Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Is Malluighthe 'n Dram Tuínncéirí (ar leanamhaint).

Title
Is Malluighthe 'n Dram Tuínncéirí (ar leanamhaint).
Author(s)
Ó Muimhneacháin, Diarmaid,
Composition Date
1904
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926




L. 492


"IS MALLUIGHTHE 'N DRAM TUÍNN-
CÉIRÍ."



(Ar leanamhaint.)



Do bhíodh mná tighe na mbailte mór-thim-
cheall cráidhte, ciapaithe ag banntracht na
dtuinncéirí, ag ruith chúcha 's uatha ag iarraidh
rudaí ortha, agus mara bhfuighdís le n-iarr-
aidh iad, do thógfhaidís leó gan iarraidh iad
dá raghadh sé air dóibh; mar, a léightheóir
mo chroidhe, ní bheadh scrupal ar thuínncéir
an chros a sciobadh de shéipéal dá mbadh
dhóigh leis go n-éireóghadh leis. D'iarrfadh
bean tuinncéara an tsúil as do cheann, ar
iasacht, nó i bhfuirm déarca, pé aca slighe
'nar dhoigh léi ba mhó go mbeadh de bhreith
aici ar é fhagháil. D'iarrfaidís an smut
aráin, agus annsoin do chaithfidís an blúire
ime fhagháil chun a chur ar an arán. Do bhí
slighe aca ar rudaí iarraidh i ndiaidh a chéile
— rudaí oirfeadh dá chéile — i dtreó ná
fuighfá uait féin iad do eiteach; sé sin dá
mb'áil leat an rud a bheadh tabhartha agat
dóibh cheana a bheith d'aon tairbhthe dhóibh.
D'iarrfaidís an gráinne té agus annsoin
an siúicre chun an té do mhilsiughadh. Tar
éis an oiread paidreacha do rádh dhuit is
badh dhóigh leat a chuirfeadh an peacach is
mo bhí ann ó Ádam de chosa tiorma go
Flaithis Dé do b'é deireadh na scríbe go
n-iarrfaidhe an braon leamhnachta ort chun
na té do dhathughadh. Do theastóghadh an
plúr uatha agus dár ndóigh an bhláthach chun
a fhuinte; an t-ubh, agus cadé an mhaith ubh
gan salann; an phins snaoise, an tobac,
agus mar sin. Do gheallfaidís céad nídh
dhuit acht rud eile dob eadh na geallamh-
aintí do chóimhlíonadh. Do bheadh an galún
nuadh stáin le fagháil agat, mar'dh eadh,
agus an t-iarann nuadh smúdála; nó bheadh
rudaí éigin briste agat le deisiughadh dhuit
gan pioc. Ní bheadh tigh ar feadh cheithre
mhíle mór-thimcheall ná go ngeallfhaidís
rud éigin mar sin do bhean an tighe ann,
agus do cheapfaidís lá áirithe chun teacht
chun an tabharthais a bhronnadh; acht mo
chreach chráidhte, nuair a thiocfadh éirighe an
lae sin is é an chéad rud a chífá ag gabháil
thart an bóthar ná an chóisire thuinncéirí
le n-a n-asail 's a n-achraí — na mná, na
leanbhaí, agus na madraidhe, i n-éan-trúp
amháin, ag aistriughadh leó féin ar lorg
"fresh fields" agus "pastures new."
Nuair fhillfidís thar n-ais i gceann chúig na
sé mhí dá mbeitheá chomh hamadántamhail is
go gcuirfá a ngeallamhna i n-umhail dóibh,
airiú do thabharfadh lucht slánuighthe na
gcorcán mbriste an leabhar breac ná
feacadar riamh roimhe sin tu, agus gur bh'é
sin a gcéad turus go dtí an ceanntar
san. Is é a fhaid ar a ghiorracht agat é,
do b'fhusa dhuit, agus ba shaoire leis, an
treabh le chéile, idir fhear, bean, is páiste
a chur 'n-a suidhe timcheall an bhúird, dá
mbeadh an tigh mór a ndóthain, agus lán a
mbolg a thabhairt dóibh d'aon iarracht, agus
gan a thuilleadh teangmhála a bheith agat
leó, ná iad a bheith 'ghá mhealladh uait 'n-a
aguisín is in-a aguisín, agus ag stealladh-
mhagadh fút 'na dhiaidh-sin. Acht fan go
n-innsead duit bob a bhuail bean tuinn-
céara uair ar mo mháthair, beannacht Dé
na nGrást le na hanam. Agus ní har mo
mháthair féin a buaileadh an bob acht ar
m'athair. Seo mar a bhí sé. Do bhuail
chúcha isteach lá, bean de threibh des na
tuinncéirí a bhí 'n-a stad san am chéadna
i dtigh na Cúilfhinne. D'iarr sí iasacht
circe guir ar mo mháthair - cearc ghuir am'
briathar mhóide!


L. 493


"Airiú cad do b'áil leat de'n chearc
ghuir?" arsa mo mháthair, "nó ar airigh éinne
riamh cearc a bheith ag tuinncéir, ar gur ná
ag breith ubh?"



"Do fuaras," ar san bhean, "dosaon
ubh ó mhnaoi gur dheineas post oibre dhi
i n-inead airgid, agus dubhart liom féin
ná raibh aon chuma a b'fheárr go gcuirfinn
chun críche iad ná iad a chur fé chirc agus
sicíní a baint asta. Beidh mé im' stad
i dtigh na Cúilinne go ceann sé nó seacht
de sheachtmhainí, agus aon rud a bheidh le
deisiughadh agat déanfam é gan éinnídh.
Chím cearca guir 'os gach aon tsaghas ann-
soin ar fuid an tighe agat."



"Caith chúichi í," arsa m'athair, "cá fearr
annso í d'ár mbodhradh le n-a glugar-
naigheal go ceann mí. Tá cearca guir do
dhóthain agat mo lámh is m'fhocal duit."



Thug mo mháthair di an chearc. Ní raibh
an bhean abhfad imthighthe nuair a tháinig sí
thar n-ais arís, go dubhrónach 'ghá rádh gur
bhris an chearc an uile ceann de sna huibhe.
Dubhairt sí go raibh dóchas aici go dtabhar-
fadh mo mháthair dosaon eile ubh di i n-a
n-inead, go mór-mór ó'n uair is gur bh'í
cearc mo mháthar a bhris iad.



"Maise, caith chun an bhean bhocht iad,"
arsa m'athair, "cadé an leath-sgéal ata
'gat; nách í do chearc-sa a bhris na huibh
uirthi?"



Do thug mo mháthair di na huibhe, go leis-
ceamhail, a d'fhonn bheith scartha léi.



"Seachain," ar sí, "agus ná leog di iad
so do bhriseadh."



"Ná bíodh eagal ort," arsa bean an
tuinncéara, ag cur smiota beag gáiridhe
aisti fé n-a fiacla.



Ní raibh sí a bhfad imthighthe an tara huair
nuair a bhuail an tseana-chearc agus "gluc,
gluc, gluc," aici chúcha isteach an doras,
déis í scaoileadh amach ó bhun phuill-oscal
chomráda na mná a bhí ag feitheamh léi
amuigh ag pinniúir an tighe. Nuair a bhí
an bob buailte aca ar na daoine símplí
istigh ní raibh a thuilleadh gnótha de'n chirc.
'Ketch ab eadh é," ar san duine úd an lá,
fé dheireadh.



Is éachtach an léir-scrios a thug an tAll-
mhurach amplach Seaghán Buidhe ar cheárdaibh
na hÉireann agus níor dhearmhad do
cheárd na dtuinncéirí. Do bhíos ag
caint tá tamall ó shoin le duine de'n
treibh mhí-ádhmharaigh sin agus do chualadh
uaidh scéal a chuir iongnadh orm go deimhin.
D'innis sé dham ná fuil builg thuinncéara
'ghá n-oibriughadh ag aon tuinncéir i nÉirinn
anois, agus ná raibh le fada bhliadhanta.
D'fhiosruigheas de cadé'n chúis, nó ar bh'amh-
laidh ná raibh an aicme óg thuinncéirí a bhí
ag éirighe suas le déidheannaighe ábaltha ar
na builg d'oibriughadh mar bhí an seana-
stoc ins an am go raibh taithighe agam-sa
ortha.



"Ní headh i n-éan-chor," adubhairt sé,
"acht 'neósad-sa dhuit caidé an chúis ar
neómat na baise. Do bhí eagla ar Riaghaltas
Shasanna dá ráinígheadh éirighe amach eile
i measc mhuinntire na hÉireann go raibh
na tuinncéirí chomh hiomadamhail sin agus
chomh cliste 'na ngnó go bhféadfaidís an
sluagh Gaedhealach a choimeád i bpiléaraibh,
's i bpící, 's i n-áisíbh eile a bhaineann le
cogadh. Cad a dheineadar acht cáin nár
bh'fhéidir a íoc a bhualadh ar na builg, agus
d'fhág soin a lámha ar sileadh síos leó ag
sás déanta na bpiléar is na bpící, is na
n-armálacha cogaidh. An bhfuil fhios agat-
sa," ar sé, "ná fuil aon dram daoine
i nInnis Fáil is mó go bhfuil de eagla
rómpa ag an ngairisiún Gallda ná roime
na tuinncéirí?"


L. 494


Do bhuail sé clobhtóg ar a cheathramhain
agus d'fhéach orm ag feitheamh le freagradh.



"Tá fhios agam go ró-mhaith," arsa mise,
"ná fuil aon duine le fagháil is mo thug-
ann de thrioblóid do lucht riartha na dlighe
ná sibh, ná is minicí thugann ceanaighthe
geárrtha, fóríor, agus súile dubha do pheíl-
éirí; aon am a bhíonn spártha 'na ndiaidh-
san agaibh ní sos d'bhur gceanaighthe féin é,
ná do shúilibh a chéile."



D'imthigh sé air agus is dóigh liom ná
feadair sé fós ceaca an 'gha mholadh ná 'ghá
cháineadh a bhíos.



Do bhí fhios agam-sa ní b'fhearr ná an
tuinncéir úd cad fé ndeárr an meath-
lughadh a bhí d'éis teacht ar cheárd na tuinn-
céireachta. Do shrois an meath, agus an
mí-ádh, do lean stalcadh na n-earraí ias-
achta isteach sa tír seo fiú amháin an
tuinncéireacht. Do fhéadfaidhe corcán, nó
ceiteal, nó sceiléad a cheannach ar bheagán
ní ba mhó ná mar fhéadfadh tuinncéir na
hárthaighe sin a dheisiughadh nuair a bheidís
briste. Ba shaoire, agus do b'fhearr le mná
tighe an faras-barr a dhíol agus corcán
nuadh a bheith aca ná bheith ag casadh le hár-
thaighibh briste do fhagháil deisighthe, agus
b'éidir nách i gcomhnuidhe a bheadh tuinncéir
ar láimh chun soin féin a dhéanamh. Ba
ghearr gur caitheadh na builg a chaitheamh ar
leith-taoibh, agus lá chun deiridh a b'eadh an
uile lá as soin amach ag tuinncéireacht.



Ó's dóchas go bhfuil mór-chuid de léigh-
theóirí an IRISLEABHAIR nách amháin ná feac-
adar riamh goradh tuinncéara 'ghá dhéanamh,
acht ná feadradar cionnus a deintí é, seo
cúntas gearrid air ó dhuine do chonnaic 'ghá
dhéanamh é chomh minic is tá méireanna air.
Chun tosnughadh i dtosach, mar adeirtear:
Nuair a thagann dram tuinncéirí go dtí an
ceanntar, cuirid siad fútha i dtigh áirithe.
Tosnuighid siad láithreach ar bheith ag bail-
iughadh árthaighe briste ar fuid na dtighthe
ins na dúithchíbh mór-thimcheall. Nuair a
bhíonn deireadh bailighthe aca fanaid siad
go dtagann lá breágh. Nuair a thagann
san, amach leó i bpáirc le hais an tighe —
an uile dhuine de'n treibh, ó'n dtuinncéir
is sine go dtí an tuinncéir beag is déidh-
eannaighe oscail a shúil ins an domhan
bhraonach so. Téidheann beirt no triúr aca
go dtí portán nó díog éigin i n-a mbíonn
márla liath — sórd cré a bhíonn chomh righin
le gad, "móta liath" a ghlaodhtar annsúd
air, agus tugaid siad leó carn de. Fuin-
tear é chun go mbíonn sé chomh righin le
císte plúir a bheadh ullamh chun a bhácáltha.
Cuirtar cuid de'n márla fuinte seo ar an
dtaobh istigh de'n chorcán, ar aghaidh na háite
briste, chun gan leogaint do'n ngoradh ruith
isteach. Líontar an corcán le cré, agus
iompuighthear ar a bhéal fé é. Deintear
soin le gach aon árthach a bhíonn le deisiughadh.
Mar an gcéadna, cuirtar fál beag de'n
mhárla mór-thimcheall ar an mbriseadh ó'n
dtaobh amuich mar chosc leis an ngoradh ar
ruith síos fan chliathánaibh an chorcáin chun go
gcruadhann sé. Baintar an mheirg agus an
screamh dhóighte de'n áit bhriste d'fhonn go
gceangalóghadh an goradh dhe, agus annsoin
bíonn na rudaí réidh chun a ndeisighthe. Sórd
aidhin is eadh an t-árthach i n-a ndeintar an
goradh, acht ná bíonn sé chomh doimhinn le
haidhean, agus bíonn lámh fhada as. Cuirtar
i n-a shuidhe síos i bpoll ins an dtalamh é;
cuirtar na builg i bhfuirm, agus srón an
phíopáin buailthe ar fhabhra an aidhin. Ansan
cuirtar tuilleadh de'n mhóta liath timcheall
ar fhabhraí an aidhin chun an teas a choinbheáil
leis, agus chun na teineadh a choimeád i
dtreó ná scaipfeadh sí. Anois aduighthar
teine san aidhean, gual ceárdtan, nó cóc,


L. 495


a chaithtar bheith chuige, agus séidthar na
builg. Nuair a bhíonn an teine ar dearg-
lasadh cuirtar isteach na blúirí meitil go
ndeintar an goradh. Fé mar a bíd siad
tuitid siad i n-a ngoradh leachta síos ins
an aidhean. Bítar ag cur tuilleadh meitil
isteach agus tuilleadh guail chun é leaghadh
chun go mbíonn an t-aidhean lán. Tóga-
thar aníos annsoin é agus bailightar de na
sméaróidí agus an luaithreach a bhíonn ar
bharra an mhitil leachta. Ní mheascann an
meiteal leachta agus an luaithreach le n-a
chéile, mar do réir an dlighe acionta tá an
meiteal ró-throm, agus ró-thiugh do'n luaith-
righ, nó mar adeir siad i mBéarla, is mó
é "specific gravity" an mhitil ná an luaithrigh.



(Ní críoch.)



DIARMAID Ó MUIMHNEACHÁIN.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services