Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Seaghán Ruadh an Ghaorthaidh.

Title
Seaghán Ruadh an Ghaorthaidh.
Author(s)
Ó Muimhneacháin, Conchubhar,
Composition Date
1904
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

SEAGHÁN RUADH AN GHAORTHAIDH.



I mbliadhain Nochad a hOcht dho chomhnuidh
Seaghán Ruadh Ó Súilleabháin agus a lín tighe
sa Ghaorthadh i ngioracht míle do Mhagh-
chromdha.

Fear ciallmhar creideamhnach do b'eadh
Seaghán, agus ní raibh fear i nÉirinn le n-a
linn ba chruinne ar piléar 'ná é. Nuair
a thosnuigh an t-éirghe amach, agus ná facaidh
sé muinntir Chorcaighe a' cur aon chor díobh
féin chum slabhra na sclábhuidheachta do
bhriseadh, do shiubhaluigh sé Paróiste Uíbh
Laoghaire agus Maghchromdha, agus bhí sé a' gríos-
ughadh lucht na gceanntar soin chum troda
i n-aghaidh fóirnirt na nGall.



Do rith leis timcheall trí chéad de bhua-
chaillíbh óga na mball do chnuasach. Do b'é
Seaghán an ceann-uraidh a bhí ortha, agus tá sé
ráidhte ná raibh éinne sa tír san am soin
ba chliste chum troda agus chum fear a
stiúradh 'ná é.



D'fhan sé féin agus a shluagh ar feadh seacht-
mhaine i gCoill an Ghaorthadh dá gcur féin
i n-eagar chum troda. D'airigh sé go raibh
Tuataidhe Iar-Mhidhe chum gluaiseacht ó
Chlanna Caoilte go Droichead na Banndan
an naomhadh lá déag de Mheitheamh, agus do
ghluais sé féin agus a fhuireann chum teacht
rómpa ar an slighe, agus cosc a chur leó.



Nuair a bhí na saighdiúirí ag gabháil an
bhóthair, do phreab Seaghán agus a shluagh amach
tar claidhe agus throideadar go fonnmhar
cródha chum deireadh a chur le fóiréigin na
nAllmhurach. Do threascradar i n-athchom-
aireacht do chéad des na saighdiúiribh sula
raibh uain aca iad féin innealughadh chum
troda.



Is in-mheasta ná fágfaidís geilt aca
beó, muna mbeadh díorma eile de shaigh-
diúiríbh gallda a theacht ar an láthair gan
mhoill.



Ní raibh Seaghán acmhuinneach a dhóthain dá
namhaid, mar bhí gléas cogaidh ró-mhaith agus
sluagh ró-líonmhar aca dho, agus b'éigin dó
teicheadh, mar bhí piléir a' teacht ó gach
taobh air. 'Sé ar marbhuigheadh dá shluagh
cúigear. Do b'fhiosach do'n Riaghaltas go
raibh mórán dá lucht leanamhna féin i
gconntabhairt an fhaid a bheadh cead a chos
ag Seaghán, agus, dá bhrigh sin, do thairg-
eadar míle púnt duais d'éinne a dhéan-
fadh é ghabháil, nó a 'neósadh cá raibh ionad
folachais aige. Theip ortha éinne fhagháil
chum spiaireachta a dhéanamh air, cé go raibh
fhios ag mórán cá raibh sé.



Ins an am soin bhí gach taobh de'n Laoi, ó
Mhaghchromdha go Guagán Barra clúduighthe
le coilltibh, agus is i gceann des na crannaibh
i lár an Ghaorthaidh a bhí leaba geárrtha
aige.

B'é Captaen Hedges an ceannphort a
bhí ar na saighdiúiríbh a bhí i gCaisleán Mhagh-
chromdha an uair sin, agus ní raibh éinne ba mhó
a bhí ar tí Sheagháin 'ná é. Do chonnaic saigh-
diúir (go raibh culaith bréide curtha aige
air féin), bean Sheagháin ag ceannach feóla
i Magh Chromdha. D'fhair sé í chum go
ndeaghaidh sí isteach i gCoill an Ghaorthaidh,
agus seo thar n-ais go dtí an caisleán le
scéala é.

Lá ar n-a bháireach chuir Hedges gárda
saighdiúirí timcheall na coille i gcás ná
raghadh éinne le biadh ná le digh chuige.
Cheap sé go gcaithfeadh an fear bocht
géilleadh nuair ná féadfadh éinne furtacht
ná cabhair a thabhairt dó. Níor leig eagla
dhóibh dul i gcoimhleathan na coille, mar bhí
fios aca go raibh Seaghán armálta.


L. 499


Nuair a bhí deireadh bídh caithte aige, agus
an t-ocras a' cur air, do thug sé aghaidh ar
reilig Mhagh Chluain Eich chum dul go Magh
Chromdha.



Bhí seisear saighdiúirí sa reilig dá fhair-
eadh de ló agus d'oidhche. Do thárla go hádh-
mharach an turas so go raibh beagán gleóidh
aca de dheascaibh óil; agus muna mbeadh soin,
do bhí cúrsa Sheagháin rithte, mar is tríd an
reilig a bhí sé ceapaithe ar ghabháil. Nuair
airigh sé an rí-rá sa reilig, do tháinig sé
aniar adtuaidh ortha, agus d'fhág sé ar a dtár
i n-áirde an seisear. Annsoin seo fé
dhéin an chaisleáin é. Do chonnaic sé uaidh
isteach Hedges agus mór-sheisear d'oifigíbh
airm a bhí ar dhinnéar aige. Bhí coinneal ar
lasadh ar lár an bhuird, agus do chaith sé piléar
léi agus do bhain an smól di.



Dubhairt Hedges leó gur bh'é Seaghán
Ruadh a dhein an obair gan amhras, mar
gurab amhlaidh a bhí ocras air, agus nár bh'fhusa
dhó an méid sin a dhéanamh 'na duine aca
féin a mharbhadh. Do bhuail Hedges tim-
cheall le pláta agus chuir gach duine aca sín-
tiús do Sheaghán, acht aon oifigeach amháin.
Dubhairt seisean gur bh'fhearr leis a scart-
acha a thiormughadh dho. Thug Hedges an
t-airgead agus culaith éadaigh leis féin do
mhnaoi Sheagháin, agus dubhairt sé léi a rádh
leis teacht a' triall air, agus go mbeadh beann
aige le n-a shaoghal air, toisc nár mhairbh sé
é. Bhí árd-fhuath ag Hedges do'n oifigeach
a dhiúltuigh síntiús a thabhairt do Sheaghán, agus
go deimhin ní mar gheall air sin é, acht do
rug sé uaidh cailín ó Shasanna go raibh sé a'
suirighe léi suim aimsire roimhe sin. Do
chuir sé teachtaire chum Sheagháin dá innsint
do goidé an chaint a chaith an t-oifigeach
leis. I gcionn seachtmhaine 'n-a dhiaidh sin,
do chuir Seaghán air culaith Hedges, agus do
rug sé leis an capall do b'fhearr a bhí
aige, agus seo fé dhéin an oifigigh sa Ghaillimh
é, agus é armálta go maith.



Nuair a bhí sé i gcomhgar an tighe do
cheangail sé a chapall laistigh de bhóthar,
agus seo isteach sa gháirdín ag piocadh na
dtorthaí é.



Ba ghearr go dtáinig an gárnóir chuige,
agus do thairg Seaghán deich bpúint dó acht
cúntas a thabhairt dó cionnus a bhí an
t-oifigeach agus a chuideachta suidhte síos.
Do ghlac an gárnóir an t-airgead uaidh,
agus d'innis sé dhó go rabhadar ag
caitheamh a suipéir, agus go raibh an t-arm
ag doras an phárlúis. D'éalaigh Seaghán
isteach, agus piostal 'n-a laimh aige, agus
dubhairt sé go lámhachfadh sé éinne aca a
chorróghadh, acht duine a thabharfadh chuige a
raibh d'airgead agus de sheódaibh i n-iom-
chair sa tigh.

Bhí an t-oifigeach t'réis cíosa fhagháil ó
n-a thineóntaíbh cúpla lá roimhe sin. Bhí
neamh-mheón airgid aige, agus do b'éigin
do gach aon fheóirlinn a chomhaireamh chuige.
Do thóg Seaghán leis an t-airgead, agus
do roinn sé air thineóntaíbh an oifigigh é.
Do bhí saighdiúirí 'n-a gcomhnuidhe le hais
tighe an oifigigh, agus chuir sé scéala chúcha
preabadh 'n-a dhiaidh. Níor dheineadar puinn
moille, agus le héirghe lae fuaradar
radharc air i dteórainn Chontae an Chláir
agus na Gaillimhe. Nuair a chonnaic sé
chuige iad do phreab sé isteach i gcoill mar
bhí a chapall traochta. Seo isteach 'n-a
dhiaidh iad, acht ba ghearr gur leag sé
seisear aca 'n-a bpleisteannaibh marbha,
agus do ruith an chuid eile le n-a n-anam.



Lá samhraidh bhí saighdiúirí Mhaghchromdha
ag gabháil do ghleacaidheacht lastoir de'n
tsráid. Nuair airigh Seaghán é do phreab
sé fé dhéin an chaisleáin, mar cheap sé ná
raibh éinne ann acht na seirbhísigh, acht bhí
dearmhad air, mar ní raibh aon tíoranach ó
Chorcaigh ná raibh ar dínnéar ag Hedges an
lá soin. Bhíodar so lán d'áthas nuair a
chonnaiceadar chucha é, mar shaoileadar go
raibh greim aca air. Bhí máthair Hedges
sa' chistin, i dteannta an chailín nuair a


L. 500


chuaidh sé isteach. Ní thuigeadh an chailleach
so aon fhocal Gaedhilge. Éireannach do
b'eadh an cailín cistean, agus d'innis sí i
nGaedhilg do Sheaghán cionnus mar a bhí an
scéal.



Níor dhein sé éan bhlúire amháin acht breith
ar an gcailligh, agus í bhualadh idir an dá
shlinneán air féin, agus preabadh bóthar an
tSléibhín suas léi. Do dhírigh na deamhain
a bhí ar dinnéar ag Hedges a ngunaí air
chun caitheamh leis. Nuair a fuair Hedges
amach gur bh'í a mháthair a bhí ar a mhuin aige,
do liúigh ortha gan caitheamh. Nuair a bhí
sé faid an urchair uatha, do chaith sé i ndig
an bhóthair í, agus seo fé dhéin an Ghaorthaidh é.



I gcionn scaithimh 'n-a dhiaidh san do
haistrigheadh saighdiúirí Mhaghchromdha, agus
do chuireadh armáil eile 'n-a n-ionad.
Scaothaire bladhmanach, mustarach do b'eadh
an captaen a bhí ortha. Dubhairt sé le
Hedges go raibh furmhór an domhain
siubhalta aige, agus nár casadh éinne air a
bhí chomh cruinn leis ar ghunna. Dubhairt
Hedges leis go raibh aodhaire bó aige féin
ba chruinne 'ná é. Dubhairt seisean leis dá
mbeadh nach i ndiaidh stuic ba ghábhadh dhó
bheith.

Do chuireadar geall le chéile, agus do
cheapadar lá chun triail a bheith aca ar a
chéile. B'é an geall é — eastát Hedges i
Maghchromdha i gcoinnibh a eastáit-sean sa
Ghaillimh. Do chuir Hedges fios ar Sheaghán
Ruadh, agus thug sé a fhocal do ná beadh
baoghal air. Do chuir Seaghán réal ar a
faobhar i bhfala tighe an mhargaidh. Do
sheasaimh sé ag geata an chaisleáin, agus
do chaith leis an réal, agus d'aimsigh agus
do dhein dá leath chruinne de'n philéar uirthi.



Do dhein an captaen an cleas céadna
'n-a dhiaidh. Annsoin do thug Seaghán Ruadh
leis garsún de mhac dó, agus do chuir sé
ubh circe ar mhullach a chinn. Do chaith sé
leis, agus do chuir an piléar tríd. "Déin-
se é sin anois," arsa Seaghán leis an
gcaptaen. "Cuir i n-áirde ubh eile dhom,
agus déanfad," ar san captaen. "Tabhair
leat do mhac féin; agus cuir ar a cheann é,"
arsa Seaghán. Ní leogfadh eagla dhó é
chur ar a mhac féin, agus ní bhfaigheadh sé
éinne eile a sheasóghadh dhó. Dá dheascaibh
sin do bhuaidh Hedges eastát na Gaillimhe,
agus tá sé ag a shliocht riamh ó shoin. I
gcionn seachtmhaine 'n-a dhiaidh sin bhí a
thineóntaidhthe a' díol chíosa le Huitsioson ó
Árd na gCaiseal. D'fhair Seaghán Ruadh é
um thráthnóna, nuair a bhí sé ag dul a-bhaile,
agus bhain sé dhe gach aon fheóirlinn a
bhailigh sé an lá soin, agus do roinn sé ar
bhochtaibh Mhaghchromdha é. Mí ó'n lá soin
do chuir Huitsioson fios go Sasanna ar
dhá choin fola, agus thug sé leis a raibh de
armáil ar fuaid na conntae chun Seaghán a
léiriughadh.



Bhí éide phláta ar na conaibh, i gcás ná
féadfaidhe aon damáiste a dhéanamh dóibh.
Do scaoileadh na coin fá dhéin Sheagháin,
agus nuair a tháinig an chéad chú mar a
raibh sé, dho chuir sé píosa de bhagúin rósttha
ar bhéal a ghuna. Nuair a leath an chú a béal
chun na feóla, do scaoil Seaghán an piléar
siar tríthe, agus do tharraing sé isteach
marbh 'n-a leabaidh í.



Ba gheárr go dtáinig an tarna ceann,
agus thug sé an cor céadna dhí. Annsan
chuaidh sé i n-áirde ar bhárr chrainn, agus
chonnaic sé uaidh cliathán an tSléibhín
dearg le saighdiúiríbh. Bhí sé ag stealladh
leó chun gur mhairbh sé a raibh de oifigíbh
aca, agus theith an chuid eile le n-a n-anam.



Do ruith le Seaghán Ruadh gan breith ar
go lá a bháis. Trí bliadhna déag an tEar-
rach so ghaibh tharainn ó cailleadh é.



Conchubhar Ó Muimhneacháin.



Seoltar litreacha i dtaoibh Eagarthóireachta go
dtí an Fear Eagair; agus litreacha i dtaoibh Bhainstige
go dtí Stiúrthóir, Oífig an Chonnartha, 24 Sráid
Uachtarach Uí Conaill, Áth Cliath.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services