Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
An Coinín Marbh.
Title
An Coinín Marbh.
Author(s)
Féach ainm cleite,
Composition Date
1904
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
AN COINÍN MARBH Fuair fear ón chomhursanacht seo coinín marbh lá amháin amuigh n-a luighe ar na mealltaí ghainimh agus thug sé leis 'na bhaile é, agus thug ordughadh do bhean a' tighe, é fhagháil réidh fa choinne a ndinnéir. Micheál do b'é ainm an fhir agus Máire ainm na mná; agus bhí siad araon rud beag simplidhe. Nuair bhí siad ar tí a ndínnéar a ghlacadh; "Ar m'anam a Mháire," arsa Micheál, "sílim nár cheart dúinn an coinín sin ithe." "Cad dtuige, a mhalaid?" arsa Máire. "B'fhéidir go bhfuil nimh ann," arsa seisean; "acht seo chugainn sean Éamonn Ó Ceallaigh — bheir- fimid do-san é le hithe!" Bhuail Éamonn isteach chuca ar an bhumaite chéadna, agus chuir siad fáilte chroidheamhail roimhe, agus d'iarr siad air suidhe isteach go mbeadh greim le hithe aige. Rinne sé sin, agus nuair chonnaic sé go raibh siad-san ag congbháil ar gcúl, "cad dtuige," arsa seisean, "nach bhfuil sibh-se ag obair fosda?" "Och!" arsa Micheál bocht simplidhe, "shílmid go raibh nimh sa choinín sin, agus bhímid feitheamh go bhfeici- mid goidé mar thaitneochadh sé leat-sa chéad uair!" "Tchím," arsa Éamonn, agus leig sé casacht bheag as san am chéadna, amhail is da n-abrochadh sé, "beidh mé comhthrom libh, a bhitheamhnaigh, ar son an chleasa seo." Nuair a bhí a dhinnéar ithte ag Éamonn, chuir sé i gcéill do Mhicheál is do Mháire gur mhothuigh sé cinéal uathbhásach de thinneas a theacht air agus gur mhaith leis bheith sa bhaile gan mhoill. D'fhág sé slán leobhtha annsoin, agus nuair tháinig fé 'n-a bhaile d'innis sé do bheirt eile a bhí chomh géar- chúiseach, beartach, sean-chríonna leis féin,
fá'n chleas d'imir Micheál is Máire air; agus rinne an triúr aca a n-intinn suas go ndíolfadh an tsean-lánamhain as a gcuid féile. An tráthnóna céadna chuaidh an gháir amach i measg na gcomhursan go raibh sean-Éamonn Ó Ceallaigh ag fagháil bháis; gur ghlac sé nimh i gcoinín mharbh i dteach Mhichíl; agus nach raibh súil aca go mairfadh sé go maidin. Nuair chualaidh muinntir na háite seo chruinnigh siad uilig isteach, agus thainic Micheál is Máire ag amharc air mar an gcéadna. Bhí sean Éamonn sínte ar urlár an chísteinigh cois na teineadh, agus leig sé air go raibh sé an-tinn ar fad, agus gur chreid sé nach raibh an bás i bhfad uaidh; agus leigeadh sé sgread as anois is arís a mhusclóchadh na mairbh. Dubhairt cuid aca a bhí i láthair gur chóir an sagart a thabhairt ionnsai'r; cuid eile aca go gcaithfead siad a dhul fa choinne an dochtúra. Fa dheireadh labhair fear de'n bheirt a bhí fhios aca goidé mar bhí an sgéal, agus dubhairt sé gur chualaidh sé i gcomhnuidhe, le buaidh fhagháil ar nimh nach raibh dadaidh san tsaoghal seo cosmhail le neart uisge beatha láidir. Thug an bitheamhanach eile isteach do annseo, ag rádh gur chualaidh se dolaibh an rud céadna. "Ar m'anam," arsa Micheál simplidhe ag cluinstin goidé dubhairt siad, "má's mar soin atá an sgéal, agus mar is ann mo theach-sa fuair sé an nimh mhí-adhmhail seo, seasóchaidh mise costas cárta de'n uisge beatha a b'fhearr a bhfuil le fagháil ionnus go bhfuighmid leigheas do." Agus sin go díreach a raibh a dhíth ortha- san. Thainic an t-uisge beatha, agus dhíol Micheál ar a shon: agus líon siad suas cnagaire breagh te dhe agus thug do'n fhear tinn é. D'fhiafruigh siad de annsoin goidé mar mhothuigh sé é fhéin, agus dubhairt sé leobhtha gur shíl se go raibh sé ag éirghe níos láidre, agus gur chuir an t-uisge beatha misneach úr 'n-a chroidhe agus gur mhaith leis gloine eile fhagháil de'n tseórt chéadna. Fuair sé sin agus shín fe é féin arís ar a chúil-druim agus thoisigh sé ag srannfadh ionnus gur féidir é a chluinstin ag íochtar na sráide. I gceann tamaill bhig na dhiaidh sin mhúsgail sé suas agus dubhairt sé leó go raibh luth- gháir air innseadh dhóibh go raibh biseach mhaith air agus gur bhfearr dóibh a dhul 'na bhaile, mar bhí dóchas aige nach mbeadh faic ar cáir leis go maidin. D'fhág na comhursain annsoin slán le sean Éamonn agus sgar siad ó cheile go dtí a dtighthe féin; acht d'fhan an bheirt a bhí sa rún 'n-a ndiaidh go d'ól siad fuidh- leach an uisge bheatha a bhí sa bhuidéal. Chaith siad oidhche bhreagh shultmhar le chéile, agus dubhairt siad eatortha féin gur dhíol Micheál is Máire daor go leór as an coinín marbh. SEAGHÁN MHICHIL.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services