Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Mar do chuir Cúchulainn moill ar an mhuinntir aniar.
Title
Mar do chuir Cúchulainn moill ar an mhuinntir aniar.
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1904
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
MAR DO CHUIR CÚCHULAINN MOILL AR AN MHUINNTIR ANIAR. Do chodladar annsoin i gCúil Sibhrille. Do thuit sneachta mór ortha (go ráinig) creasa fear agus muil carbad. Ba mhoch ar maidin lá 'r n-a bháireach d'éirigheadar, Níor bh'í siúd an oidhche ba sháimhe dhóibh, de chionn an tsneachtaidh, agus níor ullmhuigheadh biadh dhóibh an oidhche sin. Ní luath a tháinig Cúchulainn ó'n gcoinne; d'fhan le nighe is le fothragadh. Do tháinig annsoin ar lorg an tslóigh. Ní maith go ndeaghamair ann," arsa Cúchulainn, "ná gur bhraitheamair ar Ultaibh. Do leigamair do'n tslógh teacht orta i gan fhios." "Dein áireamh dhúinn ar an tslógh," arsa Cúchulainn le Laegh, "go mbeidh fhios againn cadé Líon an tslóigh." Do dhein Laegh soin, agus dubhairt le Cúchulainn, "tá meascán orm," ar seisean, "n-a thaobh so, ní fhéadaim é (dhéanamh)." "Ní meascán do chífad, acht go sroichfead," arsa Cúchulainn. "Tar isteach san (amach as an) gcarbad mar sin," arsa Laegh. Chuaidh Cúchulainn isteach san (as an) gcarbad agus bhí ar feadh abhfad ag áireamh an tslóigh (lorg). "Ní fuiris duit féin é," arsha Laegh. "Is fuiriste dhamh-sa amh, ná dhuit-se. Tá trí bhuadha orm sa .i. buadh ruisc, is intleachta, is áirimh. Tá áirimhthe agam air sin, mhuise," ar seisean. "Ocht dtriuchaid chéad déag annso," ar seisean, "ar a ríomhadh acht tá an t-ochtmhadh triucha chéad déag scaipithe ar fuid an tslóigh ar chuma nach léir le ríomhadh iad, .i. triucha chéad na nGailian." Annsoin do chuaidh Cúchulainn timcheall ar tslóigh go raibh ag Áth Greana. Do bhain sé gabhal chrainn d'éin-bhéim le n-a chlaidheamh agus do chuir thar lár na glaise í ar chuma ná geobhadh carbad thairsti anonn ná anall. Do theangbhaidh dho annso Eirr agus Indeall, is Fóich agus Fochlam a ndá ara. Do bhain seisean a gceithre chinn díobh agus do chuir ar cheithre bheanna na gaibhle. De sin atá Áth Gabhla. Tháinig eich an cheathrair annsoin fé dhéin an tslóigh agus a n-adharta for-dearga ortha. Dar leó ba chath a bhí rompa san áth. Do tháinig buidhean uatha 'fhéachaint an átha. Ní fhacadar nídh ann acht rian an éan-charbaid agus an ghabhal is na cheithre chinn agus ainm oghaim ar n-a sgríobhadh n-a taobh. Tháinig an sluagh go léir ann. "An dár muinntir-na na cinn úd?" arsa Meadhbh. "Dár muinntir-na agus dár ró-laoch- raidh," arsa Ailill. Do léigh duine aca an ogham a bhí ar thaobh na gaibhle, .i. 'Éin-fhear do chaith an ghabhal le n-a leath-láimh, agus ní raghaid sibh thairsti go dtí go gcaithfidh duine uaibh-se le n-a leath-láimh í, acht amháin Feargus.' "Is iongantach é," arsa Ailill, "a luaithe do bhuaileadh an ceathrar." "Níor bh'é sin do b'Iongantach," arsa Feargus, "acht gearradh na gaibhle (dá bun) d'éin bhéim, agus má's d'éan-bhuille (do ghearradh) dá bhun is móide an t-éacht, agus é din- geadh ar an nós so; mar ní dhearnadh poll roimpi, agus is a hiarthar carbaid do caitheadh le héan-láimh í." "Saor sinn ar an éigin seo, a Fhearguis," arsa Meadhbh. "Tugtar carbad dam," arsa Feargus, "go dtairriceód amach í go bhfeicfar an d'éan-bhuille dá bun." Do bhris Feargus annsoin cheithre charbaid déag dá gcarbadaibh, agus as a charbad féin is eadh do thóg a talamh í (i slighe) go bhfeacadar gur d'éan- bhuille da bun. "Ní fuláir a thabhairt fé ndeara," arsa Ailill," cad é cáil an chinéil seo go bhfuilmíd ag triall ortha. Ullmhuigheadh gach duine agaibh a bhiadh. Níor shámh dhíbh aréir chionn an tsneachtaidh. Agus innistar dhúinn cuid d'imtheachtaibh is de scéalaibh an chinéil seo go bhfuilmíd ag triall ortha." Annsoin is eadh d'innseadh dhóibh imtheachta Chúchulainn. D'fhiafraidh Ailill: "An é Conchubhair do dhein é so." "Ní hé," arsa Feargus. "Ní thioc- fadh seisean go teórainn críche gan líon catha uime."
"Ceist, an é Cealtchar mac Uithidhir?" "Ní hé," arsa Feargus. "Ní thiocfadh seisean go teórainn críche gan líon catha uime" "Ceist, an é Eoghan mac Durthacht?" "Ní hé," arsa Feargus. "Ní thiocfadh seisean tar teórainn chomh-chríche gan triochaid car- bad … uime. Is é fear do dhein an gníomh," arsa Feargus, "Cúchulainn. Is é do bhainfadh an crann d'éin-bhéim dá bhun agus do bhuailfadh an ceathrar úd chomh prap is do bhuaileadh agus do thiocfadh chun (teórann) críche (maraon) le n-a ara."
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services