Do chuadhas abhaile Dia Sathairn an t-aonmhadh lá
fichead de mhí na Nodlag. Bhí an lá go fuar fliuch
acht níor bhraitheas é acht ag smaoineamh ar an saoghal
do bheadh agam ag baile. Bhí sé déidheanach 'san
oidhche nuair a shroicheas an Daingean.
Ar an manathar do chuadhas go dtí an tAifreann, agus
bhíos as soin go tráthnóna ag imirt liathróide lem'
shean-chompánachaibh. Ó bhí an lá n-a dhiaidh sin go
breagh do shiubhaileas go barr an chnuic atá ag
sleamhnughadh suas óm' thigh-se chum radhairc a bheith
agam ar an áit mór-dtimcheall. Ag dul abhaile
dhom do chuireas girr-fhiadh mór amach; bhí sealg agam
air, acht sé críoch na mbeart é tar éis mo chú bheith
traochta amach aige d'árduigh sé a chosaí leis san
deireadh. "Chífead aríst thú," arsa mise im' aigne
féin. Do thángas chuige aríst lá eile agus do marbhu-
igheas é.
Gach aon oidhche bhíos ag imirt cártaí nó ag marbh-
ughadh éanlaith. Aon oidhche amháin agus sinn ag teacht
abhaile do chuireadh an-scannradh orainn ag tóirneach
mór, acht níor bh'é sin ba mheasa lilnn acht an bháisteach
a tháinig 'n-a dhiaidh a gheobhadh tré chlár adhmaid. Cé
ná bíonn an aimsir ró-oireamhnach do bhádóireacht san
ngeimhreadh do chaitheas trí nó ceathar de laetheanta
mar sin. Aon lá amháin - an Satharn i ndiaidh Lá
Nodlag - do bhíos ag siubhal le hais abhann nuair a
phreabann bradán mór amach agus síos an abhainn leis.
Seo liom-sa 'n-a dhiaidh. Do rugas ar chloich is do
thugas faoi, acht níor bhuaileas. Do chaitheas aríst
air. Do bhuail an chloch é díreach ar chúl a chinn agus d'fhan
sé annsoin go rugas air.
An lá roimis an lá so do bhíos ag Feis Chill
Orglan agus do chaitheas an lá soin an-mhaith, acht bhí
an mí-ádh orm slaghdán d'fhagháil 'n-a dhiaidh. Do bhíos
ar feadh ceithre laetheanta gan corruidhe amach agus ní
rabhas ag déanamh éan-rud acht ag léigheamh. An
tarna lá 'n-a dhiaidh soin do bhíos ag dul leis an
gcapall go dtí an gort, agus ní sháróchadh éan-rud mé
gan bheith ag ruith leis. Thiomáineas liom acht ní
dheaghas i bhfad nuair síneadh ar an dtalamh mé, agus
cnámh mo dhroma geall leis briste. Do thiomáineas
an capall go dtí an gort is ní dheaghas i n-áirde
air ó shoin.
Oidhche eile bhíos ag teacht abhaile le buachaillí eile
nuair chonncamair solas is deatach ag dul i n-áirde
ar an spéir amuigh ar an bhfairrge. Do tháinig an-
scannradh orainn mar ní raibh fhios againn ar dtúis
cad é an rud é. I gceann tamaill dubhairt ceann
aca gur árthach é a bhí ar lasadh ann. Bhí an ceart
aige, mar ar maidin lá ar n-a bháireach bhí an long
ann agus bhí an-lá agam ag féacaint uirri. Bhí an
lá 'n-a dhiaidh sin 'n-a lá brónach dhamhsa mar chaitheas
imtheacht go dtí an coláiste go dubhach doilbh.
PÁDRAIG AUGHUS
Coláiste Bhréandáin
Cill Áirne.
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11