post Free: Sevenpence.



Seachadadh Áluinn le h-aghaidh na bPáisdí.
A Beautiful Gift for the Children.



"An Táilleán,"


L. 560b


Smuainte Ar Árainn,



I n-a dtugtar cúnntas i nGaedhilg shnasta shimplidhe
ar Árainn na Naomh agus ar mhuinntir Ghaedhealaigh na
háite sin, agus ar Phátrún, Feis, Aeridheacht, Banais, agus c.,
Do bhí 'san Inis, maille le fiche íomháigh ag taisbeáint slighe
bheatha agus caitheamh-aimsire na ndaoine.



Fá pháipéar láidir, 6d.; tríd an bpost, 7d.
Fá Éadach, I/-; tríd an bpost, I/2.
Fá leathar, I/6; tríd an bpost, I/8.



Aodh Ó Néill. Dráma Úr-nua. Do sgríobh "Conán Maol".
An chéad leabhrán do shraith-leabhair "An Chlaidhimh Soluis."



Ar Fagháil Ó Rúnaire Connartha na Gaedhilge,
agus ó gach éan reiceadóir leabhar eile, ar thrí pighinne.
agus tríd an bposta, ar thrí pighinne is leith-phighinn.






L. 561b


AN TAE IS FEARR
Uisge beathadh, togha sean-uisge beathadh Éireannaigh.
16/- 18/- agus 20/- an galún.
32/- 36/- agus 40/- an dúiséin.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services