Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Seaghán Ruadh an Ghaorthaidh.
Title
Seaghán Ruadh an Ghaorthaidh.
Author(s)
Ó Muimhneacháin, Conchubhar,
Composition Date
1904
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
SEAGHÁN RUADH AN GHAORTHAIDH. I mbliadhain Nochad a hOcht dho chomhnuidh Seaghán Ruadh Ó Súilleabháin agus a lín tighe sa Ghaorthadh i ngioracht míle do Mhagh- chromdha. Fear ciallmhar creideamhnach do b'eadh Seaghán, agus ní raibh fear i nÉirinn le n-a linn ba chruinne ar piléar 'ná é. Nuair a thosnuigh an t-éirghe amach, agus ná facaidh sé muinntir Chorcaighe a' cur aon chor díobh féin chum slabhra na sclábhuidheachta do bhriseadh, do shiubhaluigh sé Paróiste Uíbh Laoghaire agus Maghchromdha, agus bhí sé a' gríos- ughadh lucht na gceanntar soin chum troda i n-aghaidh fóirnirt na nGall. Do rith leis timcheall trí chéad de bhua- chaillíbh óga na mball do chnuasach. Do b'é Seaghán an ceann-uraidh a bhí ortha, agus tá sé ráidhte ná raibh éinne sa tír san am soin ba chliste chum troda agus chum fear a stiúradh 'ná é. D'fhan sé féin agus a shluagh ar feadh seacht- mhaine i gCoill an Ghaorthadh dá gcur féin i n-eagar chum troda. D'airigh sé go raibh Tuataidhe Iar-Mhidhe chum gluaiseacht ó Chlanna Caoilte go Droichead na Banndan an naomhadh lá déag de Mheitheamh, agus do ghluais sé féin agus a fhuireann chum teacht rómpa ar an slighe, agus cosc a chur leó. Nuair a bhí na saighdiúirí ag gabháil an bhóthair, do phreab Seaghán agus a shluagh amach tar claidhe agus throideadar go fonnmhar cródha chum deireadh a chur le fóiréigin na nAllmhurach. Do threascradar i n-athchom- aireacht do chéad des na saighdiúiribh sula raibh uain aca iad féin innealughadh chum troda. Is in-mheasta ná fágfaidís geilt aca beó, muna mbeadh díorma eile de shaigh- diúiríbh gallda a theacht ar an láthair gan mhoill. Ní raibh Seaghán acmhuinneach a dhóthain dá namhaid, mar bhí gléas cogaidh ró-mhaith agus sluagh ró-líonmhar aca dho, agus b'éigin dó teicheadh, mar bhí piléir a' teacht ó gach taobh air. 'Sé ar marbhuigheadh dá shluagh cúigear. Do b'fhiosach do'n Riaghaltas go raibh mórán dá lucht leanamhna féin i gconntabhairt an fhaid a bheadh cead a chos ag Seaghán, agus, dá bhrigh sin, do thairg- eadar míle púnt duais d'éinne a dhéan- fadh é ghabháil, nó a 'neósadh cá raibh ionad folachais aige. Theip ortha éinne fhagháil chum spiaireachta a dhéanamh air, cé go raibh fhios ag mórán cá raibh sé. Ins an am soin bhí gach taobh de'n Laoi, ó Mhaghchromdha go Guagán Barra clúduighthe le coilltibh, agus is i gceann des na crannaibh i lár an Ghaorthaidh a bhí leaba geárrtha aige. B'é Captaen Hedges an ceannphort a bhí ar na saighdiúiríbh a bhí i gCaisleán Mhagh- chromdha an uair sin, agus ní raibh éinne ba mhó a bhí ar tí Sheagháin 'ná é. Do chonnaic saigh- diúir (go raibh culaith bréide curtha aige air féin), bean Sheagháin ag ceannach feóla i Magh Chromdha. D'fhair sé í chum go ndeaghaidh sí isteach i gCoill an Ghaorthaidh, agus seo thar n-ais go dtí an caisleán le scéala é. Lá ar n-a bháireach chuir Hedges gárda saighdiúirí timcheall na coille i gcás ná raghadh éinne le biadh ná le digh chuige. Cheap sé go gcaithfeadh an fear bocht géilleadh nuair ná féadfadh éinne furtacht ná cabhair a thabhairt dó. Níor leig eagla dhóibh dul i gcoimhleathan na coille, mar bhí fios aca go raibh Seaghán armálta.
Nuair a bhí deireadh bídh caithte aige, agus an t-ocras a' cur air, do thug sé aghaidh ar reilig Mhagh Chluain Eich chum dul go Magh Chromdha. Bhí seisear saighdiúirí sa reilig dá fhair- eadh de ló agus d'oidhche. Do thárla go hádh- mharach an turas so go raibh beagán gleóidh aca de dheascaibh óil; agus muna mbeadh soin, do bhí cúrsa Sheagháin rithte, mar is tríd an reilig a bhí sé ceapaithe ar ghabháil. Nuair airigh sé an rí-rá sa reilig, do tháinig sé aniar adtuaidh ortha, agus d'fhág sé ar a dtár i n-áirde an seisear. Annsoin seo fé dhéin an chaisleáin é. Do chonnaic sé uaidh isteach Hedges agus mór-sheisear d'oifigíbh airm a bhí ar dhinnéar aige. Bhí coinneal ar lasadh ar lár an bhuird, agus do chaith sé piléar léi agus do bhain an smól di. Dubhairt Hedges leó gur bh'é Seaghán Ruadh a dhein an obair gan amhras, mar gurab amhlaidh a bhí ocras air, agus nár bh'fhusa dhó an méid sin a dhéanamh 'na duine aca féin a mharbhadh. Do bhuail Hedges tim- cheall le pláta agus chuir gach duine aca sín- tiús do Sheaghán, acht aon oifigeach amháin. Dubhairt seisean gur bh'fhearr leis a scart- acha a thiormughadh dho. Thug Hedges an t-airgead agus culaith éadaigh leis féin do mhnaoi Sheagháin, agus dubhairt sé léi a rádh leis teacht a' triall air, agus go mbeadh beann aige le n-a shaoghal air, toisc nár mhairbh sé é. Bhí árd-fhuath ag Hedges do'n oifigeach a dhiúltuigh síntiús a thabhairt do Sheaghán, agus go deimhin ní mar gheall air sin é, acht do rug sé uaidh cailín ó Shasanna go raibh sé a' suirighe léi suim aimsire roimhe sin. Do chuir sé teachtaire chum Sheagháin dá innsint do goidé an chaint a chaith an t-oifigeach leis. I gcionn seachtmhaine 'n-a dhiaidh sin, do chuir Seaghán air culaith Hedges, agus do rug sé leis an capall do b'fhearr a bhí aige, agus seo fé dhéin an oifigigh sa Ghaillimh é, agus é armálta go maith. Nuair a bhí sé i gcomhgar an tighe do cheangail sé a chapall laistigh de bhóthar, agus seo isteach sa gháirdín ag piocadh na dtorthaí é. Ba ghearr go dtáinig an gárnóir chuige, agus do thairg Seaghán deich bpúint dó acht cúntas a thabhairt dó cionnus a bhí an t-oifigeach agus a chuideachta suidhte síos. Do ghlac an gárnóir an t-airgead uaidh, agus d'innis sé dhó go rabhadar ag caitheamh a suipéir, agus go raibh an t-arm ag doras an phárlúis. D'éalaigh Seaghán isteach, agus piostal 'n-a laimh aige, agus dubhairt sé go lámhachfadh sé éinne aca a chorróghadh, acht duine a thabharfadh chuige a raibh d'airgead agus de sheódaibh i n-iom- chair sa tigh. Bhí an t-oifigeach t'réis cíosa fhagháil ó n-a thineóntaíbh cúpla lá roimhe sin. Bhí neamh-mheón airgid aige, agus do b'éigin do gach aon fheóirlinn a chomhaireamh chuige. Do thóg Seaghán leis an t-airgead, agus do roinn sé air thineóntaíbh an oifigigh é. Do bhí saighdiúirí 'n-a gcomhnuidhe le hais tighe an oifigigh, agus chuir sé scéala chúcha preabadh 'n-a dhiaidh. Níor dheineadar puinn moille, agus le héirghe lae fuaradar radharc air i dteórainn Chontae an Chláir agus na Gaillimhe. Nuair a chonnaic sé chuige iad do phreab sé isteach i gcoill mar bhí a chapall traochta. Seo isteach 'n-a dhiaidh iad, acht ba ghearr gur leag sé seisear aca 'n-a bpleisteannaibh marbha, agus do ruith an chuid eile le n-a n-anam. Lá samhraidh bhí saighdiúirí Mhaghchromdha ag gabháil do ghleacaidheacht lastoir de'n tsráid. Nuair airigh Seaghán é do phreab sé fé dhéin an chaisleáin, mar cheap sé ná raibh éinne ann acht na seirbhísigh, acht bhí dearmhad air, mar ní raibh aon tíoranach ó Chorcaigh ná raibh ar dínnéar ag Hedges an lá soin. Bhíodar so lán d'áthas nuair a chonnaiceadar chucha é, mar shaoileadar go raibh greim aca air. Bhí máthair Hedges sa' chistin, i dteannta an chailín nuair a
chuaidh sé isteach. Ní thuigeadh an chailleach so aon fhocal Gaedhilge. Éireannach do b'eadh an cailín cistean, agus d'innis sí i nGaedhilg do Sheaghán cionnus mar a bhí an scéal. Níor dhein sé éan bhlúire amháin acht breith ar an gcailligh, agus í bhualadh idir an dá shlinneán air féin, agus preabadh bóthar an tSléibhín suas léi. Do dhírigh na deamhain a bhí ar dinnéar ag Hedges a ngunaí air chun caitheamh leis. Nuair a fuair Hedges amach gur bh'í a mháthair a bhí ar a mhuin aige, do liúigh ortha gan caitheamh. Nuair a bhí sé faid an urchair uatha, do chaith sé i ndig an bhóthair í, agus seo fé dhéin an Ghaorthaidh é. I gcionn scaithimh 'n-a dhiaidh san do haistrigheadh saighdiúirí Mhaghchromdha, agus do chuireadh armáil eile 'n-a n-ionad. Scaothaire bladhmanach, mustarach do b'eadh an captaen a bhí ortha. Dubhairt sé le Hedges go raibh furmhór an domhain siubhalta aige, agus nár casadh éinne air a bhí chomh cruinn leis ar ghunna. Dubhairt Hedges leis go raibh aodhaire bó aige féin ba chruinne 'ná é. Dubhairt seisean leis dá mbeadh nach i ndiaidh stuic ba ghábhadh dhó bheith. Do chuireadar geall le chéile, agus do cheapadar lá chun triail a bheith aca ar a chéile. B'é an geall é — eastát Hedges i Maghchromdha i gcoinnibh a eastáit-sean sa Ghaillimh. Do chuir Hedges fios ar Sheaghán Ruadh, agus thug sé a fhocal do ná beadh baoghal air. Do chuir Seaghán réal ar a faobhar i bhfala tighe an mhargaidh. Do sheasaimh sé ag geata an chaisleáin, agus do chaith leis an réal, agus d'aimsigh agus do dhein dá leath chruinne de'n philéar uirthi. Do dhein an captaen an cleas céadna 'n-a dhiaidh. Annsoin do thug Seaghán Ruadh leis garsún de mhac dó, agus do chuir sé ubh circe ar mhullach a chinn. Do chaith sé leis, agus do chuir an piléar tríd. "Déin- se é sin anois," arsa Seaghán leis an gcaptaen. "Cuir i n-áirde ubh eile dhom, agus déanfad," ar san captaen. "Tabhair leat do mhac féin; agus cuir ar a cheann é," arsa Seaghán. Ní leogfadh eagla dhó é chur ar a mhac féin, agus ní bhfaigheadh sé éinne eile a sheasóghadh dhó. Dá dheascaibh sin do bhuaidh Hedges eastát na Gaillimhe, agus tá sé ag a shliocht riamh ó shoin. I gcionn seachtmhaine 'n-a dhiaidh sin bhí a thineóntaidhthe a' díol chíosa le Huitsioson ó Árd na gCaiseal. D'fhair Seaghán Ruadh é um thráthnóna, nuair a bhí sé ag dul a-bhaile, agus bhain sé dhe gach aon fheóirlinn a bhailigh sé an lá soin, agus do roinn sé ar bhochtaibh Mhaghchromdha é. Mí ó'n lá soin do chuir Huitsioson fios go Sasanna ar dhá choin fola, agus thug sé leis a raibh de armáil ar fuaid na conntae chun Seaghán a léiriughadh. Bhí éide phláta ar na conaibh, i gcás ná féadfaidhe aon damáiste a dhéanamh dóibh. Do scaoileadh na coin fá dhéin Sheagháin, agus nuair a tháinig an chéad chú mar a raibh sé, dho chuir sé píosa de bhagúin rósttha ar bhéal a ghuna. Nuair a leath an chú a béal chun na feóla, do scaoil Seaghán an piléar siar tríthe, agus do tharraing sé isteach marbh 'n-a leabaidh í. Ba gheárr go dtáinig an tarna ceann, agus thug sé an cor céadna dhí. Annsan chuaidh sé i n-áirde ar bhárr chrainn, agus chonnaic sé uaidh cliathán an tSléibhín dearg le saighdiúiríbh. Bhí sé ag stealladh leó chun gur mhairbh sé a raibh de oifigíbh aca, agus theith an chuid eile le n-a n-anam. Do ruith le Seaghán Ruadh gan breith ar go lá a bháis. Trí bliadhna déag an tEar- rach so ghaibh tharainn ó cailleadh é. Conchubhar Ó Muimhneacháin. Seoltar litreacha i dtaoibh Eagarthóireachta go dtí an Fear Eagair; agus litreacha i dtaoibh Bhainstige go dtí Stiúrthóir, Oífig an Chonnartha, 24 Sráid Uachtarach Uí Conaill, Áth Cliath.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services