Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Mar thug Cúchulainn Conchubhar ó Pháirc an Chatha.
Title
Mar thug Cúchulainn Conchubhar ó Pháirc an Chatha.
Author(s)
Ua Neachtain, Eoghan,
Composition Date
1904
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
MAR THUG CÚCHULAINN CONCHUBHAR Ó PÁIRC AN CHATHA. Bhí imreasán catha idir Ultaigh agus Eoghan Mac Dúthracht. Tagann na hUltaigh go dtí an cath. Fágtar eisean (.i. Cúchulainn) i n-a chodladh. Briseadh ar Ultaighibh. Fágtar Conchubhar agus Cuscraidh Meann Macha agus buidhean mór nach iad. Dúis- igheann a ngol é (.i. Cúchulainn.) Baineann sé síneadh as féin annsin, i gcruth agus gur bhris an dá leic a bhí ina thimcheall. "Is os comhair Bhricrenn a rinneadh é," ar Feargus. Leis sin éirigheann sé ina sheasamh, agus casaim-se dhó i ndorus an leasa, agus mé go han-lotuighthe. "Fuit! Dia do bheatha, a Fhear- guis, a athair," ar sé, "cá bhfuil Conchubar?" "Níl fhios sin agam-sa," arsa mise. Annsin imthigheann sé leis féin. Bhí an oidhche dorcha agus déanann sé ar mhuigh an áir. Chonnaic [sé] an fear os a chomhair, leath a chinn air, agus leath fir eile ar a dhruim. "Congnaidh! congnaidh! a Chúchulainn," adeir sé. "Buaileadh mé, agus thugas leath mo dhearbhráthar ar mo dhruim, iomchuir tamall liom é." "Ní iomchroghad," adeir sé. Leis sin caitheann sé, chuige an t-ualach; caitheann séisean uaidh é, agus beireann siad i bhfus is thall ar a chéile. Téigheann (ag an bhfear eile) ar Chúchulainn. Chuala sé rud .i. an baidhbh o n-a cunablacha (ag rádh): "Is olc an t-adhbar laoich atá annso fo chosaibh an phúca againn." Leis sin éirigheann Cúchulainn agus ionnsuigheann sé é, agus baineann sé an ceann de leis an gcamán, agus gabh- ann ag tomáint liathróide roimhe treasna an mhagha. "An bhfuil m'athair Conchubar, ar pháirc an chatha?" ar sé. Tugann sé (.i. an rí) freagra air. Téigheann sé chuige go bhfeiceann sé sa gclais é, agus an chréafóg uime ar gach taobh dhe 'ghá chlúdughadh. "Cad chuige dhuit a theacht ar pháirc an chatha," ar Chonchubar, "go ndeachais chun do bháis ann?" Tógadh as an claise annsin é, agus ní thiubradh seisear de na tréan-fhearaibh Ulladh so againn-ne amach é ní ba chalma. "Téirigh romhainn go dtí an teach úd," ar Conchubhar, agus déan teine dham ann." Faduigheann sé teine mhór dhó." "Seadh, anois," ar Conchubhar, "dá dtugtaidhe muc bhruithte chugam-sa badh bheódha an fear mé." "Rachad- sa," ar Cúchulainn, agus béarfad chugat í." Im- thigheann sé annsin, agus chonnaic sé an fear i mboth cócaireachta i lár na coille, a chuid airm i láimh leis, agus an lámh eile ag cócaireacht an tuirc. B'uath- bhásach an fear é. Ionnsuigheann sé (.i. Cúchulainn) é, mar sin féin, agus tugann sé leis a cheann agus an muc. Itheann Conchubhar an torc annsin. "Téigheam d'ár dteach," ar Conchubhar. Casann siad le Cuscraidh mac Chonchubhair, agus bhí trom créachta ar sean. Tugann Cúchulainn leis ar a dhrum é, agus chuadar 'n a dtriúr 'n-a diaidh sin go hEamhain Mhacha. [Chuir an Strachánach ar an eolas mé ina lán de na sean-chainteanna sa n-athrugadh so thuas. 'Sé an rud is iongantaighe liom féin ann, "co ndechais uathbás and," .i. go ndeachais chun do bháis ann le crith-eagla. Dá ndeireadh éinne anois, "chaith sé dó é," i n-ionad "chait sé chuige é." déanfaidhe gáire faoi, agus sin í an chiall a bhí le "foceirt in n-aire dó," fadó. Is ionann "foceirdsom de" agus "caitheann seisean uaidh." Tá an focal soin "aire" againn fos ar ualach, nuair a deirimid, "Tá a shean- aire air.," .i. "tá a shean-ualach air. Ní uala aosta é "sean-ualach," acht ualach chomh trom agus is féidir d'iomchar. I n-áit "tógadh," mar sgriobh tar anois an focal, sé an sean-fhocal "tógabh" a chuala mé riamh, ariamh. Agus chuala mé freisin, "dubhrabh" an chaint, "leagabh" an teach, "dúnabh," nó "dúnabh" an dorus, I n-áit na bhfocal atá anois againn."] EOGHAN Ó NEACHTAIN.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services