Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Cúrsaidhe an tSaoghail - Éire
Title
Cúrsaidhe an tSaoghail - Éire
Author(s)
Fearghus Finn-Bhéil,
Pen Name
Fearghus Finn-Bhéil
Composition Date
1899
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Cúrsaidhe an tSaoghail Éire Bhí ceannach maith ar chapallaibh ar an aonach mór i Mhainisdir Fhear Muighe. Ar chapallaibh fiadhaigh agus ar chapallaibh luatha caráisde is mó bhí éileamh agus díoladh a lán do'n tsaghas sain ann. Tá for-fhógra curtha ó'n bPápa go dtí n-a chlainn i ngach áird do'n domhan go gcoimeádfar an bhliadhain seo chugainn 'na bhliadhain lúthgháire (jubilee) do réir na h-Eaglaise. Solamhuighthear an luthgháir seo i gceann gach aon leath chéad bliadhan ó d'órduigheadh do na Iudachaibh é sa tseanracht. Cuireadh bannaidhe síothchána go ceann bliadhna ar bhain tighearna talmhan do mhuintir Mhic Domhnail i nOileán Acaill mar gheall ar phiostol a bhagairt ar dhuine dá tionántaibh. Cheannaigh Bórd na gCeanntar gCúmhang (congested districts) le deidheannaighe céad míle acra do stát i gCondae Mhuigh-Eó, comhgarach do Bheul Áth' Amhnais, le roinnt imeasg sglábhuighe agus daoine bocht. An Tighearna Diolún ba mhaighisdir ar an stát roimhe seo. Tuairim ceathramha milliúin airgid a tugadh air, agus deirthear go roinnfear ar an gcuma gceudna, i ndiaidh a chéile, mórán eile do na machairibh breaghdha talmhan atá ag cothughadh stuic i gConnachtaibh. Deir na Gaedhil Aontuighthe gurab ortha féin a bhuidheachas. Pé acu sain é is maith an sgeul é do na daoinibh bochta gheobhaidh stiall do'n talamh. Bhí cúis Sheagháin Mhic h-Éil agus an constábla Mac Uí Shuilleabháin, os comhair an bhreithimh i mBaile Áth' Cliath an lá fá dheire. I n-iarthar Mhuigh-Eó chomhnuighid siad araon, agus oifigeach ar Chonnradh na nGaedheal nAontuighthe is eadh Mac h-Éil Is amhlaidh thosnuigh an troid, litir a sgríobhadh, agus ainm Sheagháin léi, ag gríosacht fir eile chum briseadh isteach san oidhche i dtig comharsan leis. Tá Mac h-Éil 'ghá dhéanadh amach gur b'é an constábla sgríobh an litir, acht tháinig an constábla saor as ag na siosó- naibh móra leath-bhliadhain ó shoin. Ní raibh Mac h-Éil sásta leis sin agus chuir sé an dlighe ar an gconstábla arís i dtaobh éithigh a chur air leis an litir. B'éigean do'n choisde i mBaile Áth' Cliath an cheist a thabhairt suas gan reidhteach, i dtreo go bhfuil an sgeul fós eatortha mar bhí ó thúis. Fearghus Finn-Bhéil
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services