Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
An Chéad Lá ar Mealladh mé ó Scoil.
Title
An Chéad Lá ar Mealladh mé ó Scoil.
Author(s)
Féach ainm cleite,
Composition Date
1904
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
AN CHÉAD LÁ AR MEALLADH Ar n-dóigh ní féidir gur ag smaoireadh ar a dhul chuig an sgoil a bhí sibh indiu," ar seisean go meangamhail. "Nach bhfuilim-se tar éis a bheith thoir agus dheamhan sin máighistear ag teacht ná a thiocfas go luath, buidheachas mór le Dia"! ar seisean, ag tabhairt a shean- laisg dá ucht le neart áthais agus glion- dair. "Bíodh aige anois" ar seisean, acht is fada an lá go gcuirfidh sé ag crathadh na gcrúb muid-ne arís." "Ceárd atá tú a rádh chor ar bith," arsa duine againn," i dtaoibh an mháighisteara, nó cé'n fáth go ndeireann tú nach mbeidh sé ag aon sgoil indiu ná go luath"? Leis seo bhuail ceathar nó cúigear as Cor- na-Rón suas chugainn, agus d'orduigh Tomáisín gan a leigean idir go mínightí an sgéal dóibh. "Bhíos ag rádh" arsa Tomáisín "nach raibh aon sgoil ann indiu agus cruthóghfa mé dhíbh é freisin." "Tá súil le Dia agam nach bhfuil" arsa 'Ball Dearg' "mar dheamhan oiread 's smid de mo cheachta agam-sa, ná dearcadh a rinneas ortha ó thug mé cúl mo chinn don sgoil indé, acht cé'n chaoi go bhfuil fios agat, a Thomáisín go bhfuil an sgéal mar dubhairt tú?" "Innseóchad sin daoibh" ar seisean, acht fágadh muid an bóthar ar dtús agus na bíodh gach duine ag breathnughadh orainn ag uardal anonn 's anall annso. Is fearr dhúinn bualadh isteach faoi thócar an Droichid ar an gcúlráid, agus innseóchad daoibh cé mar thárla." "Déantar ann," arsa'n chuid eile, agus isteach linn faoi'n tóchar, agus buachaillí Chor-na-Rón, agus tuilleadh as Baile an Thighe Mhóir 'nar dtheannta a loiceadh freisin ó dhul ar aghaidh chum na sgoile. Thosuigh ar Thomáisín ag innsint dhúinn annsin mar do chuaidh sé soir chum na sgoile, mar bhí sé abhfad 's abhfad ag fanamhaint leis an máighistir, mar do tháinig sé 'sa deire, agus mar tháinig triur síth-mhaoir nó constáblaí go haithbéil na dhiaidh agus mar chrochadar leó é gan fios a thabhairth d'aon nduine beó cen fáth ná'n bun-úghdair. "Ar ndóigh" arsa Tomáisín ag críochnughadh "chualaidh sibh go léir go raibh an máighistir agus buicíní eile ag fiadhach an Dómhnach faoi dheireadh thall ag Bó-Bhrocháin agus go rug an maor ortha?" "Mh'anam gur chualaidh" ar siad-san "acht céard a thárla?" "Seadh maith go leór a bhuachaillí is breágh an sgéal é sin, acht tá fhios agaibh nach raibh aon chead fiadhach ag an máighistir ar an réimse mór úd ag Bó-Bhrocháin atá ceannuighthe tar bárr amach ag an bhfear uasal úd as Sasana le h-aghaidh fiadhach, agus frítheadh an maighistir bocht agus a ghunna aige taobh istigh den teórainn, agus mh'anam go dtiocfaidh sé righte leis nó go n-íocfaidh sé ann. Bhi sé ag gabháil thart
go mb'éigin dó a theacht 'na cúirte an lá faoi dheireadh, acht níor chreid go leór go mbeadh sé chomh domáisteach ar mo dhuine bocht gur rugthas air indiu agus gur crochadh 'un bealaigh é i ngreim ag "luchth na gcaipíní speiceach," agus ag Dia atá fhios cé'n uair a leigfear ar ais chugainn é." Sin é an uair a bhí an greadadh agus an bualadh bos ann le mór-bhród agus áthas ag an máighistir a bheith sguabtha uatha. "Meas tú nach fíor é?" arsa duine leis an gceann eile. "An fíor é an eadh"? arsa Tomáisín go borb, an amhlaidh a mheasam tú gur ag áithbhéil a bheinn? Tá a chómhartha le n-a chois ann, an sgoil dúnta, an doras faoi ghlas, agus na cailíní beaga 'san sgoil eile agus gan fhios aca beirthe ná beó cé'n fáth go bhfuil an oiread grinn agus éirighe i n-áirde ag na buachaillí ar fud an bhóthair; le mo dhá fhúil a chonnaiceas iad féin, agus an mháighistreás óg ag spéacláireacht amach thrí na fuinneógaibh, agus gan fios aca 'sa domhan cad chuige go raibh na geár-bhodaigh ag gluaiseacht a-bhaile faoi mheidhir chomh luath 'sa maidin." "Acht nach bhfaca an mháighistreás an máighistir ag imtheacht?" arsa Ball Dearg. "Ní fhaca, a dhuine! Bhí glanta leis sul tháinig sí ar maidin; agus rud eile, ní ar an mbealach 'na gcomhnuidheann sí a d'éirigh leis na constablaí a thabhairt." "Deamhan smid bhréige agat, a Thomáis," arsa an chuid eile. "Céard a dhéanfas muid, chor ar bith?" "Cé'n chaoi is fearr leis an lá a chaitheamh?" arsa gach duine leis an gceann eile. "Deamhan thumanta baoghal orainn a dhul a-bhaile, ar chuma'r bith, ó gheall Dia an lá 'n-a shaoire dhúinn," arsa Ball Dearg. "A-bhaile! M'anam gur fada uainn é. Ó tá sé 'n-a lá againn, bíodh sé 'n-a lá," arsa Seaghán Ó Caoidhin. "B'fhearr dhúinn an lá a chaitheamh ag cleasuidheacht 'sna guirt, agus bológaí breágha a cheannacht 'sna siopaí, agus toghadh féasta a bheith againn i dteannta chéile," arsa Colm Thomáis. "Deamhan locht ar bith air," arsa Séamus Óg. "Ní baoghal nach go mbeidh lá sult- mhar sólásach againn go tráthnóna. An bhfuil sibh-se sásta, a mhuinntir Chora na Rón?" "M'anam go bhfuil - d'éireóghadh dhúinn," arsa Stiopháinín. "Anois bíodh lá éicint eile ag na guirt agus na bológaí," arsa Tomáisín. "B'fhearr dhúinn go mór fada a dhul síos go dtí sgoil na gCartúr, agus an áit do fheiceál, agus freisin go bhfeicfimíd má tá mac máthar ann atá dána go leór ar aon mhí- mheas nó masla a thabhairt dúinne ó Pharáiste an Chnuic. Tá chomh maith le fiche duine againn ann, agus dar fiadh ba cheart go mbeadh muid i n-ann cur chuca má theanann orainn!" Duine achrannach sgléipéipeach a bhí ann, agus bhí an cathughadh biorach air le neart ceanndánacht agus fonn troda. Ní rabhadar ag réidhteach le chéile. Ní raibh an feidheal ar aon intinn. Bhí cuid aca ag iarraidh na guirt a thabhairt ortha féin, agus tuille a mb'fhearr leó a dhul go dtí sgoil na gCartúr, agus mar sin d'éirigh caismirt fhada eatortha. 'Sa deireadh caitheadh ar croinnte cá rachadh, agus thárla go raibh an chuid ba mhó ar aon intinn le Tomáisín, agus mar sin bhí ar gcuid eile a bheith sásta le lasgadh siar go dtí na Cartúir. Nuair bhíodar ag stócáil ag imtheacht ó'n Sruthán Buidhe, ní rabhas féin sásta ar a
dhul leó, chor ar bith. Bhí cuid aca a rádh mé fhágáil mar bhíos, agus gan bacadh liom — go mbadh chuma ann nó as mé, acht mhaisge dubhairt Seaghán dá bhfágthaí 'n-a ndiaidh mé go mbeadh sé contabhairteach aige féin a dhul acht an oiread, mar go rachainn a-bhaile agus go n-innseoghainn go cinnte cá raibh sé imthighthe, agus go mbeadh a phasóid ullmhuighthe 'n-a chomhair, agus a ghleasadh le fagháil aige ar a theacht ar ais dó. Ceapadh go raibh an ceart aige, agus mheasadar go rabhas chomh óg agus chomh dith- chéillidhe 's go n-innseoghainn ortha é dá dtéidhinn a-bhaile, agus mar sin tosuigheadh ag bladaireacht liom, ag iarraidh mo mhealladh siar i n-aoinfheacht leó. Gealladh 'ch uile rud dom dhá dtéidhinn i n-aoindigh leó, agus go ndéanfaidhe gach rud ní ba mheasa ná chéile liom dhá loicinn. Mar sin 'sa deireadh dubhras go rabhas sásta, agus go rachainn leó. Bhíodar sásta go leór annsin, agus maidir le buillí ar an druim is mé a fuair iad le neart a gcuid áthais ag mé a bheith ag teacht leó, agus chloisfeá Tomáisín agus na buachaillí eile ag rádh :- "Sin é an buachaill agaibh!" "Bhí fhios againne go ndéanfadh sé é!" "Ba dhual dhearbhráthar dhuit gan cliseadh," agus go leór briathra moltacha nó plámásacha eile mar sin. Casadh tuilleadh buachaillí linn ar an mbealach siar dúinn, agus bhuaileamar bleid ortha, ag dearbhughadh go raibh an máighistir sguabtha uainn, nó gur iom- puigheadar siar i n-aoinfeacht linn. Maidir le glaodhach agus béiceadh, torann agus fothrom, siosga agus caismirt, suairceas agus greann is againn a bhíodar ag lasgadh siar 'sna fásgaí, agus ag mealladh gach sgoláire dár casadh dhúinn, gur shroicheamar na Cartúir. Bhuaileamar isteach go neamh-spleadhach 'san sgoil - os cionn deich nduine fichead againn, agus 'ar ndóigh, ní raibh buachaill na cailín san sgoil gan dearcadh orainn, agus lán na súl a bhaint asainn ar a theacht isteach dhúinn i ndiaidh a chéile ó dhuine go duine. 'Sé an chéad rud a ndeárnas féin iongadh dhe, triúr máighistreásaí ag múnadh stóc- achaí de bhuachaillí abhad ní b'aoirde ná iad féin, agus cheapamar go léir go mba hí an sgoil ba dheise í dá bhféadfaidhe 'fhagháil ag na cailíní is na buachaillí a bheith ag fagháil a gcuid oideachais i dteannta chéile. Ní bhídís i n-aoinfeacht ar feadh "leath-uair an ghrinn" féin san sgoil a d'fhágamar, rud a ghoilleadh go mór ortha ar fud fad a chéile. D'iarr an mháighistreás dhínn cé'n fáth ar thángamar, agus d'innsigheamar di, agus gheallamar go rabhamar le teacht go dtí 'na sgoil sise uaidh sin amach. Dar fiadh, ba chosamhail go raibh sí glionndarach chomh fada le mo chuimhne, mar ní'l duine againn nár cuireadh a ainm síos ar áit na mbonn san "leabhar mór," agus rinne an mháighis- treás óráidín geárr ag fáiltiughadh rómhainn, agus ag moladh na mbuachaillí a bhí le teacht chuiche uaidh sin amach, agus d'innis sí do na sgoláirí cé'n bhród a bhí uirthi ag fheabhas is bheadh an sgoil méaduighthe, agus clú na sgoile árduighthe ag an bhfuireann breágh a bhí le teacht ó'n gCnoc. Cuireadh gach duine againn annsin 'n-a bhuidhin féin, agus nach maith is cuimhneach liom an chéad cheacht i Long Division a múineadh dhom an lá úd. Chaitheamar an lá ciúin, réidh, socair go leór no go dtáinig "leath-uair an ghrinn" 'sa meadhon-lae, nuair a sgaoileadh amach ar an mbóthar sinn le dul ag cleasaidheacht agus ag déanamh grinn. 'Sé an cleas a bhíodh go gnáthach ag buachaillí na gCartúr — ag imirt chnaipí, agus an lá so tosuigheann
siad féin agus buachaillí an Chnuic ag imirt le chéile. Ní minic a thagadh an tsíothcháin asta, mar chnaipí, acht a dhearbhráthair mo chroidhe thú, ba ghearr ag imirt iad nó go raibh sé in' acharann dearg eatortha. A leitheid do ghléasadh agus do phlaidhbeadh níor fachas 'sna Cartúir cheana ó cuireadh sgoil ar bun ann, agus bhí an lá úd! Bhí "fuil ar smuit' agus mailí geárrtha," gan amhras, acht cé gur chabhruigh cliobairí móra as na bailte leó, ba ag buachaillí na háite bhí an chuid ba mheasa de'n sgéal. Tar éis an ghreadadh agus an smíochadh a bheith críochnuighthe, agus na laochra go léir tuirseach tnáite, lasgamar linn abhaile ag gealladh do na buachaillí eile go mbeadh a bpasóid gléasta na gcomhair chomh luath i nÉirinn is gheabhthaidhe greim ortha chomh fada soir leis an Tulcaigh Ruadh, mar gheall ar an bhfuar-cháirdeas a chaitheadar linn, agus bhaineamar as sna fásgaí, soir an bhóthar, agus cnámha leómhanta, mailí dubha, agus súile daithte ag ár mbúnaite le tabhairt linn abhaile. Bhí fios maith againn go mbeadh sgéala aca air 'sa mbaile rómhainn, agus céard a dhéanfadh na buachaillí acht socrughadh gan a dhul a-bhaile chor ar bith an tráthnóna sin! D'éaluigh cuid aca mar sin féin, agus thug an baile ortha féin, acht cá bhfanfadh tuil- leadh againn acht go sámh 'nár gcodladh istigh i sgioból thuas ar áiléar a bhí líonta le tuighe ar feadh na hoidhche; mar bhí sgéala fáighte aca sa mbaile ar an gcleas a rinneadar, agus ó bhí fhios againn go mbeadh an "fhearg mhór" go cinnte ortha, socruigheadh go mb'fheárr fanacht uatha go maidin go bhfuarigheadh sí roinnt. Acht ar ndóigh téidheadh ar ár dtóir, agus fuair muinntir an bhaile a bhí 'ghár dtóruidheacht sgéala ó bhuachaill eicínt a d'éaluigh uainn cá rabhamar, agus rugthas orainn 'n-ar suan réidh go leór. Ní misde a rádh gur íocamar go géar nuair a frítheadh sa mbaile sinn, agus gur leagadh an "tslaitín ghéar" orainn go maith. Tugadh soir go dtí an sgoil sinn an mhaidin sin go dtí an máighistir bocht a raibh cúthach agus tadhad an tsaoghail air, gan trácht ar náire, ag an gcleas a him- righeadh air, agus an chaoi ar himthigheadh uaidh go dtí sgoil eile. Ní bréag a rádh gur thuilleamar uaidh an íocaidheacht ghlan a thug sé dhúinn le ordughadh ó n-ár muinn- tir, mar máighistir ní b'fheárr, ná ní ba láthaighe linn ná é roimhe sin ba dheacair fhagháil. Thug sé bualadh agus greadadh breágh dhúinn, agus fuair Tomáisín "dualgas an tsleisne" ar fad uaidh, mar ba in aon úim amháin a chuaidh sé soir an mhaidin roimhe sin go dtí an sgoil, le teacht air ais le bacadh a chur ar gach duine dá raibh ag teacht chum na sgoile, mar bhí an mí-ádh mór air le bál-séire, agus ní bhíodh uaidh i gcómhnuidhe acht bail-amhair a dhéanamh de gach duine. Maidir leis an sgéal a craobh- sgaoileadh i dtaoibh an mháighisteara bhoicht, ní raibh ann acht bun-sgéil a chuir Tomáisín agus buachaillí gleacaidhthe eile an locháin i dtoll a chéile roimh ré, ionnus go bhféad- fadh siad an mac so agus muinntir Chor na Rón a mhealladh. Rinneadar é go poit- eanta an lá úd; acht ní raibh ann acht ceann de na cleasannaibh agus na himeartais a d'imrigheadar orainn ar feadh na mbliadh- anta a chaitheamar ag dul ar sgoil i dteannta chéile. (Críoch). "Cois-fhairrge." Teine fhadughadh fa loch; Cogadh na gcuin a chur 'un suain; Comhairle chur ar bhean bhorb; Nó, lorg an uird a chur i n-iarann fuar.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services