Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Mar Chaitheas an Nodlaig.
Title
Mar Chaitheas an Nodlaig.
Author(s)
Aughus, Pádraig,
Composition Date
1903
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
MAR CHAITHEAS AN NODLAIG. Do chuadhas abhaile Dia Sathairn an t-aonmhadh lá fichead de mhí na Nodlag. Bhí an lá go fuar fliuch acht níor bhraitheas é acht ag smaoineamh ar an saoghal do bheadh agam ag baile. Bhí sé déidheanach 'san oidhche nuair a shroicheas an Daingean. Ar an manathar do chuadhas go dtí an tAifreann, agus bhíos as soin go tráthnóna ag imirt liathróide lem' shean-chompánachaibh. Ó bhí an lá n-a dhiaidh sin go breagh do shiubhaileas go barr an chnuic atá ag sleamhnughadh suas óm' thigh-se chum radhairc a bheith agam ar an áit mór-dtimcheall. Ag dul abhaile dhom do chuireas girr-fhiadh mór amach; bhí sealg agam air, acht sé críoch na mbeart é tar éis mo chú bheith traochta amach aige d'árduigh sé a chosaí leis san deireadh. "Chífead aríst thú," arsa mise im' aigne féin. Do thángas chuige aríst lá eile agus do marbhu- igheas é. Gach aon oidhche bhíos ag imirt cártaí nó ag marbh- ughadh éanlaith. Aon oidhche amháin agus sinn ag teacht abhaile do chuireadh an-scannradh orainn ag tóirneach mór, acht níor bh'é sin ba mheasa lilnn acht an bháisteach a tháinig 'n-a dhiaidh a gheobhadh tré chlár adhmaid. Cé ná bíonn an aimsir ró-oireamhnach do bhádóireacht san ngeimhreadh do chaitheas trí nó ceathar de laetheanta mar sin. Aon lá amháin - an Satharn i ndiaidh Lá Nodlag - do bhíos ag siubhal le hais abhann nuair a phreabann bradán mór amach agus síos an abhainn leis. Seo liom-sa 'n-a dhiaidh. Do rugas ar chloich is do thugas faoi, acht níor bhuaileas. Do chaitheas aríst air. Do bhuail an chloch é díreach ar chúl a chinn agus d'fhan sé annsoin go rugas air. An lá roimis an lá so do bhíos ag Feis Chill Orglan agus do chaitheas an lá soin an-mhaith, acht bhí an mí-ádh orm slaghdán d'fhagháil 'n-a dhiaidh. Do bhíos ar feadh ceithre laetheanta gan corruidhe amach agus ní rabhas ag déanamh éan-rud acht ag léigheamh. An tarna lá 'n-a dhiaidh soin do bhíos ag dul leis an gcapall go dtí an gort, agus ní sháróchadh éan-rud mé gan bheith ag ruith leis. Thiomáineas liom acht ní dheaghas i bhfad nuair síneadh ar an dtalamh mé, agus cnámh mo dhroma geall leis briste. Do thiomáineas an capall go dtí an gort is ní dheaghas i n-áirde air ó shoin. Oidhche eile bhíos ag teacht abhaile le buachaillí eile nuair chonncamair solas is deatach ag dul i n-áirde ar an spéir amuigh ar an bhfairrge. Do tháinig an- scannradh orainn mar ní raibh fhios againn ar dtúis cad é an rud é. I gceann tamaill dubhairt ceann aca gur árthach é a bhí ar lasadh ann. Bhí an ceart aige, mar ar maidin lá ar n-a bháireach bhí an long ann agus bhí an-lá agam ag féacaint uirri. Bhí an lá 'n-a dhiaidh sin 'n-a lá brónach dhamhsa mar chaitheas imtheacht go dtí an coláiste go dubhach doilbh. PÁDRAIG AUGHUS Coláiste Bhréandáin Cill Áirne.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services