Historical Irish Corpus
1600 - 1926

An Chéad Lá ar Mealladh mé ó Scoil.

Title
An Chéad Lá ar Mealladh mé ó Scoil.
Author(s)
Féach ainm cleite,
Composition Date
1904
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

AN CHÉAD LÁ AR MEALLADH



Ar n-dóigh ní féidir gur ag smaoireadh ar a
dhul chuig an sgoil a bhí sibh indiu," ar seisean
go meangamhail. "Nach bhfuilim-se tar éis
a bheith thoir agus dheamhan sin máighistear ag
teacht ná a thiocfas go luath, buidheachas mór
le Dia"! ar seisean, ag tabhairt a shean-
laisg dá ucht le neart áthais agus glion-
dair. "Bíodh aige anois" ar seisean,
acht is fada an lá go gcuirfidh sé ag
crathadh na gcrúb muid-ne arís."



"Ceárd atá tú a rádh chor ar bith," arsa
duine againn," i dtaoibh an mháighisteara,
nó cé'n fáth go ndeireann tú nach mbeidh sé
ag aon sgoil indiu ná go luath"?



Leis seo bhuail ceathar nó cúigear as Cor-
na-Rón suas chugainn, agus d'orduigh
Tomáisín gan a leigean idir go mínightí an
sgéal dóibh.



"Bhíos ag rádh" arsa Tomáisín "nach
raibh aon sgoil ann indiu agus cruthóghfa mé
dhíbh é freisin." "Tá súil le Dia agam nach
bhfuil" arsa 'Ball Dearg' "mar dheamhan
oiread 's smid de mo cheachta agam-sa, ná
dearcadh a rinneas ortha ó thug mé cúl mo
chinn don sgoil indé, acht cé'n chaoi go bhfuil
fios agat, a Thomáisín go bhfuil an sgéal
mar dubhairt tú?"



"Innseóchad sin daoibh" ar seisean, acht
fágadh muid an bóthar ar dtús agus na
bíodh gach duine ag breathnughadh orainn ag
uardal anonn 's anall annso. Is fearr
dhúinn bualadh isteach faoi thócar an Droichid
ar an gcúlráid, agus innseóchad daoibh cé
mar thárla."



"Déantar ann," arsa'n chuid eile, agus
isteach linn faoi'n tóchar, agus buachaillí
Chor-na-Rón, agus tuilleadh as Baile an
Thighe Mhóir 'nar dtheannta a loiceadh freisin
ó dhul ar aghaidh chum na sgoile.



Thosuigh ar Thomáisín ag innsint dhúinn
annsin mar do chuaidh sé soir chum na sgoile,
mar bhí sé abhfad 's abhfad ag fanamhaint
leis an máighistir, mar do tháinig sé 'sa
deire, agus mar tháinig triur síth-mhaoir nó
constáblaí go haithbéil na dhiaidh agus mar
chrochadar leó é gan fios a thabhairth d'aon
nduine beó cen fáth ná'n bun-úghdair. "Ar
ndóigh" arsa Tomáisín ag críochnughadh
"chualaidh sibh go léir go raibh an máighistir
agus buicíní eile ag fiadhach an Dómhnach
faoi dheireadh thall ag Bó-Bhrocháin agus
go rug an maor ortha?"

"Mh'anam gur chualaidh" ar siad-san
"acht céard a thárla?"



"Seadh maith go leór a bhuachaillí is
breágh an sgéal é sin, acht tá fhios agaibh
nach raibh aon chead fiadhach ag an máighistir
ar an réimse mór úd ag Bó-Bhrocháin atá
ceannuighthe tar bárr amach ag an bhfear
uasal úd as Sasana le h-aghaidh fiadhach,
agus frítheadh an maighistir bocht agus a
ghunna aige taobh istigh den teórainn, agus
mh'anam go dtiocfaidh sé righte leis nó go
n-íocfaidh sé ann. Bhi sé ag gabháil thart


L. 546


go mb'éigin dó a theacht 'na cúirte an lá
faoi dheireadh, acht níor chreid go leór go
mbeadh sé chomh domáisteach ar mo dhuine
bocht gur rugthas air indiu agus gur crochadh
'un bealaigh é i ngreim ag "luchth na
gcaipíní speiceach," agus ag Dia atá fhios
cé'n uair a leigfear ar ais chugainn é."



Sin é an uair a bhí an greadadh agus an
bualadh bos ann le mór-bhród agus áthas ag
an máighistir a bheith sguabtha uatha.



"Meas tú nach fíor é?" arsa duine
leis an gceann eile.



"An fíor é an eadh"? arsa Tomáisín go
borb, an amhlaidh a mheasam tú gur ag
áithbhéil a bheinn? Tá a chómhartha le n-a
chois ann, an sgoil dúnta, an doras faoi
ghlas, agus na cailíní beaga 'san sgoil eile
agus gan fhios aca beirthe ná beó cé'n fáth
go bhfuil an oiread grinn agus éirighe i
n-áirde ag na buachaillí ar fud an bhóthair;
le mo dhá fhúil a chonnaiceas iad féin, agus
an mháighistreás óg ag spéacláireacht amach
thrí na fuinneógaibh, agus gan fios aca 'sa
domhan cad chuige go raibh na geár-bhodaigh
ag gluaiseacht a-bhaile faoi mheidhir chomh
luath 'sa maidin."



"Acht nach bhfaca an mháighistreás an
máighistir ag imtheacht?" arsa Ball Dearg.



"Ní fhaca, a dhuine! Bhí glanta leis sul
tháinig sí ar maidin; agus rud eile, ní ar
an mbealach 'na gcomhnuidheann sí a d'éirigh
leis na constablaí a thabhairt."



"Deamhan smid bhréige agat, a Thomáis,"
arsa an chuid eile. "Céard a dhéanfas
muid, chor ar bith?" "Cé'n chaoi is fearr
leis an lá a chaitheamh?" arsa gach duine
leis an gceann eile.



"Deamhan thumanta baoghal orainn a
dhul a-bhaile, ar chuma'r bith, ó gheall Dia an
lá 'n-a shaoire dhúinn," arsa Ball Dearg.



"A-bhaile! M'anam gur fada uainn é.
Ó tá sé 'n-a lá againn, bíodh sé 'n-a lá,"
arsa Seaghán Ó Caoidhin.



"B'fhearr dhúinn an lá a chaitheamh ag
cleasuidheacht 'sna guirt, agus bológaí
breágha a cheannacht 'sna siopaí, agus
toghadh féasta a bheith againn i dteannta
chéile," arsa Colm Thomáis.



"Deamhan locht ar bith air," arsa Séamus
Óg. "Ní baoghal nach go mbeidh lá sult-
mhar sólásach againn go tráthnóna. An
bhfuil sibh-se sásta, a mhuinntir Chora na
Rón?"



"M'anam go bhfuil - d'éireóghadh dhúinn,"
arsa Stiopháinín.

"Anois bíodh lá éicint eile ag na guirt
agus na bológaí," arsa Tomáisín. "B'fhearr
dhúinn go mór fada a dhul síos go dtí
sgoil na gCartúr, agus an áit do fheiceál,
agus freisin go bhfeicfimíd má tá mac
máthar ann atá dána go leór ar aon mhí-
mheas nó masla a thabhairt dúinne ó Pharáiste
an Chnuic. Tá chomh maith le fiche duine
againn ann, agus dar fiadh ba cheart go
mbeadh muid i n-ann cur chuca má theanann
orainn!"



Duine achrannach sgléipéipeach a bhí ann,
agus bhí an cathughadh biorach air le neart
ceanndánacht agus fonn troda.



Ní rabhadar ag réidhteach le chéile. Ní
raibh an feidheal ar aon intinn. Bhí cuid
aca ag iarraidh na guirt a thabhairt ortha
féin, agus tuille a mb'fhearr leó a dhul go
dtí sgoil na gCartúr, agus mar sin d'éirigh
caismirt fhada eatortha.



'Sa deireadh caitheadh ar croinnte cá
rachadh, agus thárla go raibh an chuid ba
mhó ar aon intinn le Tomáisín, agus mar
sin bhí ar gcuid eile a bheith sásta le lasgadh
siar go dtí na Cartúir.



Nuair bhíodar ag stócáil ag imtheacht ó'n
Sruthán Buidhe, ní rabhas féin sásta ar a


L. 547


dhul leó, chor ar bith. Bhí cuid aca a rádh
mé fhágáil mar bhíos, agus gan bacadh liom
— go mbadh chuma ann nó as mé, acht mhaisge
dubhairt Seaghán dá bhfágthaí 'n-a ndiaidh
mé go mbeadh sé contabhairteach aige féin
a dhul acht an oiread, mar go rachainn
a-bhaile agus go n-innseoghainn go cinnte
cá raibh sé imthighthe, agus go mbeadh a
phasóid ullmhuighthe 'n-a chomhair, agus a
ghleasadh le fagháil aige ar a theacht ar
ais dó.



Ceapadh go raibh an ceart aige, agus
mheasadar go rabhas chomh óg agus chomh dith-
chéillidhe 's go n-innseoghainn ortha é dá
dtéidhinn a-bhaile, agus mar sin tosuigheadh
ag bladaireacht liom, ag iarraidh mo
mhealladh siar i n-aoinfheacht leó. Gealladh
'ch uile rud dom dhá dtéidhinn i n-aoindigh
leó, agus go ndéanfaidhe gach rud ní ba
mheasa ná chéile liom dhá loicinn. Mar sin
'sa deireadh dubhras go rabhas sásta, agus
go rachainn leó. Bhíodar sásta go leór
annsin, agus maidir le buillí ar an druim
is mé a fuair iad le neart a gcuid áthais
ag mé a bheith ag teacht leó, agus chloisfeá
Tomáisín agus na buachaillí eile ag rádh :-



"Sin é an buachaill agaibh!" "Bhí fhios
againne go ndéanfadh sé é!" "Ba dhual
dhearbhráthar dhuit gan cliseadh," agus go
leór briathra moltacha nó plámásacha eile
mar sin.



Casadh tuilleadh buachaillí linn ar an
mbealach siar dúinn, agus bhuaileamar
bleid ortha, ag dearbhughadh go raibh an
máighistir sguabtha uainn, nó gur iom-
puigheadar siar i n-aoinfeacht linn. Maidir
le glaodhach agus béiceadh, torann agus
fothrom, siosga agus caismirt, suairceas
agus greann is againn a bhíodar ag lasgadh
siar 'sna fásgaí, agus ag mealladh gach
sgoláire dár casadh dhúinn, gur shroicheamar
na Cartúir.



Bhuaileamar isteach go neamh-spleadhach
'san sgoil - os cionn deich nduine fichead
againn, agus 'ar ndóigh, ní raibh buachaill
na cailín san sgoil gan dearcadh orainn,
agus lán na súl a bhaint asainn ar a theacht
isteach dhúinn i ndiaidh a chéile ó dhuine go
duine.



'Sé an chéad rud a ndeárnas féin iongadh
dhe, triúr máighistreásaí ag múnadh stóc-
achaí de bhuachaillí abhad ní b'aoirde ná iad
féin, agus cheapamar go léir go mba hí an
sgoil ba dheise í dá bhféadfaidhe 'fhagháil
ag na cailíní is na buachaillí a bheith ag
fagháil a gcuid oideachais i dteannta chéile.
Ní bhídís i n-aoinfeacht ar feadh "leath-uair
an ghrinn" féin san sgoil a d'fhágamar,
rud a ghoilleadh go mór ortha ar fud fad a
chéile. D'iarr an mháighistreás dhínn cé'n
fáth ar thángamar, agus d'innsigheamar di,
agus gheallamar go rabhamar le teacht go dtí
'na sgoil sise uaidh sin amach. Dar fiadh,
ba chosamhail go raibh sí glionndarach chomh
fada le mo chuimhne, mar ní'l duine againn
nár cuireadh a ainm síos ar áit na mbonn
san "leabhar mór," agus rinne an mháighis-
treás óráidín geárr ag fáiltiughadh rómhainn,
agus ag moladh na mbuachaillí a bhí le teacht
chuiche uaidh sin amach, agus d'innis sí do na
sgoláirí cé'n bhród a bhí uirthi ag fheabhas is
bheadh an sgoil méaduighthe, agus clú na sgoile
árduighthe ag an bhfuireann breágh a bhí le
teacht ó'n gCnoc. Cuireadh gach duine
againn annsin 'n-a bhuidhin féin, agus nach
maith is cuimhneach liom an chéad cheacht i
Long Division a múineadh dhom an lá úd.



Chaitheamar an lá ciúin, réidh, socair go
leór no go dtáinig "leath-uair an ghrinn"
'sa meadhon-lae, nuair a sgaoileadh amach
ar an mbóthar sinn le dul ag cleasaidheacht
agus ag déanamh grinn. 'Sé an cleas a
bhíodh go gnáthach ag buachaillí na gCartúr —
ag imirt chnaipí, agus an lá so tosuigheann


L. 548


siad féin agus buachaillí an Chnuic ag imirt
le chéile. Ní minic a thagadh an tsíothcháin
asta, mar chnaipí, acht a dhearbhráthair mo
chroidhe thú, ba ghearr ag imirt iad nó go
raibh sé in' acharann dearg eatortha. A
leitheid do ghléasadh agus do phlaidhbeadh
níor fachas 'sna Cartúir cheana ó cuireadh
sgoil ar bun ann, agus bhí an lá úd! Bhí
"fuil ar smuit' agus mailí geárrtha," gan
amhras, acht cé gur chabhruigh cliobairí móra
as na bailte leó, ba ag buachaillí na háite
bhí an chuid ba mheasa de'n sgéal.

Tar éis an ghreadadh agus an smíochadh a
bheith críochnuighthe, agus na laochra go léir
tuirseach tnáite, lasgamar linn abhaile ag
gealladh do na buachaillí eile go mbeadh
a bpasóid gléasta na gcomhair chomh luath
i nÉirinn is gheabhthaidhe greim ortha chomh
fada soir leis an Tulcaigh Ruadh, mar gheall
ar an bhfuar-cháirdeas a chaitheadar linn,
agus bhaineamar as sna fásgaí, soir an
bhóthar, agus cnámha leómhanta, mailí dubha,
agus súile daithte ag ár mbúnaite le
tabhairt linn abhaile. Bhí fios maith
againn go mbeadh sgéala aca air 'sa
mbaile rómhainn, agus céard a dhéanfadh
na buachaillí acht socrughadh gan a dhul
a-bhaile chor ar bith an tráthnóna sin!
D'éaluigh cuid aca mar sin féin, agus thug
an baile ortha féin, acht cá bhfanfadh tuil-
leadh againn acht go sámh 'nár gcodladh
istigh i sgioból thuas ar áiléar a bhí líonta
le tuighe ar feadh na hoidhche; mar bhí
sgéala fáighte aca sa mbaile ar an gcleas
a rinneadar, agus ó bhí fhios againn go
mbeadh an "fhearg mhór" go cinnte ortha,
socruigheadh go mb'fheárr fanacht uatha go
maidin go bhfuarigheadh sí roinnt. Acht ar
ndóigh téidheadh ar ár dtóir, agus fuair
muinntir an bhaile a bhí 'ghár dtóruidheacht
sgéala ó bhuachaill eicínt a d'éaluigh uainn
cá rabhamar, agus rugthas orainn 'n-ar
suan réidh go leór.



Ní misde a rádh gur íocamar go géar
nuair a frítheadh sa mbaile sinn, agus gur
leagadh an "tslaitín ghéar" orainn go
maith. Tugadh soir go dtí an sgoil sinn
an mhaidin sin go dtí an máighistir bocht a
raibh cúthach agus tadhad an tsaoghail air,
gan trácht ar náire, ag an gcleas a him-
righeadh air, agus an chaoi ar himthigheadh
uaidh go dtí sgoil eile. Ní bréag a rádh
gur thuilleamar uaidh an íocaidheacht ghlan
a thug sé dhúinn le ordughadh ó n-ár muinn-
tir, mar máighistir ní b'fheárr, ná ní ba
láthaighe linn ná é roimhe sin ba dheacair
fhagháil. Thug sé bualadh agus greadadh
breágh dhúinn, agus fuair Tomáisín "dualgas
an tsleisne" ar fad uaidh, mar ba in aon
úim amháin a chuaidh sé soir an mhaidin roimhe
sin go dtí an sgoil, le teacht air ais le
bacadh a chur ar gach duine dá raibh ag
teacht chum na sgoile, mar bhí an mí-ádh
mór air le bál-séire, agus ní bhíodh uaidh
i gcómhnuidhe acht bail-amhair a dhéanamh de
gach duine. Maidir leis an sgéal a craobh-
sgaoileadh i dtaoibh an mháighisteara bhoicht,
ní raibh ann acht bun-sgéil a chuir Tomáisín
agus buachaillí gleacaidhthe eile an locháin
i dtoll a chéile roimh ré, ionnus go bhféad-
fadh siad an mac so agus muinntir Chor na
Rón a mhealladh. Rinneadar é go poit-
eanta an lá úd; acht ní raibh ann acht ceann
de na cleasannaibh agus na himeartais a
d'imrigheadar orainn ar feadh na mbliadh-
anta a chaitheamar ag dul ar sgoil i
dteannta chéile.



(Críoch).



"Cois-fhairrge."



Teine fhadughadh fa loch;
Cogadh na gcuin a chur 'un suain;
Comhairle chur ar bhean bhorb;
Nó, lorg an uird a chur i n-iarann fuar.




19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services