Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Mar do chuir Cúchulainn moill ar an mhuinntir aniar.

Title
Mar do chuir Cúchulainn moill ar an mhuinntir aniar.
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1904
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

MAR DO CHUIR CÚCHULAINN MOILL AR AN
MHUINNTIR ANIAR.



Do chodladar annsoin i gCúil Sibhrille. Do thuit
sneachta mór ortha (go ráinig) creasa fear agus
muil carbad.



Ba mhoch ar maidin lá 'r n-a bháireach d'éirigheadar,
Níor bh'í siúd an oidhche ba sháimhe dhóibh, de chionn an
tsneachtaidh, agus níor ullmhuigheadh biadh dhóibh an
oidhche sin. Ní luath a tháinig Cúchulainn ó'n gcoinne;
d'fhan le nighe is le fothragadh.



Do tháinig annsoin ar lorg an tslóigh. Ní maith
go ndeaghamair ann," arsa Cúchulainn, "ná gur
bhraitheamair ar Ultaibh. Do leigamair do'n tslógh
teacht orta i gan fhios." "Dein áireamh dhúinn ar an
tslógh," arsa Cúchulainn le Laegh, "go mbeidh fhios
againn cadé Líon an tslóigh." Do dhein Laegh soin, agus
dubhairt le Cúchulainn, "tá meascán orm," ar
seisean, "n-a thaobh so, ní fhéadaim é (dhéanamh)."
"Ní meascán do chífad, acht go sroichfead," arsa
Cúchulainn. "Tar isteach san (amach as an) gcarbad
mar sin," arsa Laegh. Chuaidh Cúchulainn isteach san
(as an) gcarbad agus bhí ar feadh abhfad ag áireamh
an tslóigh (lorg). "Ní fuiris duit féin é," arsha
Laegh. "Is fuiriste dhamh-sa amh, ná dhuit-se. Tá trí
bhuadha orm sa .i. buadh ruisc, is intleachta, is áirimh.
Tá áirimhthe agam air sin, mhuise," ar seisean.



"Ocht dtriuchaid chéad déag annso," ar seisean, "ar
a ríomhadh acht tá an t-ochtmhadh triucha chéad déag
scaipithe ar fuid an tslóigh ar chuma nach léir le
ríomhadh iad, .i. triucha chéad na nGailian."



Annsoin do chuaidh Cúchulainn timcheall ar tslóigh
go raibh ag Áth Greana. Do bhain sé gabhal chrainn
d'éin-bhéim le n-a chlaidheamh agus do chuir thar lár na
glaise í ar chuma ná geobhadh carbad thairsti anonn
ná anall. Do theangbhaidh dho annso Eirr agus Indeall,
is Fóich agus Fochlam a ndá ara. Do bhain seisean a
gceithre chinn díobh agus do chuir ar cheithre bheanna na
gaibhle. De sin atá Áth Gabhla.



Tháinig eich an cheathrair annsoin fé dhéin an tslóigh
agus a n-adharta for-dearga ortha. Dar leó ba
chath a bhí rompa san áth. Do tháinig buidhean uatha
'fhéachaint an átha. Ní fhacadar nídh ann acht rian an
éan-charbaid agus an ghabhal is na cheithre chinn agus ainm
oghaim ar n-a sgríobhadh n-a taobh. Tháinig an sluagh
go léir ann. "An dár muinntir-na na cinn úd?"
arsa Meadhbh. "Dár muinntir-na agus dár ró-laoch-
raidh," arsa Ailill. Do léigh duine aca an ogham a
bhí ar thaobh na gaibhle, .i. 'Éin-fhear do chaith an
ghabhal le n-a leath-láimh, agus ní raghaid sibh thairsti go
dtí go gcaithfidh duine uaibh-se le n-a leath-láimh í, acht
amháin Feargus.' "Is iongantach é," arsa Ailill, "a
luaithe do bhuaileadh an ceathrar." "Níor bh'é sin do
b'Iongantach," arsa Feargus, "acht gearradh na
gaibhle (dá bun) d'éin bhéim, agus má's d'éan-bhuille
(do ghearradh) dá bhun is móide an t-éacht, agus é din-
geadh ar an nós so; mar ní dhearnadh poll roimpi, agus
is a hiarthar carbaid do caitheadh le héan-láimh í."



"Saor sinn ar an éigin seo, a Fhearguis," arsa
Meadhbh. "Tugtar carbad dam," arsa Feargus,
"go dtairriceód amach í go bhfeicfar an d'éan-bhuille
dá bun." Do bhris Feargus annsoin cheithre charbaid
déag dá gcarbadaibh, agus as a charbad féin is eadh do
thóg a talamh í (i slighe) go bhfeacadar gur d'éan-
bhuille da bun. "Ní fuláir a thabhairt fé ndeara,"
arsa Ailill," cad é cáil an chinéil seo go bhfuilmíd
ag triall ortha. Ullmhuigheadh gach duine agaibh a bhiadh.
Níor shámh dhíbh aréir chionn an tsneachtaidh. Agus
innistar dhúinn cuid d'imtheachtaibh is de scéalaibh an
chinéil seo go bhfuilmíd ag triall ortha."



Annsoin is eadh d'innseadh dhóibh imtheachta
Chúchulainn. D'fhiafraidh Ailill: "An é Conchubhair
do dhein é so." "Ní hé," arsa Feargus. "Ní thioc-
fadh seisean go teórainn críche gan líon catha uime."


L. 545


"Ceist, an é Cealtchar mac Uithidhir?" "Ní hé,"
arsa Feargus. "Ní thiocfadh seisean go teórainn
críche gan líon catha uime" "Ceist, an é Eoghan mac
Durthacht?" "Ní hé," arsa Feargus. "Ní thiocfadh
seisean tar teórainn chomh-chríche gan triochaid car-
bad … uime. Is é fear do dhein an gníomh,"
arsa Feargus, "Cúchulainn. Is é do bhainfadh an
crann d'éin-bhéim dá bhun agus do bhuailfadh an ceathrar
úd chomh prap is do bhuaileadh agus do thiocfadh chun
(teórann) críche (maraon) le n-a ara."



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services