Historical Irish Corpus
1600 - 1926

An Coinín Marbh.

Title
An Coinín Marbh.
Author(s)
Féach ainm cleite,
Composition Date
1904
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

AN COINÍN MARBH



Fuair fear ón chomhursanacht seo coinín
marbh lá amháin amuigh n-a luighe ar na
mealltaí ghainimh agus thug sé leis 'na
bhaile é, agus thug ordughadh do bhean a'
tighe, é fhagháil réidh fa choinne a ndinnéir.
Micheál do b'é ainm an fhir agus Máire
ainm na mná; agus bhí siad araon rud
beag simplidhe. Nuair bhí siad ar tí a
ndínnéar a ghlacadh; "Ar m'anam a
Mháire," arsa Micheál, "sílim nár cheart
dúinn an coinín sin ithe." "Cad dtuige,
a mhalaid?" arsa Máire. "B'fhéidir go
bhfuil nimh ann," arsa seisean; "acht seo
chugainn sean Éamonn Ó Ceallaigh — bheir-
fimid do-san é le hithe!"



Bhuail Éamonn isteach chuca ar an
bhumaite chéadna, agus chuir siad fáilte
chroidheamhail roimhe, agus d'iarr siad air
suidhe isteach go mbeadh greim le hithe aige.
Rinne sé sin, agus nuair chonnaic sé go
raibh siad-san ag congbháil ar gcúl, "cad
dtuige," arsa seisean, "nach bhfuil sibh-se
ag obair fosda?" "Och!" arsa Micheál
bocht simplidhe, "shílmid go raibh nimh sa
choinín sin, agus bhímid feitheamh go bhfeici-
mid goidé mar thaitneochadh sé leat-sa
chéad uair!" "Tchím," arsa Éamonn, agus
leig sé casacht bheag as san am chéadna,
amhail is da n-abrochadh sé, "beidh mé
comhthrom libh, a bhitheamhnaigh, ar son an
chleasa seo."



Nuair a bhí a dhinnéar ithte ag Éamonn,
chuir sé i gcéill do Mhicheál is do Mháire
gur mhothuigh sé cinéal uathbhásach de thinneas
a theacht air agus gur mhaith leis bheith sa
bhaile gan mhoill. D'fhág sé slán leobhtha
annsoin, agus nuair tháinig fé 'n-a bhaile
d'innis sé do bheirt eile a bhí chomh géar-
chúiseach, beartach, sean-chríonna leis féin,


L. 535


fá'n chleas d'imir Micheál is Máire air; agus
rinne an triúr aca a n-intinn suas go
ndíolfadh an tsean-lánamhain as a gcuid
féile. An tráthnóna céadna chuaidh an
gháir amach i measg na gcomhursan go raibh
sean-Éamonn Ó Ceallaigh ag fagháil bháis;
gur ghlac sé nimh i gcoinín mharbh i dteach
Mhichíl; agus nach raibh súil aca go mairfadh
sé go maidin.



Nuair chualaidh muinntir na háite seo
chruinnigh siad uilig isteach, agus thainic
Micheál is Máire ag amharc air mar an
gcéadna. Bhí sean Éamonn sínte ar urlár
an chísteinigh cois na teineadh, agus leig
sé air go raibh sé an-tinn ar fad, agus gur
chreid sé nach raibh an bás i bhfad uaidh; agus
leigeadh sé sgread as anois is arís a
mhusclóchadh na mairbh. Dubhairt cuid aca a
bhí i láthair gur chóir an sagart a thabhairt
ionnsai'r; cuid eile aca go gcaithfead siad
a dhul fa choinne an dochtúra. Fa dheireadh
labhair fear de'n bheirt a bhí fhios aca
goidé mar bhí an sgéal, agus dubhairt sé
gur chualaidh sé i gcomhnuidhe, le buaidh
fhagháil ar nimh nach raibh dadaidh san
tsaoghal seo cosmhail le neart uisge beatha
láidir. Thug an bitheamhanach eile isteach
do annseo, ag rádh gur chualaidh se dolaibh
an rud céadna.



"Ar m'anam," arsa Micheál simplidhe
ag cluinstin goidé dubhairt siad, "má's
mar soin atá an sgéal, agus mar is ann
mo theach-sa fuair sé an nimh mhí-adhmhail seo,
seasóchaidh mise costas cárta de'n uisge
beatha a b'fhearr a bhfuil le fagháil ionnus
go bhfuighmid leigheas do."



Agus sin go díreach a raibh a dhíth ortha-
san. Thainic an t-uisge beatha, agus dhíol
Micheál ar a shon: agus líon siad suas
cnagaire breagh te dhe agus thug do'n fhear
tinn é.



D'fhiafruigh siad de annsoin goidé mar
mhothuigh sé é fhéin, agus dubhairt sé leobhtha
gur shíl se go raibh sé ag éirghe níos láidre,
agus gur chuir an t-uisge beatha misneach
úr 'n-a chroidhe agus gur mhaith leis gloine
eile fhagháil de'n tseórt chéadna. Fuair sé
sin agus shín fe é féin arís ar a chúil-druim
agus thoisigh sé ag srannfadh ionnus gur
féidir é a chluinstin ag íochtar na sráide.
I gceann tamaill bhig na dhiaidh sin mhúsgail
sé suas agus dubhairt sé leó go raibh luth-
gháir air innseadh dhóibh go raibh biseach mhaith
air agus gur bhfearr dóibh a dhul 'na bhaile,
mar bhí dóchas aige nach mbeadh faic ar cáir
leis go maidin.



D'fhág na comhursain annsoin slán le
sean Éamonn agus sgar siad ó cheile go
dtí a dtighthe féin; acht d'fhan an bheirt a
bhí sa rún 'n-a ndiaidh go d'ól siad fuidh-
leach an uisge bheatha a bhí sa bhuidéal. Chaith
siad oidhche bhreagh shultmhar le chéile, agus
dubhairt siad eatortha féin gur dhíol
Micheál is Máire daor go leór as an
coinín marbh.



SEAGHÁN MHICHIL.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services