Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Is Malluighthe 'n Dram Tuínncéirí (ar leanamhaint).
Title
Is Malluighthe 'n Dram Tuínncéirí (ar leanamhaint).
Author(s)
Ó Muimhneacháin, Diarmaid,
Composition Date
1904
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
"IS MALLUIGHTHE 'N DRAM TUÍNN- CÉIRÍ." (Ar leanamhaint.) Do bhíodh mná tighe na mbailte mór-thim- cheall cráidhte, ciapaithe ag banntracht na dtuinncéirí, ag ruith chúcha 's uatha ag iarraidh rudaí ortha, agus mara bhfuighdís le n-iarr- aidh iad, do thógfhaidís leó gan iarraidh iad dá raghadh sé air dóibh; mar, a léightheóir mo chroidhe, ní bheadh scrupal ar thuínncéir an chros a sciobadh de shéipéal dá mbadh dhóigh leis go n-éireóghadh leis. D'iarrfadh bean tuinncéara an tsúil as do cheann, ar iasacht, nó i bhfuirm déarca, pé aca slighe 'nar dhoigh léi ba mhó go mbeadh de bhreith aici ar é fhagháil. D'iarrfaidís an smut aráin, agus annsoin do chaithfidís an blúire ime fhagháil chun a chur ar an arán. Do bhí slighe aca ar rudaí iarraidh i ndiaidh a chéile — rudaí oirfeadh dá chéile — i dtreó ná fuighfá uait féin iad do eiteach; sé sin dá mb'áil leat an rud a bheadh tabhartha agat dóibh cheana a bheith d'aon tairbhthe dhóibh. D'iarrfaidís an gráinne té agus annsoin an siúicre chun an té do mhilsiughadh. Tar éis an oiread paidreacha do rádh dhuit is badh dhóigh leat a chuirfeadh an peacach is mo bhí ann ó Ádam de chosa tiorma go Flaithis Dé do b'é deireadh na scríbe go n-iarrfaidhe an braon leamhnachta ort chun na té do dhathughadh. Do theastóghadh an plúr uatha agus dár ndóigh an bhláthach chun a fhuinte; an t-ubh, agus cadé an mhaith ubh gan salann; an phins snaoise, an tobac, agus mar sin. Do gheallfaidís céad nídh dhuit acht rud eile dob eadh na geallamh- aintí do chóimhlíonadh. Do bheadh an galún nuadh stáin le fagháil agat, mar'dh eadh, agus an t-iarann nuadh smúdála; nó bheadh rudaí éigin briste agat le deisiughadh dhuit gan pioc. Ní bheadh tigh ar feadh cheithre mhíle mór-thimcheall ná go ngeallfhaidís rud éigin mar sin do bhean an tighe ann, agus do cheapfaidís lá áirithe chun teacht chun an tabharthais a bhronnadh; acht mo chreach chráidhte, nuair a thiocfadh éirighe an lae sin is é an chéad rud a chífá ag gabháil thart an bóthar ná an chóisire thuinncéirí le n-a n-asail 's a n-achraí — na mná, na leanbhaí, agus na madraidhe, i n-éan-trúp amháin, ag aistriughadh leó féin ar lorg "fresh fields" agus "pastures new." Nuair fhillfidís thar n-ais i gceann chúig na sé mhí dá mbeitheá chomh hamadántamhail is go gcuirfá a ngeallamhna i n-umhail dóibh, airiú do thabharfadh lucht slánuighthe na gcorcán mbriste an leabhar breac ná feacadar riamh roimhe sin tu, agus gur bh'é sin a gcéad turus go dtí an ceanntar san. Is é a fhaid ar a ghiorracht agat é, do b'fhusa dhuit, agus ba shaoire leis, an treabh le chéile, idir fhear, bean, is páiste a chur 'n-a suidhe timcheall an bhúird, dá mbeadh an tigh mór a ndóthain, agus lán a mbolg a thabhairt dóibh d'aon iarracht, agus gan a thuilleadh teangmhála a bheith agat leó, ná iad a bheith 'ghá mhealladh uait 'n-a aguisín is in-a aguisín, agus ag stealladh- mhagadh fút 'na dhiaidh-sin. Acht fan go n-innsead duit bob a bhuail bean tuinn- céara uair ar mo mháthair, beannacht Dé na nGrást le na hanam. Agus ní har mo mháthair féin a buaileadh an bob acht ar m'athair. Seo mar a bhí sé. Do bhuail chúcha isteach lá, bean de threibh des na tuinncéirí a bhí 'n-a stad san am chéadna i dtigh na Cúilfhinne. D'iarr sí iasacht circe guir ar mo mháthair - cearc ghuir am' briathar mhóide!
"Airiú cad do b'áil leat de'n chearc ghuir?" arsa mo mháthair, "nó ar airigh éinne riamh cearc a bheith ag tuinncéir, ar gur ná ag breith ubh?" "Do fuaras," ar san bhean, "dosaon ubh ó mhnaoi gur dheineas post oibre dhi i n-inead airgid, agus dubhart liom féin ná raibh aon chuma a b'fheárr go gcuirfinn chun críche iad ná iad a chur fé chirc agus sicíní a baint asta. Beidh mé im' stad i dtigh na Cúilinne go ceann sé nó seacht de sheachtmhainí, agus aon rud a bheidh le deisiughadh agat déanfam é gan éinnídh. Chím cearca guir 'os gach aon tsaghas ann- soin ar fuid an tighe agat." "Caith chúichi í," arsa m'athair, "cá fearr annso í d'ár mbodhradh le n-a glugar- naigheal go ceann mí. Tá cearca guir do dhóthain agat mo lámh is m'fhocal duit." Thug mo mháthair di an chearc. Ní raibh an bhean abhfad imthighthe nuair a tháinig sí thar n-ais arís, go dubhrónach 'ghá rádh gur bhris an chearc an uile ceann de sna huibhe. Dubhairt sí go raibh dóchas aici go dtabhar- fadh mo mháthair dosaon eile ubh di i n-a n-inead, go mór-mór ó'n uair is gur bh'í cearc mo mháthar a bhris iad. "Maise, caith chun an bhean bhocht iad," arsa m'athair, "cadé an leath-sgéal ata 'gat; nách í do chearc-sa a bhris na huibh uirthi?" Do thug mo mháthair di na huibhe, go leis- ceamhail, a d'fhonn bheith scartha léi. "Seachain," ar sí, "agus ná leog di iad so do bhriseadh." "Ná bíodh eagal ort," arsa bean an tuinncéara, ag cur smiota beag gáiridhe aisti fé n-a fiacla. Ní raibh sí a bhfad imthighthe an tara huair nuair a bhuail an tseana-chearc agus "gluc, gluc, gluc," aici chúcha isteach an doras, déis í scaoileadh amach ó bhun phuill-oscal chomráda na mná a bhí ag feitheamh léi amuigh ag pinniúir an tighe. Nuair a bhí an bob buailte aca ar na daoine símplí istigh ní raibh a thuilleadh gnótha de'n chirc. 'Ketch ab eadh é," ar san duine úd an lá, fé dheireadh. Is éachtach an léir-scrios a thug an tAll- mhurach amplach Seaghán Buidhe ar cheárdaibh na hÉireann agus níor dhearmhad do cheárd na dtuinncéirí. Do bhíos ag caint tá tamall ó shoin le duine de'n treibh mhí-ádhmharaigh sin agus do chualadh uaidh scéal a chuir iongnadh orm go deimhin. D'innis sé dham ná fuil builg thuinncéara 'ghá n-oibriughadh ag aon tuinncéir i nÉirinn anois, agus ná raibh le fada bhliadhanta. D'fhiosruigheas de cadé'n chúis, nó ar bh'amh- laidh ná raibh an aicme óg thuinncéirí a bhí ag éirighe suas le déidheannaighe ábaltha ar na builg d'oibriughadh mar bhí an seana- stoc ins an am go raibh taithighe agam-sa ortha. "Ní headh i n-éan-chor," adubhairt sé, "acht 'neósad-sa dhuit caidé an chúis ar neómat na baise. Do bhí eagla ar Riaghaltas Shasanna dá ráinígheadh éirighe amach eile i measc mhuinntire na hÉireann go raibh na tuinncéirí chomh hiomadamhail sin agus chomh cliste 'na ngnó go bhféadfaidís an sluagh Gaedhealach a choimeád i bpiléaraibh, 's i bpící, 's i n-áisíbh eile a bhaineann le cogadh. Cad a dheineadar acht cáin nár bh'fhéidir a íoc a bhualadh ar na builg, agus d'fhág soin a lámha ar sileadh síos leó ag sás déanta na bpiléar is na bpící, is na n-armálacha cogaidh. An bhfuil fhios agat- sa," ar sé, "ná fuil aon dram daoine i nInnis Fáil is mó go bhfuil de eagla rómpa ag an ngairisiún Gallda ná roime na tuinncéirí?"
Do bhuail sé clobhtóg ar a cheathramhain agus d'fhéach orm ag feitheamh le freagradh. "Tá fhios agam go ró-mhaith," arsa mise, "ná fuil aon duine le fagháil is mo thug- ann de thrioblóid do lucht riartha na dlighe ná sibh, ná is minicí thugann ceanaighthe geárrtha, fóríor, agus súile dubha do pheíl- éirí; aon am a bhíonn spártha 'na ndiaidh- san agaibh ní sos d'bhur gceanaighthe féin é, ná do shúilibh a chéile." D'imthigh sé air agus is dóigh liom ná feadair sé fós ceaca an 'gha mholadh ná 'ghá cháineadh a bhíos. Do bhí fhios agam-sa ní b'fhearr ná an tuinncéir úd cad fé ndeárr an meath- lughadh a bhí d'éis teacht ar cheárd na tuinn- céireachta. Do shrois an meath, agus an mí-ádh, do lean stalcadh na n-earraí ias- achta isteach sa tír seo fiú amháin an tuinncéireacht. Do fhéadfaidhe corcán, nó ceiteal, nó sceiléad a cheannach ar bheagán ní ba mhó ná mar fhéadfadh tuinncéir na hárthaighe sin a dheisiughadh nuair a bheidís briste. Ba shaoire, agus do b'fhearr le mná tighe an faras-barr a dhíol agus corcán nuadh a bheith aca ná bheith ag casadh le hár- thaighibh briste do fhagháil deisighthe, agus b'éidir nách i gcomhnuidhe a bheadh tuinncéir ar láimh chun soin féin a dhéanamh. Ba ghearr gur caitheadh na builg a chaitheamh ar leith-taoibh, agus lá chun deiridh a b'eadh an uile lá as soin amach ag tuinncéireacht. Ó's dóchas go bhfuil mór-chuid de léigh- theóirí an IRISLEABHAIR nách amháin ná feac- adar riamh goradh tuinncéara 'ghá dhéanamh, acht ná feadradar cionnus a deintí é, seo cúntas gearrid air ó dhuine do chonnaic 'ghá dhéanamh é chomh minic is tá méireanna air. Chun tosnughadh i dtosach, mar adeirtear: Nuair a thagann dram tuinncéirí go dtí an ceanntar, cuirid siad fútha i dtigh áirithe. Tosnuighid siad láithreach ar bheith ag bail- iughadh árthaighe briste ar fuid na dtighthe ins na dúithchíbh mór-thimcheall. Nuair a bhíonn deireadh bailighthe aca fanaid siad go dtagann lá breágh. Nuair a thagann san, amach leó i bpáirc le hais an tighe — an uile dhuine de'n treibh, ó'n dtuinncéir is sine go dtí an tuinncéir beag is déidh- eannaighe oscail a shúil ins an domhan bhraonach so. Téidheann beirt no triúr aca go dtí portán nó díog éigin i n-a mbíonn márla liath — sórd cré a bhíonn chomh righin le gad, "móta liath" a ghlaodhtar annsúd air, agus tugaid siad leó carn de. Fuin- tear é chun go mbíonn sé chomh righin le císte plúir a bheadh ullamh chun a bhácáltha. Cuirtar cuid de'n márla fuinte seo ar an dtaobh istigh de'n chorcán, ar aghaidh na háite briste, chun gan leogaint do'n ngoradh ruith isteach. Líontar an corcán le cré, agus iompuighthear ar a bhéal fé é. Deintear soin le gach aon árthach a bhíonn le deisiughadh. Mar an gcéadna, cuirtar fál beag de'n mhárla mór-thimcheall ar an mbriseadh ó'n dtaobh amuich mar chosc leis an ngoradh ar ruith síos fan chliathánaibh an chorcáin chun go gcruadhann sé. Baintar an mheirg agus an screamh dhóighte de'n áit bhriste d'fhonn go gceangalóghadh an goradh dhe, agus annsoin bíonn na rudaí réidh chun a ndeisighthe. Sórd aidhin is eadh an t-árthach i n-a ndeintar an goradh, acht ná bíonn sé chomh doimhinn le haidhean, agus bíonn lámh fhada as. Cuirtar i n-a shuidhe síos i bpoll ins an dtalamh é; cuirtar na builg i bhfuirm, agus srón an phíopáin buailthe ar fhabhra an aidhin. Ansan cuirtar tuilleadh de'n mhóta liath timcheall ar fhabhraí an aidhin chun an teas a choinbheáil leis, agus chun na teineadh a choimeád i dtreó ná scaipfeadh sí. Anois aduighthar teine san aidhean, gual ceárdtan, nó cóc,
a chaithtar bheith chuige, agus séidthar na builg. Nuair a bhíonn an teine ar dearg- lasadh cuirtar isteach na blúirí meitil go ndeintar an goradh. Fé mar a bíd siad tuitid siad i n-a ngoradh leachta síos ins an aidhean. Bítar ag cur tuilleadh meitil isteach agus tuilleadh guail chun é leaghadh chun go mbíonn an t-aidhean lán. Tóga- thar aníos annsoin é agus bailightar de na sméaróidí agus an luaithreach a bhíonn ar bharra an mhitil leachta. Ní mheascann an meiteal leachta agus an luaithreach le n-a chéile, mar do réir an dlighe acionta tá an meiteal ró-throm, agus ró-thiugh do'n luaith- righ, nó mar adeir siad i mBéarla, is mó é "specific gravity" an mhitil ná an luaithrigh. (Ní críoch.) DIARMAID Ó MUIMHNEACHÁIN.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services