Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Mar thug Cúchulainn Conchubhar ó Pháirc an Chatha.

Title
Mar thug Cúchulainn Conchubhar ó Pháirc an Chatha.
Author(s)
Ua Neachtain, Eoghan,
Composition Date
1904
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

MAR THUG CÚCHULAINN CONCHUBHAR
Ó PÁIRC AN CHATHA.



Bhí imreasán catha idir Ultaigh agus Eoghan Mac
Dúthracht. Tagann na hUltaigh go dtí an cath.
Fágtar eisean (.i. Cúchulainn) i n-a chodladh. Briseadh
ar Ultaighibh. Fágtar Conchubhar agus Cuscraidh
Meann Macha agus buidhean mór nach iad. Dúis-
igheann a ngol é (.i. Cúchulainn.) Baineann sé síneadh
as féin annsin, i gcruth agus gur bhris an dá
leic a bhí ina thimcheall. "Is os comhair Bhricrenn
a rinneadh é," ar Feargus. Leis sin éirigheann sé ina
sheasamh, agus casaim-se dhó i ndorus an leasa, agus
mé go han-lotuighthe. "Fuit! Dia do bheatha, a Fhear-
guis, a athair," ar sé, "cá bhfuil Conchubar?" "Níl
fhios sin agam-sa," arsa mise.



Annsin imthigheann sé leis féin. Bhí an oidhche dorcha
agus déanann sé ar mhuigh an áir. Chonnaic [sé] an
fear os a chomhair, leath a chinn air, agus leath fir eile
ar a dhruim. "Congnaidh! congnaidh! a Chúchulainn,"
adeir sé. "Buaileadh mé, agus thugas leath mo
dhearbhráthar ar mo dhruim, iomchuir tamall liom é."
"Ní iomchroghad," adeir sé. Leis sin caitheann sé,
chuige an t-ualach; caitheann séisean uaidh é, agus
beireann siad i bhfus is thall ar a chéile. Téigheann
(ag an bhfear eile) ar Chúchulainn. Chuala sé rud .i.
an baidhbh o n-a cunablacha (ag rádh): "Is olc an
t-adhbar laoich atá annso fo chosaibh an phúca againn."
Leis sin éirigheann Cúchulainn agus ionnsuigheann sé
é, agus baineann sé an ceann de leis an gcamán, agus gabh-
ann ag tomáint liathróide roimhe treasna an mhagha.



"An bhfuil m'athair Conchubar, ar pháirc an chatha?"
ar sé. Tugann sé (.i. an rí) freagra air. Téigheann
sé chuige go bhfeiceann sé sa gclais é, agus an
chréafóg uime ar gach taobh dhe 'ghá chlúdughadh. "Cad
chuige dhuit a theacht ar pháirc an chatha," ar Chonchubar,
"go ndeachais chun do bháis ann?" Tógadh as an
claise annsin é, agus ní thiubradh seisear de na
tréan-fhearaibh Ulladh so againn-ne amach é ní ba
chalma. "Téirigh romhainn go dtí an teach úd," ar
Conchubhar, agus déan teine dham ann." Faduigheann
sé teine mhór dhó."



"Seadh, anois," ar Conchubhar, "dá dtugtaidhe muc
bhruithte chugam-sa badh bheódha an fear mé." "Rachad-
sa," ar Cúchulainn, agus béarfad chugat í." Im-
thigheann sé annsin, agus chonnaic sé an fear i mboth
cócaireachta i lár na coille, a chuid airm i láimh leis,
agus an lámh eile ag cócaireacht an tuirc. B'uath-
bhásach an fear é. Ionnsuigheann sé (.i. Cúchulainn)
é, mar sin féin, agus tugann sé leis a cheann agus
an muc. Itheann Conchubhar an torc annsin. "Téigheam
d'ár dteach," ar Conchubhar. Casann siad le Cuscraidh
mac Chonchubhair, agus bhí trom créachta ar sean.
Tugann Cúchulainn leis ar a dhrum é, agus chuadar
'n a dtriúr 'n-a diaidh sin go hEamhain Mhacha.



[Chuir an Strachánach ar an eolas mé ina lán de
na sean-chainteanna sa n-athrugadh so thuas. 'Sé an
rud is iongantaighe liom féin ann, "co ndechais
uathbás and," .i. go ndeachais chun do bháis ann le
crith-eagla. Dá ndeireadh éinne anois, "chaith sé dó
é," i n-ionad "chait sé chuige é." déanfaidhe gáire
faoi, agus sin í an chiall a bhí le "foceirt in n-aire
dó," fadó. Is ionann "foceirdsom de" agus
"caitheann seisean uaidh." Tá an focal soin "aire"
againn fos ar ualach, nuair a deirimid, "Tá a shean-
aire air.," .i. "tá a shean-ualach air. Ní uala
aosta é "sean-ualach," acht ualach chomh trom agus
is féidir d'iomchar. I n-áit "tógadh," mar sgriobh
tar anois an focal, sé an sean-fhocal "tógabh" a
chuala mé riamh, ariamh. Agus chuala mé freisin,
"dubhrabh" an chaint, "leagabh" an teach, "dúnabh,"
nó "dúnabh" an dorus, I n-áit na bhfocal atá
anois againn."]



EOGHAN Ó NEACHTAIN.




19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services